19.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 324/55

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2454 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Nollaig 2022

lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Threoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tuairisciú maoirseachta na gcomhchruinnithe riosca agus na n-idirbheart inghrúpa

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais agus lena leasaítear Treoir 73/239/CEE, Treoir 79/267/CEE, Treoir 92/49/CEE, Treoir 92/96/CEE, Treoir 93/6/CEE agus Treoir 93/22/CEE ón gComhairle, agus Treoir 98/78/CE agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 21a(2), pointí (b) agus (c), díobh,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De réir Airteagal 7(2), an dara fomhír, Airteagal 8(2), an tríú fomhír, agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2002/87/CE, is iad na comhordaitheoirí a bhíonn freagrach as comhchruinnithe riosca suntasacha agus idirbhearta inghrúpa a mhaoirsiú ar leibhéal na n-ilchuideachtaí airgeadais.

(2)

Agus comhchruinnithe riosca suntasacha agus idirbhearta inghrúpa á maoirsiú, tabharfaidh comhordaitheoirí agus údaráis inniúla ábhartha eile san áireamh struchtúr bainistíochta grúpa agus riosca sonrach na hilchuideachta airgeadais agus na gceanglas earnáilsonrach atá ann faoi láthair maidir le hidirbhearta inghrúpa agus comhchruinnithe riosca, go háirithe nuair a shainaithnítear comhchruinnithe riosca suntasacha agus idirbhearta inghrúpa suntasacha atá le tuairisciú ag eintitis rialáilte agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha in ilchuideachta airgeadais ar leith de bhun Airteagal 7(2) agus Airteagal 8(2) de Threoir 2002/87/CE.

(3)

Chun cuidiú le comhordaitheoirí agus le húdaráis inniúla ábhartha eile chun saincheisteanna féideartha a shainaithint maidir le measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a ghlacann an ilchuideachta agus chun cleachtais mhaoirseacha chomhordaithe a éascú ar fud an Aontais, ba cheart go dtuairisceodh eintitis rialáilte agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha idirbhearta inghrúpa suntasacha agus comhchruinnithe riosca suntasacha ar bhealach comhsheasmhach agus caighdeánaithe.

(4)

Chun dóthain ama a thabhairt d’ilchuideachtaí airgeadais chun dul in oiriúint do na ceanglais tuairiscithe nua, ba cheart dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar.

(5)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a chuir na hÚdaráis Maoirseachta Eorpacha (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde, an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) faoi bhráid an Choimisiúin.

(6)

Reáchtáil na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne siad anailís ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo, agus d’iarr comhairle ar Ghrúpaí Páirtithe Leasmhara faoi seach na nÚdarás Maoirseachta Eorpach Baincéireachta i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) faoi seach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme agus minice an tuairiscithe maidir le hidirbhearta inghrúpa agus comhchruinnithe riosca suntasacha

1.   Gan dochar do na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7(2) agus Airteagal 8(2) de Threoir 2002/87/CE, féadfaidh an comhordaitheoir arna cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 10 den Treoir sin a éileamh ar eintitis rialáilte nó cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha faisnéis a chur isteach faoi chomhchruinnithe riosca suntasacha agus faoi idirbhearta inghrúpa suntasacha ar bhonn ad hoc, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla ábhartha.

2.   Áiritheoidh eintitis rialáilte nó cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha go mbíonn na sonraí a thuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 7(2) agus Airteagal 8(2) de Threoir 2002/87/CE comhsheasmhach leis na sonraí a chuirtear isteach i gcomhréir le ceanglais na rialacha earnála ábhartha mar a shainmhínítear in Airteagal 2(7) den Treoir sin, agus go háirithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 (6) ón gCoimisiún.

3.   I gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2002/87/CE, is é nó í an comhordaitheoir, tar éis dó nó di dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla ábhartha, a shonróidh an cineál idirbheart a thuairisceoidh eintitis rialáilte nó cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha.

4.   Cuirfidh eintitis rialáilte nó cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha faoi bhráid an chomhordaitheora aon fhaisnéis iarrtha agus aon cheartúchán ar na sonraí gan moill mhíchuí.

Airteagal 2

Formáid an tuairiscithe maidir le comhchruinnithe riosca suntasacha

1.   Agus faisnéis á tuairisciú maidir le comhchruinnithe riosca suntasacha i gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Threoir 2002/87/CE, cuirfidh eintitis rialáilte nó cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha an fhaisnéis dá dtagraítear i dteimpléid FC.06, FC.07 agus FC.08 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo i gcomhréir leis na treoracha a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Agus faisnéis á tuairisciú, i gcomhréir le hAirteagal 3(5), pointe (e), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2303 (7) ón gCoimisiún, chuig an gcomhordaitheoir arna cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 2002/87/CE, maidir le bainistíocht ar choinbhleachtaí leasanna agus rioscaí na tógálachta ar leibhéal na hilchuideachta airgeadais maidir le comhchruinnithe riosca suntasacha, úsáidfidh eintitis rialáilte nó cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha an fhormáid arna hiarraidh ag an gcomhordaitheoir sin.

Airteagal 3

Formáid an tuairiscithe maidir le hidirbhearta inghrúpa suntasacha

1.   Agus faisnéis á tuairisciú maidir le hidirbhearta inghrúpa suntasacha i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Threoir 2002/87/CE, cuirfidh na heintitis rialáilte nó na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha an fhaisnéis isteach dá dtagraítear i dteimpléid FC.00 chuig FC.05 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo i gcomhréir leis na treoracha a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Agus faisnéis á tuairisciú, i gcomhréir le hAirteagal 2(4), pointe (d), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2303, chuig an gcomhordaitheoir i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 2002/87/CE maidir le bainistíocht na gcoinbhleachtaí leasanna agus rioscaí na tógálachta ar leibhéal na hilchuideachta airgeadais maidir le hidirbhearta inghrúpa suntasacha, úsáidfidh eintitis rialáilte nó cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha an fhormáid arna hiarraidh ag an gcomhordaitheoir.

Airteagal 4

Tarchur

Cuirfidh eintitis rialáilte nó cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 1, 2 agus 3 den Rialachán seo isteach sna formáidí malartaithe sonraí arna sonrú ag an gcomhordaitheoir, i gcomhréir leis na sonraíochtaí seo a leanas:

(a)

tuairisceofar pointí sonraí gan aon deachúlach a úsáid agus le beachtas coibhéiseach le haonaid;

(b)

is é an t-airgeadra tuairiscithe a úsáidfear an ceann a úsáidtear leis na ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm agus an dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 31 Nollaig 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN

(1)   IO L 35, 11.2.2003, lch. 1

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 12, 17.1.2015, lch. 1).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2303 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na sainmhínithe agus lena gcomhordaítear maoirseacht fhorlíontach an chomhchruinnithe riosca agus na n-idirbheart inghrúpa (IO L 326, 11.12.2015, lch. 34).

IARSCRIBHINN I

Teimpléid chun tuairisciú ar idirbhearta inghrúpa (IGT) agus ar chomhchruinniú riosca (RC)

Innéacs

FC.00

Teimpléad achoimre

FC.01

Idirbhearta de chineál cothromais, fiachas agus aistrithe sócmhainní

FC.02

Díorthaigh

FC.03

Dliteanais atá lasmuigh den chlár comhardaithe agus dliteanais theagmhasacha

FC.04

Árachas-athárachas

FC.05

P&L

FC.06

Comhchruinniú Riosca - Risíocht de réir contrapháirtithe

FC.07

Comhchruinniú Riosca – Risíocht de réir airgeadra, earnála, tíre

FC.08

Comhchruinniú Riosca – Risíocht de réir cineál agus rátáil sócmhainní

FC.00   Teimpléad achoimre

Image 1

FC.01   Idirbhearta de chineál cothromais, fiachas agus aistrithe sócmhainní

Image 2

FC.02   Díorthaigh

Image 3

FC.03   Dliteanais atá lasmuigh den chlár comhardaithe agus dliteanais theagmhasacha

Image 4

FC.04   Árachas-athárachas

Image 5

FC.05   P&L

Image 6

FC.06   Comhchruinniú Riosca - Risíocht de réir contrapháirtithe

Image 7

FC.07   Comhchruinniú Riosca – Risíocht de réir airgeadra, earnála, tíre

Risíocht de réir airgeadra

Limistéar airgeadra

Risíocht

%

Iomlán

100,00%

Risíocht de réir earnála

Earnáil

Risíocht

%

Iomlán

100,00%

Risíocht de réir tíre

Tír

Risíocht

%

Iomlán

100,00%

FC.08   Comhchruinniú Riosca – Risíocht de réir cineál agus rátáil sócmhainní

Cothromas

Risíocht

Sciar de na sócmhainní iomlána

Iomlán

Bannaí rialtais náisiúnta, eagraíochta airgeadais idirnáisiúnta agus banc ceannais

Rátáil

Risíocht

%

AAA

AA

A

BBB

Grád neamhinfheistíochta

Iomlán

100,00%

Bannaí rialtas réigiúnach, údarás áitiúil agus eintitis earnála poiblí

Rátáil

Risíocht

%

AAA

AA

A

BBB

Grád neamhinfheistíochta

Iomlán

100,00%

Bannaí corparáide

Rátáil

Risíocht

%

AAA

AA

A

BBB

Grád neamhinfheistíochta

Iomlán

100,00%

IARSCRÍBHINN II

TREORACHA MAIDIR LE TUAIRISCIÚ AR IDIRBHEARTA INGHRÚPA AGUS AR CHOMHCHRUINNIÚ RIOSCA

Clár Ábhar

CUID I: TREORACHA GINEARÁLTA 69

1.

Struchtúr agus gnásanna 69

1.1.

Struchtúr 69

1.2.

Gnás uimhriúcháin 69

1.3.

Gnás maidir le comharthaí 69

1.4.

Luacháil 69

1.5.

Raon feidhme 69
CUID II: TREORACHA A BHAINEANN LE TEIMPLÉID 70

1.

FC.00 Teimpléad achoimre 70

1.1.

Barúlacha ginearálta 70

1.2.

Treoracha a bhaineann le suímh shonracha 70

2.

FC.01 Idirbhearta de chineál cothromais, fiachas agus aistrithe sócmhainní 70

2.1.

Barúlacha ginearálta 84

2.2.

Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha 85

3.

FC.02 - IGT - Díorthaigh 85

3.1.

Barúlacha ginearálta 89

3.2.

Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha 90

4.

FC.03 - IGT - Dliteanais lasmuigh den chlár comhardaithe agus dliteanais theagmhasacha 90

4.1.

Barúlacha ginearálta 95

4.2.

Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha 96

5.

FC.04 - IGT - Árachas agus athárachas 96

5.1.

Barúlacha ginearálta 98

5.2.

Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha 99

6.

FC.05 - IGT - P & L 99

6.1.

Barúlacha ginearálta 103

6.2.

Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha 104

7.

FC.06 Comhchruinniú Riosca - Risíocht de réir contrapháirtithe 104

7.1.

Barúlacha ginearálta 106

7.2.

Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha 107

8.

FC.07 Comhchruinniú Riosca - Risíocht de réir airgeadra, earnála, tíre 107

9.

FC.08 Comhchruinniú Riosca - Risíocht de réir cineál agus rátáil sócmhainní 110

CUID I: TREORACHA GINEARÁLTA

1.   Struchtúr agus gnásanna

1.1.   Struchtúr

Cuimsítear naoi mbloc teimpléad leis an gcreat:

(a)

teimpléad achoimre ina dtugtar forbhreathnú ar idirbhearta inghrúpa;

(b)

teimpléad de chineál cothromais, fiachas nó sócmhainní lena dtugtar forbhreathnú ar idirbhearta inghrúpa ag gach eintiteas a áirítear le raon feidhme chomhdhlúthúchán an eintitis tuairiscithe maidir le hionstraimí fiachais, ionstraimí cothromais nó aistrithe sócmhainní eile;

(c)

teimpléad díorthach ina dtugtar forbhreathnú ar idirbhearta inghrúpa ag gach eintiteas aonair a áirítear le raon feidhme an tuairiscithe le haghaidh díorthach;

(d)

míreanna lasmuigh den chlár comhardaithe agus dliteanais theagmhasacha;

(e)

árachas agus athárachas;

(f)

brabús agus caillteanas;

(g)

risíocht ar chomhchruinniú riosca de réir contrapháirtí;

(h)

risíocht ar chomhchruinniú riosca de réir airgeadra, earnála agus tíre;

(i)

risíocht ar chomhchruinniú riosca de réir cineál agus rátáil sócmhainní.

Soláthrófar tagairtí dlí le haghaidh gach teimpléid. Leagtar amach i gCuid I den iarscríbhinn seo tuilleadh faisnéise mionsonraithe maidir le gnéithe níos ginearálta den tuairisciú i ngach bloc teimpléad, treoracha maidir le suíomhanna agus rialacha bailíochtaithe sonracha.

Ní thuairisceoidh institiúidí ach leis na teimpléid atá ábhartha, ag brath ar an tairseach a shocraíonn na húdaráis inniúla.

1.2.   Gnás uimhriúcháin

Cloítear san iarscríbhinn leis an ngnás lipéadaithe a shocraítear sna teimpléid agus tagairt á déanamh do cholúin, rónna agus cealla na dteimpléad.

Úsáidtear an nodaireacht ghinearálta seo a leanas sna treoracha: {Teimpléad;Ró;Colún}.

1.3.   Gnás maidir le comharthaí

Aon mhéid lena méadaítear risíocht eintitis le linn na tréimhse tuairiscithe, ní mór é a lua mar fhigiúr deimhneach, agus aon mhéid lena laghdaítear risíocht iomlán an eintitis, ní mór é a lua mar fhigiúr diúltach. Ní bhainfidh na figiúirí ach amháin leis an tréimhse tuairiscithe i gceist, agus ní bhainfidh siad le tréimhsí tuairiscithe roimhe sin. I gcás ina bhfuil comhartha diúltach (-) roimh lipéad míre, ní thuairisceofar aon fhigiúr deimhneach le haghaidh na míre sin.

1.4.   Luacháil

I gcás nach sonraítear amhlaidh, luafar luach na míre i gcomhréir le rialacha earnála an eintitis laistigh den ghrúpa.

Is é an ráta reatha a úsáidtear chun risíocht airgeadra a thuairisciú an ráta reatha ar an lá deiridh dá bhfuil an ráta malairte ábhartha ar fáil sa tréimhse tuairiscithe lena mbaineann an tsócmhainn nó an dliteanas.

1.5.   Raon feidhme

I gcás ina n-éilítear tuairisciú ar fud na hearnála, is mar chuid den earnáil baincéireacht a phléifear le gnóthais seirbhísí coimhdeacha mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (18), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

I gcás ina n-éilítear tuairisciú ar fud na hearnála, is mar chuid den earnáil baincéireacht a phléifear le gnólachtaí infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

CUID II: TREORACHA A BHAINEANN LE TEIMPLÉID

1.   FC.00 Teimpléad achoimre

1.1.   Barúlacha ginearálta

Leagtar amach i gCuid II den iarscríbhinn seo treoracha breise i ndáil leis na teimpléid a thugtar in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Sainaithnítear sa chéad cholún den tábla i bpointe 1.2. na míreanna a bheidh le tuairisciú trí na colúin agus na línte ábhartha a shainaithint mar a thaispeántar iad sa teimpléad san Iarscríbhinn sin.

In FC.00, an teimpléad achoimre, tuairisceofar líon iomlán na n-idirbheart inghrúpa suntasach uile idir eintitis de chuid ilchuideachta airgeadais sonraí laistigh de thréimhse tuairiscithe faoi leith mar a leagtar amach in Airteagal 8(2) de Threoir 2002/87/CE.

I gcás ina bhfuil dhá idirbheart nó níos mó mar chuid d’oibríocht eacnamaíoch aonair, beidh an luach a thuairiscítear comhionann leis an risíocht charnach uasta ag aon phointe ama le linn tréimhse tuairiscithe faoi leith.

Is amhlaidh dá bhrí sin ar comhiomlánú na luachanna a tugadh sna bileoga tuairiscithe eile a bheidh san fhaisnéis a thugtar sa tábla.

Déanfar idirbhearta inghrúpa ina bhfuil páirt amháin ar a laghad san idirbheart ina heintiteas rialáilte a thuairisciú. Is amhlaidh dá bhrí sin nach ndéanfar idirbhearta idir cistí infheistíochta (nach bhfuil cumhdaithe ag an sainmhíniú ar ghnólacht infheistíochta ná ag an sainmhíniú ar eintiteas rialáilte) agus eintitis neamhrialáilte eile a thuairisciú.

1.2.   Treoracha a bhaineann le suímh shonracha

MÍR

TREORACHA

R01

Ainm na hilchuideachta airgeadais

Ionsáigh ainm na hilchuideachta airgeadais.

R02

Tairseacha le haghaidh IGTanna suntasacha

Ionsáigh luach uimhriúil na dtairseach a shonraítear in Airteagal 8(2) de Threoir 2002/87/CE.

R03

Teorainn chainníochtúil

Ionsáigh luach uimhriúil na teorann cainníochtúla a shonraítear in Airteagal 7(3) de Threoir 2002/87/CE.

R04

Aonad tuairiscithe

Luaigh an t-aonad tuairiscithe: 1; 1 000 ; 1 000 000 , etc. le haghaidh theimpléid FC.01, FC.02, FC.03, FC.04, FC.05, FC.06, FC.07 agus FC.08.

R05

Airgeadra tuairiscithe

Luaigh an t-airgeadra tuairiscithe: euro, punt steirling, coróin na Danmhairge le haghaidh theimpléid FC.01, FC.02, FC.03, FC.04, FC.05, FC.06, FC.07 agus FC.08.

