22.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 328/64


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2525 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Nollaig 2022

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2016/44 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 21(6) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Eanáir 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/44.

(2)

Tar éis an bhreithiúnais ón gCúirt Ghinearálta i gCás T-627/20 (2), ba cheart iontráil a bhaineann le heintiteas amháin atá liostaithe a scriosadh.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  IO L 12, 19.1.2016, lch. 1.

(2)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 28 Meán Fómhair 2022, Libyan African Investment Company (Laico) v. Council, T-627/20.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 (Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(2)), Cuid B (Eintitis), scriostar an iontráil seo a leanas:

‘1.

Libyan Arab African Investment Company — LAAICO (dá ngairtear freisin LAICO)’.