20.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 325/1


RIALACHÁN (AE) 2022/2495 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Nollaig 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a mhéid a bhaineann le srianta ar an rochtain ar uiscí an Aontais

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá rochtain chomhionann ag soithí iascaireachta an Aontais ar uiscí agus ar acmhainní an Aontais, faoi réir rialacha an Chomhbheartais Iascaigh (CBI).

(2)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) foráiltear i ndáil le maoluithe ar an riail maidir le rochtain chomhionann.

(3)

I gcomhréir leis an Rialachán sin, údaraítear do na Ballstáit an iascaireacht a shrianadh do shoithí iascaireachta a bhíonn ag iascaireacht de ghnáth sna huiscí sin ó chalafoirt ar an gcósta cóngarach in uiscí suas le 12 mhuirmhíle óna mbonnlínte.

(4)

Sna huiscí suas le 100 muirmhíle ó bhonnlínte na réigiún is forimeallaí den Aontas dá dtagraítear in Airteagal 349, an chéad mhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), údarófar do na Ballstáit freisin an rochtain a shrianadh do shoithí iascaireachta atá cláraithe i gcalafoirt na réigiún sin.

(5)

Chuaigh na rialacha atá ann cheana lena gcuirtear srian ar rochtain ar acmhainní laistigh de chriosanna 12 mhuirmhíle na mBallstát chun sochair do chúrsaí caomhnaithe trí iarracht iascaireachta a shrianadh sa chuid is íogaire d’uiscí an Aontais. Caomhnaíodh leis na rialacha sin gníomhaíochtaí iascaireachta traidisiúnta a bhfuil forbairt shóisialta agus eacnamaíoch roinnt pobal cósta ag brath go mór orthu.

(6)

Maidir leis na rialacha atá ann cheana lena gcuirtear srianta ar rochtain ar acmhainní bitheolaíocha na mara timpeall na réigiún is forimeallaí den Aontas dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE, an chéad mhír, chuir siad le caomhnú gheilleagar áitiúil na réigiún sin, ag féachaint don staid struchtúrach, shóisialta agus eacnamaíoch ina bhfuil siad.

(7)

Rachaidh na maoluithe atá ann cheana a bhaineann le srianta ar rochtain ar uiscí an Aontais in éag an 31 Nollaig 2022. Ba cheart síneadh ama deich mbliana i ndiaidh an dáta sin a chur leis na maoluithe sin, chun leanúnachas na mbeart cosanta atá ann faoi láthair a áirithiú agus chun nach gcuirfear isteach ar an gcothromaíocht a baineadh amach ó tugadh isteach an córas speisialta sin. Is dlúthchuid de CBI iad na maoluithe sin, agus féadfar fad agus raon feidhme an tsínidh sin a athbhreithniú faoi chuimsiú aon athbhreithnithe ar CBI.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 510 den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (4), tá athbhreithniú le déanamh ar chur chun feidhme Cheannteideal a Cúig den Chomhaontú sin, lena n-áirítear ar na forálacha maidir le rochtain ar uiscí, ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse coigeartaithe, dar críoch an 30 Meitheamh 2026.

(9)

Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm na rialacha ginearálta i ndáil le rochtain ar uiscí dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 sula rachaidh na maoluithe in éag. Ba cheart an tuarascáil sin a chur isteach faoin 30 Meitheamh 2031.

(10)

Ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a leasú tar éis tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas Eorpach. Ba cheart an Iarscríbhinn sin a leasú tar éis don Iodáil agus don Ghréig iarraidh chomhpháirteach a dhéanamh maidir le rochtain soithí iascaireachta na hIodáile ar an limistéar 6-12 n.m. d’uiscí teorann na Gréige sa Mhuir Iónach, agus togra ón nGréig maidir le rochtain do shoithí iascaireachta na hIodáile ar limistéar 6-12 n.m. de limistéar eacnamaíoch eisiach na Gréige, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

i míreanna (2), (3) agus (4), cuirtear an dáta “31 Nollaig 2032” in ionad an dáta “31 Nollaig 2022”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“5.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoi chur i bhfeidhm an Airteagail seo faoin 30 Meitheamh 2031.”

.

(2)

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát ón 1 Eanáir 2023.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Nollaig 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  IO C 517, 22.12.2021, lch. 123.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Samhain 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(4)  IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN I

ROCHTAIN AR UISCÍ CÓSTA DE RÉIR BHRÍ AIRTEAGAL 5(2)

1.   Uiscí cósta na hÉireann

(a)   ROCHTAIN DON FHRAINC

Limistéar geografach

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta na hÉireann (6 go 12 mhuirmhíle)

 

 

1.