Líne A

FC0010

A - Idirbhearta de chineál cothromais, fiachas, aistriú sócmhainní agus díorthaigh

Beidh ‘FC0010’ comhionann le suim líne 1 FC0010, líne 2 FC0010, líne 3 FC0010 agus líne 4 FC0010.

Líne 1

FC0010

Ionstraimí fiachais

Beidh ‘FC0010’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0170’ i mbileog ‘FC.01 de chineál cothromais, fiachas agus sócmhainn’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘earnáil árachais’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘earnáil baincéireachta’ nó ‘earnáil seirbhísí infheistíochta’; agus

—

tá FC0110 comhionann le ‘bannaí/fiachas’.

Líne 1

FC0020

Ionstraimí fiachais

Beidh ‘FC0020’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0170’ i mbileog ‘FC.01 de chineál cothromais, fiachas agus sócmhainn’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘earnáil árachais’; agus

FC0030

Ionstraimí fiachais

Beidh ‘FC0030’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0170’ i mbileog ‘FC.01 de chineál cothromais, fiachas agus sócmhainn’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘gnóthas eile an ghrúpa’; agus

FC0040

Ionstraimí fiachais

Beidh ‘FC0040’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0170’ i mbileog ‘FC.01 de chineál cothromais, fiachas agus sócmhainn’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘earnáil baincéireachta’ nó ‘earnáil seirbhísí infheistíochta’; agus

FC0050

Ionstraimí fiachais

Beidh ‘FC0050’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0170’ i mbileog ‘FC.01 de chineál cothromais, fiachas agus sócmhainn’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

FC0060

Ionstraimí fiachais

Beidh ‘FC0060’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0170’ i mbileog ‘FC.01 de chineál cothromais, fiachas agus sócmhainn’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

FC0070

Ionstraimí fiachais

Beidh ‘FC0070’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0170’ i mbileog ‘FC.01 de chineál cothromais, fiachas agus sócmhainn’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘gnóthas eile an ghrúpa’; agus

FC0080

Ionstraimí fiachais

Beidh ‘FC0080’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0170’ i mbileog ‘FC.01 de chineál cothromais, fiachas agus sócmhainn’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

FC0090

Ionstraimí fiachais

Beidh ‘FC0090’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0170’ i mbileog ‘FC.01 de chineál cothromais, fiachas agus sócmhainn’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘gnóthas eile an ghrúpa’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘gnóthas eile an ghrúpa’; agus

—

tá FC0110 comhionann le ‘bannaí/fiachas’.

Líne 2

FC0010

Ionstraimí caipitil

Beidh ‘FC0010’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0170’ i mbileog ‘FC.01 de chineál cothromais, fiachas agus sócmhainn’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘earnáil árachais’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘earnáil baincéireachta’ nó ‘earnáil seirbhísí infheistíochta’; agus

—

tá FC0110 comhionann le ‘Cineál cothromais’.

Líne 3

FC0010

Aistrithe sócmhainní eile

Beidh ‘FC0010’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0170’ i mbileog ‘FC.01 de chineál cothromais, fiachas agus sócmhainn’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘earnáil árachais’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘earnáil baincéireachta’ nó ‘earnáil seirbhísí infheistíochta’; agus

—

tá FC0110 comhionann le ‘Aistrithe sócmhainní eile’.

Líne 4

FC0010

Díorthaigh

Beidh ‘FC0010’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0180’ i mbileog ‘FC.02 Díorthaigh’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘earnáil árachais’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘earnáil baincéireachta’ nó ‘earnáil seirbhísí infheistíochta’.

Líne 4

FC0020

Díorthaigh

Beidh ‘FC0020’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0180’ i mbileog ‘FC.02 Díorthaigh’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘earnáil árachais’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘earnáil árachais’.

Líne 4

FC0030

Díorthaigh

Beidh ‘FC0030’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0180’ i mbileog ‘FC.02 Díorthaigh’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘earnáil árachais’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘gnóthas eile an ghrúpa’.

Líne 4

FC0040

Díorthaigh

Beidh ‘FC0040’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0180’ i mbileog ‘FC.02 Díorthaigh’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘earnáil baincéireachta’ nó ‘earnáil seirbhísí infheistíochta’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘earnáil baincéireachta’ nó ‘earnáil seirbhísí infheistíochta’.

Líne 4

FC0050

Díorthaigh

Beidh ‘FC0050’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0180’ i mbileog ‘FC.02 Díorthaigh’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘earnáil baincéireachta’ nó ‘earnáil seirbhísí infheistíochta’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘earnáil árachais’.

Líne 4

FC0060

Díorthaigh

Beidh ‘FC0060’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0180’ i mbileog ‘FC.02 Díorthaigh’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘earnáil baincéireachta’ nó ‘earnáil seirbhísí infheistíochta’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘gnóthas eile an ghrúpa’.

Líne 4

FC0070

Díorthaigh

Beidh ‘FC0070’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0180’ i mbileog ‘FC.02 Díorthaigh’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘gnóthas eile an ghrúpa’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘earnáil baincéireachta’ nó ‘earnáil seirbhísí infheistíochta’.

Líne 4

FC0080

Díorthaigh

Beidh ‘FC0080’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0180’ i mbileog ‘FC.02 Díorthaigh’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘gnóthas eile an ghrúpa’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘earnáil árachais’.

Líne 4

FC0090

Díorthaigh

Beidh ‘FC0090’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0180’ i mbileog ‘FC.02 Díorthaigh’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘gnóthas eile an ghrúpa’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘gnóthas eile an ghrúpa’.

Líne B

Dliteanais lasmuigh den chlár comhardaithe agus dliteanais theagmhasacha

Beidh comhionann le suim línte 5 agus 6 le haghaidh na gcolún faoi seach.

Líne 5

FC0010

Ráthaíochtaí

Beidh ‘FC0010’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0160’ i mbileog ‘FC.03 Dliteanais lasmuigh den chlár comhardaithe agus dliteanais theagmhasacha’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘earnáil árachais’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘earnáil baincéireachta’ nó ‘earnáil seirbhísí infheistíochta’; agus

—

tá FC0100 comhionann le ‘Ráthaíocht’.

Líne 5

FC0020

Ráthaíochtaí

Beidh ‘FC0020’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0160’ i mbileog ‘FC.03 Dliteanais lasmuigh den chlár comhardaithe agus dliteanais theagmhasacha’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘earnáil árachais’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘earnáil árachais’; agus

—

tá FC0100 comhionann le ‘Ráthaíocht’.

Líne 5

FC0030

Ráthaíochtaí

Beidh ‘FC0030’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0160’ i mbileog ‘FC.03 Dliteanais lasmuigh den chlár comhardaithe agus dliteanais theagmhasacha’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘earnáil árachais’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘gnóthas eile an ghrúpa’; agus

—

tá FC0100 comhionann le ‘Ráthaíocht’.

Líne 5

FC0040

Ráthaíochtaí

Beidh ‘FC0040’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0160’ i mbileog ‘FC.03 Dliteanais lasmuigh den chlár comhardaithe agus dliteanais theagmhasacha’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘earnáil baincéireachta’ nó ‘earnáil seirbhísí infheistíochta’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘earnáil baincéireachta’ nó ‘earnáil seirbhísí infheistíochta’; agus

—

tá FC0100 comhionann le ‘Ráthaíocht’.

Líne 5

FC0050

Ráthaíochtaí

Beidh ‘FC0050’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0160’ i mbileog ‘FC.03 Dliteanais lasmuigh den chlár comhardaithe agus dliteanais theagmhasacha’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Beidh ‘FC0060’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0160’ i mbileog ‘FC.03 Dliteanais lasmuigh den chlár comhardaithe agus dliteanais theagmhasacha’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Beidh ‘FC0070’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0160’ i mbileog ‘FC.03 Dliteanais lasmuigh den chlár comhardaithe agus dliteanais theagmhasacha’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘gnóthas eile an ghrúpa’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘earnáil baincéireachta’ nó ‘earnáil seirbhísí infheistíochta’; agus

—

tá FC0100 comhionann le ‘Ráthaíocht’.

Líne 5

FC0080

Ráthaíochtaí

Beidh ‘FC0080’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0160’ i mbileog ‘FC.03 Dliteanais lasmuigh den chlár comhardaithe agus dliteanais theagmhasacha’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Beidh ‘FC0090’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0160’ i mbileog ‘FC.03 Dliteanais lasmuigh den chlár comhardaithe agus dliteanais theagmhasacha’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘gnóthas eile an ghrúpa’ agus

—

tá FC0100 comhionann le ‘Ráthaíocht’.

Líne 6

FC0010

Míreanna eile lasmuigh den chlár comhardaithe

Beidh ‘FC0010’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0160’ i mbileog ‘FC.03 Dliteanais lasmuigh den chlár comhardaithe agus dliteanais theagmhasacha’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘earnáil árachais’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘earnáil baincéireachta’ nó ‘earnáil seirbhísí infheistíochta’; agus

—

Níl FC0100 comhionann le ‘Ráthaíocht’.

Líne 6

FC0020

Míreanna eile lasmuigh den chlár comhardaithe

Beidh ‘FC0020’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0160’ i mbileog ‘FC.03 Dliteanais lasmuigh den chlár comhardaithe agus dliteanais theagmhasacha’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘earnáil árachais’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘earnáil árachais’; agus

—

Níl FC0100 comhionann le ‘Ráthaíocht’.

Líne 6

FC0030

Míreanna eile lasmuigh den chlár comhardaithe

Beidh ‘FC0030’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0160’ i mbileog ‘FC.03 Dliteanais lasmuigh den chlár comhardaithe agus dliteanais theagmhasacha’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘earnáil árachais’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘gnóthas eile an ghrúpa’; agus

—

Níl FC0100 comhionann le ‘Ráthaíocht’.

Líne 6

FC0040

Míreanna eile lasmuigh den chlár comhardaithe

Beidh ‘FC0040’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0160’ i mbileog ‘FC.03 Dliteanais lasmuigh den chlár comhardaithe agus dliteanais theagmhasacha’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘earnáil baincéireachta’ nó ‘earnáil seirbhísí infheistíochta’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘earnáil baincéireachta’ nó ‘earnáil seirbhísí infheistíochta’; agus

—

Níl FC0100 comhionann le ‘Ráthaíocht’.

Líne 6

FC0050

Míreanna eile lasmuigh den chlár comhardaithe

Beidh ‘FC0050’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0160’ i mbileog ‘FC.03 Dliteanais lasmuigh den chlár comhardaithe agus dliteanais theagmhasacha’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘earnáil baincéireachta’ nó ‘earnáil seirbhísí infheistíochta’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘earnáil árachais’; agus

—

Níl FC0100 comhionann le ‘Ráthaíocht’.

Líne 6

FC0060

Míreanna eile lasmuigh den chlár comhardaithe

Beidh ‘FC0060’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0160’ i mbileog ‘FC.03 Dliteanais lasmuigh den chlár comhardaithe agus dliteanais theagmhasacha’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘earnáil baincéireachta’ nó ‘earnáil seirbhísí infheistíochta’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘gnóthas eile an ghrúpa’; agus

—

Níl FC0100 comhionann le ‘Ráthaíocht’.

Líne 6

FC0070

Míreanna eile lasmuigh den chlár comhardaithe

Beidh ‘FC0070’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0160’ i mbileog ‘FC.03 Dliteanais lasmuigh den chlár comhardaithe agus dliteanais theagmhasacha’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘gnóthas eile an ghrúpa’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘earnáil baincéireachta’ nó ‘earnáil seirbhísí infheistíochta’; agus

—

Níl FC0100 comhionann le ‘Ráthaíocht’.

Líne 6

FC0080

Míreanna eile lasmuigh den chlár comhardaithe

Beidh ‘FC0080’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0160’ i mbileog ‘FC.03 Dliteanais lasmuigh den chlár comhardaithe agus dliteanais theagmhasacha’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘gnóthas eile an ghrúpa’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘earnáil árachais’; agus

—

Níl FC0100 comhionann le ‘Ráthaíocht’.

Líne 6

FC0090

Míreanna eile lasmuigh den chlár comhardaithe

Beidh ‘FC0090’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0160’ i mbileog ‘FC.03 Dliteanais lasmuigh den chlár comhardaithe agus dliteanais theagmhasacha’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘gnóthas eile an ghrúpa’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘gnóthas eile an ghrúpa’; agus

—

Níl FC0100 comhionann le ‘Ráthaíocht’.

Líne C

FC0010

Idirbhearta árachais/athárachais

Beidh ‘FC0010’ comhionann le suim an mhéid arna dhearbhú faoi ‘FC0160’ i mbileog ‘FC.04 Árachas-athárachas’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘earnáil árachais’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘earnáil baincéireachta’ nó ‘earnáil seirbhísí infheistíochta’.

Líne C

FC0020

Idirbhearta árachais/athárachais

Beidh ‘FC0020’ comhionann le suim an mhéid arna dhearbhú faoi ‘FC0160’ i mbileog ‘FC.04 Árachas-athárachas’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘earnáil árachais’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘earnáil árachais’.

Líne C

FC0030

Idirbhearta árachais/athárachais

Beidh ‘FC0030’ comhionann le suim an mhéid arna dhearbhú faoi ‘FC0160’ i mbileog ‘FC.04 Árachas-athárachas’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘earnáil árachais’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘gnóthas eile an ghrúpa’.

Líne D

Idirbhearta P&L

Beidh comhionann le suim línte 7, 8, 9 agus 10 le haghaidh na gcolún faoi seach.

Líne 7

FC0010

An coimisiún a íocadh le soláthraithe gnó

Beidh ‘FC0010’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0140’ i mbileog ‘FC.05 P&L’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘earnáil árachais’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘earnáil baincéireachta’ nó ‘earnáil seirbhísí infheistíochta’; agus

—

Tá FC0100 comhionann le ‘Coimisiún’.

Líne 7

FC0020

An coimisiún a íocadh le soláthraithe gnó

Beidh ‘FC0020’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0140’ i mbileog ‘FC.05 P&L’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘earnáil árachais’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘earnáil árachais’; agus

—

Tá FC0100 comhionann le ‘Coimisiún’.

Líne 7

FC0030

An coimisiún a íocadh le soláthraithe gnó

Beidh ‘FC0030’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0140’ i mbileog ‘FC.05 P&L’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘earnáil árachais’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘gnóthas eile an ghrúpa’; agus

—

Tá FC0100 comhionann le ‘Coimisiún’.

Líne 7

FC0040

An coimisiún a íocadh le soláthraithe gnó

Beidh ‘FC0040’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0140’ i mbileog ‘FC.05 P&L’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘earnáil baincéireachta’ nó ‘earnáil seirbhísí infheistíochta’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘earnáil baincéireachta’ nó ‘earnáil seirbhísí infheistíochta’; agus

—

Tá FC0100 comhionann le ‘Coimisiún’.

Líne 7

FC0050

An coimisiún a íocadh le soláthraithe gnó

Beidh ‘FC0050’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0140’ i mbileog ‘FC.05 P&L’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Beidh ‘FC0060’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0140’ i mbileog ‘FC.05 P&L’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Beidh ‘FC0070’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0140’ i mbileog ‘FC.05 P&L’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘gnóthas eile an ghrúpa’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘earnáil baincéireachta’ nó ‘earnáil seirbhísí infheistíochta’; agus

—

Tá FC0100 comhionann le ‘Coimisiún’.

Líne 7

FC0080

An coimisiún a íocadh le soláthraithe gnó

Beidh ‘FC0080’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0140’ i mbileog ‘FC.05 P&L’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Beidh ‘FC0090’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0140’ i mbileog ‘FC.05 P&L’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘gnóthas eile an ghrúpa’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘gnóthas eile an ghrúpa’; agus

—

Tá FC0100 comhionann le ‘Coimisiún’.

Líne 8

FC0010

Táillí agus nithe eile

Beidh ‘FC0010’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0140’ i mbileog ‘FC.05 P&L’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘earnáil árachais’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘earnáil baincéireachta’ nó ‘earnáil seirbhísí infheistíochta’; agus

—

Tá FC0100 comhionann le ‘Táillí’ nó ‘Nithe Eile’.

Líne 9

FC0010

Ús

Beidh ‘FC0010’ comhionann le suim na méideanna arna ndearbhú faoi ‘FC0140’ i mbileog ‘FC.05 P&L’ i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0020’ sainaitheanta mar ‘earnáil árachais’; agus

—

tá an t-eintiteas faoi ‘FC0050’ sainaitheanta mar ‘earnáil baincéireachta’ nó ‘earnáil seirbhísí infheistíochta’; agus

—

tá FC0100 comhionann le ‘Ús’.

Líne 10

FC0010

Díbhinní

tá FC0100 comhionann le ‘Díbhinní’.

2.   FC.01 Idirbhearta de chineál cothromais, fiachas agus aistrithe sócmhainní

2.1.   Barúlacha ginearálta

Leagtar amach sa chuid seo den iarscríbhinn treoracha breise maidir leis na teimpléid a thugtar in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Sainaithnítear sa chéad cholún den chéad tábla eile na míreanna a bheidh le tuairisciú trí na colúin agus na línte a shainaithint mar a thaispeántar iad sa teimpléad san Iarscríbhinn sin.

Baineann an chuid seo den iarscríbhinn leis an bhfaisnéis atá le soláthar ag ilchuideachtaí airgeadais uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana.

Sa teimpléad seo, déanfar gach idirbheart inghrúpa suntasach idir eintitis de chuid ilchuideachta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 8(2) de Threoir 2002/87/CE i ndáil le cothromas, fiachas, maoiniú frithpháirteach (3) agus aistrithe sócmhainní a thuairisciú.

