22.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 328/91 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2535 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Nollaig 2022
lena n-údaraítear an fhoirm phúdrach reothriomaithe de mhícéiliamaí Antrodia camphorata a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), go háirithe Airteagal 12(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas. |
(2) |
De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2). |
(3) |
An 5 Samhain 2018 chuir an chuideachta Golden Biotechnology Corp (“an t-iarratasóir”) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun an fhoirm phúdrach reothriomaithe de mhícéiliamaí Antrodia camphorata a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach. D’iarr an t-iarratasóir go n-úsáidfí an fhoirm phúdrach reothriomaithe de mhícéiliamaí Antrodia camphorata i bhforbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) ag uasdáileog 990 mg in aghaidh an lae, don phobal ginearálta. |
(4) |
An 12 Bealtaine 2020 d’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) measúnú a dhéanamh ar an bhfoirm phúdrach reothriomaithe de mhícéiliamaí Antrodia camphorata mar bhia núíosach. |
(5) |
An 18 Bealtaine 2022 ghlac an tÚdarás a thuairim eolaíoch dar teideal ‘Safety of freeze-dried mycelia of Antrodia camphorata as a novel food pursuant to Regulation (EU) 2015/2283’ (4) [Sábháilteacht mícéiliamaí reothriomaithe Antrodia camphorata mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283] i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283. |
(6) |
Sa tuairim eolaíoch uaidh, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go raibh mícéiliamaí reothriomaithe Antrodia camphorata sábháilte do dhaoine fásta agus do dhéagóirí atá níos sine ná 14 bliana d’aois, nuair a chuirtear iad le forbhianna ag uasdáileog laethúil 990 mg in aghaidh an lae. Mar sin féin, níor shuigh an tÚdarás go bhfuil an bia núíosach sábháilte i bhforbhianna a cheaptar do dhaoine faoi bhun 14 bliana d’aois ag an uasleibhéal iontógála 990 mg/lá, de réir mar a mhol an t-iarratasóir, toisc go sáródh an iontógáil sin an leibhéal sábháilte (16,5 mg/kg bw in aghaidh an lae) a bhunaigh an tÚdarás. Dá bhrí sin, is leor na forais a sholáthraítear sa tuairim ón Údarás chun a shuí, i gcás ina n-úsáidtear mícéiliamaí reothriomaithe Antrodia camphorata ag uasdáileog laethúil 990 mg/lá i bhforbhianna a cheaptar do dhaoine atá 14 bliana d’aois nó níos sine, go gcomhlíonann siad na coinníollacha maidir lena gcur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283. |
(7) |
Sa tuairim eolaíoch uaidh, measann an tÚdarás, cé nach bhfuil aon fhianaise ar fáil maidir le riosca ailléirgeachta, i bhfianaise chion próitéine an bhia núíosaigh, nach féidir riosca áirithe a eisiamh. Rinne an t-iarratasóir cuardach litríochta ach níor thángthas ar aon fhianaise fhoilsithe go bhféadfadh Antrodia camphorata a bheith ailléirgineach, agus tá easpa faisnéise nó sonraí eile ann a theastódh de ghnáth chun an riosca ailléirgeachta a d’fhéadfadh a bheith ann a dheimhniú nó a eisiamh. Mar sin féin, measann an Coimisiún nach dócha go dtiocfaidh ailléirgineacht chun solais san fhíorshaol maidir le púdar mícéiliamaí Antrodia camphorata agus, dá bhrí sin, níor cheart ceanglas sonrach lipéadaithe a chur le liosta an Aontais de bhianna núíosacha i ndáil leis sin. |
(8) |
Ba cheart ainmniú soiléir ar an mbia núíosach agus ceanglas lipéadaithe a leagan síos le haghaidh forbhianna ina bhfuil an fhoirm phúdrach reothriomaithe de mhícéiliamaí Antrodia camphorata chun a áirithiú nach dtomhlóidh leanaí ná déagóirí faoi bhun 14 bliana d’aois na forbhianna sin. |
(9) |
Dá bhrí sin, is iomchuí go mbeadh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2015/2283 san iontráil a bhaineann leis an bhfoirm phúdrach reothriomaithe de mhícéiliamaí Antrodia camphorata ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha. |
(10) |
Cuirfear an fhoirm phúdrach reothriomaithe de mhícéiliamaí Antrodia camphorata le liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470. Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir sin. |
(11) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Údaraítear an fhoirm phúdrach reothriomaithe de mhícéiliamaí Antrodia camphorata a chur ar an margadh laistigh den Aontas.
Cuirfear an fhoirm phúdrach reothriomaithe de mhícéiliamaí Antrodia camphorata le liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.
2. Leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Nollaig 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).
(3) Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51).
(4) EFSA Journal [Iris EFSA] 2022; 20(6):7380.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:
(1) |
i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:
|
(2) |
i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:
|