Ceann Iorrais siar ó thuaidh Gob Chorráin an Fhiaigh siar

Iasc grinnill

Gan teorainn

Gliomach na hIorua

Gan teorainn

2.

Carn Uí Néid ó dheas Na Stácaí ó dheas

Iasc grinnill

Gan teorainn

Gliomach na hIorua

Gan teorainn

Ronnach

Gan teorainn

3.

Na Stácaí ó dheas Corcaigh ó dheas

Iasc grinnill

Gan teorainn

Gliomach na hIorua

Gan teorainn

Ronnach

Gan teorainn

Scadán

Gan teorainn

4.

Corcaigh ó dheas, Ceann an Chairn ó dheas

Gach speiceas

Gan teorainn

5.

Ceann an Chairn ó dheas, Inis Sionnach soir ó dheas

Gach speiceas, seachas sliogéisc

Gan teorainn

(b)   ROCHTAIN DON ÍSILTÍR

Limistéar geografach

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta na hÉireann (6 go 12 mhíle)

 

 

1.

Na Stácaí ó dheas Ceann an Chairn ó dheas

Scadán

Gan teorainn

Ronnach

Gan teorainn

(c)   ROCHTAIN DON GHEARMÁIN

Limistéar geografach

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta na hÉireann (6 go 12 mhuirmhíle)

 

 

1.

An Seancheann ó dheas, Ceann an Chairn ó dheas

Scadán

Gan teorainn

2.

Corcaigh ó dheas Ceann an Chairn ó dheas

Ronnach

Gan teorainn

(d)   ROCHTAIN DON BHEILG

Limistéar geografach

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta na hÉireann (6 go 12 mhuirmhíle)

 

 

1.

Corcaigh ó dheas Ceann an Chairn ó dheas

Iasc grinnill

Gan teorainn

2.

Ceann Chill Mhantáin soir Loch Cairlinn soir ó dheas

Iasc grinnill

Gan teorainn

2.   Uiscí cósta na Beilge

Limistéar geografach

Ballstát

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

3 go 12 mhuirmhíle

an Ísiltír

Gach speiceas

Gan teorainn

 

an Fhrainc

Scadán

Gan teorainn

3.   Uiscí cósta na Danmhairge

Limistéar geografach

Ballstát

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta na Mara Thuaidh (ó theorainn na Danmhairge/na Gearmáine go dtí Hanstholm) (6 go 12 mhuirmhíle)

 

 

 

 

 

Ó theorainn na Danmhairge/na Gearmáine go dtí Blåvands Huk

an Ghearmáin

Iasc leathógach

Gan teorainn

Séaclaí agus cloicheáin

Gan teorainn

an Ísiltír

Iasc leathógach

Gan teorainn

Iasc cruinn

Gan teorainn

Ó Blåvands Huk go dtí Bovbjerg

an Bheilg

Trosc

Gan teorainn ó 1 Meitheamh go 31 Iúil amháin

Cadóg

Gan teorainn ó 1 Meitheamh go 31 Iúil amháin

an Ghearmáin

Iasc leathógach

Gan teorainn

an Ísiltír

Leathóg

Gan teorainn

Sól

Gan teorainn

Ó Thyborøn go dtí Hanstholm

an Bheilg

Faoitín

Gan teorainn ó 1 Meitheamh go 31 Iúil amháin

Leathóg

Gan teorainn ó 1 Meitheamh go 31 Iúil amháin

 

an Ghearmáin

Iasc leathógach

Gan teorainn

Salán

Gan teorainn

Trosc

Gan teorainn

Liúdar

Gan teorainn

Cadóg

Gan teorainn

Ronnach

Gan teorainn

Scadán

Gan teorainn

Faoitín

Gan teorainn

an Ísiltír

Trosc

Gan teorainn

Leathóg

Gan teorainn

Sól

Gan teorainn

Skagerrak

(Hanstholm go Skagen) (4 go 12 mhuirmhíle)

an Bheilg

Leathóg

Gan teorainn ó 1 Meitheamh go 31 Iúil amháin

an Ghearmáin

Iasc leathógach

Gan teorainn

Salán

Gan teorainn

Trosc

Gan teorainn

Liúdar

Gan teorainn

Cadóg

Gan teorainn

Ronnach

Gan teorainn

Scadán

Gan teorainn

Faoitín

Gan teorainn

an Ísiltír

Trosc

Gan teorainn

Leathóg

Gan teorainn

Sól

Gan teorainn

Kattegat (3 go 12 mhíle)