Áirítear leis na hidirbhearta inghrúpa suntasacha sin:

(a)

cothromas agus míreanna caipitil eile, lena n-áirítear rannpháirtíocht in eintitis ghaolmhara agus aistriú scaireanna na n-eintiteas i ndáil leis an ilchuideachta airgeadais;

(b)

fiachas, lena n-áirítear bannaí, iasachtaí, fiachas comhthaobhaithe agus idirbhearta eile de chineál comhchosúil maille le híocaíochtaí réamhchinntithe úis nó cúpóin nó préimhe go ceann tréimhse ama réamhchinntithe;

(c)

aistrithe sócmhainní eile amhail aistrithe maoine agus aistrithe scaireanna de chuid cuideachtaí eile nach bhfuil gaolmhar leis an ilchuideachta airgeadais (i.e. lasmuigh di).

Líonfaidh ilchuideachtaí airgeadais isteach an teimpléad seo le haghaidh gach idirbhirt shuntasaigh inghrúpa is gá a thuairisciú, i.e. (i) idir eintitis rialáilte ó earnálacha difriúla ar leis an grúpa céanna iad; (ii) idir eintitis rialáilte den earnáil chéanna ar leis an grúpa céanna iad; (iii) idir eintiteas rialáilte agus eintiteas neamhrialáilte ar leis an grúpa céanna iad; and (iv) idir eintiteas rialáilte agus aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil nasc acu le gnóthais an ghrúpa trí dhlúthnaisc.

Tuairisceofar idirbhearta inghrúpa sa teimpléad seo:

(a)

a bhí i bhfeidhm ag tús na tréimhse tuairiscithe;

(b)

a tionscnaíodh le linn na tréimhse tuairiscithe agus gan íoc ar an dáta tuairiscithe; nó

(c)

a tionscnaíodh agus a chuaigh in éag/tháinig in aibíocht le linn na tréimhse tuairiscithe.

Dhá idirbheart nó níos mó idir eintitis an ghrúpa, arb éard atá iontu ó thaobh na heacnamaíochta de (i) rannchuidiú leis an riosca céanna, (ii) idirbhearta leis an bhfeidhm chéanna nó (iii) idirbhearta atá nasctha go sealadach; measfar mar oibríocht eacnamaíoch aonair iad. Tuairisceofar gach idirbheart atá ina chuid d’oibríocht eacnamaíoch aonair cibé uair a bhíonn na hidirbhearta sin i gcomhpháirt ag an tairseach chomhfhreagrach nó os a cionn le haghaidh idirbhearta inghrúpa suntasacha, fiú má thagann na hidirbhearta faoi bhun na tairsí ina n-aonar. Tuairisceofar aon ghné a chuirtear le hidirbhearta inghrúpa suntasacha mar idirbheart inghrúpa ar leithligh, fiú amháin i gcás ina dtagann an ghné í féin faoi bhun na teorann tairsí suntasaí. Mar shampla, má mhéadaíonn gnóthas méid tosaigh na hiasachta le gnóthas gaolmhar, taifeadfar an méid a cuireadh leis an iasacht mar mhír ar leithligh lena dháta eisiúna mar a chéile leis an dáta ar cuireadh léi é.

I gcás ina mbíonn luach idirbhirt difriúil le haghaidh dhá pháirtí beartaíochta (e.g. idirbheart dar luach EUR 10 000 000 idir A agus B ina dtaifeadann A EUR 10 000 000, ach nach bhfaigheann B ach EUR 9 500 000 toisc gur tabhaíodh costais idirbhirt dar luach EUR 500 000), tuairisceofar an t-uasmhéid sa teimpléad mar mhéid an idirbhirt (EUR 10 000 000 sa sampla seo).

Saineofar na hidirbhearta indíreacha mar aon idirbheart lena n-aistrítear risíocht ar riosca (i) idir eintitis laistigh den ilchuideachta airgeadais (lena n-áirítear idirbhearta le meáin infheistíochta sainchuspóirí, le gnóthais chomhinfheistíochta, le heintitis choimhdeacha nó le heintitis neamhrialáilte) nó (ii) idir eintitis lasmuigh den ilchuideachta airgeadais (ach ina dtugtar an risíocht ar riosca ar ais sa deireadh nó ina bhfanann sí laistigh den ilchuideachta airgeadais). I gcás ina bhfuil slabhra idirbheart inghrúpa gaolmhar (e.g. infheistíonn A in B agus infheistíonn B in C), is mar idirbhearta indíreacha a thuairisceofar na hidirbhearta sin. Dá bhrí sin, déanfar idirbhearta A go C a thuairisciú agus luafar na céimeanna idirmheánacha sna nótaí. I gcás cascáid idirbheart (e.g. ó A go B go C go D ar bhonn seicheamhach, i gcás ina bhfuil B agus C araon san ilchuideachta, ach ar eintitis neamhrialaithe iad), tuairisceofar na hidirbhearta sin freisin.

2.2.   Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha

MÍR

TREORACHA

FC0010

Aitheantas an idirbhirt inghrúpa

Cód aitheantais inmheánach uathúil le haghaidh gach idirbhirt inghrúpa. Beidh sé comhsheasmhach le himeacht ama.

FC0020

Ainm an infheisteora/iasachtóra

Ainm an eintitis atá ag ceannach an chothromais nó ag iasachtú le gnóthas gaolmhar laistigh den ilchuideachta airgeadais – i.e. an t-eintiteas a aithníonn an t-idirbheart mar shócmhainn ar a chlár comhardaithe (dochar - clár iarmhéid).

FC0030

Cóid aitheantais don infheisteoir/iasachtóir

An cód aitheantais uathúil a chuirtear i gceangal leis an infheisteoir/gceannaitheoir/aistrí leis an ordú tosaíochta seo más infhaighte:

—

aitheantóir an eintitis dhlítheanaigh (LEI);

—

cód sonrach.

Cód sonrach:

—

maidir le gnóthais atá rialáilte sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) laistigh den ilchuideachta airgeadais, ionsáigh an cód aitheantais a úsáidtear sa mhargadh áitiúil agus atá leithdháilte ag údarás maoirseachta inniúil an ghnóthais;

—

maidir le gnóthais neamh-LEE agus gnóthais atá neamhrialáilte laistigh den ilchuideachta airgeadais, is í an ilchuideachta airgeadais a chuirfidh an cód aitheantais ar fáil. Agus cód aitheantais á dháileadh ar gach gnóthas neamh-rialáilte neamh-LEE, comhlíonfaidh an ilchuideachta airgeadais an fhormáid seo a leanas ar bhealach comhsheasmhach: cód aitheantais an mháthairghnóthais + cód alfa-2 ISO 3166-1 thír an ghnóthais + 5 dhigit.

FC0031

Cineál an chóid don infheisteoir/iasachtóir

Cineál an chóid aitheantais a úsáidtear le haghaidh na míre ‘Cód aitheantais don infheisteoir/iasachtóir’. Úsáid aitheantóir an eintitis dhlítheanaigh (LEI) nó an cód sonrach.

FC0040

Earnáil an infheisteora/iasachtóra

I gcás inarb amhlaidh gur cuid den earnáil airgeadais é an t-infheisteoir/t-iasachtóir de réir bhrí Airteagal 2(8) de Threoir 2002/87/CE, tabhair ‘an earnáil baincéireachta’, ‘an earnáil árachais’ nó ‘an earnáil seirbhísí infheistíochtaí’ le fios.

I gcás inarb amhlaidh nach cuid den earnáil airgeadais é an t-infheisteoir/t-iasachtóir de réir bhrí Airteagal 2(8) den Treoir sin, tabhair ‘gnóthas eile an ghrúpa’ le fios.

FC0050

Ainm an eisitheora/iasachtaí

Ainm an eintitis atá ag eisiúint an chothromais/na míre caipitil nó an airgid iasachtaíochta (eisiúint fiachais), i.e. an t-eintiteas a aithníonn t-idirbheart mar dhliteanas nó caipiteal ar a chlár comhardaithe (creidmheas - clár comhardaithe).

FC0060

Cóid aitheantais don eisitheoir/iasachtaí

An cód aitheantais uathúil a chuirtear i gceangal leis an infheisteoir/gceannaitheoir/aistrí leis an ordú tosaíochta seo más infhaighte:

—

aitheantóir an eintitis dhlítheanaigh (LEI);

—

cód sonrach.

Cód sonrach:

—

maidir le gnóthais atá rialáilte in LEE laistigh den ilchuideachta airgeadais, ionsáigh an cód aitheantais a úsáidtear sa mhargadh áitiúil agus atá sannta ag údarás maoirseachta inniúil an ghnóthais;

—

maidir le gnóthais neamh-LEE agus gnóthais atá neamhrialáilte laistigh den ilchuideachta airgeadais, is í an ilchuideachta airgeadais a chuirfidh an cód aitheantais ar fáil. Agus cód aitheantais á dháileadh ar gach gnóthas neamh-rialáilte neamh-LEE, comhlíonfaidh an ilchuideachta airgeadais an fhormáid seo a leanas ar bhealach comhsheasmhach: cód aitheantais an mháthairghnóthais + cód alfa-2 ISO 3166-1 thír an ghnóthais + 5 dhigit.

FC0061

Cineál an chóid don eisitheoir/iasachtaí

Cineál an chóid aitheantais a úsáidtear le haghaidh na míre ‘Cód aitheantais don eisitheoir/iasachtaí’. Úsáid aitheantóir an eintitis dhlítheanaigh (LEI) nó an cód sonrach.

FC0070

Earnáil an eisitheora/iasachtaí

I gcás inarb amhlaidh gur cuid den earnáil airgeadais é an t-eisitheoir/t-iasachtaí de réir bhrí Airteagal 2(8) de Threoir 2002/87/CE, tabhair ‘an earnáil baincéireachta’, ‘an earnáil árachais’ nó ‘an earnáil seirbhísí infheistíochtaí’ le fios.

I gcás inarb amhlaidh nach cuid den earnáil airgeadais é an t-eisitheoir/t-iasachtaí de réir bhrí Airteagal 2(8) den Treoir sin, tabhair ‘gnóthas eile an ghrúpa’ le fios.

FC0080

Idirbhearta indíreacha

I gcás inarb amhlaidh gur cuid d’idirbheart indíreach é an t-idirbheart inghrúpa tuairiscithe (féach pointe 2.1 ‘barúlacha ginearálta’ thuas), tuairiscigh ‘Aitheantas an idirbhirt inghrúpa’ (FC0010) de chuid an idirbhirt ghaolmhair sa chill seo.

I gcás inarb amhlaidh nach cuid d’idirbheart indíreach é IGT tuairiscithe, tabhair ‘Ní hea’ le fios.

FC0090

Oibríocht eacnamaíoch aonair

I gcás inarb amhlaidh gur cuid d’oibríocht eacnamaíoch aonair é IGT tuairiscithe (féach pointe 2.1 ‘barúlacha ginearálta’ thuas) tuairiscigh ‘Aitheantas an idirbhirt inghrúpa’ (FC0010) den idirbheart gaolmhar sa chill seo.

I gcás inarb amhlaidh nach cuid d’oibríocht eacnamaíoch aonair é IGT tuairiscithe, tabhair ‘Ní hea’ le fios.

FC0100

Cód aitheantais na hionstraime

Seo é cód aitheantais na hionstraime (caipiteal, fiachas, etc.) idir an dá chontrapháirtí atá sainaitheanta leis an tosaíocht seo a leanas:

—

Cód ISO 6166 de chuid ISIN nuair a bhíonn sé ar fáil

—

cóid aitheanta eile (e.g. CUSIP, Bloomberg Ticker, Reuters RIC)

—

Cód atá sannta ag an ngnóthas, nuair nach mbíonn na roghanna thuasluaite ar fáil. Beidh an cód sin comhsheasmhach le himeacht ama.

D’fhéadfadh sé sin a bheith difriúil le cód an idirbhirt inghrúpa a thugtar i gcill FC0010.

FC0101

Cineál an chóid aitheantais den ionstraim

Cineál an chóid aitheantais a úsáidtear le haghaidh na míre ‘Cód aitheantais na hionstraime’. Úsáidfear ceann de na roghanna sa liosta iata cód seo a leanas:

1 -

ISO 6166 don chód ISIN

2 -

CUSIP (uimhir an Choiste um Nósanna Imeachta Uilíocha um Shainaithint Urrús arna leithdháileadh ag Biúró Seirbhíse CUSIP le haghaidh cuideachtaí ó na Stáit Aontaithe agus ó Cheanada)

3 -

SEDOL (Liosta Oifigiúil Laethúil an Stocmhalartáin le haghaidh Stocmhalartán Londan)

4 -

WKN (Wertpapier Kenn-Nummer, an uimhir aitheantais alfa-uimhriúil sa Ghearmáin)

5 -

Bloomberg Ticker (cód litreacha Bloomberg lena sainaithnítear urrúis cuideachta)

6 -

BBGID (Aitheantas Domhanda Bloomberg)

7 -

Reuters RIC (Cód ionstraime Reuters)

8 -

FIGI (Aitheantóir Domhanda Ionstraime Airgeadais)

9 -

cód eile arna sholáthar ag comhaltaí Chumann na nGníomhaireachtaí Náisiúnta um Shannadh Uimhreacha

99 -

Cód atá leithdháilte ag an ngnóthas.

FC0110

An cineál ionstraime

Sainaithin an cineál ionstraime.

Úsáidfear an liosta iata cód seo a leanas:

1 -

bannaí/fiachas

2 -

cineál cothromais

3 -

aistriú sócmhainní eile.

FC0120

Ionstraim

Sainaithin an ionstraim. Úsáidfear an liosta iata cód seo a leanas:

1 -

bannaí/fiachas - comhthaobhaithe

2 -

bannaí/fiachas - neamh-chomhthaobhaithe

3 -

cineál cothromais - scaireanna/rannpháirtíocht

4 -

cineál cothromais - nithe eile

5 -

aistriú sócmhainní eile - réadmhaoine

6 -

aistriú sócmhainní eile - nithe eile.

FC0130

Dáta eisiúna

Is é sin an ceann is luaithe de dháta an idirbhirt/na heisiúna fiachais agus den dáta a bheidh feidhm ag an idirbheart inghrúpa uaidh, i gcás inar difriúil le dáta na heisiúna é.

Cloífidh an dáta leis an bhformáid ISO 8601 (bbbb-mm-ll).

FC0140

Dáta aibíochta

Sainaithin cód ISO 8601 (bbbb-mm-ll) an dáta a rachaidh an t-idirbheart in éag/a shroichfidh sé aibíocht más infheidhme:

—

i gcás idirbheart inghrúpa gan aon dáta aibíochta úsáid ‘9999-12-31’;

—

i gcás urrúis bhuana úsáid ‘9999-12-31’.

FC0150

Airgeadra an idirbhirt

Sainaithin cód aibítre ISO 4217 an airgeadra inar tharla an t-idirbheart.

FC0160

Méid ag dáta an idirbhirt

Méid an idirbhirt ag dáta an idirbhirt arna thuairisciú in airgeadra tuairiscithe na hilchuideachta airgeadais.

FC0170

Méid ar an dáta tuairiscithe

Méid gan íoc an idirbhirt ar an dáta tuairiscithe i gcás inarb infheidhme, e.g. le haghaidh eisiúint fiachais, arna thuairisciú in airgeadra tuairiscithe na hilchuideachta airgeadais. I gcás inar tharla socraíocht/réamhíocaíocht luath iomlán, beidh iarmhéid an mhéid chonarthaigh comhionann le nialas.

FC0180

Luach na comhthaobhachta

Luach na comhthaobhachta le haghaidh fiachas comhthaobhaithe nó luach na sócmhainne le haghaidh idirbheart inghrúpa lena mbaineann aistriú sócmhainní, arna thuairisciú in airgeadra tuairiscithe na hilchuideachta airgeadais.

Dhéanfaí luacháil ar chomhshocruithe comhthaobhachta idir gnóthais ón earnáil chéanna i gcomhréir le rialacha na hearnála sin, e.g. d’fhéadfaí luacháil a dhéanamh ar idirbhearta inghrúpa idir dhá institiúid creidmheasa laistigh d’ilchuideachta airgeadais i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).

Dhéanfaí luacháil ar chomhshocruithe comhthaobhachta idir gnóthais ó earnálacha difriúla i gcomhréir le rialacha earnálacha an eintitis comhdhlúthúcháin (e.g. dhéanfaí luacháil ar idirbhearta inghrúpa idir institiúid creidmheasa arb í an mháthairchuideachta deiridh í agus gnóthas árachais laistigh d’ilchuideachta airgeadais de réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).

FC0190

Méid díbhinní/úis/cúpóin agus íocaíochtaí eile a rinneadh le linn na tréimhse tuairiscithe

Gabhfar sa chill seo aon íocaíocht a rinneadh i ndáil leis na hidirbhearta inghrúpa atá taifeadta don tréimhse tuairiscithe sa teimpléad seo (6 mhí anuas go dtí an dáta tuairiscithe).

Áirítear air sin:

—

díbhinní don bhliain reatha lena n-áirítear díbhinní atá íoctha nó dearbhaithe acu atá neamhíoctha;

—

aon díbhinn iarchurtha ó bhlianta roimhe seo a íocadh le linn na tréimhse tuairiscithe (i.e. aon díbhinn iarchurtha atá íoctha a chuaigh i bhfeidhm ar P&L don tréimhse tuairiscithe);

—

íocaíochtaí úis a dhéantar i ndáil le hionstraimí fiachais;

—

aon íocaíocht eile a dhéantar i ndáil le hidirbhearta inghrúpa a thuairiscítear sa teimpléad seo, e.g. muirir ar aistrithe sócmhainní;

—

méid na mbreisithe i gcás inarb infheidhme, i.e. an t-airgead breise iomlán a infheistíodh le linn na tréimhse tuairiscithe, amhail aon íocaíocht bhreise ar scaireanna páirtíoctha nó méid iasachta méadaitheach i rith na tréimhse (nuair a thuairiscítear breisithe mar mhír ar leithligh).

