19.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 324/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2453 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Samhain 2022

lena leasaítear na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 a mhéid a bhaineann le rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais a nochtadh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 434a de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sonraítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 (2) ón gCoimisiún formáidí aonfhoirmeacha maidir le nochtadh, agus treoracha gaolmhara maidir leis na nochtaí is gá faoi Theidil II agus III de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le Rialachán (AE) 2019/876 (3), inter alia chun Airteagal 449a nua a thabhairt isteach. Leis an Airteagal sin, ceanglaítear ar institiúidí móra a d’eisigh urrúis a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte aon Bhallstáit chun faisnéis maidir le rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG), lena n-áirítear rioscaí fisiceacha agus rioscaí aistrithe, a nochtadh ón 28 Meitheamh 2022. Ba cheart an leasú sin ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a léiriú i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637, agus ba cheart a leagan amach ann, de bhreis ar na formáidí aonfhoirmeacha maidir le nochtadh agus treoracha gaolmhara atá ann cheana, formáidí aonfhoirmeacha breise maidir le nochtadh agus treoracha gaolmhara breise maidir le rioscaí ESG a nochtadh.

(2)

Agus formáidí aonfhoirmeacha maidir le nochtadh á leagan síos, ba cheart ábharthacht iomlán na faisnéise atá le nochtadh a chur san áireamh. Ciallaíonn sé sin gur cheart a chumhdach i nochtaí ag institiúidí, ar thaobh amháin, tionchar airgeadais na dtosca ESG ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus airgeadais na n-institiúidí (peirspictíocht sheachtrach), agus, ar an taobh eile, tosca ESG a d’fhéadfaí teacht as gníomhaíochtaí na n-institiúidí féin, a ndéantar ábhar airgeadais díobh dá réir sin nuair a dhéanann siad difear do gheallsealbhóirí na n-institiúidí (peirspictíocht inmheánach). Mar thoradh air sin, ba cheart a chur in iúl sna táblaí agus sna teimpléid a úsáidtear don nochtadh sin faisnéis a bheidh sách cuimsitheach agus inchomparáide maidir le rioscaí ESG, agus ar an dóigh sin go mbeidh úsáideoirí na faisnéise sin ábalta measúnú a dhéanamh ar phróifíl riosca na n-institiúidí.

(3)

Is gá comhleanúnachas agus comhsheasmhacht le reachtaíocht eile de chuid an Aontais a áirithiú i réimse na rioscaí ESG. Dá bhrí sin, ba cheart na critéir, na haicmithe agus na sainmhínithe a leagtar síos sa reachtaíocht sin de chuid an Aontais a chur san áireamh sna rialacha maidir le nochtadh rioscaí ESG. Ba cheart a chur san áireamh sna rialacha sin, go háirithe, na critéir chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a shainaithint agus a aicmiú, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 (5) ón gCoimisiún. Maidir le nochtadh faisnéise faoi fheidhmíocht fuinnimh phunann eastát réadach na n-institiúidí, ba cheart an fhaisnéis arna soláthar sa deimhniú feidhmíochta fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe 12 d’Airteagal 2 de Threoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a chur san áireamh.

(4)

Ceanglaítear le hAirteagal 19a agus le hAirteagal 29a de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) ar ghnóthais mhóra áirithe ar eintitis leasa phoiblí iad, nó ar eintitis leasa phoiblí ar máthairghnóthais de chuid grúpa mór iad, faoi seach, faisnéis a chuimsiú ina dtuarascáil bhainistíochta nó ina dtuarascáil bainistíochta chomhdhlúite maidir le tionchar a ngníomhaíochta ar chúrsaí comhshaoil, sóisialta agus fostaithe, an tionchar ar mheas ar chearta an duine, ar chúrsaí frith-éillithe agus cúrsaí breabaireachta. Níl feidhm ag an oibleagáid sin maidir le gnóthais eile, áfach. Mar thoradh air sin, ní cheanglaítear ar ghnóthais nach bhfuil faoi réir Airteagal 19a agus Airteagal 29a de Threoir 2013/34/AE faisnéis den sórt sin a nochtadh agus d’fhéadfadh sé nach mbeidh siad ábalta faisnéis den sórt sin a sholáthar d’institiúidí. Ní féidir, dá bhrí sin, a bheith ag súil leis go gcuirfidh na gnóthais sin atá ina gcontrapháirtithe in institiúidí an fhaisnéis agus na sonraí sin ar fáil ach ar bhonn deonach amháin. Mar sin féin, is iomchuí treoraíocht a thabhairt do na gnóthais sin maidir le céatadán na risíochtaí ar ghníomhaíochtaí a ríomh, ar gníomhaíochtaí eacnamaíocha iad atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852, ionas gur féidir an fhaisnéis sin agus na sonraí sin a chur i láthair i bhformáid chaighdeánaithe inchomparáide. I gcás nach gcuirtear an fhaisnéis sin agus na sonraí sin ar fáil go deonach, ba cheart go mbeadh na hinstitiúidí ábalta céatadán na risíochtaí arna n-ailíniú le tacsanomaíocht a ríomh trí mheastacháin nó athróga ionadacha a úsáid.

(5)

Le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ceanglaítear go ndéanfar an fhaisnéis faoi rioscaí ESG a nochtadh ón 28 Meitheamh 2022, ar bhonn bliantúil don chéad bhliain agus ar bhonn leathbhliantúil ina dhiaidh sin. Ar na cúiseanna sin, ba cheart an chéad dáta tagartha bliantúil maidir le nochtadh a leagan síos ón 31 Nollaig 2022 ar aghaidh.

(6)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Baincéireachta Eorpach.

(7)

Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 mar a leanas:

(1)

cuirtear isteach an tAirteagal 18a seo a leanas:

“Airteagal 18a

Rioscaí comhshaoil, sóisialta, agus rialachais (rioscaí ESG) a nochtadh

1.   Déanfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a nochtadh mar a leanas:

(a)

faisnéis cháilíochtúil faoi rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais trí úsáid a bhaint as táblaí 1, 2 agus 3 d’Iarscríbhinn XXXIX a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn XL a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint;

(b)

faisnéis chainníochtúil faoi riosca aistrithe an athraithe aeráide trí úsáid a bhaint as Teimpléid 1 go 4 d’Iarscríbhinn XXXIX a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn XL a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint;

(c)

faisnéis chainníochtúil faoi rioscaí fisiceacha an athraithe aeráide trí úsáid a bhaint as Teimpléad 5 d’Iarscríbhinn XXXIX a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn XL a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint;

(d)

faisnéis chainníochtúil faoi na gníomhaíochtaí maolaithe a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a cháilíonn mar ghníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) i leith na gcontrapháirtithe sin atá faoi réir Airteagal 19a nó Airteagal 29a de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), i leith teaghlach, agus i leith rialtais áitiúla dá dtagraítear i gCuid 1, pointe 42(b), d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 (*3) ón gCoimisiún, trí úsáid a bhaint as Teimpléid 6, 7 agus 8 d’Iarscríbhinn XXXIX a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn XL a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint;

(e)

faisnéis chainníochtúil faoi ghníomhaíochtaí maolaithe agus risíochtaí eile ar rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide nach gcáilíonn mar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852 ach a thacaíonn le contrapháirtithe sa phróiseas aistrithe nó oiriúnaithe chun na cuspóirí um maolú ar an athrú aeráide agus um oiriúnú don athrú aeráide a bhaint amach, trí úsáid a bhaint as Teimpléad 10 d’Iarscríbhinn XXXIX a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn XL a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint.

2.   Féadfaidh institiúidí a roghnú faisnéis chainníochtúil a nochtadh faoi ghníomhaíochtaí maolaithe agus risíochtaí ar rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide agus a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a cháilíonn mar ghníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852, i leith contrapháirtithe ar corparáidí neamhairgeadais iad dá dtagraítear i gCuid 1, pointe 42(e) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451, nach bhfuil faoi réir na n-oibleagáidí maidir le nochtadh a leagtar síos in Airteagal 19a nó in Airteagal 29a de Threoir 2013/34/AE agus nach bhfuil faoi réir na n-oibleagáidí maidir le nochtadh a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún (*4), trí úsáid a bhaint as Teimpléad 9 d’Iarscríbhinn XXXIX a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn XL a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint.

Chun céatadán na risíochtaí ar ghníomhaíochtaí a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852 (risíochtaí atá ailínithe le tacsanomaíocht) i leith na gcontrapháirtithe sin a ríomh, déanfaidh institiúidí an méid seo a leanas:

(a)

féadfaidh siad, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, an fhaisnéis a úsáid a fuarthas óna gcontrapháirtithe ar bhonn deonach agus déthaobhach trí thionscnamh na hiasachta, agus trí phróisis athbhreithnithe agus faireacháin rialta creidmheasa;

(b)

i gcás nach bhfuil an contrapháirtí ábalta nó toilteanach na sonraí lena mbaineann a sholáthar ar bhonn déthaobhach, féadfaidh siad meastacháin agus athróga ionadacha inmheánacha a úsáid agus míniú a thabhairt san insint a ghabhann leis an teimpléad ar a mhéid a úsáideadh na meastacháin agus athróga ionadacha inmheánacha sin, agus míniú ar cé acu na meastacháin agus na hathróga ionadacha inmheánacha a cuireadh i bhfeidhm;

(c)

i gcás nach mbeidh siad ábalta an fhaisnéis lena mbaineann a bhailiú ar bhonn déthaobhach, nó nach mbeidh siad ábalta meastacháin agus athróga ionadacha inmheánacha a úsáid, nó nach mbeidh siad ábalta an fhaisnéis sin a bhailiú nó na meastacháin agus na hathróga ionadacha sin a úsáid ar bhealach nach mbeidh ródhian orthu féin nó ar a gcontrapháirtithe, féadfaidh siad an neamhábaltacht sin a mhíniú san insint a ghabhann leis an teimpléad.

Chun críocha phointe (a), cuirfidh institiúidí a gcontrapháirtithe ar an eolas go bhfuil soláthar na faisnéise sin deonach.

3.   Mura léirítear a mhalairt sna treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn XL a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfaidh institiúidí, ón 31 Nollaig 2022 ar aghaidh, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a nochtadh ar na dátaí seo a leanas:

(a)

maidir le nochtaí bliantúla: an 31 Nollaig;

(b)

maidir le nochtaí leathbhliantúla: an 30 Meitheamh agus an 31 Nollaig gach bliain.

(*1)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú agus lena leasaítear Rialachán (AE). 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13)."

(*2)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara de chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182 29.6.2013, lch. 19)."

(*3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tuairisciú maoirseachta institiúidí agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 (IO L 97, 19.3.2021, lch. 1)."

(*4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí ábhar agus cur i láthair na faisnéise atá le nochtadh ag gnóthais faoi réir Airteagal 19a agus Airteagal 29a de Threoir 2013/34/AE a bhaineann le gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a shonrú, agus lena sonraítear an mhodheolaíocht chun an oibleagáid nochta sin a chomhlíonadh (IO L 443, 10.12.2021, lch. 9).” "

(2)

cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo leis mar Iarscríbhinn XXXIX;

(3)

cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo leis mar Iarscríbhinn XL.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Samhain 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 ón gCoimisiún an 15 Márta 2021 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le nochtaí poiblí ag institiúidí i dtaca leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i dTeidil II agus III de Chuid a hOcht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1423/2013 ón gCoimisiún, Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1555 ón gCoimisiún, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/200 ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2295 ón gCoimisiún (IO L 136, 21.4.2021, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 150, 7.6.2019, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le híoschaighdeáin i gcomhair Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide an Aontais agus Thagarmharcanna an Aontais atá ailínithe le Comhaontú Pháras (IO L 406, 3.12.2020, lch. 17).

(6)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

(7)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara de chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún, (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).


IARSCRÍBHINN I

‘IARSCRÍBHINN XXXIX

Nochtaí stuamachta maidir le rioscaí ESG (Airteagal 449a CRR)

INNÉACS - Nochtaí stuamachta maidir le rioscaí ESG (Airteagal 449a CRR)

Tábla 1 - Faisnéis cháilíochtúil maidir le Riosca Comhshaoil

Tábla 2 - Faisnéis cháilíochtúil maidir leis an riosca Sóisialta

Tábla 3 - Faisnéis cháilíochtúil ar riosca Rialachais

Teimpléad 1: Leabhar baincéireachta-Táscairí maidir le riosca aistrithe féideartha an Athraithe aeráide: Cáilíocht chreidmheasa na risíochtaí de réir na hearnála, astaíochtaí agus aibíocht iarmharach

Teimpléad 2: Leabhar baincéireachta - Táscairí maidir le riosca aistrithe féideartha an athraithe aeráide: Iasachtaí atá comhthaobhaithe le maoin dhochorraithe – Éifeachtúlacht fuinnimh na comhthaobhachta

Teimpléad 3: Leabhar baincéireachta - Táscairí maidir le riosca aistrithe féideartha an athraithe aeráide: Méadrachtaí um ailíniú

Teimpléad 4: Leabhar baincéireachta - Táscairí maidir le riosca aistrithe féideartha an athraithe aeráide: Risíochtaí ar na 20 gnólacht is mó a lorg carbóin

Teimpléad 5: Leabhar Baincéireachta - Táscairí maidir le riosca féideartha fisiceach an athraithe aeráide: Risíochtaí atá faoi réir riosca fisiceach

Teimpléad 6. Achoimre ar eochairtháscairí feidhmíochta (ETFanna) maidir leis na risíochtaí atá ailínithe le Tacsanomaíocht

Teimpléad 7 - Gníomhaíochtaí um maolú: Sócmhainní chun GAR a ríomh

Teimpléad 8 - GAR (%)

Teimpléad 9 - Gníomhaíochtaí um maolú: BTAR

Teimpléad 10 – Gníomhaíochtaí eile maidir leis an athrú aeráide a mhaolú nach gcumhdaítear i Rialachán (AE) 2020/852

Tábla 1 - Faisnéis cháilíochtúil maidir le Riosca Comhshaoil

I gcomhréir le hAirteagal 449a de CRR

Uimhir an ró

Faisnéis cháilíochtúil – Saorfhormáid

 

Straitéis agus próisis ghnó

 

(a)

Straitéis ghnó na hinstitiúide chun tosca agus rioscaí comhshaoil a chomhtháthú, agus tionchar tosca comhshaoil agus rioscaí ar thimpeallacht ghnó na hinstitiúide, ar an tsamhail ghnó, ar an tstraitéis agus ar an bpleanáil airgeadais á gcur san áireamh

 

(b)

Cuspóirí, spriocanna agus teorainneacha chun riosca comhshaoil a mheas agus a phlé sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, agus measúnú feidhmíochta i gcoinne na gcuspóirí, na spriocanna agus na dteorainneacha seo, lena n-áirítear faisnéis réamhbhreathnaitheach faoi dhearadh straitéisí agus próiseas gnó

 

(c)

Gníomhaíochtaí infheistíochta reatha agus spriocanna infheistíochta (amach anseo) i dtreo cuspóirí comhshaoil agus gníomhaíochtaí atá ailínithe le Tacsanomaíocht AE

 

(d)

Beartais agus nósanna imeachta a bhaineann le teagmháil dhíreach agus indíreach le contrapháirtithe nua nó le contrapháirtithe reatha maidir lena straitéisí chun rioscaí comhshaoil a mhaolú agus a laghdú

 

 

Rialachas

 

(e)

Freagrachtaí an chomhlachta bainistíochta as an gcreat riosca a chur ar bun, as maoirseacht agus bainistiú a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcuspóirí, na straitéise agus na mbeartas i gcomhthéacs an bhainistithe riosca comhshaoil lena gcumhdaítear bealaí ábhartha tarchurtha

 

(f)

Comhtháthú éifeachtaí gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha tosca agus rioscaí comhshaoil, struchtúir eagraíochtúil laistigh de línte gnó agus feidhmeanna rialaithe inmheánaigh ag an gcomhlacht bainistíochta

 

(g)

Comhtháthú beart chun tosca agus rioscaí comhshaoil i socruithe rialachais inmheánaigh a bhainistiú, lena n-áirítear ról na gcoistí, leithdháileadh na gcúraimí agus na bhfreagrachtaí, agus an lúb aiseolais ó lucht bainistíochta riosca don chomhlacht bainistíochta a chumhdaíonn na bealaí ábhartha tarchurtha

 

(h)

Línte tuairiscithe agus minicíocht an tuairiscithe a bhaineann le riosca comhshaoil

 

(i)

An beartas luacha saothair a ailíniú le cuspóirí riosca comhshaoil na hinstitiúide

 

 

Bainistiú riosca

 

(j)

Éifeachtaí gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha tosca comhshaoil agus rioscaí a chomhtháthú sa chreat riosca

 

(k)

Sainmhínithe, modheolaíochtaí agus caighdeáin idirnáisiúnta ar a bhfuil an creat bainistithe riosca comhshaoil bunaithe

 

(l)

Próisis chun gníomhaíochtaí agus risíochtaí (agus comhthaobhacht i gcás inarb infheidhme) atá íogair do rioscaí comhshaoil a shainaithint, a thomhas agus faireachán a dhéanamh orthu, ag cumhdach bealaí ábhartha tarchurtha