an Ghearmáin

Trosc

Gan teorainn

Iasc leathógach

Gan teorainn

Gliomach na hIorua

Gan teorainn

Scadán

Gan teorainn

Ó Zeeland ó thuaidh go dtí líne dhomhanleithid a théann trí theach solais Forsnæs

an Ghearmáin

Salán

Gan teorainn

Muir Bhailt (lena n-áirítear Belts, Sound, Bornholm) (3 go 12 mhuirmhíle)

an Ghearmáin

Iasc leathógach

Gan teorainn

Trosc

Gan teorainn

Scadán

Gan teorainn

Salán

Gan teorainn

Eascann

Gan teorainn

Bradán

Gan teorainn

Faoitín

Gan teorainn

Ronnach

Gan teorainn

Skagerrak (4 go 12 mhíle)

an tSualainn

Gach speiceas

Gan teorainn

Kattegat (3 go 12 mhíle) (1)

an tSualainn

Gach speiceas

Gan teorainn

Muir Bhailt (3 go 12 mhíle)

an tSualainn

Gach speiceas

Gan teorainn

4.   Uiscí cósta na Gearmáine

Limistéar geografach

Ballstát

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta na Mara Thuaidh (3 go 12 mhuirmhíle) an cósta iomlán

an Danmhairg

Iasc grinnill

Gan teorainn

Salán

Gan teorainn

Corr ghainimh

Gan teorainn

an Ísiltír

Iasc grinnill

Gan teorainn

Séaclaí agus cloicheáin

Gan teorainn

Ó theorainn na Danmhairge/na Gearmáine go dtí pointe ó thuaidh Amrum ag 54° 43′N

an Danmhairg

Séaclaí agus cloicheáin

Gan teorainn

An Cósta Baltach (3 go 12 mhíle)

an Danmhairg

Trosc

Gan teorainn

Leathóg

Gan teorainn

Scadán

Gan teorainn

Salán

Gan teorainn

Eascann

Gan teorainn

Faoitín

Gan teorainn

Ronnach

Gan teorainn

5.   Uiscí cósta na Fraince agus na ranna thar lear

Limistéar geografach

Ballstát

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta an Atlantaigh Thoir Thuaidh (6 go 12 mhuirmhíle)

 

 

 

Ó theorainn na Beilge/na Fraince go dtí oirthear Departement Manche (inbhear Vire-Grandcamp les Bains 49° 23′ 30″ N-1° 02′ WNNE)

an Bheilg

Iasc grinnill

Gan teorainn

Muiríní

Gan teorainn

an Ísiltír

Gach speiceas

Gan teorainn

Dunkerque (2° 20′ E) go dtí Cap d’Antifer (0° 10′ E)

an Ghearmáin

Scadán

Gan teorainn ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig amháin

Cósta an Atlantaigh (6 go 12 mhuirmhíle)

 

 

 

Ó theorainn na Spáinne/na Fraince go dtí 46° 08′ N

an Spáinn

Ainseabhaithe

Iascaireacht dhírithe,gan teorainn ó 1 Márta go 30 Meitheamh

Iascaireacht le haghaidh baoite beo ón 1 Iúil go 31 Deireadh Fómhair amháin

Sairdíní

Gan teorainn ó 1 Eanáir go 28 Feabhra agus ón 1 Iúil go 31 Nollaig

 

 

 

Ina theannta sin, gníomhaíochtaí a bhaineann leis an méid thuas- a bhaineann leis na speicis a luaitear ní mór tabhairt fúthu i gcomhréir le teorainneacha na ngníomhaíochtaí a saothraíodh i rith 1984 agus laistigh de na teorainneacha sin

Cósta na Meánmhara (6 go 12 mhuirmhíle)

 

 

 

Teorainn na Spáinne Cap Leucate

an Spáinn

Gach speiceas

Gan teorainn

6.   Uiscí cósta na Spáinne

Limistéar geografach

Ballstát

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta an Atlantaigh (6 go 12 mhuirmhíle)

 

 

 

Ó theorainn na Fraince/na Spáinne go dtí Teach solais Cap Mayor (3° 47′ W)

an Fhrainc

Iasc peiligeach

Gan teorainn i gcomhréir le teorainneacha na ngníomhaíochtaí a saothraíodh i rith 1984 agus laistigh de na teorainneacha sin.

Cósta na Meánmhara (6 go 12 mhuirmhíle)

 

 

 

Teorainn na Fraince/Cap Creus

an Fhrainc

Gach speiceas

Gan teorainn

7.   Uiscí cósta na Cróite (2)

Limistéar geografach

Ballstát

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

12 mhíle agus é teoranta don limistéar mara faoi dhlínse na Cróite atá suite ó thuaidh den líne 45 céim agus 10 nóiméad dhomhanleithid ó thuaidh fad chósta thiar Istria, amach ó theorainn fhorimeallach fharraige teorann na Cróite, áit a mbuaileann an domhanleithead seo talamh chósta thiar Istria (ceann Grgatov rt Funtana)

an tSlóivéin

Iasc grinnill agus speicis bheaga peiligeach lena n-áirítear mionsairdín agus ainseabhaí

100 tona do líon uasta 25 soithí iascaireachta lena n-áirítear 5 shoitheach iascaireachta atá feistithe le trál

8.   Uiscí cósta na hIsiltíre

Limistéar geografach

Ballstát

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

(3 go 12 mhuirmhíle) an cósta iomlán

an Bheilg

Gach speiceas

Gan teorainn

an Danmhairg

Iasc grinnill

Gan teorainn

Salán

Gan teorainn

Corr ghainimh

Gan teorainn

Bolmán

Gan teorainn

an Ghearmáin

Trosc

Gan teorainn

Séaclaí agus cloicheáin

Gan teorainn

(6 go 12 mhuirmhíle) an cósta iomlán

an Fhrainc

Gach speiceas

Gan teorainn

9.   Uiscí cósta na Slóivéine (3)

Limistéar geografach

Ballstát

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

12 mhíle agus é teoranta don limistéar mara faoi dhlínse na Slóivéine atá suite ó thuaidh den líne 45 céim agus 10 nóiméad dhomhanleithid ó thuaidh fad chósta thiar Istria, amach ó theorainn fhorimeallach fharraige teorann na Cróite, áit a mbuaileann an domhanleithead seo talamh chósta thiar Istria (ceann Grgatov rt Funtana)

an Chróit

Iasc grinnill agus speicis bheaga peiligeach lena n-áirítear mionsairdín agus ainseabhaí

100 tona do líon uasta 25 soithí iascaireachta lena n-áirítear 5 shoitheach iascaireachta atá feistithe le trál

10.   Uiscí cósta na Fionlainne

Limistéar geografach

Ballstát

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Muir Bhailt (4 go 12 mhíle) (4)

an tSualainn

Gach speiceas

Gan teorainn

11.   Uiscí cósta na Sualainne

Limistéar geografach

Ballstát

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Skagerrak (4 go 12 mhuirmhíle)

an Danmhairg

Gach speiceas

Gan teorainn

Kattegat (3 go 12 mhíle) (5)

an Danmhairg

Gach speiceas

Gan teorainn

Muir Bhailt (4 go 12 mhíle)

an Danmhairg

Gach speiceas

Gan teorainn

an Fhionlainn

Gach speiceas

Gan teorainn

12.   Uiscí cósta na Gréige

Limistéar geografach

Ballstát

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

An Mhuir Iónach 6 go 12 mhuirmhíle in uiscí teorann na Gréige

an Iodáil

Ceifileapóid

Crústaigh

Iasc grinnill

Speicis pheiligeacha mhóra

Líon uasta 68 soitheach"

Ó dheas-Soir ó dheas ó oileán na Créite (Soir ó 26°00′00″ E) 6 go 12 mhuirmhíle in EEZ na Gréige

Ó dheas-Soir ó dheas ó oileán Koufonisi 6 go 12 mhuirmhíle in EEZ na Gréige

Ó dheas-Siar ó dheas ó oileán Kasos 6 go 12 mhuirmhíle in EEZ na Gréige

Ó dheas-Soir ó dheas ó oileán Karpathos 6 go 12 mhuirmhíle in EEZ na Gréige

Ó dheas-Siar ó dheas (Siar ó 27°59′02.00″ E) ó oileán Ródas 6 go 12 mhuirmhíle in EEZ na Gréige.

.

(1)  Arna thomhas ón líne chósta.

(2)  Beidh feidhm ag an gcóras thuasluaite ó chur i bhfeidhm iomlán an chinnidh eadrána a eascraíonn ón gComhaontú Eadrána idir Rialtas Phoblacht na Slóivéine agus Rialtas Phoblacht na Cróite, arna shíniú i Stócólm an 4 Samhain 2009.

(3)  Beidh feidhm ag an gcóras thuasluaite ó chur i bhfeidhm iomlán an chinnidh eadrána a eascraíonn ón gComhaontú Eadrána idir Rialtas Phoblacht na Slóivéine agus Rialtas Phoblacht na Cróite, arna shíniú i Stócólm an 4 Samhain 2009.

(4)  3 go 12 mhíle timpeall Oileáin Bogskär.

(5)  Arna thomhas ón líne chósta.