Déanfar an méid sin a thuairisciú in airgeadra tuairiscithe na hilchuideachta airgeadais.

FC0200

Ráta cúpóin/úis

An ráta úis nó cúpóin mar chéatadán, i gcás inarb infheidhme. Maidir le ráta úis athraitheach, áireofar leis sin an ráta tagartha agus an ráta úis os a chionn.

FC0210

Nótaí

Áireofar an méid a leanas sna nótaí:

—

fógra i gcás nach ndearnadh an t-idirbheart ar neamhthuilleamaí;

—

aon fhaisnéis ábhartha eile maidir le cineál eacnamaíoch na hoibríochta.

3.   FC.02 - IGT - Díorthaigh

3.1.   Barúlacha ginearálta

Leagtar amach sa chuid seo treoracha breise i ndáil leis na teimpléid a thugtar in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Sainaithnítear sa chéad cholún den chéad tábla eile na míreanna a bheidh le tuairisciú trí na colúin agus na línte a shainaithint mar a thaispeántar iad sa teimpléad san Iarscríbhinn sin.

Baineann an chuid seo den iarscríbhinn leis an bhfaisnéis atá le soláthar ag ilchuideachtaí airgeadais uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana.

Sa teimpléad seo, déanfar gach idirbheart inghrúpa suntasach a bhaineann le díorthaigh idir eintitis a thagann faoi raon feidhme na maoirseachta ilchuideachta airgeadais mar a leagtar amach in Airteagal 8(2) de Threoir 2002/87/CE a thuairisciú. Déanfar idirbhearta inghrúpa suntasacha i ndáil le díorthaigh a thuairisciú i gcás ina sáraíonn suim ghlanluacha an díorthaigh an tairseach.

Áirítear leo sin:

(a)

conarthaí ráta úis, lena n-áirítear babhtálacha, comhaontuithe réamhcheaptha, todhchaíochtaí agus roghanna;

(b)

conarthaí malairte eachtraí, lena n-áirítear babhtálacha, comhaontuithe réamhcheaptha, todhchaíochtaí agus roghanna;

(c)

conarthaí de chineál comhchosúil maidir le míreanna nó innéacsanna tagartha eile.

Líonfaidh ilchuideachtaí airgeadais isteach an teimpléad seo le haghaidh gach idirbhirt shuntasaigh inghrúpa is gá a thuairisciú, i.e. (i) idir eintitis rialáilte ó earnálacha difriúla ar leis an grúpa céanna iad; (ii) idir eintitis rialáilte den earnáil chéanna ar leis an grúpa céanna iad; (iii) idir eintiteas rialáilte agus eintiteas neamhrialáilte ar leis an grúpa céanna iad; and (iv) idir eintiteas rialáilte agus aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil nasc acu le gnóthais an ghrúpa trí dhlúthnaisc.

Sa teimpléad seo, tuairisceofar idirbhearta inghrúpa:

(a)

a bhí i bhfeidhm ag tús na tréimhse tuairiscithe;

(b)

a tionscnaíodh le linn na tréimhse tuairiscithe agus gan íoc ar an dáta tuairiscithe;

(c)

a tionscnaíodh agus a chuaigh in éag/tháinig in aibíocht le linn na tréimhse tuairiscithe.

Dhá idirbheart nó níos mó idir eintitis an ghrúpa, arb éard atá iontu ó thaobh na heacnamaíochta de (i) rannchuidiú leis an riosca céanna, (ii) idirbhearta leis an bhfeidhm chéanna nó (iii) idirbhearta atá nasctha go sealadach i bplean; measfar mar oibríocht eacnamaíoch aonair iad. Tuairisceofar gach idirbheart atá ina chuid d’oibríocht eacnamaíoch aonair cibé uair a bhíonn na hidirbhearta sin i gcomhpháirt ag an tairseach chomhfhreagrach nó os a cionn le haghaidh idirbhearta inghrúpa suntasacha, fiú má thagann siad faoi bhun na tairsí ina n-aonar.

Tuairisceofar aon ghné a chuirtear le hidirbhearta inghrúpa suntasacha mar idirbheart inghrúpa ar leithligh, fiú má thagann an ghné féin faoi bhun theorann na tairsí suntasaí. Mar shampla, má mhéadaíonn gnóthas méid tosaigh na hiasachta le gnóthas gaolmhar eile, taifeadfar an méid a cuireadh leis an iasacht mar mhír ar leithligh lena dháta eisiúna mar a chéile leis an dáta ar cuireadh léi é.

I gcás ina mbíonn luach idirbhirt difriúil le haghaidh dhá pháirtí beartaíochta (e.g. idirbheart dar luach EUR 10 000 000 idir A agus B ina dtaifeadann A EUR 10 000 000, ach nach bhfaigheann B ach EUR 9 500 000 toisc gur tabhaíodh costais idirbhirt dar luach EUR 500 000), tuairisceofar an t-uasmhéid sa teimpléad mar mhéid an idirbhirt (EUR 10 000 000 sa sampla seo).

Saineofar na hidirbhearta indíreacha mar aon idirbheart lena n-aistrítear risíocht ar riosca (i) idir eintitis laistigh den ilchuideachta airgeadais (lena n-áirítear idirbhearta le meáin infheistíochta sainchuspóirí, le gnóthais chomhinfheistíochta, le heintitis choimhdeacha nó le heintitis neamhrialáilte) nó (ii) idir eintitis lasmuigh den ilchuideachta airgeadais (ach ina dtugtar an risíocht ar riosca ar ais sa deireadh nó ina bhfanann sí laistigh den ilchuideachta airgeadais). I gcás inarb ann do shlabhra idirbheart inghrúpa gaolmhar (e.g. infheistíonn A in B agus infheistíonn B in C), is mar idirbheart indíreach a thuairisceofar idirbheart den sórt sin. Dá bhrí sin, déanfar idirbhearta A go C a thuairisciú agus luafar na céimeanna idirmheánacha sna nótaí. I gcás cascáid idirbheart (e.g. ó A go B go C go D ar bhonn seicheamhach, i gcás ina bhfuil B agus C araon san ilchuideachta, ach ar eintitis neamhrialaithe iad), tuairisceofar na hidirbhearta sin freisin.

3.2.   Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha

MÍR

TREORACHA

FC0010

Aitheantas an idirbhirt inghrúpa

Cód aitheantais inmheánach uathúil le haghaidh gach idirbhirt inghrúpa. Beidh sé comhsheasmhach le himeacht ama.

FC0020

Ainm an infheisteora/cheannaitheora

Ainm an eintitis atá ag infheistiú sa díorthach/ag ceannach an díorthaigh, nó ainm an chontrapháirtí ag a bhfuil an suíomh fada. Maidir le babhtálacha is ionann an t-íocóir agus íocóir an ráta sheasta a fhaigheann an ráta comhlúthach.

FC0030

Cód aitheantais an infheisteora/cheannaitheora

An cód aitheantais uathúil a chuirtear i gceangal leis an infheisteoir/gceannaitheoir/aistrí leis an ordú tosaíochta seo más infhaighte:

—

aitheantóir an eintitis dhlítheanaigh (LEI);

—

cód sonrach.

Cód sonrach:

—

maidir le gnóthais atá rialáilte in LEE laistigh den ilchuideachta airgeadais, ionsáigh an cód aitheantais a úsáidtear sa mhargadh áitiúil agus atá leithdháilte ag údarás maoirseachta inniúil an ghnóthais;

—

maidir le gnóthais neamh-LEE agus gnóthais atá neamhrialáilte laistigh den ilchuideachta airgeadais, is í an ilchuideachta airgeadais a chuirfidh an cód aitheantais ar fáil. Agus cód aitheantais á dháileadh ar gach gnóthas neamh-rialáilte neamh-LEE, comhlíonfaidh an ilchuideachta airgeadais an fhormáid seo a leanas ar bhealach comhsheasmhach: cód aitheantais an mháthairghnóthais + cód alfa-2 ISO 3166-1 thír an ghnóthais + 5 dhigit.

FC0031

Cineál an chóid den infheisteoir/cheannaitheoir

Cineál an chóid aitheantais a úsáidtear le haghaidh na míre ‘Cód aitheantais an infheisteora/cheannaitheora’. Úsáid aitheantóir an eintitis dhlítheanaigh (LEI) nó an cód sonrach.

FC0040

Earnáil an infheisteora/cheannaitheora

I gcás inarb amhlaidh gur cuid den earnáil airgeadais é an t-infheisteoir/ceannaitheoir de réir bhrí Airteagal 2(8) de Threoir 2002/87/CE, tabhair ‘an earnáil baincéireachta’, ‘an earnáil árachais’ nó ‘an earnáil seirbhísí infheistíochtaí’ le fios.

I gcás inarb amhlaidh nach cuid den earnáil airgeadais é an t-infheisteoir/ceannaitheoir de réir bhrí Airteagal 2(8) den Treoir sin, tabhair ‘gnóthas eile an ghrúpa’ le fios.

FC0050

Ainm an eisitheora/díoltóra

Ainm an eintitis atá ag eisiúint/ag díol an díorthaigh, nó ainm an chontrapháirtí ag a bhfuil an suíomh gearr. Maidir le babhtálacha, faigheann an faighteoir na rátaí seasta agus íocann an ráta comhlúthach.

FC0060

Cód aitheantais an eisitheora/díoltóra

An cód aitheantais uathúil a chuirtear i gceangal leis an infheisteoir/gceannaitheoir/aistrí leis an ordú tosaíochta seo más infhaighte:

—

aitheantóir an eintitis dhlítheanaigh (LEI);

—

cód sonrach.

Cód sonrach:

—

maidir le gnóthais atá rialáilte in LEE laistigh den ilchuideachta airgeadais, ionsáigh an cód aitheantais a úsáidtear sa mhargadh áitiúil agus atá leithdháilte ag údarás maoirseachta inniúil an ghnóthais;

—

maidir le gnóthais neamh-LEE agus gnóthais atá neamhrialáilte laistigh den ilchuideachta airgeadais, is í an ilchuideachta airgeadais a chuirfidh an cód aitheantais ar fáil. Agus cód aitheantais á dháileadh ar gach gnóthas neamh-rialáilte neamh-LEE, comhlíonfaidh an ilchuideachta airgeadais an fhormáid seo a leanas ar bhealach comhsheasmhach: cód aitheantais an mháthairghnóthais + cód alfa-2 ISO 3166-1 thír an ghnóthais + 5 dhigit.

FC0061

Cineál an chóid den eisitheoir/díoltóir

Cineál an chóid aitheantais a úsáidtear le haghaidh na míre ‘Cód aitheantais an eisitheora/díoltóra’. Úsáid aitheantóir an eintitis dhlítheanaigh (LEI) nó an cód sonrach.

FC0070

Earnáil airgeadais an eisitheora/díoltóra

I gcás inarb amhlaidh gur cuid den earnáil airgeadais é an t-eisitheoir/díoltóir de réir bhrí Airteagal 2(8) de Threoir 2002/87/CE, tabhair ‘an earnáil baincéireachta’, ‘an earnáil árachais’ nó ‘an earnáil seirbhísí infheistíochtaí’ le fios.

I gcás inarb amhlaidh nach cuid den earnáil airgeadais é an t-eisitheoir/díoltóir de réir bhrí Airteagal 2(8) den Treoir sin, tabhair ‘gnóthas eile an ghrúpa’ le fios.

FC0080

Idirbhearta indíreacha

I gcás inarb amhlaidh gur cuid d’idirbheart indíreach é an t-idirbheart inghrúpa tuairiscithe (féach pointe 2.1 ‘barúlacha ginearálta’ thuas), tuairiscigh ‘Aitheantas an idirbhirt inghrúpa’ (FC0010) de chuid an idirbhirt ghaolmhair sa chill.

I gcás inarb amhlaidh nach cuid d’idirbheart indíreach é an t-idirbheart inghrúpa tuairiscithe, tabhair ‘Ní hea’ le fios.

FC0090

Oibríocht eacnamaíoch aonair

I gcás inarb amhlaidh gur cuid d’oibríocht eacnamaíoch aonair é an t-idirbheart inghrúpa tuairiscithe (féach pointe 2.1 ‘barúlacha ginearálta’ thuas), tuairiscigh ‘Aitheantas an Aitheantas an idirbhirt inghrúpa’ (FC0010) de chuid an idirbhirt ghaolmhair sa chill. I gcás inarb amhlaidh nach cuid d’oibríocht eacnamaíoch aonair é an t-idirbheart inghrúpa tuairiscithe, tabhair ‘Ní hea’ le fios.

FC0100

Cód aitheantais na hionstraime

Seo é cód aitheantais na hionstraime (caipiteal, fiachas, etc.) idir an dá chontrapháirtí atá sainaitheanta leis an tosaíocht seo a leanas:

—

Cód ISO 6166 de chuid ISIN nuair a bhíonn sé ar fáil

—

cóid aitheanta eile (e.g. CUSIP, Bloomberg Ticker, Reuters RIC)

—

cód atá leithdháilte ag an ngnóthas, nuair nach mbíonn na roghanna thuasluaite ar fáil. Beidh an cód sin comhsheasmhach le himeacht ama.

D’fhéadfadh sé sin a bheith difriúil le cód an idirbhirt inghrúpa a thugtar i gcill FC0010.

FC0101

Cineál an chóid aitheantais den ionstraim

Cineál an chóid aitheantais a úsáidtear le haghaidh na míre ‘Cód aitheantais na hionstraime’. Úsáidfear ceann de na roghanna sa liosta iata cód seo a leanas:

1 -

ISO 6166 don chód ISIN

2 -

CUSIP (uimhir an Choiste um Nósanna Imeachta Uilíocha um Shainaithint Urrús sannta ag Biúró Seirbhíse CUSIP do chuideachtaí ó na Stáit Aontaithe agus ó Cheanada)

3 -

SEDOL (Liosta Oifigiúil Laethúil an Stocmhalartáin le haghaidh Stocmhalartán Londan)

4 -

WKN (Wertpapier Kenn-Nummer, an uimhir aitheantais alfa-uimhriúil sa Ghearmáin)

5 -

Bloomberg Ticker (cód litreacha Bloomberg lena sainaithnítear urrúis cuideachta)

6 -

BBGID (Aitheantas Domhanda Bloomberg)

7 -

Reuters RIC (Cód ionstraime Reuters)

8 -

FIGI (Aitheantóir Domhanda Ionstraime Airgeadais)

9 -

cód eile le comhaltaí Chumann na nGníomhaireachtaí Náisiúnta um Shannadh Uimhreacha

99 -

Cód atá leithdháilte ag an ngnóthas.

FC0110

An cineál ionstraime

Sainaithin an cineál idirbhirt. Úsáidfear an liosta iata cód seo a leanas:

1 -

díorthaigh - todhchaíochtaí

2 -

díorthaigh - conarthaí réamhcheaptha

3 -

díorthaigh - roghanna

4 -

díorthaigh - nithe eile

5 -

ráthaíochtaí - cosaint creidmheasa

6 -

ráthaíochtaí - nithe eile

7 -

babhtálacha

8 -

nithe eile.

Measfar comhaontú um athcheannach mar idirbheart airgid thirim móide conradh réamhcheaptha.

FC0120

An cineál cosanta

Sainaithin an cineál idirbhirt. Úsáidfear an liosta iata cód seo a leanas:

1 -

mainneachtain creidmheasa

2 -

ráta úis

3 -

airgeadra

4 -

nithe eile.

FC0130

Cuspóir na hionstraime

Tabhair tuairisc ar úsáid an díorthaigh (e.g. micreafhálú/macrafhálú, bainistíocht punainne éifeachtúil). Tagraítear le ‘Micreafhálú’ do dhíorthaigh lena gcumhdaítear ionstraim airgeadais, idirbheart réamhaisnéise nó dliteanas aonair. Tagraítear le ‘Macrafhálú’ do dhíorthaigh lena gcumhdaítear sraith ionstraimí airgeadais, idirbheart réamhaisnéise nó dliteanas. Úsáidfear an liosta iata cód seo a leanas:

1 -

micreafhálú

2 -

macrafhálú

3 -

sreafaí airgid sócmhainní agus dliteanas a mheaitseáil

4 -

bainistíocht punainne éifeachtúil, seachas ‘Sreafaí airgid sócmhainní agus dliteanas a mheaitseáil’

5 -

nithe eile.

FC0140

Dáta tosaigh

Sainaithin cód ISO 8601 (bbbb-mm-ll) dháta an idirbhirt/trádála an chonartha dhíorthaigh. Maidir le conarthaí rollacha, úsáid an dáta trádála tosaigh.

FC0150

Dáta aibíochta

Sainaithin cód ISO 8601 (bbbb-mm-ll) an dáta atá sainithe sa chonradh do dhúnadh an chonartha dhíorthaigh - e.g. dáta aibíochta, dáta éaga le haghaidh roghanna (Eorpacha nó Meiriceánacha), etc.

FC0160

Airgeadra an idirbhirt

Sainaithin cód aibítre ISO 4217 an airgeadra inar tharla an t-idirbheart.

FC0170

Méid barúlach

An méid a chumhdaítear leis an díorthach nó atá neamhchosanta air ar an dáta tuairiscithe - i.e. an t-iarmhéid deiridh a thuairiscítear in airgeadra tuairiscithe an ghrúpa.

Maidir le todhchaíochtaí agus roghanna, chomhfhreagraíonn an méid barúlach do mhéid an chonartha arna iolrú faoi líon na gconarthaí. Maidir le babhtálacha agus conarthaí réamhcheaptha, comhfhreagraíonn sé do mhéid an chonartha. I gcás ina bhfuil idirbheart tar éis teacht in aibíocht/dul in éag le linn na tréimhse tuairiscithe agus roimh an dáta tuairiscithe, beidh an méid barúlach ar an dáta tuairiscithe comhionann le nialas.

FC0180

Suim ghlanluacha

Luach an díorthaigh ar an dáta tuairiscithe mar a thuairiscítear i gclár comhardaithe an eintitis.

I gcás ina bhfuil idirbheart tar éis teacht in aibíocht/dul in éag le linn na tréimhse tuairiscithe agus roimh an dáta tuairiscithe, beidh an tsuim ghlanluacha ar an dáta tuairiscithe comhionann le suim ghlanluacha uasta na ndíorthach roimh aibíocht an idirbhirt.

FC0190

Luach na comhthaobhachta

Luach na comhthaobhachta atá geallta ar an dáta tuairiscithe (nialas má tá an díorthach dúnta) más infheidhme. Déanfar é seo a thuairisciú in airgeadra tuairiscithe na hilchuideachta airgeadais.

Déanfar luacháil ar chomhshocruithe comhthaobhachta idir gnóthais ón earnáil chéanna i gcomhréir le rialacha na hearnála sin (e.g. d’fhéadfaí luacháil a dhéanamh ar idirbhearta inghrúpa idir dhá institiúid creidmheasa laistigh d’ilchuideachta airgeadais i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).

Déanfar luacháil ar chomhshocruithe comhthaobhachta idir gnóthais ó earnálacha difriúla i gcomhréir le rialacha earnálacha an eintitis comhdhlúthúcháin (e.g. dhéanfaí luacháil ar idirbhearta inghrúpa idir institiúid creidmheasa arb í an mháthairchuideachta deiridh í agus gnóthas árachais laistigh d’ilchuideachta airgeadais de réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).

FC0200

Cód aitheantais na sócmhainne/an dliteanais faoi bhun an díorthaigh

Cód aitheantais na sócmhainne nó an dliteanais atá faoi bhun an chonartha díorthaigh. Soláthrófar an mhír seo le haghaidh díorthaigh ag a bhfuil ionstraim nó innéacs foluiteach amháin i bpunann an ghnóthais.

Meastar innéacs a bheith ina ionstraim aonair, agus tuairisceofar é.

Ionsáigh cód aitheantais na hionstraime faoi bhun an díorthaigh leis an tosaíocht seo a leanas:

—

Cód ISO 6166 de chuid ISIN más infhaighte

—

cóid aitheanta eile (e.g. CUSIP, Bloomberg Ticker, Reuters RIC)

—

Cód atá leithdháilte ag an ngnóthas, nuair nach mbíonn na roghanna thuasluaite ar fáil. Beidh sé comhsheasmhach le himeacht ama

—

‘Ilsócmhainní/ildliteanais’ más mó ná ceann amháin atá i líon na sócmhainní nó na ndliteanas foluiteach.

I gcás inar innéacs é an tsócmhainn nó dliteanas foluiteach is amhlaidh ansin a dhéanfar cód an innéacs a thuairisciú.

FC0201

Cineál cóid na sócmhainne/an dliteanais atá faoi bhun an díorthaigh

Cineál an chóid aitheantais a úsáidtear le haghaidh na míre ‘Cód aitheantais na sócmhainne/an dliteanais atá faoi bhun an díorthaigh’ . Úsáidfear ceann de na roghanna sa liosta iata cód seo a leanas:

1 -

ISO 6166 don chód ISIN

2 -

CUSIP (uimhir an Choiste um Nósanna Imeachta Uilíocha um Shainaithint Urrús sannta ag Biúró Seirbhíse CUSIP do chuideachtaí ó na Stáit Aontaithe agus ó Cheanada)

3 -

SEDOL (Liosta Oifigiúil Laethúil an Stocmhalartáin le haghaidh Stocmhalartán Londan)

4 -

WKN (Wertpapier Kenn-Nummer, an uimhir aitheantais alfa-uimhriúil sa Ghearmáin)

5 -

Bloomberg Ticker (cód litreacha Bloomberg lena sainaithnítear urrúis cuideachta)

6 -

BBGID (Aitheantas Domhanda Bloomberg)

7 -

Reuters RIC (Cód ionstraime Reuters)

8 -

FIGI (Aitheantóir Domhanda Ionstraime Airgeadais)

9 -

cód eile le comhaltaí Chumann na nGníomhaireachtaí Náisiúnta um Shannadh Uimhreacha

99 -

Cód atá leithdháilte ag an ngnóthas. Úsáidfear an rogha seo freisin le haghaidh cásanna ‘Ilsócmhainní/ildliteanais’ agus ‘innéacsanna’.

FC0210

Ainm an chontrapháirtí dá gceannaítear cosaint creidmheasa

Ainm an chontrapháirtí dár ceannaíodh an chosaint faoi chomhair a mhainneachtana.

FC0220

Ráta úis seachadta na babhtála (don cheannaitheoir)

Ráta úis arna sholáthar faoin gconradh babhtála (le haghaidh babhtálacha ráta úis amháin).

FC0230

Ráta úis faighte na babhtála (don cheannaitheoir)

Ráta úis arna fháil faoin gconradh babhtála (le haghaidh babhtálacha ráta úis amháin).

FC0240

Airgeadra seachadta na babhtála (don cheannaitheoir)

Sainaithin cód aibítre ISO 4217 airgeadra phraghas na babhtála (le haghaidh babhtálacha airgeadraí amháin).

FC0250

Airgeadra faighte na babhtála (don cheannaitheoir)

Sainaithin cód aibítre ISO 4217 airgeadra mhéid barúlach na babhtála (le haghaidh babhtálacha airgeadraí amháin).

FC0260

Ioncam ag eascairt as díorthaigh

Glanfháltais a eascraíonn as an infheistíocht nó as ceannach na ndíorthach. I gcomhréir le P&L atá bunaithe ar IFRS, tá coinne le torthaí réadaithe agus neamhréadaithe anseo araon. Is ina nglanluach a luafar na méideanna (i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE). Tuairisceofar an t-ús in FC.05 P&L.

FC0270

Nótaí

Áireofar leis na nótaí:

—

fógra mura ndearnadh an t-idirbheart ar neamhthuilleamaí;

—

aon fhaisnéis ábhartha eile maidir le cineál eacnamaíoch na hoibríochta.

4.   FC.03 - IGT - Dliteanais lasmuigh den chlár comhardaithe agus dliteanais theagmhasacha

4.1.   Barúlacha ginearálta

Leagtar amach sa chuid seo den iarscríbhinn treoracha breise maidir leis na teimpléid a thugtar in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Sainaithnítear sa chéad cholún den chéad tábla eile na míreanna a bheidh le tuairisciú trí na colúin agus na línte a shainaithint mar a thaispeántar iad sa teimpléad san Iarscríbhinn sin.

Baineann an chuid seo den iarscríbhinn leis an bhfaisnéis atá le soláthar ag ilchuideachtaí airgeadais uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana.

Leis an teimpléad seo, tuairisceofar gach idirbheart inghrúpa suntasach idir eintitis a thagann faoi raon feidhme mhaoirseacht na hilchuideachta airgeadais arna leagan amach in Airteagal 8(2) de Threoir 2002/87/CE i ndáil le ráthaíochtaí atá lasmuigh den chlár comhardaithe.

Áirítear orthu sin:

(a)

ráthaíochtaí atá lasmuigh den chlár comhardaithe;

(b)

saoráidí creidmheasa neamhtharraingthe;

(c)

sócmhainní a cheannaítear faoi chomhaontuithe um réamhcheannach glan amach (airgeadra nó eile);

(d)

comhaontuithe um dhíol agus athcheannach sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 12(3) agus (5) de Threoir 86/635/CEE;

(e)

dliteanais theagmhasacha.

Líonfaidh ilchuideachtaí airgeadais isteach an teimpléad seo le haghaidh gach idirbhirt shuntasaigh inghrúpa is gá a thuairisciú, i.e. (i) idir eintitis rialáilte ó earnálacha difriúla ar leis an grúpa céanna iad; (ii) idir eintitis rialáilte den earnáil chéanna ar leis an grúpa céanna iad; (iii) idir eintiteas rialáilte agus eintiteas neamhrialáilte ar leis an grúpa céanna iad; and (iv) idir eintiteas rialáilte agus aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil nasc acu le gnóthais an ghrúpa trí dhlúthnaisc.

Áireofar ar an teimpléad seo idirbhearta inghrúpa:

(a)

a bhí i bhfeidhm ag tús na tréimhse tuairiscithe;

(b)

a tionscnaíodh le linn na tréimhse tuairiscithe agus gan íoc ar an dáta tuairiscithe;

(c)

a tionscnaíodh agus a chuaigh in éag/tháinig in aibíocht le linn na tréimhse tuairiscithe.

Dhá idirbheart nó níos mó idir eintitis an ghrúpa, arb éard atá iontu ó thaobh na heacnamaíochta de (i) rannchuidiú leis an riosca céanna, (ii) idirbhearta leis an bhfeidhm chéanna nó (iii) idirbhearta atá nasctha go sealadach i bplean; measfar mar oibríocht eacnamaíoch aonair iad. Tuairisceofar gach idirbheart atá ina chuid d’oibríocht eacnamaíoch aonair cibé uair a bhíonn na hidirbhearta sin i gcomhpháirt ag an tairseach chomhfhreagrach nó os a cionn le haghaidh idirbhearta inghrúpa suntasacha, fiú má thagann siad faoi bhun na tairsí ina n-aonar. Tuairisceofar aon ghné a chuirtear le hidirbhearta inghrúpa suntasacha mar idirbheart inghrúpa ar leithligh, fiú má thagann an ghné féin faoi bhun theorann na tairsí suntasaí. Mar shampla, má mhéadaíonn gnóthas méid tosaigh na hiasachta le gnóthas gaolmhar eile, taifeadfar an méid a cuireadh leis an iasacht mar mhír ar leithligh lena dháta eisiúna mar a chéile leis an dáta ar cuireadh léi é.

I gcás ina mbíonn luach idirbhirt difriúil le haghaidh dhá pháirtí beartaíochta (e.g. idirbheart dar luach EUR 10 000 000 idir A agus B ina dtaifeadann A EUR 10 000 000, ach nach bhfaigheann B ach EUR 9 500 000 toisc gur tabhaíodh costais idirbhirt dar luach EUR 500 000), tuairisceofar an t-uasmhéid sa teimpléad mar mhéid an idirbhirt (EUR 10 000 000 sa sampla seo).

Saineofar na hidirbhearta indíreacha mar aon idirbheart lena n-aistrítear risíocht ar riosca (i) idir eintitis laistigh den ilchuideachta airgeadais (lena n-áirítear idirbhearta le meáin infheistíochta sainchuspóirí, le gnóthais chomhinfheistíochta, le heintitis choimhdeacha nó le heintitis neamhrialáilte) nó (ii) idir eintitis lasmuigh den ilchuideachta airgeadais (ach ina dtugtar an risíocht ar riosca ar ais sa deireadh nó ina bhfanann sí laistigh den ilchuideachta airgeadais). I gcás inarb ann do shlabhra idirbheart inghrúpa gaolmhar (e.g. infheistíonn A in B agus infheistíonn B in C), is mar idirbheart indíreach a thuairisceofar an t-idirbheart sin. Dá bhrí sin, déanfar idirbhearta A go C a thuairisciú agus luafar na céimeanna idirmheánacha sna nótaí. I gcás cascáid idirbheart (e.g. ó A go B go C go D ar bhonn seicheamhach, i gcás ina bhfuil B agus C araon san ilchuideachta, ach ar eintitis neamhrialaithe iad), tuairisceofar na hidirbhearta sin freisin.

4.2.   Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha

MÍR

TREORACHA

FC0010

Aitheantas an idirbhirt inghrúpa

Cód aitheantais inmheánach uathúil le haghaidh gach idirbhirt inghrúpa. Beidh sé comhsheasmhach le himeacht ama.

FC0020

Ainm an tsoláthraí

Ainm an eintitis atá ag soláthar na ráthaíochta atá lasmuigh den chlár comhardaithe.

FC0030

Cód aitheantais an tsoláthraí

An cód aitheantais uathúil a chuirtear i gceangal leis an infheisteoir/gceannaitheoir/aistrí leis an ordú tosaíochta seo más infhaighte:

—

aitheantóir an eintitis dhlítheanaigh (LEI);

—

cód sonrach.

Cód sonrach:

—

maidir le gnóthais atá rialáilte in LEE laistigh den ilchuideachta airgeadais, ionsáigh an cód aitheantais a úsáidtear sa mhargadh áitiúil agus atá leithdháilte ag údarás maoirseachta inniúil an ghnóthais;

—

maidir le gnóthais neamh-LEE agus gnóthais atá neamhrialáilte laistigh den ilchuideachta airgeadais, is í an ilchuideachta airgeadais a chuirfidh an cód aitheantais ar fáil. Agus cód aitheantais á dháileadh ar gach gnóthas neamh-rialáilte neamh-LEE, comhlíonfaidh an ilchuideachta airgeadais an fhormáid seo a leanas ar bhealach comhsheasmhach: cód aitheantais an mháthairghnóthais + cód alfa-2 ISO 3166-1 thír an ghnóthais + 5 dhigit.

FC0031

Cineál an chóid den soláthraí

Cineál an chóid aitheantais a úsáidtear le haghaidh na míre ‘Cód aitheantais an tsoláthraí’. Úsáid aitheantóir an eintitis dhlítheanaigh (LEI) nó an cód sonrach.

FC0040

Earnáil airgeadais an tsoláthraí

I gcás inarb amhlaidh gur cuid den earnáil airgeadais é an soláthraí de réir bhrí Airteagal 2(8) de Threoir 2002/87/CE, tabhair ‘an earnáil baincéireachta’, ‘an earnáil árachais’ nó ‘an earnáil seirbhísí infheistíochtaí’ le fios.

I gcás inarb amhlaidh nach cuid den earnáil airgeadais é an soláthraí de réir bhrí Airteagal 2(8) den Treoir sin, tabhair ‘gnóthas eile an ghrúpa’ le fios.

FC0050

Ainm an tairbhí

Ainm an eintitis atá ag tairbhiú den ráthaíocht atá lasmuigh den chlár comhardaithe.

FC0060

Cód aitheantais an tairbhí

An cód aitheantais uathúil a chuirtear i gceangal leis an tairbhí leis an ord tosaíochta seo más infhaighte:

—

aitheantóir an eintitis dhlítheanaigh (LEI);

—

cód sonrach.

Cód sonrach:

—

maidir le gnóthais atá rialáilte in LEE laistigh den ilchuideachta airgeadais, ionsáigh an cód aitheantais a úsáidtear sa mhargadh áitiúil agus atá leithdháilte ag údarás maoirseachta inniúil an ghnóthais;

—

maidir le gnóthais neamh-LEE agus gnóthais atá neamhrialáilte laistigh den ilchuideachta airgeadais, is í an ilchuideachta airgeadais a chuirfidh an cód aitheantais ar fáil. Agus cód aitheantais á dháileadh ar gach gnóthas neamh-rialáilte neamh-LEE, comhlíonfaidh an ilchuideachta airgeadais an fhormáid seo a leanas ar bhealach comhsheasmhach: cód aitheantais an mháthairghnóthais + cód alfa-2 ISO 3166-1 thír an ghnóthais + 5 dhigit.

FC0061

Cineál an chóid den tairbhí

Cineál an chóid aitheantais a úsáidtear le haghaidh na míre ‘Cód aitheantais an tairbhí’. Úsáid aitheantóir an eintitis dhlítheanaigh (LEI) nó an cód sonrach.

FC0070

Earnáil airgeadais an tairbhí

I gcás inarb amhlaidh gur cuid den earnáil airgeadais é an tairbhí de réir bhrí Airteagal 2(8) de Threoir 2002/87/CE, tabhair ‘an earnáil baincéireachta’, ‘an earnáil árachais’ nó ‘an earnáil seirbhísí infheistíochtaí’ le fios.

I gcás inarb amhlaidh nach cuid den earnáil airgeadais é an tairbhí de réir bhrí Airteagal 2(8) den Treoir sin, tabhair ‘gnóthas eile an ghrúpa’ le fios.

FC0080

Idirbhearta indíreacha

I gcás inarb amhlaidh gur cuid d’idirbheart indíreach é an t-idirbheart inghrúpa tuairiscithe (féach pointe 2.1 ‘barúlacha ginearálta’ thuas), tuairiscigh ‘Aitheantas an idirbhirt inghrúpa’ (FC0010) de chuid an idirbhirt ghaolmhair sa chill seo.

I gcás inarb amhlaidh nach cuid d’idirbheart indíreach é an t-idirbheart inghrúpa tuairiscithe, tabhair ‘Ní hea’ le fios.

FC0090

Oibríocht eacnamaíoch aonair

I gcás inarb amhlaidh gur cuid d’oibríocht eacnamaíoch aonair é an t-idirbheart inghrúpa tuairiscithe (féach pointe 2.1 ‘barúlacha ginearálta’ thuas), tuairiscigh ‘Aitheantas an idirbhirt inghrúpa’ (FC0010) de chuid an idirbhirt ghaolmhair sa chill seo.

I gcás inarb amhlaidh nach cuid d’oibríocht eacnamaíoch aonair é an t-idirbheart inghrúpa tuairiscithe, tabhair ‘Ní hea’ le fios.

FC0100

Cineál an idirbhirt

Sainaithin an cineál idirbhirt. Úsáidfear an liosta iata cód seo a leanas:

1 -

ráthaíochtaí

2 -

gealltanas

3 -

litir chreidmheasa

4 -

saoráidí creidmheasa neamhtharraingthe

5 -

sócmhainní a cheannaítear faoi chomhaontuithe um réamhcheannach glan amach (airgeadra nó cinn eile);

6 -

comhaontuithe um dhíol agus athcheannach sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 12(3) agus (5) de Threoir 86/635/CEE;

7 -

dliteanais theagmhasacha

8 -

nithe eile.

FC0110

Dáta eisiúna/data an idirbhirt

Sainaithin cód ISO 8601 (bbbb-mm-ll) an dáta ar a dtiocfaidh an t-idirbheart/eisiúint i bhfeidhm.

FC0120

Dáta éaga an chomhaontaithe/chonartha atá faoi bhun an idirbhirt

I gcás inarb infheidhme, sainaithin cód ISO 8601 (bbbb-mm-ll) an dáta ar a dtiocfaidh an comhaontú/conradh chun críche. Más suthain é an dáta éaga, úsáid ‘9999-12-31’.

FC0130

Airgeadra an idirbhirt

Sainaithin cód aibítre ISO 4217 an airgeadra inar tharla an t-idirbheart. Má bhí dhá airgeadra páirteach ann, sainaithin an dá cheann i gcill FC0200.

FC0140

Teagmhas truiceartha

I gcás inarb infheidhme, tabhair tuairisc ghairid ar an teagmhas a bheadh ina thruicear don idirbheart/íocaíocht/dliteanas (e.g. teagmhas a bheadh ina thruicear do dhliteanas teagmhasach).

FC0150

Luach an idirbhirt ar an dáta tosaigh

Luach an idirbhirt nó na comhthaobhachta atá geallta.

Déanfar an mhír seo a thuairisciú in airgeadra tuairiscithe an ghrúpa.

FC0160

Luach an idirbhirt ar an dáta tuairiscithe

Luach an idirbhirt, na comhthaobhachta atá geallta.

Déanfar an mhír seo a thuairisciú in airgeadra tuairiscithe an ghrúpa.

FC0170

Uasluach féideartha na ndliteanas teagmhasach

Uasluach féideartha na ndliteanas teagmhasach, más infhaighte, gan beann ar a ndóchúlacht (i.e. na sreafaí airgid amach anseo chun an dliteanas teagmhasach a ghlanadh thar shaolré an dliteanais theagmhasaigh sin agus arna lascainiú de réir struchtúr théarma an ráta úis saor ó riosca ábhartha) de dhliteanais theagmhasacha a áirítear ar chlár comhardaithe na hilchuideachta airgeadais. Suim gach sreabhaidh airgid dá dtarlódh teagmhais truiceartha na ráthaíochtaí arna soláthar ag an ‘soláthraí’ (cill FC0020) don ‘tairbhí’ (Cill FC0050) chun íoc na ndliteanas atá dlite ón ngnóthas a chumhdach (lena n-áirítear litir chreidmheasa, saoráidí iasachtaíochta geallta neamhtharraingthe). Ní áireofar leis an mír seo méideanna atá tuairiscithe cheana faoi FC0150 agus FC0160.

FC0180

Luach na sócmhainní faoi ráthaíocht

Luach na sócmhainne faoi ráthaíocht dá bhfaightear na ráthaíochtaí.

D’fhéadfadh prionsabail na luachála earnála a bheith ábhartha sa chás seo.

FC0190

Ioncaim a eascraíonn as na míreanna atá lasmuigh den chlár comhardaithe

Ioncaim a bhaineann leis na forálacha de na hidirbhearta atá lasmuigh den chlár comhardaithe.

FC0200

Nótaí

Áireofar leis na nótaí:

—

fógra mura ndearnadh an t-idirbheart ar neamhthuilleamaí;

—

aon fhaisnéis ábhartha eile maidir le cineál eacnamaíoch na hoibríochta.

5.   FC.04 - IGT - Árachas agus athárachas

5.1.   Barúlacha ginearálta

Sa chuid seo den iarscríbhinn leagtar amach treoracha breise le haghaidh na dteimpléad arna soláthar in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Sainaithnítear sa chéad cholún den chéad tábla eile na míreanna a bheidh le tuairisciú trí na colúin agus na línte a shainaithint mar a thaispeántar iad sa teimpléad san Iarscríbhinn sin.

Baineann an chuid seo den iarscríbhinn leis an bhfaisnéis atá le soláthar ag ilchuideachtaí airgeadais uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana.

Leis an teimpléad seo, tuairisceofar gach idirbheart inghrúpa suntasach idir eintitis a thagann faoi raon feidhme mhaoirseacht na hilchuideachta airgeadais de réir Airteagal 8(2) de Threoir 2002/87/CE i ndáil le hárachas agus athárachas inmheánach laistigh den ghrúpa.

Áirítear na nithe seo a leanas i measc na ngnéithe sin, ach níl siad teoranta dóibh:

(a)

conarthaí árachais eintiteas a thagann faoi raon feidhme an ghrúpa, le cuideachtaí árachais ag teacht faoi raon feidhme an ghrúpa;

(b)

conarthaí athárachais idir gnóthais ghaolmhara grúpa;

(c)

athárachas roghnach idir gnóthais ghaolmhara grúpa;

(d)

aon idirbheart eile óna dtagann aistriú riosca frithgheallta (riosca árachais) idir gnóthais ghaolmhara grúpa.

Líonfaidh ilchuideachtaí airgeadais isteach an teimpléad seo le haghaidh gach idirbhirt shuntasaigh inghrúpa is gá a thuairisciú, i.e. (i) idir eintitis rialáilte ó earnálacha difriúla ar leis an grúpa céanna iad; (ii) idir eintitis rialáilte den earnáil chéanna ar leis an grúpa céanna iad; (iii) idir eintiteas rialáilte agus eintiteas neamhrialáilte ar leis an grúpa céanna iad; and (iv) idir eintiteas rialáilte agus aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil nasc acu le gnóthais an ghrúpa trí dhlúthnaisc.

Áireofar sa teimpléad seo IGTanna:

(a)

a bhí i bhfeidhm ag tús na tréimhse tuairiscithe;

(b)

a tionscnaíodh le linn na tréimhse tuairiscithe agus gan íoc ar an dáta tuairiscithe;

(c)

a tionscnaíodh agus a chuaigh in éag/tháinig in aibíocht le linn na tréimhse tuairiscithe.

Dhá idirbheart nó níos mó idir eintitis an ghrúpa, arb éard atá iontu ó thaobh na heacnamaíochta de (i) rannchuidiú leis an riosca céanna, (ii) idirbhearta leis an bhfeidhm chéanna nó (iii) idirbhearta atá nasctha go sealadach; measfar mar oibríocht eacnamaíoch aonair iad. Tuairisceofar gach idirbheart atá ina chuid d’oibríocht eacnamaíoch aonair cibé uair a bhíonn siad i gcomhpháirt ag an tairseach chomhfhreagrach nó os a cionn le haghaidh idirbhearta inghrúpa suntasacha, fiú má thagann siad faoi bhun na tairsí ina n-aonar.

Tuairisceofar aon ghné a chuirtear le hidirbhearta inghrúpa suntasacha mar idirbheart inghrúpa ar leithligh, fiú má thagann an ghné féin faoi bhun theorann na tairsí suntasaí. Mar shampla, má mhéadaíonn gnóthas méid tosaigh na hiasachta le gnóthas gaolmhar eile, taifeadfar an méid a cuireadh leis an iasacht mar mhír ar leithligh lena dháta eisiúna mar a chéile leis an dáta ar cuireadh léi é.

I gcás inar difriúil é luach an idirbhirt le haghaidh dhá pháirtí san idirbheart (e.g. idirbheart dar luach EUR 10 000 000 idir A agus B ina dtaifeadann A EUR 10 000 000, ach nach bhfaigheann B ach EUR 9 500 000 toisc gur tabhaíodh costais idirbhirt dar luach EUR 500 000), is mar mhéid an idirbhirt a thuairisceofar an t-uasmhéid sa teimpléad (EUR 10 000 000 sa sampla seo). Saineofar na hidirbhearta indíreacha mar aon idirbheart lena n-aistrítear risíocht ar riosca (i) idir eintitis laistigh den ilchuideachta airgeadais (lena n-áirítear idirbhearta le meáin infheistíochta sainchuspóirí, le gnóthais chomhinfheistíochta, le heintitis choimhdeacha nó le heintitis neamhrialáilte) nó (ii) idir eintitis lasmuigh den ilchuideachta airgeadais (ach ina dtugtar an risíocht ar riosca ar ais sa deireadh nó ina bhfanann sí laistigh den ilchuideachta airgeadais). I gcás inarb ann do shlabhra idirbheart inghrúpa gaolmhar (e.g. infheistíonn A in B agus infheistíonn B in C), is mar idirbheart indíreach a thuairisceofar an t-idirbheart seo. Dá bhrí sin, déanfar idirbheart A go C a thuairisciú agus luafar na céimeanna idirmheánacha sna nótaí. I gcás cascáid idirbheart (e.g. ó A go B go C go D ar bhonn seicheamhach, i gcás ina bhfuil B agus C araon san ilchuideachta, ach ar eintitis neamhrialaithe iad), tuairisceofar na hidirbhearta sin freisin.

5.2.   Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha

MÍR

TREORACHA

FC0010

Aitheantas an idirbhirt inghrúpa

Cód aitheantais inmheánach uathúil le haghaidh gach idirbhirt inghrúpa. Beidh sé comhsheasmhach le himeacht ama.

FC0020

Ainm an pháirtí faoi árachas/an árachóra ghéillte

Ainm dlíthiúil an eintitis a d’aistrigh an riosca frithgheallta chuig árachóir nó athárachóir eile laistigh den ghrúpa.

FC0030

Cóid aitheantais don pháirtí faoi árachas/árachóir géillte

An cód aitheantais uathúil a chuirtear i gceangal leis an infheisteoir/gceannaitheoir/aistrí leis an ordú tosaíochta seo más infhaighte:

—

aitheantóir an eintitis dhlítheanaigh (LEI);

—

cód sonrach.

Cód sonrach:

—

maidir le gnóthais atá rialáilte in LEE laistigh den ghrúpa, ionsáigh an cód aitheantais a úsáidtear sa mhargadh áitiúil agus atá leithdháilte ag údarás maoirseachta inniúil an ghnóthais;

—

maidir le gnóthais neamh-LEE agus gnóthais atá neamhrialáilte laistigh den ghrúpa, is é an grúpa a chuirfidh an cód aitheantais ar fáil. Agus cód aitheantais á leithdháileadh ar gach gnóthas neamh-LEE nó neamhrialáilte, comhlíonfaidh an grúpa an fhormáid seo a leanas ar bhealach comhsheasmhach: cód aitheantais an mháthairghnóthais + cód alfa-2 ISO 3166-1 thír an ghnóthais + 5 dhigit.

FC0031

Cineál an chóid don pháirtí faoi árachas/árachóir géillte

Cineál an chóid aitheantais a úsáidtear le haghaidh na míre ‘Cód aitheantais don pháirtí árachaithe/árachóir géillte’. Úsáid aitheantóir an eintitis dhlítheanaigh (LEI) nó an cód sonrach.

FC0040

Earnáil an pháirtí faoi árachas/an árachóra ghéillte

I gcás inarb amhlaidh gur cuid den earnáil airgeadais é an páirtí faoi árachas nó an t-árachóir géillte de réir bhrí Airteagal 2(8) de Threoir 2002/87/CE, tabhair ‘an earnáil baincéireachta’, ‘an earnáil árachais’ nó ‘an earnáil seirbhísí infheistíochtaí’ le fios.

I gcás inarb amhlaidh nach cuid den earnáil airgeadais é an páirtí faoi árachas ná an t-árachóir géillte de réir bhrí Airteagal 2(8) den Treoir sin, tabhair ‘gnóthas eile an ghrúpa’ le fios.

FC0050

Ainm an árachóra/athárachóra

Ainm dlíthiúil an árachóra nó an athárachóra chuig ar aistríodh an riosca frithgheallta.

FC0060

Cód aitheantais an árachóra/athárachóra

An cód aitheantais uathúil a chuirtear i gceangal leis an infheisteoir/gceannaitheoir/aistrí leis an ordú tosaíochta seo más infhaighte:

—

aitheantóir an eintitis dhlítheanaigh (LEI);

—

cód sonrach.

Cód sonrach:

—

maidir le gnóthais atá rialáilte in LEE laistigh den ghrúpa, ionsáigh an cód aitheantais a úsáidtear sa mhargadh áitiúil agus atá leithdháilte ag údarás maoirseachta inniúil an ghnóthais;

—

maidir le gnóthais neamh-LEE agus gnóthais atá neamhrialáilte laistigh den ghrúpa, is é an grúpa a chuirfidh an cód aitheantais ar fáil. Agus cód aitheantais á leithdháileadh ar gach gnóthas neamh-LEE nó neamhrialáilte, comhlíonfaidh an grúpa an fhormáid seo a leanas ar bhealach comhsheasmhach: cód aitheantais an mháthairghnóthais + cód alfa-2 ISO 3166-1 thír an ghnóthais + 5 dhigit.

FC0061

Cineál an chóid den árachóir/athárachóir

Cineál an chóid aitheantais a úsáidtear le haghaidh na míre ‘Cód aitheantais an árachóra/athárachóra’. Úsáid aitheantóir an eintitis dhlítheanaigh (LEI) nó an cód sonrach.

FC0070

Earnáil an árachóra/athárachóra

Earnáil airgeadais an tsoláthraí de réir bhrí Airteagal 2(8) de Threoir 2002/87/CE, i.e. ‘an earnáil árachais’.

FC0080

Idirbhearta indíreacha

I gcás inarb amhlaidh gur cuid d’idirbheart indíreach é an t-idirbheart inghrúpa tuairiscithe (féach pointe 2.1 ‘barúlacha ginearálta’ thuas), tuairiscigh ‘Aitheantas an idirbhirt inghrúpa’ (FC0010) de chuid an idirbhirt ghaolmhair sa chill seo.

I gcás inarb amhlaidh nach cuid d’idirbheart indíreach é an t-idirbheart inghrúpa tuairiscithe, tabhair ‘Ní hea’ le fios.

FC0090

Oibríocht eacnamaíoch aonair

I gcás inarb amhlaidh gur cuid d’oibríocht eacnamaíoch aonair é an t-idirbheart inghrúpa tuairiscithe (féach pointe 2.1 ‘barúlacha ginearálta’ thuas), tuairiscigh ‘Aitheantas an idirbhirt inghrúpa’ (FC0010) de chuid an idirbhirt ghaolmhair sa chill seo.

I gcás inarb amhlaidh nach cuid d’oibríocht eacnamaíoch aonair é an t-idirbheart inghrúpa tuairiscithe, tabhair ‘Ní hea’ le fios.

FC0100

An cineál idirbhirt

Sainaithin an cineál conartha. Úsáidfear an liosta iata cód seo a leanas:

1 -

árachas

2 -

athárachas.

FC0110

Idirbheart

Má tá C100 = athárachas, ansin sainaithin an cineál conartha athárachais. Úsáidfear an liosta iata cód seo a leanas:

1 -

sciar den chuóta

2 -

sciar athraitheach den chuóta

3 -

barrachas

4 -

barrachas caillteanais (in aghaidh an teagmhais agus ina aghaidh an riosca)

5 -

barrachas caillteanais (in aghaidh an riosca)

6 -

barrachas caillteanais (in aghaidh an teagmhais)

7 -

barrachas caillteanais ‘cúltaca’ (cosaint ar theagmhais leantacha inar féidir le tubaistí áirithe a bheith ina gcúis leo amhail tuilte nó dóiteán)

8 -

barrachas caillteanais ag a bhfuil riosca boinn

9 -

cumhdach athchuir

10 -

barrachas comhiomlán caillteanais

11 -

barrachas neamhtheoranta caillteanais

12 -

stad le caillteanas

13 -

conarthaí comhréireacha eile

14 -

conarthaí neamhréireacha eile

15 -

athárachas airgeadais

16 -

comhréireach roghnach

17 -

neamhréireach roghnach.

Is féidir conarthaí comhréireacha eile (cód 13) agus conarthaí neamhréireacha eile (cód 14) a úsáid le haghaidh cineálacha hibrideacha de chonarthaí athárachais.

FC0120

Dáta tosaigh

Sainaithin cód ISO 8601 (bbbb-mm-ll) dháta tosach feidhme an chonartha athárachais i gceist.

FC0130

Dáta éaga

Sainaithin cód ISO 8601 (bbbb-mm-ll) dháta éaga an chonartha athárachais i gceist (i.e. an dáta deiridh ar a mbeidh an conradh athárachais i gceist i bhfeidhm).

Ní thuairiscítear an mhír sin mura bhfuil aon dáta éaga ann (mar shampla, tá an conradh neamhiata agus ní thiocfaidh deireadh leis ach nuair a thabharfaidh ceann de na páirtithe fógra chun na críche sin).

FC0140

Airgeadra an idirbhirt

Sainaithin cód aibítre ISO 4217 an airgeadra inar tharla na híocaíochtaí don chonradh athárachais sonrach.

FC0150

Uaschumhdach de réir idirbhirt

I gcás sciar de chuóta nó conradh barrachais, maítear anseo 100 % den uasmhéid socraithe le haghaidh an chonartha ina iomláine (e.g. EUR 10 000 000 ). I gcás cumhdach neamhtheoranta, ionsáigh ‘-1’ anseo.

Ní foláir an mhír seo a thuairisciú in airgeadra an idirbhirt.

FC0160

Glanearraí infhaighte

An méid de thoradh shuim (i) na n-éileamh arna n-íoc ag an (ath)árachóir ach nach bhfuil aisíoctha go fóill ag an (ath)árachóir; (ii) coimisiún a bheidh le híoc ag an (ath)árachóir; agus (iii) earraí infhaighte eile lúide fiachais leis an (ath)árachóir. Eisiatar taiscí airgid thirim agus measfar mar ráthaíochtaí faighte iad.

Ní foláir an mhír seo a thuairisciú in airgeadra tuairiscithe an ghrúpa.

FC0170

Méideanna in-aisghabhála athárachais iomlána

An méid iomlán atá dlite ón athárachóir ar an dáta tuairiscithe. Áirítear leis sin:

—

aon fhoráil maidir le préimh don chuid sin de phréimh athárachais todhchaí atá íoctha ag an athárachóir cheana;

—

aon fhoráil maidir le héilimh atá gan íoc ag an árachóir nach foláir don athárachóir iad a íoc;

—

forálacha teicniúla don mhéid ina léirítear sciar an athárachóra sna forálacha teicniúla comhlána. Ní foláir an mhír seo a thuairisciú in airgeadra tuairiscithe an ghrúpa.

FC0180

Toradh teicniúil athárachais (le haghaidh athárachais)

Toradh athárachais (le haghaidh eintiteas faoi athárachas). Is ionann é seo agus coimisiún athárachais iomlán a fuair an t-eintiteas faoi athárachas lúide na préimheanna athárachais comhlána a d’íoc an t-eintiteas faoi athárachas móide na héilimh a d’íoc an t-athárachóir le linn na tréimhse tuairiscithe móide na méideanna in-aisghabhála iomlána ag deireadh na tréimhse tuairiscithe lúide na méideanna in-aisghabhála iomlána ag tús na tréimhse tuairiscithe.

Ní foláir an mhír seo a thuairisciú in airgeadra tuairiscithe an ghrúpa.

FC0190

Préimheanna (le haghaidh árachais)

Méid iomlán na bpréimheanna comhlána i scríbhinn mar a shainmhínítear in Airteagal 1(11) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35.

Maidir le blianachtaí a eascraíonn as árachas neamhshaoil ní bheidh feidhm ag an gcill seo.

FC0200

Éilimh (le haghaidh árachais)

Méid iomlán na n-olléileamh a íocadh le linn na bliana (lena n-áirítear caiteachais um bainistíocht éileamh).

FC0210

Réim ghnó

Sainaithin an réim ghnó, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35, atá faoi athárachas.

Úsáidfear an liosta iata cód seo a leanas:

1 -

árachas maidir le caiteachas leighis

2 -

árachas cosanta ioncaim

3 -

árachas gortuithe tionsclaíocha

4 -

árachas dliteanais mótarfheithicle

5 -

árachas mótair eile

6 -

árachas mara, eitlíochta agus iompair

7 -

árachas dóiteáin agus árachas le haghaidh damáiste do mhaoin

8 -

árachas dliteanais ghinearálta

9 -

árachas creidmheasa agus urraíochta

10 -

árachas costas dlí

11 -

cúnamh

12 -

caillteanas airgeadais ilghnéitheach

13 -

athárachas comhréireach costas dlí

14 -

athárachas comhréireach cosanta ioncaim

15 -

athárachas comhréireach um ghortuithe tionsclaíocha

16 -

athárachas comhréireach um dhliteanas mótarfheithiclí

17 -

athárachas mótair comhréireach eile

18 -

athárachas comhréireach mara, eitlíochta agus iompair

19 -

athárachas comhréireach dóiteáin agus le haghaidh damáiste eile do mhaoin

20 -

athárachas comhréireach dliteanais ghinearálta

21 -

athárachas comhréireach creidmheasa agus urraíochta

22 -

athárachas comhréireach costas dlí

23 -

athárachas comhréireach cúnaimh

24 -

athárachas comhréireach caillteanais airgeadais ilghnéitheach

25 -

athárachas sláinte neamhréireach

26 -

athárachas taisme neamhréireach

27 -

athárachas neamhréireach mara, eitlíochta agus iompair

28 -

athárachas neamhréireach maoine

29 -

árachas le comhroinnt brabúis

30 -

árachas innéacs-nasctha agus aonad-nasctha

31 -

árachas saoil eile

32 -

blianachtaí a eascraíonn as conarthaí árachais neamhshaoil agus i ndáil le hoibleagáidí árachais sláinte

33 -

blianachtaí a eascraíonn as conarthaí árachais neamhshaoil agus i ndáil le hoibleagáidí árachais seachas oibleagáidí árachais sláinte

34 -

athárachas saoil

35 -

árachas sláinte

36 -

athárachas sláinte

Má chumhdaítear le comhshocrú athárachais níos mó ná réim ghnó amháin, ansin roghnaigh an réim ghnó is suntasaí ón liosta thuas.

FC0220

Nótaí

Áireofar an méid a leanas sna nótaí:

—

fógra mura ndearnadh an t-idirbheart ar neamhthuilleamaí;

—

aon fhaisnéis ábhartha eile maidir le cineál eacnamaíoch na hoibríochta.

6.   FC.05 - IGT - P & L

6.1.   Barúlacha ginearálta

Leagtar amach san iarscríbhinn seo treoracha breise i ndáil leis na teimpléid a thugtar in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Sainaithnítear sa chéad cholún den chéad tábla eile na míreanna a bheidh le tuairisciú trí na colúin agus na línte a shainaithint mar a thaispeántar iad sa teimpléad san Iarscríbhinn sin.

Baineann an chuid seo den iarscríbhinn leis an bhfaisnéis atá le soláthar ag ilchuideachtaí airgeadais uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana.

Leis an teimpléad seo, tuairisceofar P&L atá gaolmhar le gach idirbheart inghrúpa suntasach idir eintitis a thagann faoi raon feidhme mhaoirseacht na hilchuideachta airgeadais de réir Airteagal 8(2) de Threoir 2002/87/CE nó idirbheart P&L i ndáil le hidirbhearta inghrúpa suntasacha nó a mheastar a bheith ina n-idirbhearta inghrúpa suntasacha. Áirítear na nithe seo a leanas i measc na ngnéithe sin, ach níl siad teoranta dóibh:

(a)

táillí;

(b)

coimisiúin;

(c)

ús;

(d)

díbhinní.

Tuairisceofar seachfhoinsiú inghrúpa nó cionroinnt costas inmheánach óna dtagann idirbhearta inghrúpa suntasacha.

Cé go dtuairiscítear ús agus díbhinní in FC.01 agus FC.04, ní foláir iad a thuairisciú in FC.05 P&L freisin. Líonfaidh ilchuideachtaí airgeadais isteach an teimpléad seo le haghaidh gach idirbhirt shuntasaigh inghrúpa is gá a thuairisciú, i.e. (i) idir eintitis rialáilte ó earnálacha difriúla ar leis an grúpa céanna iad; (ii) idir eintitis rialáilte den earnáil chéanna ar leis an grúpa céanna iad; (iii) idir eintiteas rialáilte agus eintiteas neamhrialáilte ar leis an grúpa céanna iad; and (iv) idir eintiteas rialáilte agus aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil nasc acu le gnóthais an ghrúpa trí dhlúthnaisc.

Áireofar ar an teimpléad seo idirbhearta inghrúpa:

—

a bhí i bhfeidhm ag tús na tréimhse tuairiscithe;

—

a tionscnaíodh le linn na tréimhse tuairiscithe agus gan íoc ar an dáta tuairiscithe;

—

a tionscnaíodh agus a chuaigh in éag/tháinig in aibíocht le linn na tréimhse tuairiscithe.

Dhá idirbheart nó níos mó idir eintitis an ghrúpa, arb éard atá iontu ó thaobh na heacnamaíochta de (i) rannchuidiú leis an riosca céanna, (ii) idirbhearta leis an bhfeidhm chéanna nó (iii) idirbhearta atá nasctha go sealadach i bplean; measfar mar oibríocht eacnamaíoch aonair iad.

Tuairisceofar gach idirbheart atá ina chuid d’oibríocht eacnamaíoch aonair cibé uair a bhíonn siad i gcomhpháirt ag an tairseach chomhfhreagrach nó os a cionn le haghaidh idirbhearta inghrúpa suntasacha, fiú má thagann siad faoi bhun na tairsí ina n-aonar.

Tuairisceofar aon ghné a chuirtear le hidirbhearta inghrúpa suntasacha mar idirbheart inghrúpa ar leithligh, fiú má thagann an ghné féin faoi bhun theorann na tairsí suntasaí. Mar shampla, má mhéadaíonn gnóthas méid tosaigh na hiasachta le gnóthas gaolmhar eile, taifeadfar an méid a cuireadh leis an iasacht mar mhír ar leithligh lena dháta eisiúna mar a chéile leis an dáta ar cuireadh léi é.

I gcás inar difriúil é luach an idirbhirt le haghaidh dhá pháirtí san idirbheart (e.g. idirbheart dar luach EUR 10 000 000 idir A agus B ina dtaifeadann A EUR 10 000 000, ach nach bhfaigheann B ach EUR 9 500 000 toisc gur tabhaíodh costais idirbhirt dar luach EUR 500 000), is mar mhéid an idirbhirt a thuairisceofar an t-uasmhéid sa teimpléad (EUR 10 000 000 sa sampla seo). Saineofar na hidirbhearta indíreacha mar aon idirbheart lena n-aistrítear risíocht ar riosca (i) idir eintitis laistigh den ilchuideachta airgeadais (lena n-áirítear idirbhearta le meáin infheistíochta sainchuspóirí, le gnóthais chomhinfheistíochta, le heintitis choimhdeacha nó le heintitis neamhrialáilte) nó (ii) idir eintitis lasmuigh den ilchuideachta airgeadais (ach ina dtugtar an risíocht ar riosca ar ais sa deireadh nó ina bhfanann sí laistigh den ilchuideachta airgeadais). I gcás inarb ann do shlabhra idirbheart inghrúpa gaolmhar (e.g. infheistíonn A in B agus infheistíonn B in C), is mar idirbheart indíreach a thuairisceofar an t-idirbheart seo. Dá bhrí sin, déanfar idirbheart A go C a thuairisciú agus luafar na céimeanna idirmheánacha sna nótaí. I gcás cascáid idirbheart (e.g. ó A go B go C go D ar bhonn seicheamhach, i gcás ina bhfuil B agus C araon san ilchuideachta, ach ar eintitis neamhrialaithe iad), tuairisceofar na hidirbhearta sin freisin.

6.2.   Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha

MÍR

TREORACHA

FC0010

Aitheantas an idirbhirt inghrúpa

Cód aitheantais inmheánach uathúil le haghaidh gach idirbhirt inghrúpa. Beidh sé comhsheasmhach le himeacht ama. Má bhaineann sé le hidirbhearta atá luaite cheana, úsáid an t-aitheantas céanna.

FC0020

Ainm thaobh an ioncaim

Ainm dlíthiúil an eintitis a fuair an t-ioncam ó eintiteas eile laistigh den ghrúpa.

FC0030

Cóid aitheantais do thaobh an ioncaim

An cód aitheantais uathúil a chuirtear i gceangal leis an eintiteas a fuair an t-ioncam leis an ord tosaíochta seo más infhaighte:

—

aitheantóir an eintitis dhlítheanaigh (LEI);

—

cód sonrach.

Cód sonrach:

—

maidir le gnóthais atá rialáilte in LEE laistigh den ghrúpa, ionsáigh an cód aitheantais a úsáidtear sa mhargadh áitiúil agus atá leithdháilte ag údarás maoirseachta inniúil an ghnóthais;

—

maidir le gnóthais neamh-LEE agus gnóthais atá neamhrialáilte laistigh den ghrúpa, is é an grúpa a chuirfidh an cód aitheantais ar fáil. Agus cód aitheantais á leithdháileadh ar gach gnóthas neamh-LEE nó neamhrialáilte, comhlíonfaidh an grúpa an fhormáid seo a leanas ar bhealach comhsheasmhach: cód aitheantais an mháthairghnóthais + cód alfa-2 ISO 3166-1 thír an ghnóthais + 5 dhigit.

FC0031

Cineál an chóid do thaobh an ioncaim

Cineál an chóid aitheantais a úsáidtear le haghaidh na míre ‘Cód aitheantais do thaobh an ioncaim’. Úsáid aitheantóir an eintitis dhlítheanaigh (LEI) nó an cód sonrach.

FC0040

Earnáil thaobh an ioncaim

I gcás inarb amhlaidh gur cuid den earnáil airgeadais é an t-eintiteas a fuair an t-ioncam ó eintiteas eile laistigh den ghrúpa de réir bhrí Airteagal 2(8) de Threoir 2002/87/CE, tabhair ‘an earnáil baincéireachta’, ‘an earnáil árachais’ nó ‘an earnáil seirbhísí infheistíochtaí’ le fios.

I gcás inarb amhlaidh nach cuid den earnáil airgeadais é an t-eintiteas a fuair an t-ioncam ó eintiteas eile laistigh den ghrúpa de réir bhrí Airteagal 2(8) den Treoir sin, tabhair ‘gnóthas eile an ghrúpa’ le fios.

FC0050

Ainm thaobh an chaiteachais

Ainm dlíthiúil an eintitis a sholáthair an t-ioncam d’eintiteas eile laistigh den ghrúpa.

FC0060

Cóid aitheantais do thaobh an chaiteachais

An cód aitheantais uathúil a chuirtear i gceangal leis an eintiteas a sholáthair an t-ioncam leis an ord tosaíochta seo más infhaighte:

—

aitheantóir an eintitis dhlítheanaigh (LEI);

—

cód sonrach.

Cód sonrach:

—

maidir le gnóthais atá rialáilte in LEE laistigh den ghrúpa, ionsáigh an cód aitheantais a úsáidtear sa mhargadh áitiúil agus atá leithdháilte ag údarás maoirseachta inniúil an ghnóthais;

—

maidir le gnóthais neamh-LEE agus gnóthais atá neamhrialáilte laistigh den ghrúpa, is é an grúpa a chuirfidh an cód aitheantais ar fáil. Agus cód aitheantais á leithdháileadh ar gach gnóthas neamh-LEE nó neamhrialáilte, comhlíonfaidh an grúpa an fhormáid seo a leanas ar bhealach comhsheasmhach: cód aitheantais an mháthairghnóthais + cód alfa-2 ISO 3166-1 thír an ghnóthais + 5 dhigit.

FC0061

Cineál an chóid do thaobh an chaiteachais

Cineál an chóid aitheantais a úsáidtear le haghaidh na míre ‘Cód aitheantais do thaobh an chaiteachais’. Úsáid aitheantóir an eintitis dhlítheanaigh (LEI) nó an cód sonrach.

FC0070

Earnáil thaobh an chaiteachais

I gcás inarb amhlaidh gur cuid den earnáil airgeadais é an t-eintiteas a sholáthair an t-ioncam d’eintiteas eile laistigh den ghrúpa de réir bhrí Airteagal 2(8) de Threoir 2002/87/CE, tabhair ‘an earnáil baincéireachta’, ‘an earnáil árachais’ nó ‘an earnáil seirbhísí infheistíochtaí’ le fios.

I gcás inarb amhlaidh nach cuid den earnáil airgeadais é an t-eintiteas a sholáthair an t-ioncam d’eintiteas eile laistigh den ghrúpa de réir bhrí Airteagal 2(8) den Treoir sin, tabhair ‘gnóthas eile an ghrúpa’ le fios.

FC0080

Idirbhearta indíreacha

I gcás inarb amhlaidh gur cuid d’idirbheart indíreach é an t-idirbheart inghrúpa tuairiscithe (féach pointe 2.1 ‘barúlacha ginearálta’ thuas), tuairiscigh ‘Aitheantas an idirbhirt inghrúpa’ (FC0010) de chuid an idirbhirt ghaolmhair sa chill seo.

I gcás inarb amhlaidh nach cuid d’idirbheart indíreach é an t-idirbheart inghrúpa tuairiscithe, tabhair ‘Ní hea’ le fios.

FC0090

Oibríocht eacnamaíoch aonair

I gcás inarb amhlaidh gur cuid d’oibríocht eacnamaíoch aonair é an t-idirbheart inghrúpa tuairiscithe (féach pointe 2.1 ‘barúlacha ginearálta’ thuas), tuairiscigh ‘Aitheantas an idirbhirt inghrúpa’ (FC0010) de chuid an idirbhirt ghaolmhair sa chill seo.

I gcás inarb amhlaidh nach cuid d’oibríocht eacnamaíoch aonair é an t-idirbheart inghrúpa tuairiscithe, tabhair ‘Ní hea’ le fios.

FC0100

An cineál idirbhirt

Sainaithin an cineál den idirbheart P&L. Úsáidfear an liosta iata cód seo a leanas:

1 -

táillí

2 -

coimisiún

3 -

ús

4 -

díbhinní

5 -

costais nó ioncaim

6 -

préimheanna le haghaidh árachais

7 -

éilimh ar árachas

8 -

toradh teicniúil le haghaidh athárachais

9 -

nithe eile.

FC0110

Idirbheart

De réir mar is infheidhme, an ionstraim lena bhfuil an t-ioncam nó an caiteachas nasctha.

Úsáidfear an liosta iata cód seo a leanas:

1 -

bannaí/fiachas

2 -

cineál cothromais

3 -

aistriú sócmhainní eile

4 -

díorthach

5 -

mír atá lasmuigh den chlár comhardaithe

6 -

seachfhoinsiú inghrúpa, comhroinnt costais inmheánach nó comhaontú cíosa

7 -

árachas/athárachas

8 -

nithe eile.

FC0120

Airgeadra an idirbhirt

Sainaithin cód aibítre ISO 4217 an airgeadra inar tharla na híocaíochtaí don idirbheart P&L sonrach.

FC0130

Dáta an idirbhirt

Sainaithin cód ISO 8601 (bbbb-mm-ll) dháta tosach feidhme an idirbhirt P&L.

FC0140

Méid

Méid an idirbhirt nó an phraghais de réir comhaontú/conradh, arna thuairisciú in airgeadra tuairiscithe na hilchuideachta airgeadais.

FC0150

Nótaí

Áireofar an méid a leanas sna nótaí:

—

fógra mura ndearnadh an t-idirbheart ar neamhthuilleamaí;

—

aon fhaisnéis ábhartha eile maidir le cineál eacnamaíoch na hoibríochta.

7.   FC.06 Comhchruinniú Riosca - Risíocht de réir contrapháirtithe

7.1.   Barúlacha ginearálta

Leagtar amach san iarscríbhinn seo treoracha breise i ndáil leis na teimpléid a thugtar in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Sainaithnítear sa chéad cholún den chéad tábla eile na míreanna a bheidh le tuairisciú trí na colúin agus na línte mar a thaispeántar iad sa teimpléad san Iarscríbhinn sin a shainaithint.

Áireofar sa teimpléad gach comhchruinniú riosca suntasach idir eintitis a thagann faoi raon feidhme na maoirseachta grúpa agus tríú páirtithe, agus a fhéadann eascairt as na risíochtaí riosca a luaitear sa teimpléad.

Is é is aidhm dó na risíochtaí suntasacha a chur i liosta (luach na risíochtaí i ngach cineál ionstraime atá liostaithe sa teimpléad) de réir contrapháirtí aonair atá lasmuigh de raon feidhme na hilchuideachta airgeadais. Má bhíonn baint ag níos mó ná eintiteas amháin den ilchuideachta airgeadais leis, is gá líne ar leithligh a sholáthar le haghaidh gach eintitis.

Féadfar an risíocht a thuiscint mar an risíocht uasta fhéideartha ar bhonn conarthach. Is gá gurb í an risíocht a léirítear sa chlár comhardaithe atá inti, ar bhonn comhlán agus glan araon agus aon ionstraim nó teicníc um maolú riosca á tabhairt san áireamh. Is é an comhordaitheoir a shocraíonn na tairseacha tar éis dó dul i gcomhairle leis an ngrúpa féin.

Chun cuspóirí tuairiscithe meastar na téarmaí ‘grúpa contrapháirtithe nasctha’ agus ‘grúpa contrapháirtithe’ a bheith coibhéiseach le ‘grúpa cliant nasctha’ de réir Airteagal 4(1), pointe (39), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Is é an t-eintiteas dlítheanach a thuairisceoidh na sonraí.

Is i gcomhréir leis na rialacha earnála a sholáthrófar na sonraí.

7.2.   Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha

MÍR

TREORACHA

FC0010

Ainm an chontrapháirtí sheachtraigh

Is é seo ainm chontrapháirtí seachtrach na hilchuideachta airgeadais.

FC0020

Cód aitheantais an chontrapháirtí sheachtraigh

An cód aitheantais uathúil a chuirtear i gceangal leis an infheisteoir/gceannaitheoir/aistrí leis an ordú tosaíochta seo más infhaighte:

—

aitheantóir an eintitis dhlítheanaigh (LEI);

—

cód sonrach.

Cód sonrach:

—

maidir le contrapháirtithe seachtracha LEE: an cód aitheantais a úsáidtear sa mhargadh áitiúil (más contrapháirtí rialáilte é an contrapháirtí seachtrach, an cód aitheantais arna leithdháileadh ag údarás maoirseachta inniúil an chontrapháirtí sheachtraigh);

—

maidir le contrapháirtithe seachtracha neamh-LEE: soláthróidh an ilchuideachta an cód aitheantais. Agus cód aitheantais á dháileadh ar gach contrapháirtí neamh-rialáilte neamh-LEE, comhlíonfaidh an ilchuideachta airgeadais an fhormáid seo a leanas ar bhealach comhsheasmhach: cód aitheantais ghrúpa an chontrapháirtí sheachtraigh + cód alfa-2 ISO 3166-1 thír an chontrapháirtí sheachtraigh + 5 dhigit.

FC0030

Cineál an chóid aitheantais den chontrapháirtí seachtrach

Cineál an chóid aitheantais a úsáidtear le haghaidh na míre ‘Cód aitheantais an contrapháirtí sheachtraigh’. Úsáid aitheantóir an eintitis dhlítheanaigh (LEI) nó an cód sonrach.

FC0040

Ainm an ghrúpa (i gcás grúpa contrapháirtithe)

Ainm an ghrúpa (más leis an grúpa céanna níos mó ná ceann amháin de na contrapháirtithe seachtracha).

FC0050

Rátáil

Rátáil an chontrapháirtí ar an dáta tagartha maidir le tuairisciú a eisíonn an institiúid ainmnithe um measúnú creidmheasa seachtrach (IMCS). I gcás ina mbíonn dá mheasúnú creidmheasa nó níos mó ar fáil ó IMCSanna ainmnithe, agus go gcomhfhreagraíonn siad do pharaiméadair dhifriúla le haghaidh mír rátáilte, úsáidfear an measúnú lena ngintear an ceanglas caipitil níos airde.

FC0051

Institiúid ainmnithe um measúnú creidmheasa seachtrach

Sainaithin an institiúid um measúnú creidmheasa (IMCS), a thugann an rátáil sheachtrach in FC0050.

FC0060

Earnáil

Sainaithin earnáil eacnamaíoch an chontrapháirtí sheachtraigh ar bhonn an leagain is déanaí de chód NACE (an chéad leibhéal d’ordlathas - an litir).

FC0070

Tír

Sainaithin cód ISO (alfa-2 3166-1) na tíre óna dtagann an risíocht. Má tá eisitheoir ann a eisíonn ionstraim le haghaidh eintitis, sin í an tír ina bhfuil ceanncheathrú eisitheoir an eintitis suite.

FC0080

Eintiteas na hilchuideachta airgeadais

Ainm eintiteas na hilchuideachta a bhaineann leis na risíochtaí. Baineann sé sin le gach eintiteas agus ní foláir iontráil ar leithligh a thuairisciú le haghaidh gach eintitis. Má bhíonn baint ag níos mó ná eintiteas amháin den ilchuideachta leis, is gá líne ar leithligh a sholáthar le haghaidh gach eintitis.

FC0090

Cód aitheantais eintiteas na hilchuideachta airgeadais

An cód aitheantais uathúil a chuirtear i gceangal le heintiteas na hilchuideachta leis an ord tosaíochta seo más infhaighte:

—

aitheantóir an eintitis dhlítheanaigh (LEI);

—

cód sonrach.

Cód sonrach:

—

maidir le heintiteas LEE na hilchuideachta: an cód aitheantais a úsáidtear sa mhargadh áitiúil. Má tá eintiteas na hilchuideachta rialáilte, an ceann atá leithdháilte ag údarás maoirseachta inniúil an eintitis;

—

maidir le heintiteas neamh-LEE na hilchuideachta, is í an ilchuideachta a sholáthróidh an cód aitheantais. Agus cód aitheantais á dháileadh ar gach contrapháirtí neamh-rialáilte neamh-LEE, comhlíonfaidh an ilchuideachta airgeadais an fhormáid seo a leanas ar bhealach comhsheasmhach: cód aitheantais na hilchuideachta + cód alfa-2 ISO 3166-1 thír eintiteas na hilchuideachta + 5 dhigit.

FC0100

Cineál chód aitheantais eintiteas na hilchuideachta airgeadais

Cineál an chóid aitheantais a úsáidtear le haghaidh na míre ‘Cód aitheantais eintiteas na hilchuideachta airgeadais’. Úsáid aitheantóir an eintitis dhlítheanaigh (LEI) nó an cód sonrach.

FC0110

Cothromas

Méid iomlán na risíochtaí in ionstraimí cothromais i leith an chontrapháirtí sheachtraigh. Má bhíonn baint ag níos mó ná eintiteas amháin den ghrúpa leis, is gá líne ar leithligh a sholáthar le haghaidh gach eintitis.

FC0120

Bannaí

Méid iomlán na risíochtaí in ionstraimí banna i leith an chontrapháirtí sheachtraigh. Má bhíonn baint ag níos mó ná eintiteas amháin den ghrúpa leis, is gá líne ar leithligh a sholáthar le haghaidh gach eintitis. Na risíochtaí dá bhfuil feidhm ag na díolúintí (FC0260), áireofar sa chill seo iad.

FC0130

Sócmhainní arb iad na sealbhóirí polasaí a iompraíonn a rioscaí den chuid is mó

An méid iomlán risíochtaí i sócmhainní arb iad na sealbhóirí polasaí den chuid is mó a iompraíonn a rioscaí i leith an chontrapháirtí sheachtraigh. Má bhíonn baint ag níos mó ná eintiteas amháin den ghrúpa leis, is gá líne ar leithligh a sholáthar le haghaidh gach eintitis. Úsáidfear cur chuige na trédhearcachta nuair a bhíonn sé ar fáil.

FC0140

Díorthaigh

Méid iomlán na risíochtaí i ndíorthaigh i leith an chontrapháirtí sheachtraigh. Má bhíonn baint ag níos mó ná eintiteas amháin den ghrúpa leis, is gá líne ar leithligh a sholáthar le haghaidh gach eintitis. Déanfar na díorthaigh a thuairisciú ag a gcostas athsholáthair. Beidh an costas athsholáthair comhsheasmhach leis an gceann a úsáidtear de réir rialacha earnála. Más féidir risíochtaí difriúla a fhritháireamh in aghaidh a chéile, féadfar na sonraí a chur ar fáil mar ghlanluachanna (i.e. risíocht fhada + risíocht ghearr).

FC0150

Infheistíochtaí eile

Méid iomlán na risíochtaí in infheistíochtaí eile i leith an chontrapháirtí sheachtraigh. Má bhíonn baint ag níos mó ná eintiteas amháin den ghrúpa leis, is gá líne ar leithligh a sholáthar le haghaidh gach eintitis.

FC0160

Iasachtaí agus morgáistí

Méid iomlán na risíochtaí in iasachtaí agus morgáistí i leith an chontrapháirtí sheachtraigh. Má bhíonn baint ag níos mó ná eintiteas amháin den ghrúpa leis, is gá líne ar leithligh a sholáthar le haghaidh gach eintitis.

FC0170

Ráthaíochtaí agus gealltanais

Méid iomlán na risíochtaí (i.e. an risíocht uasta iarbhír ag brath ar dhliteanas an eintitis) i ráthaíochtaí agus gealltanais (lena n-áirítear tráthchodanna neamhíoctha d’iasachtaí) i leith an chontrapháirtí sheachtraigh. Má bhíonn baint ag níos mó ná eintiteas amháin den ghrúpa leis, is gá líne ar leithligh a sholáthar le haghaidh gach eintitis.

Déanfar ráthaíochtaí arna n-eisiúint ag eintitis na hilchuideachta sa cholún seo, agus tuairisceofar ráthaíochtaí inar tairbhithe iad eintitis na hilchuideachta airgeadais a thuairisciú mar asbhaint um maolú riosca creidmheasa nó árachais (FC0260) agus sa chill le haghaidh risíochtaí indíreacha (FC0220).

FC0180

Polasaithe árachais

Méid iomlán na risíochta sna polasaithe árachais (an teorainn dliteanais nó an tsuim faoi árachas ag brath ar an gceann ina léirítear an risíocht uasta fhéideartha).

FC0190

Athárachas seachtrach

Méid iomlán na risíochtaí in athárachas seachtrach i leith an chontrapháirtí sheachtraigh. I gcomhréir le rialacha earnála, beidh an méid a thuairiscítear in-aisghabhála le hathárachas. Má bhíonn baint ag níos mó ná eintiteas amháin den ghrúpa leis, is gá líne ar leithligh a sholáthar le haghaidh gach eintitis.

FC0200

Risíochtaí díreacha eile

Méid iomlán na risíochtaí in ionstraimí eile i leith an chontrapháirtí sheachtraigh. Má bhíonn baint ag níos mó ná eintiteas amháin den ghrúpa leis, is gá líne ar leithligh a sholáthar le haghaidh gach eintitis. Más féidearthacht é an cúiteamh, is féidir an glanluach a chur i láthair.

FC0210

Tuairisc ar nithe eile

Tuairisc ar na hionstraimí eile a thuairiscítear in FC0200.

FC0220

Risíochtaí indíreacha

Is ‘risíochtaí indíreacha’ iad na risíochtaí a leithdháiltear ar ráthóir nó ar eisitheoir na comhthaobhachta seachas ar an iasachtaí láithreach. Déanfar tagairt cosanta na risíochta tosaigh (risíocht dhíreach) a asbhaint ón risíocht ar an iasachtaí tosaigh sna colúin le haghaidh ‘Teicnící um maolú priacail creidmheasa nó árachais incháilithe’. Méadófar leis an risíocht indíreach an risíocht ar ráthóir nó ar eisitheoir na comhthaobhachta trí bhíthin na hiarmharta ó ionadú.

FC0230

Idirbhearta a bhfuil risíocht ar shócmhainní foluiteacha iontu

Méid iomlán na risíochta trí idirbhearta amhail suíomhanna urrúsúcháin nó risíochtaí i bhfoirm aonaid nó scaireanna i ngnóthais chomhinfheistíochta (‘GCanna’) nó trí idirbhearta eile ina bhfuil risíocht do shócmhainní foluiteacha.

FC0240

Airgeadra

Sainaithin cód aibítre ISO 4217 airgeadra na risíochta.

FC0250

Méid iomlán na risíochta

Risíocht iomlán i leith contrapháirtí aonair, i gcás ina ndéantar an tsócmhainn agus na dliteanais atá dlite ó chontrapháirtí aonair agus dó a ghlanluacháil chun an ghlanrisíocht iomlán uasta a shainmhíniú (i gcás inar féidir). Tomhaistear leis an risíocht iomlán an risíocht i leith contrapháirtí aonair, agus sainmhínítear é sin mar: risíocht fhada + risíocht ghearr (contrártha do risíocht chomhlán uasta nach bhfuil arna hiarraidh leis seo (i.e. risíocht fhada + dearbhluach na risíochta giorra)). Ní thabharfar san áireamh aon ionstraim ná teicníc um maolú riosca agus an mhír seo á cinneadh.

FC0260

Teicníc um maolú riosca creidmheasa nó árachais

Aon asbhaint a thagann ó chur i bhfeidhm na dteicnící creidmheasa nó árachais um maolú riosca a cheadaítear leis na rialacha earnála (e.g. athárachas, úsáid díorthach, nó na teicnící maolaithe riosca sin arna mionsonrú le Caibidil 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

FC0270

Díolúintí

Aon asbhaint a thagann ó chur i bhfeidhm na ndíolúintí de réir na rialacha earnála (e.g. Airteagal 400 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó Airteagal 187 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún).

FC0280

Méid na risíochtaí tar éis teicníc um maolú riosca creidmheasa nó árachais agus díolúintí

Méid na risíochtaí tar éis teicníc um maolú riosca creidmheasa nó árachais agus díolúintí (glanmhéid).

8.   FC.07 Comhchruinniú Riosca - Risíocht de réir airgeadra, earnála, tíre

Áireofar ar na táblaí an comhchruinniú riosca idir eintitis laistigh de raon feidhme na maoirseachta grúpa agus tríú páirtithe. Léireofar risíochtaí le hairgeadra, earnáil agus tír, ag tosú ón risíocht uasta chuig an gceann íosta. Murab ábhartha í an tír, earnáil ná airgeadra, féadfar na figiúirí a thuairisciú faoi chatagóir ‘Nithe eile’.

Cuirfidh an ‘earnáil’ an scoilt i láthair idir na hearnálacha seo a leanas:

—

earnáil phoiblí

—

earnáil airgeadais

—

díbhinn na hearnála corparáidí arna roinnt ar an gcód NACE (an chéad leibhéal d’ordlathas - an litir).

Beidh na táblaí bunaithe ar na risíochtaí uile (clár comhardaithe iomlán) tar éis teicníc um maolú riosca creidmheasa nó árachais agus díolúintí (glanmhéid).

9.   FC.08 Comhchruinniú Riosca - Risíocht de réir cineál agus rátáil sócmhainní

Áireofar ar na táblaí an comhchruinniú riosca idir eintitis laistigh de raon feidhme na maoirseachta grúpa agus tríú páirtithe arna n-ionadú ag teaglaim de na príomhchineálacha agus rátáil sócmhainní. Maidir le bannaí, cuirtear na táblaí i láthair trí theaglaim de chineál agus rátáil sócmhainní. Maidir le risíocht ar chothromas, déanfar méid iomlán na risíochta agus sciar de shócmhainní iomlána na risíochta ar chothromas (clár comhardaithe iomlán) a thuairisciú.

Beidh an tábla bunaithe ar na risíochtaí uile laistigh den chineál sócmhainní sonraithe, tar éis teicníc um maolú riosca creidmheasa nó árachais agus díolúintí (glanmhéid).

I gcás ina mbíonn dá mheasúnú creidmheasa nó níos mó ar fáil ó IMCSanna ainmnithe, agus go gcomhfhreagraíonn siad do pharaiméadair dhifriúla le haghaidh mír rátáilte, úsáidfear an measúnú lena ngintear an ceanglas caipitil níos airde.

(1)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(2)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(3)  Mar a leagtar amach in Airteagal 223 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais agus leanúint den ghnó sin (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).