 

(m)

Gníomhaíochtaí, gealltanais agus risíochtaí a chuireann le rioscaí comhshaoil a mhaolú

 

(n)

Uirlisí a chur chun feidhme chun rioscaí comhshaoil a shainaithint, a thomhas agus a bhainistiú

 

(o)

Torthaí agus toradh na n-uirlisí riosca arna gcur chun feidhme agus tionchar measta an riosca comhshaoil ar phróifíl riosca caipitil agus leachtachta

 

(p)

Infhaighteacht, cáilíocht agus cruinneas sonraí, agus iarrachtaí chun na gnéithe sin a fheabhsú

 

(q)

Tuairisc ar theorainneacha ar rioscaí comhshaoil (mar spreagthaí rioscaí stuamachta) arna socrú, agus lena spreagtar méadú agus eisiamh i gcás ina sáraítear na teorainneacha sin

 

(r)

Tuairisc ar an nasc (bealaí tarchurtha) idir rioscaí comhshaoil lena mbaineann riosca creidmheasa, riosca leachtachta agus riosca maoiniúcháin, riosca margaidh, riosca oibríochtúil agus riosca clú sa chreat bainistithe riosca

 

Tábla 2 - Faisnéis cháilíochtúil maidir leis an riosca Sóisialta

I gcomhréir le hAirteagal 449a de CRR

Uimhir an ró

Faisnéis cháilíochtúil – Saorfhormáid

 

Straitéis agus próisis ghnó

 

(a)

Coigeartú ar straitéis ghnó na hinstitiúide chun tosca agus rioscaí sóisialta a chomhtháthú agus tionchar an riosca shóisialta ar thimpeallacht ghnó, ar shamhail ghnó, ar straitéis agus ar phleanáil airgeadais na hinstitiúide á gcur san áireamh

 

(b)

Cuspóirí, spriocanna agus teorainneacha chun riosca sóisialta a mheas agus a phlé sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, agus measúnú feidhmíochta i gcoinne na gcuspóirí, na spriocanna agus na dteorainneacha seo, lena n-áirítear faisnéis réamhbhreathnaitheach i ndearadh straitéisí agus próiseas gnó

 

(c)

Beartais agus nósanna imeachta a bhaineann le teagmháil dhíreach agus indíreach le contrapháirtithe nua nó le contrapháirtithe reatha maidir lena straitéisí chun rioscaí atá díobhálacha ón taobh sóisialta de a mhaolú agus a laghdú

 

 

Rialachas

 

(d)

Freagrachtaí an chomhlachta bainistíochta as an gcreat riosca a chur ar bhun, as maoirseacht agus bainistiú a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcuspóirí, na straitéise agus na mbeartas i gcomhthéacs an bhainistithe riosca shóisialta lena gcumhdaítear cuir chuige na gcontrapháirtithe maidir leis an méid seo a leanas:

 

(i)

Gníomhaíochtaí i dtreo an phobail agus na sochaí

(ii)

Caidreamh le fostaithe agus caighdeáin saothair

(iii)

Cosaint do chustaiméirí agus freagracht táirgí

(iv)

Cearta an duine

(e)

Comhtháthú beart chun tosca agus rioscaí sóisialta i socruithe rialachais inmheánaigh a bhainistiú, lena n-áirítear ról na gcoistí, leithdháileadh na gcúraimí agus na bhfreagrachtaí, agus an lúb aiseolais ó lucht bainistíochta riosca don chomhlacht bainistíochta

 

(f)

Línte tuairiscithe agus minicíocht an tuairiscithe a bhaineann le riosca sóisialta

 

(g)

An beartas luacha saothair a ailíniú ar aon dul le cuspóirí riosca sóisialta na hinstitiúide

 

 

Bainistiú riosca

 

(h)

Sainmhínithe, modheolaíochtaí agus caighdeáin idirnáisiúnta ar a bhfuil an creat bainistithe riosca shóisialta bunaithe

 

(i)

Próisis chun gníomhaíochtaí agus risíochtaí (agus comhthaobhacht i gcás inarb infheidhme) atá íogair do riosca sóisialta a shainaithint, a thomhas agus faireachán a dhéanamh orthu, ag cumhdach bealaí ábhartha tarchurtha

 

(j)

Gníomhaíochtaí, gealltanais agus sócmhainní a chuireann le riosca sóisialta a mhaolú

 

(k)

Uirlisí a chur chun feidhme chun riosca sóisialta a shainaithint agus a bhainistiú

 

(l)

Tuairisc ar theorainneacha ar riosca sóisialta arna socrú agus cásanna chun géarú agus eisiamh a spreagadh i gcás ina sárófar na teorainneacha sin

 

(m)

Tuairisc ar an nasc (bealaí tarchurtha) idir rioscaí sóisialta lena mbaineann riosca creidmheasa, riosca leachtachta agus riosca maoiniúcháin, riosca margaidh, riosca oibríochtúil agus riosca clú sa chreat bainistithe riosca

 

Tábla 3 - Faisnéis cháilíochtúil ar riosca Rialachais

I gcomhréir le hAirteagal 449a de CRR

Uimhir an ró

Faisnéis cháilíochtúil – Saorfhormáid

 

Rialachas

 

(a)

Comhtháthú na hinstitiúide ina socruithe rialachais maidir le feidhmíocht rialachais an chontrapháirtí, lena n-áirítear coistí an chomhlachta rialachais is airde, coistí atá freagrach as cinnteoireacht ar thopaicí eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta

 

(b)

Cuntasaíocht na hinstitiúide ar ról an chomhlachta rialachais is airde sa tuairisciú neamhairgeadais

 

(c)

Comhtháthú fheidhmíocht rialachais a gcontrapháirtithe ag an institiúid i socruithe rialachais lena n-áirítear:

 

(i)

Breithnithe eiticiúla

(ii)

Straitéis agus bainistíocht riosca

(iii)

Cuimsitheacht

(iv)

Trédhearcacht

(v)

Coinbhleachtaí leasa a bhainistiú

(vi)

Cumarsáid inmheánach maidir le hábhair imní chriticiúla

 

Bainistiú riosca

 

(d)

Comhtháthú fheidhmíocht rialachais a gcontrapháirtithe ag an institiúid i socruithe bainistíochta riosca ina gcuirtear san áireamh:

 

(i)

Breithnithe eiticiúla

(ii)

Straitéis agus bainistíocht riosca

(iii)

Cuimsitheacht

(iv)

Trédhearcacht

(v)

Coinbhleachtaí leasa a bhainistiú

(vi)

Cumarsáid inmheánach maidir le hábhair imní chriticiúla

Teimpléad 1: Leabhar baincéireachta-Táscairí maidir le riosca aistrithe féideartha an Athraithe aeráide: Cáilíocht chreidmheasa na risíochtaí de réir na hearnála, astaíochtaí agus aibíocht iarmharach

Image 1

Teimpléad 2: Leabhar baincéireachta - Táscairí maidir le riosca aistrithe féideartha an athraithe aeráide: Iasachtaí atá comhthaobhaithe le maoin dhochorraithe – Éifeachtúlacht fuinnimh na comhthaobhachta

Image 2

Teimpléad 3: Leabhar baincéireachta - Táscairí maidir le riosca aistrithe féideartha an athraithe aeráide: Méadrachtaí um ailíniú

Image 3

Teimpléad 4: Leabhar baincéireachta - Táscairí maidir le riosca aistrithe féideartha an athraithe aeráide: Risíochtaí ar na 20 gnólacht is mó a lorg carbóin

 

a

b

c

d

e

 

Ollsuim ghlanluacha (comhiomlán)

Ollsuim ghlanluacha i leith na gcontrapháirtithe i gcomparáid le hiomlán na hollsuime glanluacha (comhiomlán) (*1)

Lena n-áirítear inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de (CCM)

Meánaibíocht ualaithe

Líon na 20 gnólacht is mó truailliú san áireamh

1

 

 

 

 

 

Teimpléad 5: Leabhar Baincéireachta - Táscairí maidir le riosca féideartha fisiceach an athraithe aeráide: Risíochtaí atá faoi réir riosca fisiceach

Image 4

Teimpléad 6. Achoimre ar eochairtháscairí feidhmíochta (ETFanna) maidir leis na risíochtaí atá ailínithe le Tacsanomaíocht

 

ETF

% cumhdach (thar iomlán na sócmhainní)  (*2)

 

Maolú ar an athrú aeráide

Oiriúnú don athrú aeráide

Iomlán (Maolú ar an athrú aeráide + Oiriúnú don athrú aeráide)

Stoc GAR

 

 

 

 

Sreabhadh GAR

 

 

 

 

Teimpléad 7 - Gníomhaíochtaí um maolú: Sócmhainní chun GAR a ríomh

Image 5

Teimpléad 8 - GAR (%)

Image 6

Teimpléad 9 - Gníomhaíochtaí um maolú: BTAR

Teimpléad 9.1 - Gníomhaíochtaí um maolú: Sócmhainní chun BTAR a ríomh

Image 7

Teimpléad 9.2 - % BTAR

Image 8

Teimpléad 9.3 - Tábla achomair - % BTAR

Image 9

Teimpléad 10 – Gníomhaíochtaí eile maidir leis an athrú aeráide a mhaolú nach gcumhdaítear i Rialachán (AE) 2020/852

Image 10


(*1)  Le haghaidh contrapháirtithe i measc na 20 cuideachtaí is mó a astaíonn carbóin ar fud an domhain

(*2)  % de shócmhainní cumhdaithe ag ETF thar iomlán shócmhainní na mbanc


IARSCRÍBHINN II

‘IARSCRÍBHINN XL

Treoracha maidir le nochtadh rioscaí ESG

1.   

Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 trí na treoracha dá bhforáiltear san Iarscríbhinn seo a leanúint. Úsáidfear na treoracha chun na táblaí agus na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn XXXIX a ghabhann leis an Rialachán seo a chomhlánú.

2.   

Chun críocha na dtreoracha seo, tuigfear na téarmaí seo a leanas mar a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘riosca comhshaoil, sóisialta nó rialála (ESG)’ an riosca maidir le caillteanais a eascraíonn as aon tionchar airgeadais diúltach ar an institiúid a thagann as tionchar reatha nó as tionchair ionchasacha ag tosca comhshaoil, sóisialta nó rialála (ESG) ar chontrapháirtithe nó ar shócmhainní infheistithe na hinstitiúide;

(b)

ciallaíonn ‘riosca comhshaoil’ an riosca maidir le caillteanais a eascraíonn as aon tionchar diúltach airgeadais ar an institiúid a thagann ón tionchar reatha nó ó thionchair ionchasacha tosca comhshaoil ar chontrapháirtithe nó ar shócmhainní infheistithe na hinstitiúide, lena n-áirítear tosca a bhaineann leis an aistriú i dtreo na gcuspóirí comhshaoil seo a leanas:

(i)

maolú ar an athrú aeráide;

(ii)

oiriúnú don athrú aeráide;

(iii)

úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní muirí agus iad a chosaint;

(iv)

an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach;

(v)

truailliú a chosc agus a rialú;

(vi)

an bhithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú;

Cuimsítear riosca fisiceach agus riosca aistrithe le riosca comhshaoil.

(c)

ciallaíonn ‘ riosca fisiceach’, mar chuid den riosca comhshaoil uile, an riosca go n-eascródh caillteanais as aon tionchar diúltach airgeadais ar an institiúid a thagann as tionchar reatha nó as tionchair ionchasacha ag éifeachtaí fisiciúla tosca comhshaoil ar chontrapháirtithe nó ar shócmhainní infheistithe na hinstitiúide;

(d)

ciallaíonn ‘ riosca aistrithe’, mar chuid den riosca comhshaoil uile, an riosca go mbeadh aon tionchar diúltach airgeadais ar an institiúid a eascraíonn as an tionchar reatha nó as tionchair ionchasacha ag an aistriú chuig geilleagar atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ar chontrapháirtithe nó ar shócmhainní infheistithe na hinstitiúide;

(e)

ciallaíonn ‘riosca sóisialta’ an riosca go n-eascróidh caillteanas as aon tionchar diúltach airgeadais ar an institiúid a thagann as tionchar reatha nó as tionchair ionchasacha ag tosca sóisialta ar a chontrapháirtithe nó ar a sócmhainní infheistithe;

(f)

ciallaíonn ‘riosca rialála’ an riosca go n-eascródh caillteanais as aon tionchar diúltach airgeadais ar an institiúid a thagann as tionchar reatha nó as tionchair ionchasacha ag tosca rialála ar chontrapháirtithe nó ar shócmhainní infheistithe na hinstitiúide.

3.   

Áirítear iad seo a leanas leis na tagairtí do chreataí beartais agus do thagarmharcanna idirnáisiúnta agus do chreataí beartais an Aontais atá ar fáil sna treoracha sin: comhaontú Pháras arna ghlacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (*1) (‘Comhaontú Pháras’), an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (*2), Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) Treoir 2014/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4), an Teachtaireacht ón gCoimisiún - Treoirlínte maidir le tuairisciú neamhairgeadais: Forlíonadh ar fhaisnéis a bhaineann leis an aeráid a thuairisciú (*5), an treoir arna chur ar fáil leis na moltaí um Thascfhórsa FSB um Nochtaí Airgeadais a bhaineann leis an Aeráid (*6), Tionscnamh Airgeadais um Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP FI) (*7), Caighdeáin Tuairiscithe Inbhuanaitheachta an Tionscnaimh Dhomhanda um Thuairisciú (*8), agus Prionsabail na Náisiún Aontaithe um Infheistíocht Fhreagrach (UNPRI) (*9).

Tábla 1 – Faisnéis cháilíochtúil ar riosca Comhshaoil: Boscaí téacs saorfhormáide chun faisnéis cháilíochtúil a nochtadh in Iarscríbhinn XXXIX.

4.

Úsáidfidh na hinstitiúidí na treoracha seo a leanas chun Tábla 1 – “Faisnéis cháilíochtúil ar riosca comhshaoil” arna leagan amach in Iarscríbhinn XXXIX a ghabhann leis an Rialachán seo chun tuairisc a thabhairt ar chomhtháthú rioscaí comhshaoil, lena n-áirítear faisnéis shonrach ar rioscaí athraithe aeráide agus ar rioscaí comhshaoil eile, ina straitéis agus ina bpróisis ghnó, ina rialachas agus ina mbainistiú riosca. Is chun críocha Airteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 435 den Rialachán sin, atá an méid sin.

Tagairtí dlíthiúla agus treoracha

Uimhir an ró

Míniú

 

Straitéis agus próisis ghnó

(a)

I gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhar le hAirteagal 435 (1), pointe (a) agus pointe (e) den Rialachán sin, soláthróidh institiúidí míniú ar an dóigh ina gcomhtháthaítear ina samhail ghnó, ina straitéis agus ina bpróisis ghnó, agus ina bpleanáil airgeadais na rioscaí a eascraíonn as tosca comhshaoil (i.e. rioscaí comhshaoil) agus conas a d’fhéadfadh na rioscaí sin teacht chun cinn le himeacht ama i bhfianaise na teicneolaíochta atá ag athrú, an chreata beartais, na timpeallachta gnó, roghanna páirtithe leasmhara, agus athruithe sa timpeallacht fhisiceach féin.

(b)

I gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhar le hAirteagal 435 (1), pointe (a) agus pointí (c) go (f) den Rialachán sin, leagfaidh institiúidí amach na cuspóirí, na spriocanna agus na teorainneacha chun rioscaí comhshaoil a mheasúnú agus a bhainistiú. Míneoidh institiúidí na próisis a úsáideann siad chun na cuspóirí, na spriocanna agus na teorainneacha sin a leagan amach.

Ní mór d’institiúidí míniú a thabhairt ar an dóigh ina bhfuil na cuspóirí, na spriocanna agus na teorainneacha sin nasctha leis an gcreat beartais idirnáisiúnta agus creat beartais an Aontais atá ann cheana agus leis na tagarmharcanna atá ar fáil.

(c)

I gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, soláthróidh institiúidí faisnéis maidir lena n-infheistíocht reatha agus lena n-infheistíocht amach anseo (pleanáilte) i ngníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus i ngníomhaíochtaí agus earnálacha a thagann leis na cuspóirí comhshaoil, lena n-áirítear cuspóirí maidir leis an athrú aeráide, a leagtar amach in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852.

I gcás ina mbraitheann an fhaisnéis sin ar chur chuige na hinstitiúide féin nó ina bhfuil sí bunaithe ar théarmaí tagartha inmheánacha na n-institiúidí, áireoidh na hinstitiúidí ina nochtaí tuairisc ar na cuir chuige sin agus ar a dtéarmaí tagartha inmheánacha.

(d)

I gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhar le hAirteagal 435 (1), pointe (d), den Rialachán sin, cuirfidh institiúidí faisnéis ar fáil faoi na bearta a glacadh chun na rioscaí a bhaineann le tosca comhshaoil a mhaolú. Breithneoidh institiúidí cumas an chontrapháirtí rioscaí comhshaoil a bhainistiú.

 

Rialachas

(e)

I gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhar le hAirteagal 435 (1), pointe (b), agus Airteagal 435 (2), pointí (a), (b) agus (c) den Rialachán sin, cuirfidh institiúidí faisnéis ar fáil maidir le rannpháirtíocht a gcomhlachta bainistíochta i maoirseacht agus i mbainistiú na rioscaí comhshaoil. Ní mór d’institiúidí bealaí féideartha tarchurtha rioscaí comhshaoil den sórt sin a chur san áireamh (lena n-áirítear rioscaí fisiceacha, aistrithe agus dliteanais).

(f)

I gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhar le hAirteagal 435 (2)(d) den Rialachán sin, soláthróidh institiúidí faisnéis faoin dóigh ina gcomhtháthaíonn a gcomhlacht bainistíochta éifeachtaí gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha na rioscaí comhshaoil i struchtúr eagraíochtúil na hinstitiúide chun rioscaí a bhainistiú. Ní mór d’institiúidí míniú a thabhairt ar conas a léirítear cleachtadh den sórt sin ar leibhéal an chomhlachta bainistíochta ina bhfeidhmeanna gnó agus rialaithe inmheánaigh.

(g)

I gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhar le hAirteagal 435 (2), pointí (a), (b) agus (c) den Rialachán sin, cuirfidh institiúidí faisnéis ar fáil maidir le heagrú a gcoistí riosca agus maidir le leithdháileadh na gcúraimí agus na bhfreagrachtaí sa chreat bainistithe riosca chun faireachán agus bainistiú a dhéanamh ar rioscaí comhshaoil, ag cur san áireamh na bealaí tarchurtha riosca fisiceacha, aistrithe agus dliteanais.

(h)

I gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhar le hAirteagal 435(2), pointe (e), den Rialachán sin, soláthróidh institiúidí faisnéis maidir leis na bealaí a gcuimsíonn siad rioscaí comhshaoil ina gcreat agus ina struchtúr inmheánach tuairiscithe, chomh maith le faisnéis maidir le minicíocht a dtuairiscithe inmheánaí agus a malartaithe faisnéise maidir leis na rioscaí sin.

(i)

I gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhar le hAirteagal 435 (2), pointe (e), den Rialachán sin, soláthróidh institiúidí faisnéis faoi an bhfuil rioscaí comhshaoil curtha san áireamh ina mbeartas luacha saothair, agus faoi na critéir agus na méadrachtaí a úsáidtear chun tionchar cúinsí riosca comhshaoil ar luach saothair inathraithe a chinneadh.

 

Bainistiú riosca

(j)

I gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhar le hAirteagal 435 (1), pointe (f) den Rialachán sin, soláthróidh institiúidí faisnéis maidir le comhtháthú éifeachtaí gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha na dtosca comhshaoil agus na rioscaí sa chreat lamháltas riosca. Déanfaidh institiúidí cinneadh maidir leis an tréimhse ama ábhartha i gcomhréir lena bpróifíl riosca agus lena risíochtaí riosca féin.

(k)

I gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhar le hAirteagal 435 (1), pointe (a), den Rialachán sin, soláthróidh institiúidí faisnéis maidir leis na modhanna, na sainmhínithe agus na caighdeáin a úsáidtear chun tosca agus rioscaí comhshaoil a shainaithint agus a bhainistiú, chomh maith leis an gcreat ar a bhfuil na caighdeáin, na sainmhínithe agus na modhanna sin bunaithe.

Míneoidh institiúidí conas a bhaineann modhanna, sainmhínithe agus caighdeáin den sórt sin leis an gcreat beartais idirnáisiúnta agus le creat beartais an Aontais is infheidhme agus leis na tagarmharcanna atá ar fáil.

(l)

I gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhar le hAirteagal 435(1), pointe (a), den Rialachán sin, nochtfaidh institiúidí an méid seo a leanas:

(a)

na próisis trína ndéanann an institiúid a cuid gníomhaíochtaí agus risíochtaí a shainaithint agus trína ndéanann sí faireachán orthu, ar gníomhaíochtaí agus risíochtaí iad atá íogair agus soghonta i leith rioscaí comhshaoil, lena n-áirítear aon sócmhainní inchorraithe agus dochorraithe a bhaineann le gníomhaíochtaí agus risíochtaí dá leithéid;

(b)

na próisis trína ndéanann an institiúid rioscaí comhshaoil atá ábhartha ó thaobh airgeadais de nó atá neamhábhartha faoi láthair, leis an ionchas go mbeidh siad ábhartha amach anseo, a shainaithint agus trína ndéanann sí faireachán orthu.

Áireofar ar ghníomhaíochtaí, risíochtaí agus sócmhainní atá íogair agus soghonta i leith rioscaí comhshaoil na cinn sin a bhaineann le talmhaíocht, iascach, foraoiseacht, earnálacha fuinnimh i gcomhar lena suíomh geografach, spleáchas ar uisce nó tosca agus rioscaí comhshaoil eile, a d’fhéadfadh a bheith soghonta i leith tosca éagsúla, lena n-áirítear tuilte, triomach, tinte, agus cailliúint na bithéagsúlachta. Áireofar orthu freisin comhchruinniú oibríochtaí an chontrapháirtí i gcriosanna atá i mbaol, agus measfar go gcumhdóidh siad slabhra luacha iomlán an chontrapháirtí.

Agus an fhaisnéis dá dtagraítear sa phointe seo á nochtadh acu, léireoidh institiúidí an ábharthacht (lena n-áirítear ábharthacht dhúbailte) atá le tuiscint sa chiall atá leagtha amach sna sainmhínithe a chuimsítear sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 98 (8) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*10) agus cumhdóidh siad saolré na risíochtaí, lena n-áirítear tionscnamh na hiasachta mar aon le measúnú ar acmhainneacht creidmheasa an chontrapháirtí agus faireachán.

Míneoidh institiúidí a mhéid a chumhdaítear i measúnú den sórt sin na bealaí tarchurtha ábhartha, lena n-áirítear (i) brabúsacht níos ísle, (ii) luach eastáit réadaigh níos ísle, rachmas teaghlaigh níos ísle, (iii) feidhmíocht sócmhainne níos ísle, (iv) costas comhlíontachta méadaithe, agus (v) costais dlí méadaithe.

Míneoidh institiúid nach sainaithneoidh aon rioscaí comhshaoil mar rioscaí ábhartha agus tabharfaidh sí bunús leis an bhfáth gurb amhlaidh an cás agus tabharfaidh sí tuairisc ar na modhanna a d’úsáid siad chun teacht ar chonclúid den sórt sin.

(m)

I gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhar le hAirteagal 435 (1), pointe (d), den Rialachán sin, soláthróidh institiúidí faisnéis faoi na gníomhaíochtaí, na gealltanais agus na risíochtaí atá curtha i bhfeidhm acu chun rioscaí comhshaoil a mhaolú.

Nochtfaidh institiúidí na modhanna a úsáideann siad chun bearta agus gníomhaíochtaí um maolú riosca a shainaithint. Ina theannta sin, soláthróidh siad faisnéis maidir lena mhéid arb ionann na gníomhaíochtaí, na gealltanais agus na risíochtaí sin agus na bealaí tarchurtha ábhartha, lena n-áirítear (i) brabúsacht níos ísle, (ii) luach eastáit réadaigh níos ísle, rachmas teaghlaigh níos ísle, (iii) feidhmíocht sócmhainne níos ísle, (iv) costas comhlíontachta méadaithe, agus (v) costais dlí méadaithe.

(n)

I gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhar le hAirteagal 435 (1), pointe (a) agus pointe (f) den Rialachán sin, soláthróidh institiúidí faisnéis maidir leis na huirlisí cur chun feidhme a úsáideann siad chun rioscaí comhshaoil a shainaithint agus a bhainistiú. Áirítear ar uirlisí dá leithéid tástáil struis, anailís íogaireachta nó táscairí réamhbhreathnaitheacha eile, a chuirtear i bhfeidhm ar leibhéal na risíochta, ar leibhéal na punainne, ar leibhéal an chontrapháirtí nó ar an leibhéal earnála, ag brath ar ábharthacht an riosca.

Léireofar san fhaisnéis a nochtfar na toimhdí agus na modhanna is bun leis na huirlisí cur chun feidhme ábhartha. Léireoidh institiúidí freisin an tréimhse ama a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí comhshaoil ar bhonn méadrachtaí cuntasaíochta agus stuamachta, is é sin tréimhsí gearrthéarmacha, meántéarmacha nó fadtéarmacha.

(o)

I gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhar le hAirteagal 435 (1), pointe (a) agus pointe (f) den Rialachán sin, tabharfaidh institiúidí tuairisc ar thoradh an mheasúnaithe ón uirlis riosca arna húsáid i gcomhréir le pointe 14.

Soláthróidh institiúidí tionchar measta an riosca comhshaoil, lena n-áirítear an riosca um athrú aeráide, ar shócmhainneacht na hinstitiúide, ar cheanglais rialála chaipitil agus ar phróifíl riosca leachtachta na hinstitiúide faoi chuimsiú an phróisis inmheánaigh measúnaithe ar leordhóthanacht caipitil (ICAAP) agus an phróisis inmheánaigh measúnaithe ar leordhóthanacht leachtachta (ILAAP).

(p)

I gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, soláthróidh institiúidí faisnéis maidir leis na sonraí agus leis an bhfaisnéis atá ar fáil dóibh chun an bainistiú riosca a dhéanamh ar rioscaí comhshaoil, na príomhshonraí agus an fhaisnéis atá ar iarraidh faoi láthair agus maidir leis na bearta atá á ndéanamh acu chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sonraí agus chun cáilíocht agus cruinneas na sonraí a fheabhsú.

(q)

I gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcomhar le hAirteagal 435 (1), pointe (f), den Rialachán sin, soláthróidh institiúidí faisnéis maidir leis na teorainneacha a shocraíonn siad ar thionscadail um maoiniú nó ar chontrapháirtithe lena ndéantar dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil i gcomhréir lena straitéis ghnó.

Áireofar ar na teorainneacha sin teorainneacha arna leagan síos ag na hinstitiúidí ag an bpointe tionscnaimh agus faireacháin chun rioscaí comhshaoil a sheachaint nó a mhaolú, agus teorainneacha lena dtugtar le fios cén uair a spreagfaí le risíocht ar leith gníomhaíochtaí ceartaitheacha, tuilleadh imscrúdaithe, géarú inmheánach, nó eisiamh ón bpunann.

(r)

Tabharfaidh institiúidí tuairisc ar an dóigh ina ndéanann siad teacht chun cinn rioscaí comhshaoil ar a gclár comhardaithe a mhapáil agus a nascadh trí riosca creidmheasa, riosca leachtachta, riosca margaidh agus riosca oibriúcháin.

Ní mór d’institiúidí míniú a thabhairt ar conas a dhéanann siad tionchar an aistrithe chuig geilleagar ísealcharbóin atá athléimneach ó thaobh na haeráide de a mheasúnú agus a bhainistiú maidir leis na catagóirí riosca stuamachta lena n-áirítear riosca creidmheasa, riosca leachtachta, riosca margaidh agus riosca oibriúcháin.

Tábla 2 – Faisnéis cháilíochtúil maidir leis an riosca Sóisialta: Boscaí téacs saorfhormáide chun faisnéis cháilíochtúil a nochtadh in Iarscríbhinn XXXVII

5.

Úsáidfidh na hinstitiúidí na treoracha seo a leanas chun Tábla 2 – “Faisnéis Cháilitheach ar an Riosca Sóisialta” a leagtar amach in Iarscríbhinn XXXIX a ghabhann leis an Rialachán seo a chomhlánú, chun tuairisc a thabhairt ar chomhtháthú na rioscaí sóisialta ina straitéis ghnó agus ina bpróisis ghnó, ina rialachas agus bainistiú riosca, i gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcomhar le hAirteagal 435 den Rialachán sin.

Tagairtí dlíthiúla agus treoracha

Uimhir an ró

Míniú

 

Straitéis agus próisis ghnó

(a)

I gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcomhar le hAirteagal 435 (1), pointe (a) agus pointe (e) den Rialachán sin, tabharfaidh institiúidí tuairisc ar an dóigh ina gcomhtháthaítear ina samhail ghnó, ina straitéis, ina bpróisis agus ina bpleanáil airgeadais rioscaí a eascraíonn as tosca sóisialta (i.e. rioscaí sóisialta) agus ar an dóigh ina bhforbraíonn na rioscaí sin le himeacht ama i bhfianaise na teicneolaíochta atá athrú, an chreata beartais, na timpeallachta gnó agus roghanna páirtithe leasmhara.

(b)

I gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcomhar le hAirteagal 435 (1), pointe (a) agus pointí (c) go (f) den Rialachán sin, tabharfaidh institiúidí tuairisc maidir lena gcuspóirí, spriocanna agus teorainneacha chun rioscaí sóisialta a mheasúnú agus a bhainistiú, agus tuairisc ar na próisis a úsáideann siad chun na cuspóirí, na spriocanna agus na teorainneacha sin a leagan amach.

Míneoidh na hinstitiúidí naisc na gcuspóirí, na spriocanna agus na dteorainneacha sin leis an gcreat beartais idirnáisiúnta agus le creat beartais an Aontais is infheidhme agus leis na tagarmharcanna atá ar fáil.

I measc na ngnéithe sóisialta tá sárú ar chearta an duine, cearta saothair, neamhionannas ioncaim, easpa chearta an duine, sábháilteacht agus cosaint an chustaiméara, príobháideacht, bochtaineacht agus neamh-idirdhealú. Ina theannta sin, tá tionchair shóisialta ag baint leis an athrú aeráide agus leis an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin, lena n-áirítear athruithe ar an margadh fostaíochta. Áirítear orthu sin laghdú ar an éileamh ar phoist agus scileanna áirithe, teacht chun cinn post agus scileanna nua, roghanna tomhaltóirí atá ag athrú, toilteanas scairshealbhóirí athruithe aeráide, comhshaoil agus sóisialta a chomhtháthú go tapa ina gcuideachtaí, mar a leagtar amach i mír 78 de thuarascáil ÚBE arna glacadh faoi Airteagal 98(8) de Threoir 2013/36/AE.

(c)

I gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhar le hAirteagal 435 (1)(d) den Rialachán sin, tabharfaidh institiúidí tuairisc ar an dóigh ina ndéanann siad bearta chun rioscaí a bhaineann le tosca sóisialta a mhaolú, lena n-áirítear cumas na gcontrapháirtithe rioscaí sóisialta a bhainistiú a thuiscint agus dul i mbun idirphlé leo chun rioscaí sóisialta a mhaolú.

 

Rialachas

(d)

I gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhar le hAirteagal 435 (1), pointe (b), agus Airteagal 435 (2), pointí (a), (b) agus (c) den Rialachán sin, tabharfaidh institiúidí tuairisc ar pháirt a gcomhlachta bainistíochta i maoirseacht agus i mbainistiú na rioscaí sóisialta. Cumhdófar san fhaisnéis sin an réasúnaíocht a bhaineann leis an gcur chuige arna ghlacadh ag an gcomhlacht bainistíochta agus cuirfear roinnt tosca sóisialta san áireamh inti. I measc na dtosca sin tá rannpháirtíocht na hinstitiúide i leith an phobail agus na sochaí, a caidreamh le fostaithe agus comhlíonadh na gcaighdeán saothair, cosaint custaiméirí agus freagracht táirgí, agus cearta an duine.

(e)

I gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhar le hAirteagal 435(2), pointí (a), (b) agus (c) den Rialachán sin, tabharfaidh institiúidí tuairisc ar an dóigh ina n-eagraíonn siad a gcoistí riosca agus ar an dóigh ina leithdháileann siad cúraimí agus freagrachtaí sa chreat bainistithe riosca chun faireachán agus bainistiú a dhéanamh ar rioscaí sóisialta.

Soláthróidh na hinstitiúidí faisnéis maidir lena n-acmhainní inmheánacha agus seachtracha a dhírítear ar mheasúnú rioscaí sóisialta.

(f)

I gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhar le hAirteagal 435 (2), pointe (e), den Rialachán sin, tabharfaidh institiúidí tuairisc ar an dóigh ina gcuimsíonn siad rioscaí sóisialta ina gcreat tuairiscithe inmheánach agus ina struchtúr tuairiscithe inmheánach, agus leagfaidh siad amach minicíocht a dtuairiscithe inmheánaigh agus a malartaithe faisnéise inmheánaí maidir le rioscaí sóisialta.

(g)

I gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhar le hAirteagal 435 (2), pointe (e), den Rialachán sin, soláthróidh institiúidí faisnéis faoi an bhfuil rioscaí sóisialta curtha san áireamh ina mbeartas luacha saothair, agus faoi na critéir agus na méadrachtaí a úsáidtear chun tionchar cúinsí riosca shóisialta ar luach saothair inathraithe a chinneadh.

 

Bainistiú riosca

(h)

I gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhar le hAirteagal 435 (1), pointe (a), den Rialachán sin, soláthróidh institiúidí faisnéis faoi cad iad na modhanna, na sainmhínithe agus na caighdeáin a úsáideann siad chun tosca agus rioscaí sóisialta a shainaithint agus a bhainistiú, chomh maith leis an gcreat ar a bhfuil na caighdeáin, na sainmhínithe agus na modhanna sin bunaithe.

Míneoidh institiúidí conas a bhaineann na modhanna, sainmhínithe agus caighdeáin sin leis an gcreat beartais idirnáisiúnta agus le creat beartais an Aontais reatha agus leis na tagarmharcanna atá ar fáil.

(i)

I gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhar le hAirteagal 435 (1), pointe (a), den Rialachán sin, soláthróidh institiúidí faisnéis maidir leis an bpróiseas trína sainaithníonn siad a ngníomhaíochtaí agus a risíochtaí, ar gníomhaíochtaí agus a risíochtaí iad atá íogair i leith rioscaí sóisialta, agus trína ndéanann siad faireachán orthu, lena n-áirítear trína gcontrapháirtithe, trína ngníomhaíochtaí bainistíochta infheistíochta nó sócmhainní, agus lena n-áirítear aon sócmhainní inchorraithe agus dochorraithe a bhaineann leis na gníomhaíochtaí agus leis na risíochtaí sin.

Soláthróidh institiúidí faisnéis faoin bpróiseas trína sainaithníonn siad rioscaí sóisialta atá ábhartha ó thaobh airgeadais de nó atá neamhábhartha faoi láthair, leis an ionchas go mbeidh siad ábhartha amach anseo, agus trína ndéanann siad faireachán orthu.

D’fhéadfadh baint a bheith ag na gníomhaíochtaí, risíochtaí agus sócmhainní sin atá íogair i leith rioscaí sóisialta le contrapháirtithe a sháraíonn dlí an tsaothair, cearta an duine nó dlíthe nó cearta sóisialta eile a bhféadfadh díospóid dhlíthiúil a bheith i gceist leo. Níos beaichte fós, d’fhéadfaí go n-áireofaí le hearnálacha a bhfuil riosca sóisialta feabhsaithe iontu oibrithe imirceacha, pá íseal, drochchaighdeáin saothair nó drochdhálaí oibre a bhfuil drochthionchar acu ar phobail agus a bhfuil seans níos fearr acu go mbeidh siad faoi ghrinnscrúdú poiblí agus polaitiúil.

(j)

I gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhar le hAirteagal 435 (1), pointe (a), den Rialachán sin, soláthróidh institiúidí faisnéis faoi na gníomhaíochtaí, na gealltanais agus na sócmhainní atá curtha i bhfeidhm acu chun rioscaí sóisialta a mhaolú.

(k)

I gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhar le hAirteagal 435 (1), pointe (a), den Rialachán sin, soláthróidh institiúidí faisnéis maidir leis na huirlisí cur chun feidhme a úsáideann siad chun rioscaí sóisialta a shainaithint agus a bhainistiú. Áirítear ar na huirlisí sin anailís ar chásanna, a chuirtear i bhfeidhm ar leibhéal na risíochta, ar leibhéal na punainne, ar leibhéal an chontrapháirtí nó ar an leibhéal earnála agus cumhdaítear tosca iontu lena n-áirítear imirce, treochtaí déimeagrafacha, athrú ar an lucht saothair agus athrú teicneolaíochta.

D’fhéadfaí a áireamh ar rioscaí sóisialta freisin athrú ar iompar tomhaltóirí, saincheisteanna a bhaineann le hidirdhealú agus uilechuimsitheacht shóisialta, anailís ar chásanna ar éagothroime atá ag méadú, tionchar sóisialta maidir leis an athrú aeráide, oiriúnú don athrú aeráide/maolú an athraithe aeráide agus díghrádú an chomhshaoil.

Soláthróidh institiúidí faisnéis faoi na toimhdí agus na modhanna a úsáidtear chun anailís den sórt sin ar chásanna a dhéanamh. Sonróidh institiúidí an tréimhse ama a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar an riosca sóisialta maidir leis na méadrachtaí cuntasaíochta agus stuamachta, i.e. tréimhse ama ghearrthéarmach, mheántéarmach nó fhadtéarmach.

(l)

I gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcomhar le hAirteagal 435 (1), pointe (f), den Rialachán sin, soláthróidh institiúidí faisnéis maidir leis na teorainneacha a shocraíonn siad i ndáil le tionscadail um maoiniú nó contrapháirtithe lena ndéantar dochar suntasach do chuspóirí sóisialta a straitéise gnó.

Áireofar ar theorainneacha dá leithéid na teorainneacha sin arna leagan síos ag institiúidí ag an bpointe tionscnaimh agus faireacháin chun rioscaí sóisialta a sheachaint nó a mhaolú, chomh maith leis na teorainneacha lena dtugtar le fios cén uair a spreagfaí le risíocht ar leith tuilleadh imscrúdaithe, géarú inmheánach, gníomhaíochtaí ceartaitheacha nó eisiamh ón bpunann.

(m)

I gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, soláthróidh institiúidí faisnéis maidir leis na bealaí a ndéanann siad teacht chun cinn rioscaí sóisialta ar a gclár comhardaithe a mhapáil agus a nascadh trí riosca creidmheasa, riosca leachtachta, riosca margaidh agus riosca oibriúcháin.

Ní mór d’institiúidí faisnéis a sholáthar maidir leis na bealaí a ndéanann siad measúnú agus bainistiú ar thionchar teagmhas ábhartha atá díobhálach ón taobh sóisialta de ar na catagóirí rioscaí stuamachta, lena n-áirítear riosca creidmheasa, riosca leachtachta, riosca margaidh agus riosca oibriúcháin.

Tábla 3 – Faisnéis cháilíochtúil ar riosca Rialachais: Boscaí téacs saorfhormáide chun faisnéis cháilíochtúil a nochtadh in Iarscríbhinn XXXVII

6.

Úsáidfidh institiúidí na treoracha seo a leanas chun Tábla 3 – Faisnéis cháilíochtúil ar riosca Rialachais a leagtar amach in Iarscríbhinn XXXIX a ghabhann leis an Rialachán seo a chomhlánú chun tuairisc a thabhairt ar chomhtháthú rioscaí rialachais ina rialachas agus ina mbainistiú riosca, i gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 435 den Rialachán sin.

Tagairtí dlíthiúla agus treoracha

Uimhir an ró

Míniú

 

Rialachas

(a)

I gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhar le hAirteagal 435 (2) den Rialachán sin, soláthróidh institiúidí faisnéis maidir leis na bealaí a gcomhtháthaíonn siad feidhmíocht rialachais an chontrapháirtí ina socruithe rialachais.

Cumhdófar leis na breithnithe ar fheidhmíocht rialachais an chontrapháirtí na céimeanna riachtanacha de phróisis cinnteoireachta, maoirseachta agus bainistíochta an chontrapháirtí ar gach leibhéal, lena n-áirítear coistí den chomhlacht rialachais is airde agus coistí atá freagrach as cinnteoireacht ar thopaicí eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta.

(b)

Míneoidh institiúidí conas a chuirfidh siad san áireamh ról phríomhchomhlacht rialaithe an chontrapháirtí i dtuairisciú neamhairgeadais, lena n-áirítear an coiste uachtarach nó an staid fheidhmiúil lena ndéantar tuarascáil inbhuanaitheachta na heagraíochta a athbhreithniú agus a fhormheas go foirmiúil agus lena áirithítear go gcumhdófar gach topaic ábhartha.

(c)

I gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhar le hAirteagal 435 (2) den Rialachán sin, soláthróidh institiúidí faisnéis faoi conas a chomhtháthaíonn siad feidhmíocht rialachais a gcontrapháirtithe ina socruithe rialachais.

Cumhdófar leis na breithnithe a bhaineann le feidhmíocht rialachais chontrapháirtithe na hinstitiúide gach ceann díobh seo a leanas:

(a)

breithnithe eiticiúla, lena n-áirítear ionracas iompair, luachanna agus eitic, bearta frithbhreabaireachta agus frithéillithe, cuntasacht agus an smacht reachta;

(b)

straitéis agus bainistíocht riosca, lena n-áirítear cur chun feidhme straitéise, cur i bhfeidhm agus faireachán oibríochtúil, rialuithe inmheánacha agus beartais agus nósanna imeachta um bainistiú riosca;

(c)

cuimsitheacht; lena n-áirítear, an bhearna inscne agus ionadaíocht daoine ó ghrúpaí mionlaigh sa bhainistíocht, an bhearna ioncaim;

(d)

trédhearcacht; lena n-áirítear nochtadh maidir le idirdhealú, gealltanais agus íocaíochtaí cánach, nochtadh maidir le gníomhaíochtaí brústocaireachta, agus rialacha agus cleachtais;

(e)

bainistiú coinbhleachta leasa, lena n-áirítear próisis don chomhlacht rialachais is airde lena áirithiú go ndéanfar aon choinbhleacht leasa a sheachaint, a bhainistiú agus a mhaolú; agus

(f)

cumarsáid inmheánach maidir le cúrsaí ríthábhachtacha, lena n-áirítear conas a oibríonn próiseas inmheánach an chontrapháirtí chun cúrsaí ríthábhachtacha a chur in iúl don chomhlacht rialachais is airde.

 

Bainistiú riosca

(d)

I gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhar le hAirteagal 435 (1) den Rialachán sin, soláthróidh institiúidí faisnéis faoin dóigh ina gcomhtháthaítear ina socruithe bainistithe riosca feidhmíocht rialachais a gcontrapháirtithe agus na gnéithe a leagtar amach i ró 3 á gcur san áireamh.

Teimpléad 1 - Leabhar Baincéireachta - Táscairí maidir le riosca aistrithe féideartha an athraithe aeráide: Cáilíocht chreidmheasa na risíochtaí de réir na hearnála, astaíochtaí agus aibíocht iarmharach. Formáid sheasta.

1.

Úsáidfidh institiúidí na treoracha seo a leanas chun teimpléad 1 a leagtar amach in Iarscríbhinn XXXIX a ghabhann leis an Rialachán seo a chomhlánú chun faisnéis a sholáthar faoi na risíochtaí ar mó iad ná na rioscaí a bhféadfadh institiúidí aghaidh a thabhairt orthu ón aistriú go geilleagar ísealcharbóin atá athléimneach ó thaobh na haeráide de. Chun críocha Airteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013:

(a)

nochtfaidh institiúidí faisnéis faoina risíochtaí maidir le corparáidí neamhairgeadais a oibríonn in earnálacha a bhaineann le carbón, agus maidir le cáilíocht na risíochtaí sin, lena n-áirítear stádas neamhthuillmheach, aicmiú chéim 2, agus forálacha gaolmhara chomh maith le tráinsí aibíochta;

(b)

tosóidh institiúidí ag nochtadh faisnéise faoi astaíochtaí raon feidhme 1, 2 agus 3 a gcontrapháirtithe, má tá sí ar fáil cheana féin, lena n-áirítear faisnéis cháilíochtúil san insint a ghabhann leis an teimpléad seo maidir leis an modheolaíocht agus na foinsí a úsáidtear chun na hastaíochtaí sin a ríomh. I gcás nach bhfuil astaíochtaí a gcontrapháirtithe a bhaineann lena ngníomhaíochtaí um maoiniú á meas ag institiúidí go fóill, lena n-áirítear gníomhaíochtaí iasachtaithe agus infheistíochta, nochtfaidh siad faisnéis faoina bpleananna chun modheolaíochtaí chun an fhaisnéis sin a mheas agus a nochtadh a chur chun feidhme. Tosóidh institiúidí ag nochtadh faisnéise i gcolúin (i) go (k) den teimpléad agus is é ón 30 Meitheamh 2024 an chéad dáta tagartha um nochtadh.

2.

Áireoidh institiúidí san insint a ghabhann leis an teimpléad, mínithe ar an bhfaisnéis a nochtar agus ar na hathruithe i gcomparáid le tréimhsí um nochtadh roimhe sin, chomh maith le haon impleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag na risíochtaí sin i gcomhthéacs creidmheasa, margaidh, oibríochta, clú agus leachtachta do na hinstitiúidí.

3.

Áireoidh institiúidí i rónna an teimpléid miondealú ar ollsuim ghlanluacha na n-iasachtaí agus na n-airleacan, na n-urrús fiachais agus na n-ionstraimí cothromais chuig corparáidí neamhairgeadais, seachas na cinn atá á sealbhú chun críocha trádála, de réir earnáil gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus úsáid á baint as na cóid um Ainmníocht Gníomhaíochtaí Eacnamaíocha (NACE), a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*11), bunaithe ar phríomhghníomhaíocht an chontrapháirtí. Áireofar leo freisin fo-iomláin lena gcomhiomlánófar ollsuim ghlanluacha na risíochtaí i leith earnálacha agus fo-earnálacha a chuireann go mór leis an athrú aeráide. Go sonrach, déantar tagairt do na hearnálacha a liostaítear i Roinn A go Roinn H agus i Roinn L d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006, lena n-áirítear na hearnálacha ola, gáis, mianadóireachta agus iompair, mar earnálacha a chuireann go mór leis an athrú aeráide, mar a shonraítear in Aithris 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún (*12); agus fo-iomlán na risíochtaí i leith “earnálacha eile” nach luaitear san Aithris sin.

4.

Bunófar an leithdháileadh d’earnáil chontrapháirtithe NACE ar chineál an chontrapháirtí dhírigh. I gcás gur cuideachta shealbhaíochta é contrapháirtí na n-institiúidí, breithneoidh institiúidí earnáil NACE an fhéichiúna shonraigh faoin gcuideachta shealbhaíochta (murab ionann í agus an chuideachta shealbhaíochta) a fhaigheann an cistiú (i.e. fochuideachta shonrach na cuideachta sealbhaíochta lena mbaineann) seachas earnáil NACE na cuideachta sealbhaíochta, go háirithe sna cásanna sin inar corparáid neamhairgeadais é an féichiúnaí atá ag baint tairbhe as an maoiniú. Mar an gcéanna, nuair is feithicil sainchuspóra (SPV) é contrapháirtí díreach institiúide (an féichiúnaí), nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis ábhartha faoi earnáil NACE a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch mháthairchuideachta an SPV. Aicmeofar na risíochtaí arna dtabhú go comhpháirteach ag níos mó ná aon fhéichiúnaí amháin ar bhonn shaintréithe an fhéichiúnaí a bhí níos ábhartha, nó níos cinntithí, don institiúid maidir leis an risíocht a dheonú. Bunófar dáileadh na risíochtaí a thabhófar go comhpháirteach le cóid NACE ar shaintréithe an fhéichiúnaí is ábhartha, nó is cinntithí. Nochtfaidh institiúidí faisnéis de réir chóid NACE le leibhéal na gráinneachta sonraí a éilítear i rónna an teimpléid.

Colúin

Treoracha

a

Iomlán na hollsuime glanluacha

Nochtfaidh institiúidí an ollsuim ghlanluacha, dá dtagraítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451, a bhaineann leis na risíochtaí sin do chorparáidí neamhairgeadais, lena n-áirítear iasachtaí agus airleacain, urrúis fiachais agus ionstraimí cothromais, arna n-aicmiú sna punanna cuntasaíochta sa leabhar baincéireachta i gcomhréir leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, gan sócmhainní airgeadais arna sealbhú lena dtrádáil nó sócmhainní arna sealbhú lena ndíol a áireamh.

b

Dá bhfuil risíochtaí i leith cuideachtaí eisiata ó Bhinsí Tagartha AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras

Nochtfaidh institiúidí ollsuim ghlanluacha na risíochtaí sin do chontrapháirtithe a eisiatar ó thagarmharcanna AE atá ailínithe le Chomhaontú Páras mar a shonraítear in Airteagal 12(1), i bpointe (d) go pointe (g) agus in Airteagal 12 (2) deRialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818.

c

Lena n-áirítear inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de (CCM)

Nochtfaidh institiúidí risíochtaí a cháilíonn mar bheith inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de toisc gur gníomhaíochtaí um maoiniú iad a chuireann leis an gcuspóir comhshaoil an athrú aeráide a mhaolú nó a éascaíonn an cuspóir sin i gcomhréir le hAirteagal 10 agus le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2020/852, mar a nochtar i dteimpléad 7 d’Iarscríbhinn XXXIX a ghabhann leis an Rialachán seo.

Tosóidh institiúidí ag nochtadh na faisnéise sin in 2024, agus beidh an chéad dáta tagartha um nochtadh ón 31 Nollaig 2023 ar aghaidh, i gcás risíochtaí a áirítear in uimhreoir an GAR.

Féadfaidh institiúidí tús a chur le nochtadh na faisnéise sin in 2025, agus is é ón 31 Nollaig 2024 ar aghaidh an chéad dáta tagartha um nochtadh, i gcás na risíochtaí sin in uimhreoir BTAR ach nach bhfuil in uimhreoir GAR.

d

Maidir leo sin céim 2

Nochtfaidh institiúidí a chuireann na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) i bhfeidhm an ollsuim ghlanluacha d’ionstraimí ‘Céim 2’ dá dtagraítear in IFRS 9.

Ní dhéanfaidh institiúidí a chuireann prionsabail náisiúnta chuntasaíochta a bhfuil glactha leo go ginearálta i bhfeidhm agus atá bunaithe ar Threoir 86/635/CEE (*13) ón gComhairle na colúin ar ‘Maidir leo sin céim 2’ a nochtadh.

e

Ar a bhfuil risíochtaí neamhthuillmheacha

Nochtfaidh institiúidí risíochtaí neamhthuillmheacha mar a shainítear in Airteagal 47a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

f

Lagú carntha, athruithe diúltacha carntha ar luach cóir de bharr riosca creidmheasa agus forálacha

Nochtfaidh institiúidí na méideanna a leagtar amach i gCuid 2, pointí 11, 69, 70, 71, 106 agus 110, d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451.

g

Maidir leo sin céim 2

Nochtfaidh institiúidí méid lagaithe carntha risíochtaí chéim 2.

Ní mór d’institiúidí a bhfuil IFRS á chur i bhfeidhm acu ollsuim ghlanluacha ionstraimí ‘Céim 2’ a nochtadh mar atá leagtha amach in IFRS 9.

Ní dhéanfaidh institiúidí a chuireann prionsabail náisiúnta chuntasaíochta a bhfuil glactha leo go ginearálta i bhfeidhm agus atá bunaithe ar Threoir 86/635/CEE na colúin ar ‘Maidir leo sin céim 2’ a nochtadh.

h

Ar a bhfuil risíochtaí neamhthuillmheacha

Nochtfaidh institiúidí risíochtaí neamhthuillmheacha dá dtagraítear in Airteagal 47a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

i

Astaíochtaí gás ceaptha teasa (astaíochtaí raon feidhme 1, raon feidhme 2 agus raon feidhme 3 an chontrapháirtí) (i dtonaí de choibhéis CO2)

I gcás ina bhfuil an fhaisnéis ar fáil, nochtfaidh institiúidí na meastacháin ar raon feidhme a n-astaíochtaí 3 GHG i dtonaí CO2 (TCO2) mar chuid de cholún (i). Cumhdaítear sa nochtadh na hearnálacha agus na fo-earnálacha go léir a chuireann go mór leis an athrú aeráide, lena n-áirítear na hearnálacha ola, gáis, mianadóireachta agus iompair, - mar a shonraítear in aithris 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 - a chuimsítear i rónna 2 go 52 den teimpléad.

Bunóidh institiúidí meastachán ar astaíochtaí raon feidhme 3 ar an bhfaisnéis faoi astaíochtaí arna mbailiú óna gcontrapháirtithe agus ar an bhfaisnéis faoi mheándéine na n-astaíochtaí earnála. I measc na modhanna chun astaíocht charbóin cuideachtaí a ríomh tá Caighdeán Cuntasaíochta agus Tuairiscithe GHG Domhanda don Tionscal Airgeadais, arna fhorbairt ag an gComhpháirtíocht um Airgeadas Cuntasaíochta Carbóin (*14) (PCAF, a bhfuil baint ar leith aige leis an TCFD), nó an Tionscadal Nochta Carbóin (*15).

Measfaidh astaíochtaí institiúidí raon feidhme 3 in aghaidh na hearnála ar bhealach comhréireach, lena n-áirítear trína risíochtaí (iasachtaí agus airleacain, urrúis fiachais agus sealúchais chothromais) a chur san áireamh i leith an chontrapháirtí i gcomparáid le dliteanais iomlána (dliteanais chuntasaíochta agus cothromas scairshealbhóirí) an chontrapháirtí.

Sa chuid insinte a ghabhann leis an teimpléad, soláthróidh institiúidí mínithe mionsonraithe ar na foinsí sonraí a úsáideadh agus ar an modheolaíocht a chuir siad i bhfeidhm chun a raon feidhme astaíochtaí 3 GHG a mheas. Go sonrach, míneoidh institiúidí an mbeidh aon cheann díobh seo a leanas á nochtadh acu:

(a)

astaíochtaí tuairiscithe (bailítear na hastaíochtaí ón iasachtaí nó ón institiúid infheistiúcháin go díreach);

(b)

astaíochtaí bunaithe ar ghníomhaíochtaí coirp (measann an institiúid airgeadais tuairiscithe astaíochtaí ar bhonn na sonraí maidir le príomhghníomhaíochtaí coirp arna mbailiú ón iasachtaí nó ón institiúid infheistiúcháin);

(c)

astaíochtaí bunaithe ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha (measann an institiúid airgeadais tuairiscithe astaíochtaí ar bhonn na sonraí maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha arna mbailiú ón iasachtaí nó ón institiúid infheistiúcháin).

I gcás nach bhfuil astaíochtaí a gcontrapháirtithe a bhaineann lena ngníomhaíochtaí um maoiniú á meas ag institiúidí go fóill, lena n-áirítear gníomhaíochtaí iasachtaithe agus infheistíochta, nochtfaidh siad faisnéis faoina bpleananna chun modhanna chun an fhaisnéis sin a mheas a chur chun feidhme. Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis i gcolúin (i), (j) agus (k) den teimpléad agus is é ón 30 Meitheamh 2024 ar aghaidh an chéad dáta tagartha um nochtadh.

Féadfaidh institiúidí cinneadh a dhéanamh tús a chur leis an bhfaisnéis sin a nochtadh níos luaithe, i.e. is é ón 31 Nollaig 2022 ar aghaidh an chéad dáta tagartha um nochtadh.

j

Ar a bhfuil astaíochtaí maoinithe Raon Feidhme 3

Nochtfaidh institiúidí astaíochtaí raon feidhme 3 a chontrapháirtí a bhaineann le gníomhaíochtaí iasachta agus infheistíochta institiúidí. I gcás nach bhfuil astaíochtaí raon feidhme 3 á mheas go fóill ag institiúidí, fágfaidh siad colún (j) folamh agus, sa chuid insinte a ghabhann leis an teimpléad, nochtfaidh siad a bpleananna chun modhanna chun an fhaisnéis sin a mheas agus a nochtadh a chur chun feidhme.

Nochtfaidh institiúidí a n-astaíochtaí raon feidhme 3 ar bhonn na hiarrachta is fearr, lena gcumhdófar na hearnálacha is ábhartha i gcomhréir le cur chuige PCAF agus an cur chuige céimnithe isteach maidir le hastaíochtaí raon feidhme 3 a chuimsítear in Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818.

Nochtfaidh institiúidí faisnéis maidir le hastaíochtaí raon feidhme 3 an chontrapháirtí do na hearnálacha go léir a chuimsítear sa teimpléad agus is é an chéad dáta tagartha ina leith sin agus an 30 Meitheamh 2024.

Maidir le hearnálacha ina bhfuil dúshláin sonraí agus mhodheolaíochta iontu, leanfaidh institiúidí an Prótacal maidir le Gáis Cheaptha Teasa agus a 15 chéim, go réamhtheachtach agus go hiartheachtach araon.

I gcomhréir le treoir TCFD maidir le méadrachtaí agus spriocanna, beidh institiúidí trédhearcach faoi na dúshláin a bhaineann leis an gcineál sin faisnéise a bhailiú agus comhaireamh dúbailte a sheachaint a mhéid is féidir.

Tosóidh institiúidí ag nochtadh faisnéise i gcolún (j) den teimpléad agus is é ón 30 Meitheamh 2024 an chéad dáta tagartha um nochtadh.

Féadfaidh institiúidí cinneadh a dhéanamh tús a chur leis an bhfaisnéis sin a nochtadh níos luaithe, i.e. is é ón 31 Nollaig 2022 ar aghaidh an chéad dáta tagartha um nochtadh.

k

Astaíochtaí GHG (colún (i)): céatadán ollsuim ghlanluacha na punainne a dhíorthaítear ó thuairisciú atá sonrach do chuideachta

Léireoidh institiúidí an céatadán den phunann (ollsuim ghlanluacha na risíochtaí) dá raibh siad ábalta meastachán a dhéanamh ar astaíochtaí raon feidhme 1, 2 agus 3 a gcontrapháirtithe a bhaineann le gníomhaíochtaí iasachtaithe agus infheistíochta institiúidí bunaithe ar fhaisnéis arna nochtadh ag a gcontrapháirtithe nó arna tuairisciú don institiúid ar bhonn déthaobhach.

l - p

< = 5 bliana; > 5 bliana < = 10 mbliana; > 10 bliana < = 20 bliain; > 20 bliain; Meánaibíocht ualaithe

Leithdháilfidh institiúidí na risíochtaí ar an tráinse ábhartha ag brath ar aibíocht na hionstraime airgeadais atá fágtha, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)

i gcás ina ndéantar an méid a aisíoc i dtráthchodanna, leithdháilfear an risíocht sa tráinse aibíochta a fhreagraíonn don tráthchuid dheireanach;

(b)

i gcás nach bhfuil aibíocht shonraithe ag baint le risíocht ar chúiseanna seachas go bhfuil an dáta aisíocaíochta faoi rogha an chontrapháirtí, nó i gcás sealúchais cothromais, nochtfar méid na risíochta sin sa tráinse aibíochta is mó ‘> 20 bliain’;

(c)

chun meánaibíocht na risíochta a ríomh, déanfaidh institiúidí aibíocht gach risíochta a mheá de réir ollsuim ghlanluacha na risíochtaí.

Teimpléad 2: Leabhar baincéireachta - Táscairí maidir le riosca aistrithe féideartha an athraithe aeráide: Iasachtaí atá comhthaobhaithe le maoin dhochorraithe – Éifeachtúlacht fuinnimh na comhthaobhachta. Formáid sheasta.

1.

Úsáidfidh institiúidí na treoracha seo a leanas chun an fhaisnéis a nochtadh a éilítear i ‘dTeimpléad 2: Leabhar baincéireachta - Táscairí maidir le riosca aistrithe féideartha an athraithe aeráide: Iasachtaí atá comhthaobhaithe le maoin dhochorraithe - Éifeachtúlacht fuinnimh na comhthaobhachta’, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XXXIX a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.

Le Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*16) agus le Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*17), cuirtear beartais chun cinn arb é is aidhm leo stoc foirgneamh dícharbónaithe a bheidh an-tíosach ar fhuinneamh a bhaint amach faoi 2050. Tugadh isteach na deimhnithe feidhmíochta fuinnimh (EPC) le Treoir 2010/31/AE mar ionstraimí chun feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh. Tagraítear do na deimhnithe sin mar dheimhniú arna aithint ag Ballstát nó ag duine dlítheanach arna ainmniú aige, ina léirítear feidhmíocht fuinnimh foirgnimh nó aonaid foirgnimh, arna ríomh i gcomhréir leis an Treoir sin.

3.

Léirítear sa an teimpléad seo ollsuim ghlanluacha, dá dtagraítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451, iasachtaí atá comhthaobhaithe le maoin tráchtála agus chónaithe dhochorraithe agus comhthaobhachtaí eastáit réadaigh athshealbhaithe, lena n-áirítear faisnéis ar leibhéal éifeachtúlachta fuinnimh na gcomhthaobhachtaí arna dtomhas i gcomhthéacs ídithe fuinnimh kWh/m2 (colúin (b) go (g) den teimpléad), i gcomhthéacs lipéad dheimhniú feidhmíochta fuinnimh (EPC) na comhthaobhachta dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (12), de Threoir 2010/31/AE do na Ballstáit, nó mar a shainítear in aon rialachán áitiúil ábhartha maidir leis na risíochtaí sin lasmuigh den Aontas, i gcás ina bhfuil mapáil ar lipéad EPC an Aontais ann (colúin (h) go (n)).

4.

Go sonrach, i gcolúin (b) go (g), nochtfaidh institiúidí an ollsuim ghlanluacha na risíochtaí trí tráinsí éifeachtúlachta fuinnimh atá bunaithe ar ídiú fuinnimh sonrach na comhthaobhachta in kWh/m2, mar atá léirithe ar lipéad EPC na comhthaobhachta nó mar mheasann institiúidí in éagmais lipéad EPC. Léireoidh institiúidí i rónna 5 agus 10 den teimpléad a mhéid a mheastar na sonraí sin agus nach bhfuil siad bunaithe ar lipéid EPC. I gcolúin (h) go (n), nochtfaidh institiúidí ollsuim ghlanluacha na risíochtaí atá grúpáilte le lipéad EPC na comhthaobhachta do na comhthaobhachtaí sin i gcás ina bhfuil EPC ar fáil don institiúid.

5.

Nuair a bheidh dáileadh EPC na gcomhthaobhachtaí á nochtadh acu, nochtfaidh institiúidí go leithleach, i gcolún (o), na risíochtaí sin nach bhfuil faisnéis EPC na comhthaobhachta acu ina leith. I gcás nach bhfuil faisnéis EPC ag na hinstitiúidí, ach go bhfuil ríomhanna inmheánacha á n-úsáid acu chun éifeachtúlacht fuinnimh na comhthaobhachta a mheas, ní mór d’institiúidí céatadán na risíochtaí gan lipéad EPC de chuid na comhthaobhachta a nochtadh a bhfuil meastacháin á soláthar acu ina leith (ríomhfar an céatadán ar bhonn ollsuim ghlanluacha na risíochtaí). Nochtfaidh institiúidí na hollsuimeanna glanluacha iomlána de réir leibhéal ídithe fuinnimh agus de réir lipéad EPC, agus déanfar miondealú de réir an tsuímh (limistéar an Aontais i gcomparáid le limistéar nach bhfuil san Aontas) lena ndéanfar idirdhealú idir iasachtaí arna gcomhthaobhú le maoin tráchtála dhochorraithe, iasachtaí arna gcomhthaobhú le maoin chónaithe dhochorraithe agus comhthaobhacht arna fáil trí sheilbh a ghlacadh uirthi.

6.

I gcás risíochtaí ar eintitis atá lonnaithe i dtríú tíortha nach bhfuil aon lipéad EPC coibhéiseach ann, fágfaidh institiúidí colúin (h) go (n) folamh. Nochtfaidh institiúidí, áfach, an fhaisnéis a iarrtar i gcolúin (o) agus (p) agus, nuair is ábhartha, colúin (b) go (g) le sonraí measta.

7.

Maidir leis na risíochtaí sin a bhfuil nasc acu le níos mó ná comhthaobhacht amháin, amhail dhá mhaoin dhochorraithe, déanfar faisnéis faoi éifeachtúlachta fuinnimh na maoine a bhaineann leis an risíocht a roinnt agus a nochtadh ar leithligh faoi leibhéil éifeachtúlachta fuinnimh (i dtaca le KWh/m2 na comhthaobhachta, colúin (b) go (g), agus i dtaca leis an lipéad EPC, colúin (h) go (n) a chomhfhreagraíonn d’éifeachtúlacht fuinnimh gach comhthaobhachta). Go sonrach, déanfaidh institiúidí sciar gach comhthaobhachta in ollsuim ghlanluach na risíochta atá bunaithe ar luach na comhthaobhachta a ríomh agus nochtfaidh siad í faoin tráinse éifeachtúlachta fuinnimh atá nasctha le gach comhthaobhacht. Mar shampla, tá iasacht ag an institiúid lena mbaineann ollsuim ghlanluacha EUR 100 000 atá comhthaobhaithe le dhá mhaoin: maoin A agus maoin B. Tá luach comhthaobhach EUR 80 000 le maoin A agus lipéad EPC A, agus tá luach comhthaobhach EUR 70 000 le maoin B agus lipéad EPC D. Sa sampla seo, ba cheart d’institiúidí EUR 53 333 a nochtadh (is é sin EUR 100 000 * [80 000/(80 000 + 70 000)] faoi lipéad EPC A agus EUR 46 667 (is é sin EUR 100 000 * [70 000/(80 000 + 70 000)] faoi lipéad EPC D, agus an dá cheann ag comhfhreagairt don iasacht shonrach lena mbaineann.

Teimpléad 3: Leabhar baincéireachta - Táscairí maidir le riosca aistrithe féideartha an athraithe aeráide: Méadrachtaí um ailíniú. Formáid sholúbtha (colúin sheasta, rónna solúbtha).

1.

Úsáidfidh institiúidí na treoracha seo a leanas chun an fhaisnéis a nochtadh a éilítear i ‘dTeimpléad 3: Leabhar baincéireachta - Táscairí maidir le riosca aistrithe féideartha an athraithe aeráide: Méadrachtaí um ailíniú’, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XXXIX a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.

Déanfaidh institiúidí faisnéis maidir lena n-iarrachtaí um ailíniú le cuspóirí Chomhaontú Pháras a nochtadh sa teimpléad seo maidir le líon roghnaithe earnálacha. Gabhfar sna risíochtaí ar an ailíniú a mhéid atá sreafaí airgeadais comhsheasmhach le conair i dtreo astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa agus forbairt atá athléimneach ó thaobh na haeráide de dá dtagraítear i gComhaontú Pháras. Is é an Cás um Ghlanastaíochtaí Nialasacha faoi 2050 (NZE2050) (*18) na Gníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA) an cás eacnamaíoch lena dtugtar tuairisc ar an gconair dhícharbónaithe sin. Cuirfidh institiúidí an cás sin san áireamh. Ós rud é go gcuireann an IEA cásanna ar fáil ar an leibhéal domhanda agus roinnt meadarachtaí sonracha ar an leibhéal Eorpach, ní mór d’institiúidí an t-achar ó thagarmharcanna na gcásanna IEA a thomhas ar an leibhéal domhanda agus, i gcás ina bhfuil na meadarachtaí sonracha ar fáil ar an leibhéal Eorpach, ar an leibhéal Eorpach.

3.

Déanfaidh institiúidí a bhfuil faisnéis á meas acu cheana féin maidir le hailíniú a n-earnála le Comhaontú Pháras an fhaisnéis sa teimpléad seo a nochtadh. Ní mór d’institiúidí míniú a thabhairt sa chuid insinte a ghabhann leis an teimpléad ar an modh a úsáidtear agus ar an bhfoinse sonraí. Déanfaidh na hinstitiúidí sin nach bhfuil ailíniú a n-earnála á mheas acu fós faisnéis a nochtadh maidir lena bpleananna chun modh maidir leis an bhfaisnéis sin a mheas agus a nochtadh a chur chun feidhme. I gcás ar bith, tosóidh institiúidí ag nochtadh na faisnéise a áirítear sa teimpléad seo agus is é ón 30 Meitheamh 2024 ar aghaidh an chéad dáta tagartha um nochtadh.

4.

Déanfaidh institiúidí an méid seo a leanas a nochtadh sa teimpléad seo:

(a)

Colúin (a) agus (b): cuimsítear sna colúin sin na hearnálacha (earnálacha IEA) i gcolún (a) faoina liostaítear i rónna 1-8 an tsraith íosta éigeantach earnálacha agus na fo-earnálacha (earnálacha NACE i gcolún (b) de réir an ‘liosta íosta d’earnálacha NACE atá le háireamh’ mar a léirítear sa teimpléad).

(b)

I gcás gur cuideachta shealbhaíochta é contrapháirtí na hinstitiúide, breithneoidh institiúidí earnáil NACE an fhéichiúnaí shonraigh atá faoi rialú na cuideachta sealbhaíochta (murab ionann í agus an chuideachta sealbhaíochta) a fhaigheann an cistiú seachas ceann na cuideachta sealbhaíochta, go háirithe sna cásanna sin inar corparáid neamhairgeadais an féichiúnaí. Mar an gcéanna, nuair is feithicil sainchuspóra (SPV) é contrapháirtí díreach na hinstitiúide (an féichiúnaí), nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis ábhartha faoi earnáil NACE a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch mháthairchuideachta an SPV.

(c)

Aicmeofar na risíochtaí arna dtabhú go comhpháirteach ag níos mó ná aon fhéichiúnaí amháin ar bhonn shaintréithe an fhéichiúnaí a bhí níos ábhartha, nó níos cinntithí, don institiúid maidir leis an risíocht a dheonú. Nochtfaidh institiúidí faisnéis trí chóid NACE leis an leibhéal gráinneachta sonraí a éilítear i gcolún (b).

(d)

Colún (c): an ollsuim ghlanluacha, dá sainítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451, a bhaineann leis na risíochtaí sin do chorparáidí neamhairgeadais i ngach ceann de na hearnálacha arna sonrú i gcolúin (a) agus (b), lena n-áirítear iasachtaí agus airleacain, urrúis fiachais agus ionstraimí cothromais, arna n-aicmiú sna punanna cuntasaíochta sa leabhar baincéireachta i gcomhréir leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, gan sócmhainní airgeadais arna sealbhú lena dtrádáil nó sócmhainní arna sealbhú lena ndíol a áireamh.

(e)

Colúin (d) agus (e): méadracht(aí) um ailíniú arna (g)cur i bhfeidhm ag an institiúid agus an bhliain tagartha is gaire don mhéadracht um ailíniú/do na méadrachtaí um ailíniú do gach earnáil. Úsáidfidh na hinstitiúidí an mhéadracht(aí) um ailíniú is féidir a thomhas i gcoinne an Cháis um Ghlanastaíochtaí Nialasacha faoi 2050 (NZE2050). Ní mór d’institiúidí a áirithiú go mbeifear ábalta, leis na méadrachtaí, acmhainní táirgthe maoinithe na n-institiúidí a nochtadh go cuimsitheach agus gach gníomhaíocht ábhartha diancharbóin maoinithe a chuimsiú. Tá roinnt méadrachtaí samplacha san áireamh sa teimpléad. Ní mór d’institiúidí roinnt méadrachtaí a nochtadh do gach earnáil atá ábhartha dá ngníomhaíocht um maoiniú. Cumhdaítear leo sin méadrachtaí déine astaíochta, méadrachtaí teicneolaíocht meascánbhunaithe agus méadrachtaí bunaithe ar tháirgeacht. Ní mór d’institiúidí le brath ar mheasúnú na sócmhainní foluiteacha agus na ngníomhaíochtaí a bhaineann leis na hionstraimí airgeadais.

I gcás iasachtaí a bhfuil úsáid a bhfáltas ar eolas, áireofar an luach don earnáil ábhartha agus don mhéadracht um ailíniú. Maidir le hiasachtaí nach bhfuil úsáid a bhfáltas ar eolas, leithdháilfear ollsuim ghlanluacha na risíochta ar na hearnálacha ábhartha agus ar na méadrachtaí um ailíniú bunaithe ar dháileadh gníomhaíochta na gcontrapháirtithe, lena n-áirítear de réir láimhdeachas na gcontrapháirtithe de réir gníomhaíochta.

Cuirfidh institiúidí ró leis an teimpléad do gach meascán ábhartha earnálacha a nochtar i gcolún (b) agus do gach méadracht um ailíniú a áirítear i gcolún (d).

(f)

Colún (f): déanfar fad ama mhéadracht(aí) cholún (d) go dtí pointí sonraí 2030 an Cháis um Ghlanastaíochtaí Nialasacha faoi 2050 (NZE2050) a shloinneadh i bpointí céatadáin. Léireoidh an fad sin an méid ailínithe atá ann faoi láthair le táscaire an cháis le haghaidh 2030 agus sloinnfear é mar an difríocht idir an táscaire i gcolún (d) agus réamh-mheastachán chás IEA le haghaidh 2030, arna roinnt ar tháscaire tagarmhairc an cháis agus arna aistriú go téarmaí céatadáin.

Féadfaidh institiúidí an fhaisnéis ábhartha agus táscairí an cháis is infheidhme le haghaidh 2030 in aghaidh na hearnála a fháil ar shuíomh gréasáin IEA. Go sonrach, tagróidh institiúidí do “Neodracht faoi 2050 - Treochlár don Earnáil Dhomhanda Fuinnimh” a fhoilsíonn IEA ar bhonn bliantúil (*19). Féadfar na pointí sonracha sonraí agus na táscairí sonracha a íoslódáil ón tábla excel a chuimsítear sa Chás um Neodracht faoi 2050 arna dhearadh ag an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh

Measfar go mbeidh na gníomhaíochtaí is bun leis na risíochtaí ailínithe i gcás ina mbeidh leibhéal an táscaire níos ísle ná leibhéal an tagarmhairc chun tagarmharcanna a laghdú (gníomhaíochtaí diancharbóin) nó os a chionn chun tagarmharcanna a mhéadú (gníomhaíochtaí ísealcharbóin);

Formula

(g)

Colún (g): sprioc na n-institiúidí go ceann 3 bliana i ndiaidh na bliana tagartha a léirítear i gcolún (e) agus na méadrachta um ailíniú a léirítear i gcolún (d). Léireofar i gcolún (g) an chonair ailínithe punainne agus na spriocanna atá beartaithe ag institiúidí a bhaint amach ionas go mbeidh siad ar an mbóthar ceart i gcónaí le cás IEA san fhadtéarma.

Teimpléad 4 - Leabhar Baincéireachta – Táscairí maidir le riosca aistrithe féideartha an athraithe aeráide: Risíochtaí ar na 20 gnólacht is mó a lorg carbóin. Formáid sheasta

1.

Úsáidfidh institiúidí na treoracha seo a leanas chun an fhaisnéis a nochtadh a éilítear i ‘dTeimpléad 4: Leabhar baincéireachta - Táscairí maidir le riosca aistrithe féideartha an athraithe aeráide: Risíochtaí ar na 20 gnólacht is mó a lorg carbóin, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XXXIX a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.

Nochtfaidh institiúidí faisnéis chomhiomlán sa teimpléad seo maidir le risíochtaí ar na contrapháirtithe is mó a lorg carbóin ar domhan. Áireofar leo faisnéis chomhiomlánaithe agus anaithnidithe maidir le hollsuim ghlanluacha na risíochtaí i leith suas le 20 contrapháirtí atá i measc na 20 corparáid is mó a lorg carbóin ar fud an domhain. Beidh faisnéis bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí agus atá creidiúnach agus cruinn. I measc samplaí d’fhoinsí sonraí chun na cuideachtaí is mó a lorg carbóin a aithint tá Bunachar Sonraí na Mórúsáideoirí Carbóin agus Tuarascálacha an Tionscadail um Nochtadh Carbóin agus Institiúid Cuntasachta Aeráide chomh maith le Thomson Reuters.

3.

Nochtfaidh institiúidí san insint a ghabhann leis an nochtadh foinse na sonraí a úsáideann siad. I gcás nach bhfuil institiúidí ábalta risíochtaí a shainaithint i leith an 20 gnólacht is mó a lorg carbóin ar domhan, míneoidh siad an fáth nár chuir siad risíochtaí den sórt sin in iúl, lena n-áirítear i gcás nach bhfuil aon risíochtaí acu i leith na 20 gnólacht is mó a lorg carbóin ar domhan.

 

Colún

Treoracha

a

Ollsuim ghlanluacha (comhiomlán)

Tá le hollsuim ghlanluacha an bhrí dá dtagraítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451. Áirítear leis iasachtaí agus airleacain, urrúis fiachais agus ionstraimí cothromais, a aicmítear faoi na punanna cuntasaíochta sa leabhar baincéireachta de réir an Rialacháin Cur Chun Feidhme sin, gan sócmhainní airgeadais arna sealbhú lena dtrádáil agus arna sealbhú lena ndíol a áireamh.

Áireofar ar institiúidí na risíochtaí comhiomlána i leith suas le 20 contrapháirtí de chuid na hinstitiúide atá i measc an 20 corparáid is mó a lorg carbóin ar fud an domhain.

b

Ollsuim ghlanluacha i leith na cuideachta i gcomparáid le hiomlán na hollsuime glanluacha (comhiomlán)

Nochtfaidh institiúidí an céatadán a bheidh mar thoradh ar an ollsuim ghlanluacha chomhiomlán arna léiriú i gcolún (a), arna roinnt ar ollsuim ghlanluacha chomhiomlán risíochtaí na n-institiúidí sa leabhar baincéireachta, dá dtagraítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451, lena n-áirítear iasachtaí agus airleacain, urrúis fiachais agus ionstraimí cothromais sa leabhar baincéireachta, arna n-aicmiú faoi na punanna cuntasaíochta sa leabhar baincéireachta i gcomhréir leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, gan sócmhainní airgeadais arna sealbhú lena dtrádáil nó sócmhainní arna sealbhú lena ndíol a áireamh.

c

Lena n-áirítear inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de (CCM)

Nochtfaidh institiúidí ollsuim ghlanluacha chomhiomlán na risíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chuireann leis an gcuspóir um maolú ar an athrú aeráide. Beidh an méid sin bunaithe ar chuspóir na gníomhaíochta arna maoiniú, chun críocha iasachtú sainchuspóireach, nó ar fhaisnéis an chontrapháirtí maidir le leibhéal ailíniú a ghníomhaíochtaí eacnamaíocha le Rialachán (AE) 2020/852, chun maolú ar an athrú aeráide a bhaint amach (% den láimhdeachas a chuireann go mór le maolú an athraithe aeráide).

Tosóidh institiúidí ag nochtadh na faisnéise sin agus is é ón 31 Nollaig 2023 ar aghaidh an chéad dáta tagartha um nochtadh.

d

Meánaibíocht

Nochtfaidh institiúidí meánaibíocht na risíochtaí a mheastar sa ríomh arna ualú le hollsuim ghlanluacha na risíochta.

e

Líon na 20 gnólacht is mó truailliú san áireamh

Cuirfidh institiúidí in iúl líon na gcuideachtaí is mó truailliú a áireofar i ríomh na hollsuime ghlanluacha comhiomláine.

Teimpléad 5 - Leabhar Baincéireachta – Táscairí maidir le riosca féideartha fisiceach an athraithe aeráide: Risíochtaí atá faoi réir riosca fisiceach. Formáid sheasta.

1.

Úsáidfidh institiúidí na treoracha seo a leanas chun an fhaisnéis a nochtadh a éilítear i ‘dTeimpléad 5: Leabhar Baincéireachta – Táscairí maidir le riosca féideartha fisiceach an athraithe aeráide: Urrúis atá faoi réir riosca fisiceach’, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XXXIX a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.

Cuimseoidh institiúidí sa teimpléad seo faisnéis faoi risíochtaí sa leabhar baincéireachta, lena n-áirítear iasachtaí agus airleacain, urrúis fiachais agus ionstraimí cothromais nach sealbhaítear lena dtrádáil agus nach sealbhaítear lena ndíol, i leith corparáidí neamhairgeadais, maidir le hiasachtaí atá comhthaobhaithe le maoin dhochorraithe agus maidir le comhthaobhachtaí athshealbhaithe eastáit réadaigh, atá neamhchosanta ar ghuaiseacha leanúnacha agus géarghuaiseacha a aeráide, lena ngabhann miondealú de réir earnála ar ghníomhaíocht eacnamaíoch (aicmiú NACE) agus de réir thíreolaíocht shuíomh ghníomhaíocht an chontrapháirtí nó na comhthaobhachta, do na hearnálacha agus na limistéir gheografacha sin faoi réir géartheagmhas agus teagmhas leanúnach a bhaineann leis an athrú aeráide.

3.

Chun limistéir gheografacha a shainaithint ina dtarlaíonn guaiseacha sonracha a bhaineann leis an aeráid go minic, úsáidfidh institiúidí tairseacha agus bunachair shonraí thiomnaithe. Chun faisnéis a fháil faoi shaintréithe suíomhanna atá íogair i leith teagmhais athraithe aeráide, féadfaidh institiúidí na sonraí a sholáthraíonn comhlachtaí de chuid an Aontais agus údaráis náisiúnta rialtais a úsáid, lena n-áirítear gníomhaireachtaí meitéareolaíochta, comhshaoil, staidrimh nó eagraíochtaí geo-eolaíochta. I measc samplaí d’fhoinsí sonraí chun limistéir gheografacha atá faoi réir guaiseacha a bhaineann le hathrú aeráide a aithint tá (*20): GFDRR - ThinkHazard! (ina gcumhdaítear tonnta teasa, ganntanas agus strus uisce, tuilte, falscaithe, hairicíní, sciorradh talún); PREP – PREPdata (tuilte cósta, teas foircneach, sciorradh talún, ganntanas agus strus uisce, falscaithe); WRI - Aqueduct Water Risk Atlas (tuilte, tuilte cósta, ganntanas agus strus uisce) Swiss Re - CatNet® (, cioclón trópaiceach (Invest &typhoon), falscaí); An Banc Domhanda - Tairseach Eolais um Athrú Aeráide (teas foircneach, frasaíocht fhoircneach, triomach); PCA - Ardán Domhanda an Riosca Triomaigh (triomach); NOAA - Rianta hairicíní stairiúla (cioclón trópaiceach (hairicín &tíofún).

4.

I gcás gur cuideachta shealbhaíochta é contrapháirtí, breithneoidh institiúidí earnáil NACE an fhéichiúnaí shonraigh atá faoi rialú na cuideachta sealbhaíochta (murab ionann í agus an chuideachta sealbhaíochta féin) a fhaigheann an cistiú, go háirithe sna cásanna sin inar corparáid neamhairgeadais an féichiúnaí. Mar an gcéanna, nuair is SPV é contrapháirtí díreach na hinstitiúide (an féichiúnaí), nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis ábhartha faoi earnáil NACE a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch mháthairchuideachta an SPV. Aicmeofar na risíochtaí comhpháirteacha i leith níos mó ná aon fhéichiúnaí amháin ar bhonn shaintréithe an fhéichiúnaí b’ábhartha don institiúid maidir leis an risíocht a dheonú. Bunófar dáileadh na risíochtaí a thabhófar go comhpháirteach le cóid NACE ar shaintréithe an fhéichiúnaí is ábhartha, nó is cinntithí.

5.

Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis sa teimpléad seo ar bhonn na hiarrachta is fearr agus míneoidh siad san insint a ghabhann leis an teimpléad na foinsí faisnéise agus na modhanna a d’úsáid siad chun risíochtaí atá faoi réir riosca fisiceach an athraithe aeráide a shainaithint.

Colúin

Treoracha

a

Tá an limistéar geografach faoi réir géartheagmhas agus teagmhais leanúnacha a bhaineann leis an athrú aeráide

Cumhdóidh institiúidí limistéir gheografacha atá neamhchosanta ar dhrochthionchar ó theagmhais fhisiceacha an athraithe aeráide. Áirítear ar na limistéir gheografacha sin na tíortha nó réigiúin gheografacha nó riaracháin eile ina bhfuil gníomhaíochtaí an chontrapháirtí nó an chomhthaobhacht lonnaithe, agus atá neamhchosanta ar theagmhais leanúnacha nó ar ghéartheagmhais an athraithe aeráide. Maidir le cumhdach geografach na risíochtaí, úsáidfidh na hinstitiúidí leibhéal na rannán a léirítear in Ainmníocht Aonad Críochach le haghaidh Staidrimh (nó NUTS), de réir mar is iomchuí.

b

Ollsuim ghlanluacha

Nochtfaidh institiúidí an ollsuim ghlanluacha, arna sainiú i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451, a bhaineann leis na risíochtaí sin do chorparáidí neamhairgeadais, lena n-áirítear iasachtaí agus airleacain, urrúis fiachais agus ionstraimí cothromais, arna n-aicmiú faoi na punanna cuntasaíochta sa leabhar baincéireachta i gcomhréir leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, gan sócmhainní airgeadais arna sealbhú lena dtrádáil agus sócmhainní arna sealbhú lena ndíol a áireamh.

c - o

ar a bhfuil risíochtaí atá íogair i leith tionchair ó theagmhais fhisiceacha an athraithe aeráide

Nochtfaidh institiúidí ollsuim ghlanluacha na risíochtaí ar dócha go mbeidh tionchar acu ar theagmhais fhisiceacha a bhaineann leis an athrú aeráide. D’fhéadfadh ollsuim glanluacha na risíochtaí a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar theagmhais fhisiceacha an athraithe aeráide a bheith cothrom le méid iomlán na risíochta a nochtar i gcolún (b) den teimpléad seo nó d’fhéadfadh sé a bheith ina cuid de mhéid na risíochta sin.

c - g

Miondealú de réir an tráinse aibíochta

Leithdháilfidh institiúidí na risíochtaí ar an tráinse ábhartha ag brath ar aibíocht iarmharach na hionstraime airgeadais, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)

i gcás ina ndéanfar an méid a aisíoc i dtráthchodanna, leithdháilfear an risíocht sa tráinse aibíochta a fhreagraíonn don tráthchuid dheireanach;

(b)

i gcás nach bhfuil aibíocht shonraithe le risíocht ar chúiseanna seachas go bhfuil an dáta aisíocaíochta faoi rogha an chontrapháirtí, nochtfar méid na risíochta sin sa cholún “> 20 bliain”;

(c)

chun meánaibíocht na risíochta a ríomh, déanfaidh institiúidí aibíocht gach risíochta a mheá de réir ollsuim ghlanluacha na risíochtaí.

h

ar a bhfuil risíochtaí atá íogair i leith tionchair ó theagmhais leanúnacha an athraithe aeráide

Nochtfaidh institiúidí ollsuim ghlanluacha na risíochtaí atá íogair i leith tionchair ó theagmhais leanúnacha an athraithe aeráide amháin, lena n-áirítear guaiseacha a bhaineann le hathruithe de réir a chéile ar an aimsir agus ar an aeráid agus a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an aschur eacnamaíoch agus ar tháirgiúlacht.

i

ar a bhfuil risíochtaí atá íogair i leith tionchair ó ghéartheagmhais an athraithe aeráide

Nochtfaidh institiúidí ollsuim ghlanluacha na risíochtaí atá íogair i leith tionchair ó ghéartheagmhais an athraithe aeráide amháin, lena n- áirítear guaiseacha a d’fhéadfadh damáiste tobann a dhéanamh do mhaoine, cur isteach ar shlabhraí soláthair, agus sócmhainní a dhímheas.

j

ar a bhfuil risíochtaí atá íogair i leith tionchair ó theagmhais leanúnacha agus ó ghéartheagmhais an athraithe aeráide araon

Nochtfaidh institiúidí ollsuim ghlanluacha na risíochtaí atá faoi réir tionchair ó theagmhais leanúnacha agus ó ghéartheagmhais an athraithe aeráide araon, dá dtagraítear i gcolúin (h) agus (i).

k

Maidir leo sin céim 2

Nochtfaidh institiúidí a bhfuil IFRS á chur i bhfeidhm acu ollsuim ghlanluacha ionstraimí ‘Céim 2’ mar a shainítear in IFRS 9.

Ní dhéanfaidh institiúidí a chuireann prionsabail náisiúnta chuntasaíochta a bhfuil glactha leo go ginearálta i bhfeidhm agus atá bunaithe ar Threoir 86/635/CEE na colúin ar ‘Maidir leo sin céim 2’ a nochtadh.

l

Ar a bhfuil risíochtaí neamhthuillmheacha

Nochtfaidh institiúidí ollsuim ghlanluacha na risíochtaí neamhthuillmheacha dá dtagraítear in Airteagal 47a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar risíochtaí iad a d’fhéadfadh tionchar ó theagmhais an athraithe aeráide a bheith ag baint leo.

m, n, o

Lagú carntha, athruithe diúltacha carntha ar luach cóir de bharr riosca creidmheasa agus forálacha

Nochtfaidh institiúidí na méideanna dá dtagraítear i gCuid 2, pointí 11, 69, 70, 71, 106 agus 110, d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451.

n

ar a bhfuil risíochtaí Chéim 2

Beidh méid lagaithe carntha risíochtaí chéim 2 i gcolún (m).

Nochtfaidh institiúidí a bhfuil IFRS á chur i bhfeidhm acu ollsuim ghlanluacha ionstraimí ‘Céim 2’ mar a shainítear in IFRS 9.

Ní dhéanfaidh institiúidí a chuireann prionsabail náisiúnta chuntasaíochta a bhfuil glactha leo go ginearálta i bhfeidhm agus atá bunaithe ar Threoir 86/635/CEE na colúin ar ‘Maidir leo sin céim 2’ a nochtadh.

o

ar a bhfuil risíochtaí neamhthuillmheacha

Nochtfaidh institiúidí méid an lagaithe charntha, na n-athruithe diúltacha carntha ar luach cóir mar gheall ar riosca creidmheasa agus forálacha is inchurtha i leith risíochtaí neamhthuillmheacha, dá dtagraítear in Airteagal 47a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Teimpléad 6 – Achoimre ar eochairtháscairí feidhmíochta (ETFanna) maidir leis na risíochtaí atá ailínithe le Tacsanomaíocht. Formáid sheasta.

1.

Soláthróidh institiúidí i dteimpléad 6 forléargas ar ETFanna arna ríomh ar bhonn theimpléid 7 agus 8 d’Iarscríbhinn XXXIX, lena n-áirítear an cóimheas sócmhainní glasa (GAR) dá dtagraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún (*21)

2.

Cé go gceanglaítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ar eintitis an GAR a mheas agus a nochtadh faoi dhó, bunaithe uair amháin ar ailíniú le tacsanomaíocht láimhdeachas an chontrapháirtí (maidir le corparáidí neamhairgeadais) chun na risíochtaí sin nach bhfuil sé beartaithe leo gníomhaíochtaí sonracha sainaitheanta (iasachtú ilchuspóireach) a mhaoiniú, agus arís eile bunaithe ar ailíniú le tacsanomaíocht chaiteachais caipitil an chontrapháirtí chun na risíochtaí céanna ar iasachtú ilchuspóireach, sa teimpléad seo ní nochtfaidh institiúidí an GAR ach uair amháin, bunaithe ar ailíniú le láimhdeachas an chontrapháirtí do chuid an iasachtaithe ilchuspóirigh amháin.

3.

Maidir leis an stoc, comhfhreagróidh GAR (maolú ar an athrú aeráide), GAR (oiriúnú don athrú aeráide), GAR (maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide) don ETF a áirítear i gcolúin (b), (g) agus (l) faoi seach de Theimpléad 8, dá réir sin. Mar an gcéanna, maidir leis an sreabhadh, comhfhreagróidh GAR (maolú ar an athrú aeráide), GAR (oiriúnú don athrú aeráide), GAR (maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide) don ETF a áirítear i ró 1, colúin (r), (w) agus (ab) den Teimpléad 8 céanna sin.

4.

Beidh faisnéis faoin gcumhdach i dTeimpléad 8, ró 1, colún (p) maidir le stoc GAR, agus in (af) maidir le sreabhadh GAR.

5.

Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis sin leis an gcéad dáta tagartha ón 31 Nollaig 2023 ar aghaidh, atá i gcomhréir leis an gcéad dáta tagartha maidir le nochtadh faisnéise ar an GAR dá dtagraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178.

Teimpléad 7 - Gníomhaíochtaí um maolú: Sócmhainní chun GAR a ríomh. Formáid sheasta

1.

Úsáidfidh institiúidí na treoracha seo a leanas chun an fhaisnéis a nochtadh a éilítear i ‘dTeimpléad 7 - Gníomhaíochtaí um maolú: Sócmhainní chun GAR a ríomh’, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XXXIX a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.

Nochtfaidh institiúidí faisnéis sa teimpléad seo maidir le hollsuim ghlanluacha iasachtaí agus airleacain, urrúis fiachais agus ionstraimí cothromais na n-institiúidí ar a leabhar baincéireachta, agus déanfar miondealú ar an bhfaisnéis de réir an chineáil contrapháirtí, lena n-áirítear corparáidí airgeadais, corparáidí neamhairgeadais, teaghlaigh, rialtais áitiúla chomh maith le hiasachtaí eastáit réadaigh i leith teaghlach, agus incháilitheacht tacsanomaíochta agus ailíniú le tacsanomaíochta na risíochtaí i dtaca leis na cuspóirí comhshaoil a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide dá dtagraítear in Airteagal 9, pointe (a) agus pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/852.

3.

Go sonrach, cuimseoidh institiúidí sa teimpléad seo an fhaisnéis is gá chun an GAR a ríomh i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178. Cé go gceanglaítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ar institiúidí an GAR a mheas agus a nochtadh faoi dhó, bunaithe uair amháin ar ailíniú le tacsanomaíocht láimhdeachas an chontrapháirtí (maidir le corparáidí neamhairgeadais) chun na risíochtaí sin nach bhfuil sé beartaithe leo gníomhaíochtaí sonracha sainaitheanta (iasachtú ilchuspóireach) a mhaoiniú, agus arís eile bunaithe ar ailíniú le tacsanomaíocht CapEx an chontrapháirtí chun na risíochtaí céanna ar iasachtú ilchuspóireach, sa teimpléad seo ní nochtfaidh institiúidí an GAR ach uair amháin, bunaithe ar ailíniú le láimhdeachas an chontrapháirtí do chuid an iasachtaithe ilchuspóirigh.

4.

Bunaithe ar an bhfaisnéis sin, déanfaidh institiúidí a GAR a ríomh agus a nochtadh mar a thagraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178. Bainfidh an fhaisnéis a áireofar le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú aeráide mar a thagraítear in Airteagal 9, pointe (a) agus pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/852.

5.

Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis sin agus is é ón 31 Nollaig 2023 ar aghaidh an chéad dáta tagartha, arb é sin an chéad dáta tagartha um nochtadh le haghaidh na faisnéise GAR dá dtagraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178.

Colúin

Treoracha

a

Ollsuim ghlanluacha

Nochtfaidh institiúidí an ollsuim ghlanluacha mar a shainítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451.

b

Áirítear leis sin: i dtreo earnálacha ábhartha tacsanomaíochta

Nochtfaidh institiúidí an ollsuim ghlanluacha mar a shainítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451.

Nochtfaidh institiúidí ollsuim ghlanluacha na risíochtaí incháilithe i dtreo earnálacha (cóid NACE ar leibhéal 4) atá ábhartha don chuspóir comhshaoil comhfhreagrach de réir na Tacsanomaíochta, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún (*22).

Nochtfaidh institiúidí risíochtaí i leith earnálacha ábhartha faoin gcuspóir um maolú ar an athrú aeráide i gcomhréir le hAirteagal 9, pointe (a), agus Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2020/852.

c

Áirítear leis sin: inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de

Nochtfaidh institiúidí an ollsuim ghlanluacha mar a shainítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451.

Nochtfaidh institiúidí ollsuim ghlanluacha na risíochtaí incháilithe atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139.

Nochtfaidh institiúidí risíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoin gcuspóir um maolú ar an athrú aeráide i gcomhréir le hAirteagal 9, pointe (a), agus Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2020/852.

Nuair a bheidh úsáid na bhfáltas ar eolas (iasachtú speisialaithe, lena n-áirítear iasachtaí maoinithe tionscadal, dá dtagraítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451), nochtfaidh institiúidí a mhéid atá an risíocht inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Bunaítear risíocht den sórt sin ar chomh mór a chuireann an tionscadal maoinithe leis an maolú ar an athrú aeráide, i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2020/852, nó is gníomhaíocht chumasúcháin é i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán sin, agus a chomhlíonann sí na critéir a shonraítear in Airteagal 3 den Rialachán sin. I gcás nach bhfuil úsáid na bhfáltas ar eolas, nochtfaidh institiúidí a mhéid atá an risíocht inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil tríd an bhfaisnéis a gheofar ón gcontrapháirtí a úsáid, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852, maidir leis an gcion den láimhdeachas a fuarthas ó tháirgí nó ó sheirbhísí a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a cháilíonn mar tháirgí nó mar sheirbhísí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Airteagal 3 den Rialachán sin.

Ní bhreithneofar gach risíocht ach aon uair amháin agus ní leithdháilfear í ach ar chuspóir comhshaoil amháin. I gcás ina bhfuil na risíochtaí ábhartha maidir le níos mó ná cuspóir comhshaoil amháin, déanfar an leithdháileadh ar an gcuspóir is ábhartha.

d

Áirítear leis sin: iasachtú speisialaithe

Nochtfaidh institiúidí an ollsuim ghlanluacha mar a shainítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451.

Tuigfear risíochtaí ar iasachtú speisialaithe mar a thagraítear in Airteagal 147(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Áirítear leis risíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoin gcuspóir um maolú ar an athrú aeráide i gcomhréir le hAirteagal 9, pointe (a), agus Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2020/852.

I gcás ina bhfuil úsáid na bhfáltas ar eolas, i gcás iasachtú speisialaithe, nochtfaidh institiúidí a mhéid agus atá an risíocht inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de bunaithe ar a mhéid agus maidir leis an gcion atá an tionscadal sonrach arna mhaoiniú incháilithe chun cur go mór leis an maolú ar an athrú aeráide (faisnéis atá sonrach don tionscadal), i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2020/852, nó mar ghníomhaíocht chumasúcháin i gcomhréir le hAirteagal 16, agus a chomhlíonann sí na critéir a shonraítear in Airteagal 3 den Rialachán sin. Cuirfidh institiúidí faisnéis thrédhearcach ar fáil maidir leis na cineálacha gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bheidh á maoiniú trí iasachtú speisialaithe. I gcás ina bhfuil an risíocht ar iasachtú speisialaithe ábhartha le haghaidh dhá chuspóir comhshaoil, déanfaidh institiúidí í a leithdháileadh ar an gceann is ábhartha.

e

Áirítear leis sin: idirthréimhseach

Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2020/852.

f

Áirítear leis sin: cumasúcháin

Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2020/852.

g

Áirítear leis sin: i dtreo earnálacha ábhartha tacsanomaíochta

Nochtfaidh institiúidí an ollsuim ghlanluacha mar a shainítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451.

Nochtfaidh institiúidí ollsuim ghlanluacha na risíochtaí incháilithe i dtreo earnálacha (cóid NACE ar leibhéal 4) atá ábhartha don chuspóir comhshaoil comhfhreagrach de réir na Tacsanomaíochta, mar a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139.

Nochtfaidh institiúidí risíochtaí i leith earnálacha ábhartha faoin gcuspóir um oiriúnú don athrú aeráide i gcomhréir le hAirteagal 9, pointe (b), agus Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2020/852.

h

Áirítear leis sin: inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de

Nochtfaidh institiúidí an ollsuim ghlanluacha mar a shainítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451.

Nochtfaidh institiúidí ollsuim ghlanluacha na risíochtaí incháilithe atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, mar a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139.

Nochtfaidh institiúidí risíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoin gcuspóir um oiriúnú don athrú aeráide i gcomhréir le hAirteagal 9, pointe (b), agus Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2020/852.

I gcás ina bhfuil úsáid na bhfáltas ar eolas, i gcás iasachtú speisialaithe, nochtfaidh institiúidí a mhéid agus atá an risíocht inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de bunaithe ar a mhéid agus maidir leis an gcion atá an tionscadal maoinithe incháilithe chun cur go mór leis an oiriúnú don athrú aeráide, i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2020/852, nó mar ghníomhaíocht chumasúcháin i gcomhréir le hAirteagal 16, agus a chomhlíonann sí na critéir a shonraítear in Airteagal 3 den Rialachán sin.

I gcás nach bhfuil úsáid na bhfáltas ar eolas, nochtfaidh institiúidí a mhéid atá an risíocht inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil tríd an bhfaisnéis ón gcontrapháirtí a úsáid, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852, maidir leis an gcion den láimhdeachas a fuarthas ó tháirgí nó ó sheirbhísí a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a cháilíonn mar tháirgí nó mar sheirbhísí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Airteagal 3 den Rialachán sin.

Ní bhreithneofar gach risíocht ach aon uair amháin agus ní leithdháilfear í ach ar chuspóir comhshaoil amháin. I gcás ina bhfuil na risíochtaí ábhartha maidir le níos mó ná cuspóir comhshaoil amháin, déanfar na risíochtaí a leithdháileadh ar an gcuspóir is ábhartha.

i

Áirítear leis sin: iasachtú speisialaithe

Caithfidh institiúidí an ollsuim ghlanluacha a nochtadh mar a shainítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451.

Tuigfear risíochtaí ar iasachtú speisialaithe mar a thagraítear in Airteagal 147(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Nochtfaidh institiúidí risíochtaí ar iasachtú speisialaithe atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoin gcuspóir um oiriúnú don athrú aeráide i gcomhréir le hAirteagal 9, pointe (b), agus Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2020/852.

Nochtfaidh institiúidí a mhéid atá an risíocht inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de tríd an bhfaisnéis ón gcontrapháirtí a úsáid.

I gcás ina bhfuil úsáid na bhfáltas ar eolas, i gcás iasachtú speisialaithe, nochtfaidh institiúidí a mhéid agus atá an risíocht inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de bunaithe ar a mhéid agus maidir leis an gcion atá an tionscadal maoinithe incháilithe chun cur go mór leis an oiriúnú don athrú aeráide, i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2020/852, nó mar ghníomhaíocht chumasúcháin i gcomhréir le hAirteagal 16, agus a chomhlíonann sí na critéir a shonraítear in Airteagal 3 den Rialachán sin. Cuirfidh institiúidí faisnéis thrédhearcach ar fáil maidir leis na cineálacha gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bheidh á maoiniú trí iasachtú speisialaithe. I gcás ina bhféadfadh an risíocht chéanna ar iasachtú speisialaithe a bheith ábhartha maidir le dhá chuspóir chomhshaoil, leithdháilfear an risíocht ar an gceann is ábhartha.

j

Áirítear leis sin: oiriúnú

Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2020/852. Cumhdófar sna gníomhaíochtaí sin na gníomhaíochtaí sin nach gníomhaíochtaí cumasúcháin iad.

k

Áirítear leis sin: cumasúcháin

Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2020/852.

l

Áirítear leis sin: i dtreo earnálacha ábhartha tacsanomaíochta

Nochtfaidh institiúidí an ollsuim ghlanluacha mar a shainítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451.

Áireofar na hinstitiúidí suim cholún (b) agus colún (g) den teimpléad seo.

m

Áirítear leis sin: inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de

Nochtfaidh institiúidí an ollsuim ghlanluacha mar a shainítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451.

Áireoidh na hinstitiúidí suim cholún (c) agus colún (h) den teimpléad seo.

n

Áirítear leis sin: iasachtú speisialaithe

Nochtfaidh institiúidí an ollsuim ghlanluacha mar a shainítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451.

Tuigfear risíochtaí ar iasachtú speisialaithe mar a thagraítear in Airteagal 147(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Áireoidh na hinstitiúidí suim cholún (d) agus colún (i) den teimpléad seo.

o

Áirítear leis sin: idirthréimhseach/oiriúnú

Airteagal 10 agus Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2020/852.

Áireoidh na hinstitiúidí suim cholún (e) agus cholún (j) den teimpléad seo.

p

Áirítear leis sin: cumasúcháin

Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2020/852.

Áireoidh na hinstitiúidí suim cholún (f) agus cholún (k) den teimpléad seo.

Rónna

Treoracha

 

GAR – Sócmhainní cumhdaithe san uimhreoir agus san ainmneoir araon

Is éard a bheidh sna risíochtaí incháilithe na risíochtaí sin a bhaineann leis na contrapháirtithe agus na haicmí sócmhainní a chumhdaítear i raon feidhme na gceanglas maidir le nochtadh i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852.

1

Iasachtaí agus airleacain, urrúis fiachais agus ionstraimí cothromais nach bhfuil incháilithe do HfT le haghaidh GAR

Nochtfaidh institiúidí iasachtaí agus airleacain, urrúis fiachais agus ionstraimí cothromais arna n-aicmiú sa leabhar baincéireachta, nach bhfuil á sealbhú lena dtrádáil agus nach bhfuil á sealbhú lena ndíol mar a shainítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451.

2

Corparáidí airgeadais

Nochtfaidh institiúidí na risíochtaí dá dtagraítear i gCuid 1, pointe 42, pointe (c) agus pointe (d), d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451.

3

Institiúidí creidmheasa

Nochtfaidh institiúidí na risíochtaí dá dtagraítear i gCuid 1, pointe 42, litir (c), d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451.

4, 9, 13, 17, 21, 34, 40

Iasachtaí agus airleacain

Nochtfaidh institiúidí na hiasachtaí agus na hairleacain dá dtagraítear i gCuid 1, pointe 32, d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451.

5, 10, 14, 18, 22, 37, 41

Urrúis fiachais

Nochtfaidh institiúidí na hurrúis fiachais dá dtagraítear i gCuid 1, pointe 31, d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451.

6, 11, 15, 19, 23, 38, 42

Ionstraimí cothromais

Nochtfaidh institiúidí na hionstraimí cothromais dá dtagraítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451. Áirítear ar na hionstraimí cothromais sa leabhar baincéireachta infheistíochtaí i gcomhlaigh, i gcomhfhiontair agus i bhfochuideachtaí nach bhfuil comhdhlúite go hiomlán nó go comhréireach.

7

Corparáidí airgeadais eile

Nochtfaidh institiúidí na risíochtaí ar chorparáidí airgeadais eile dá dtagraítear i gCuid 1, pointe 42, litir (d), d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451.

8

Áirítear leis sin: gnólachtaí infheistíochta

Nochtfaidh institiúidí risíochtaí ar ghnólachtaí infheistíochta mar a shainítear iad in Airteagal 4 (1), mír (2), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

12

Áirítear leis sin: cuideachtaí bainistíochta

Nochtfaidh institiúidí risíochtaí ar chuideachtaí bainistíochta mar a shainítear i bpointe (19) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

16

Áirítear leis sin: gnóthais árachais

Nochtfaidh institiúidí risíochtaí ar ghnóthais árachais mar a shainítear in Airteagal 4 (1), mír (5), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

20

Corparáidí neamhairgeadais faoi réir oibleagáidí nochta NFRD

Nochtfaidh institiúidí risíochtaí ar chorparáid neamhairgeadais dá dtagraítear i gCuid 1, pointe 42, litir (e), d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451, atá faoi réir oibleagáidí nochta faoi Threoir 2014/95/AE.

28

Áirítear leis sin: iasachtaí tráchtála eastáit réadaigh

Nochtfaidh institiúidí na risíochtaí dá dtagraítear i gCuid 2, pointe 173, litir (a), agus pointe 239ix d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451.

24

Teaghlaigh

Nochtfaidh institiúidí na hiasachtaí agus na hairleacain dá dtagraítear i gCuid 1, pointe 42, litir (f), d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451.

Ní mór d’institiúidí faisnéis a bhailiú óna gcontrapháirtithe go déthaobhach tríd an bpróiseas tionscnaimh iasachta, agus tríd an bpróiseas athbhreithnithe agus faireacháin rialta creidmheasa.

25

Áirítear leis sin: iasachtaí atá comhthaobhaithe le maoin chónaithe dhochorraithe

Nochtfaidh institiúidí na hiasachtaí agus na hairleacain atá comhthaobhaithe le maoin chónaithe dhochorraithe dá dtagraítear i gCuid 2, pointe 173, litir (a), d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451.

Ní dhéanfar ailíniú na risíochtaí sin le Rialachán (AE) 2020/852 a mheasúnú ach ag leanúint cur chuige simplithe maidir leis an gcuspóir um maolú ar an athrú aeráide a bhaint amach amháin i gcomhréir leis na critéir scagtha theicniúla maidir le foirgnimh, eadhon athchóiriú agus éadáil agus úinéireacht i gcomhréir le pointí 7.2., 7.3., 7.4., 7.5, 7.6., agus 7.7. faoi seach, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139, bunaithe ar éifeachtúlacht fuinnimh na bun-chomhthaobhachta.

26

Áirítear leis sin: iasachtaí chun foirgnimh a athchóiriú

Nochtfaidh institiúidí na hiasachtaí a dheonaítear do theaghlaigh chun athchóiriú a dhéanamh ar a dteach.

Ní dhéanfar ailíniú na risíochtaí le Rialachán (AE) 2020/852 a mheasúnú ach ag leanúint cur chuige simplithe maidir leis an gcuspóir um maolú ar an athrú aeráide a bhaint amach amháin i gcomhréir leis na critéir scagtha theicniúla maidir le foirgnimh, eadhon athchóiriú agus éadáil agus úinéireacht i gcomhréir le pointí 7.2., 7.3., 7.4., 7.5, 7.6., agus 7.7. faoi seach, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139, bunaithe ar éifeachtúlacht fuinnimh na bun-chomhthaobhachta.

27

Lena n-áirítear iasachtaí mótarfheithicle

Nochtfaidh institiúidí na hiasachtaí le haghaidh mótarfheithiclí dá dtagraítear i gCuid 2, pointe 173, litir (b)(ii), d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 agus iasachtaí eile a dheonaítear chun mótarfheithicil a cheannach arna measúnú ag leanúint cur chuige simplithe chun an cuspóir um maolú ar an athrú aeráide a bhaint amach i gcomhréir leis na critéir scagtha theicniúla chun feithiclí a mhaoiniú, a ligean ar cíos, a léasú i gcomhréir le Roinn 6.5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139, bunaithe ar éifeachtúlacht fuinnimh na bunfheithicle.

28

Maoiniú ó rialtais áitiúla

Rónna 29 agus 30 a chur leis.

29

Maoiniú tithíochta

Nochtfaidh institiúidí na hiasachtaí a thabharfaidh institiúidí do rialtas áitiúil d’fhonn tithíocht phoiblí a fháil.

30

Maoiniú eile ó rialtais áitiúla

Nochtfaidh institiúidí na hiasachtaí a thabharfaidh institiúidí do rialtas áitiúil d’fhonn risíochtaí ar iasachtú speisialaithe a mhaoiniú seachas iad sin a thig as tithíocht phoiblí a fháil.

31

Comhthaobhacht arna fáil trí sheilbh a ghlacadh: maoin chónaithe agus tráchtála dhochorraithe

Nochtfaidh institiúidí an chomhthaobhacht a fhaightear trí sheilbh a ghlacadh mar a thagraítear i gCuid 2, pointe 341, d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451.

32

Iomlán na sócmhainní GAR

Beidh an ró seo cothrom le ró 1 den teimpléad seo.

 

Sócmhainní atá eisiata ón uimhreoir le haghaidh GAR a ríomh (cumhdaithe san ainmneoir)

33

Corparáidí neamhairgeadais an Aontais (nach bhfuil faoi réir oibleagáidí nochta NFRD)

Nochtfaidh institiúidí risíochtaí ar chorparáid neamhairgeadais mar a shainítear i gCuid 1, pointe 42(e), d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451, ar corparáidí iad atá lonnaithe san Aontas agus nach bhfuil faoi réir oibleagáidí nochta faoi Threoir 2014/95/AE.

37

Corparáidí neamhairgeadais neamh-AE (nach bhfuil faoi réir oibleagáidí nochta NFRD)

Nochtfaidh institiúidí na risíochtaí ar chorparáid neamhairgeadais arna sainiú i gCuid 1, pointe 42(e) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451, atá lonnaithe lasmuigh den Aontas agus nach bhfuil faoi réir oibleagáidí nochta faoi Threoir 2014/95/AE.

 

Sócmhainní atá eisiata ón uimhreoir le haghaidh GAR (cumhdaithe san ainmneoir)

41

Díorthaigh

Nochtfaidh institiúidí díorthaigh nach bhfuil á sealbhú lena dtrádáil dá dtagraítear i gCuid 1, Roinn 10, d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451.

42

Iasachtaí idirbhainc ar éileamh

Nochtfaidh institiúidí ‘Taiscí eile ar éileamh’ dá dtagraítear i gCuid 2, pointe 3, d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451.

43

Airgead agus sócmhainní a bhaineann le hairgead

Nochtfaidh institiúidí “Airgead ar láimh” dá dtagraítear i gCuid 2, pointe 1, d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451.

44

Sócmhainní eile (lena n-áirítear cáilmheas, tráchtearraí, etc.)

Nochtfaidh institiúidí sócmhainní eile i gclár comhardaithe na hinstitiúide nach bhfuil cuimsithe i rónna 41, 42 agus 43 den teimpléad seo.

45

Iomlán na sócmhainní san ainmneoir (GAR)

Beidh an ró seo cothrom le rónna 32, 33, 37 agus 41 go 44 den teimpléad seo.

 

Sócmhainní eile atá eisiata ón uimhreoir agus ón ainmneoir chun GAR a ríomh

46

Stáit cheannasacha

Nochtfaidh institiúidí rialtais ghinearálta dá dtagraítear i gCuid 1, pointe 42, d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451, gan na risíochtaí a chuimsítear i rónna 29 agus 30 den teimpléad seo a áireamh.

47

Risíochtaí ar bhanc ceannais

Nochtfaidh institiúidí risíochtaí ar bhainc cheannais.

48

Leabhar trádála

Nochtfaidh institiúidí sócmhainní airgeadais arna sealbhú lena dtrádáil nó sócmhainní airgeadais trádála mar a shainítear sna prionsabail chuntasaíochta is infheidhme.

49

Iomlán na sócmhainní a eisiatar ón uimhreoir agus ón ainmneoir

Beidh an ró seo cothrom le rónna 46, 47 agus 48 den teimpléad seo.

50

Iomlán sócmhainní

Beidh an ró seo cothrom le rónna 45 agus 49 den teimpléad seo.

Teimpléad 8 - GAR (%)

1.

Úsáidfidh na hinstitiúidí na treoracha seo a leanas chun an fhaisnéis a cheanglaítear i ‘dTeimpléad 8 - GAR (%)’, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XXXIX a ghabhann leis an Rialachán seo, a nochtadh.

2.

Bunaithe ar an bhfaisnéis atá i dteimpléad 7, nochtfaidh institiúidí sa teimpléad seo an GAR dá dtagraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178.

3.

Is é cuspóir an teimpléid seo a thaispeáint a mhéid a cháilíonn gníomhaíochtaí institiúidí mar ghníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de i gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 ionas gur féidir le páirtithe leasmhara tuiscint a fháil ar na gníomhaíochtaí atá curtha i bhfeidhm ag na hinstitiúidí chun rioscaí aistriú agus rioscaí fisiceacha an athraithe aeráide agus a mhaolú.

4.

Ceanglaítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ar institiúidí an GAR a mheas agus a nochtadh faoi dhó. Uair amháin, bunófar an nochtadh ar ailíniú le tacsanomaíocht láimhdeachais an chontrapháirtí (do chorparáidí neamhairgeadais) do na risíochtaí sin nach bhfuil sé mar chuspóir leo gníomhaíochtaí sonracha sainaitheanta a mhaoiniú (iasachtú ilchuspóireach). Bunaítear an dara nochtadh ar ailíniú CapEx le Rialachán (AE) 2020/852 an chontrapháirtí chun na risíochtaí céanna ar iasachtú ilchuspóireach. Sa teimpléad seo, ní nochtfaidh institiúidí an GAR ach uair amháin, arna bhunú ar ailíniú le láimhdeachas an chontrapháirtí do chuid an iasachtaithe ilchuspóirigh amháin.

5.

Tosóidh institiúidí ag nochtadh na faisnéise sin leis an gcéad dáta tagartha ón 31 Nollaig 2023 ar aghaidh, atá i gcomhréir leis an gcéad dáta tagartha maidir le nochtadh faisnéise ar an GAR dá dtagraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178.

Colúin

Treoracha

a

Cion na sócmhainní lena maoinítear earnálacha atá ábhartha maidir leis an tacsanomaíocht

Nochtfaidh institiúidí an cion de stoc sócmhainní lena maoinítear na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/852 i.e. sócmhainní incháilithe) i stoc iomlán na sócmhainní faoi chumhdach. Sloinnfear an mhír sin mar chéatadán.

Is é a bheidh in uimhreoir ETF ollsuim ghlanluacha na sócmhainní incháilithe lena maoinítear na hearnálacha atá ábhartha maidir leis an tacsanomaíocht dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/852 críocha maolú ar an athrú aeráide dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (b) de Theimpléad 7.

Is é a bheidh in ainmneoir ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní faoi chumhdach arna sainiú sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (a) de Theimpléad 7.

b

Áirítear leis sin: inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de

Nochtfaidh institiúidí an cion den stoc sócmhainní a mhaoiníonn gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de (i.e., sócmhainní ailínithe) i stoc na sócmhainní incháilithe. