|
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 326/8 |
RIALACHÁN (AE) 2022/2514 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Nollaig 2022
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 a mhéid a bhaineann lena thréimhse cur i bhfeidhm
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 108(4) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/1588 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i ndáil le catagóirí áirithe de Státchabhair chothrománach (1), agus go háirithe Airteagal 2(1) de,
Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Státchabhair,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
In 2019, sheol an Coimisiún meastóireacht ar fheidhmíocht na n-ionstraimí earnála is infheidhme maidir le státchabhair in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe ó glacadh iad in 2014-2015, lena n-áirítear Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 ón gCoimisiún (2), d’fhonn iad a leasú nó ionstraim nua a chur ina n-ionad le haghaidh na tréimhse 2021-2027. Léirigh torthaí na meastóireachta sin gur uirlis ábhartha, éifeachtach, éifeachtúil é Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 i gcónaí, go háirithe chun a chur ar chumas na mBallstát dul i ngleic go tapa le tionchair dhiúltacha ghearrthéarmacha a eascraíonn as teagmhais gan choinne a d’fhéadfadh feidhmíocht eacnamaíoch oibreoirí inmharthana a chur i mbaol agus poist a chur i gcontúirt. |
|
(2) |
I gcomhthéacs na meastóireachta dá dtagraítear in aithris (1) agus chun a áirithiú go bhféadfadh na Ballstáit leanúint de mhéideanna beaga cabhrach a dheonú go dtí go nglacfaí Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), cuireadh síneadh le tréimhse cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 go dtí an 31 Nollaig 2022 le Rialachán (AE) 2020/2008 ón gCoimisiún (4). |
|
(3) |
Tar éis an chomhairliúcháin le Coiste Comhairleach um Státchabhair an 11 Márta 2022 agus an 9 Meán Fómhair 2022, agus i bhfianaise na n-aighneachtaí a fuarthas i gcomhthéacs an chomhairliúcháin phoiblí, lean an Coimisiún dá mhachnamh i ndáil le raon feidhme an leasaithe ar Rialachán (AE) Uimh. 717/2014. |
|
(4) |
Chun a chur ar chumas an Choimisiúin teacht ar a sheasamh críochnaitheach maidir leis an gceist sin agus chun a áirithiú go bhféadfaidh na Ballstáit leanúint de mhéideanna beaga cabhrach a dheonú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 717/2014, is iomchuí síneadh a chur le tréimhse cur chun feidhme an Rialacháin sin, le héifeacht ón 1 Eanáir 2023 agus go dtí an 31 Nollaig 2023. |
|
(5) |
Chun a áirithiú go bhféadfaidh na Ballstáit leanúint de chabhair de minimis a dheonú gan aon bhriseadh, is gá go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm mar ábhar práinne. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 717/2014, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:
“Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2023.”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Nollaig 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 248, 24.9.2015, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2014 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i ndáil le cabhair de minimis in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe (IO L 190, 28.6.2014, lch. 45).
(3) Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004 (IO L 247, 13.7.2021, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2020/2008 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 702/2014, (AE) Uimh. 717/2014 agus (AE) Uimh. 1388/2014, a mhéid a bhaineann lena dtréimhse cur i bhfeidhm agus coigeartuithe ábhartha eile (IO L 414, 9.12.2020, lch. 15).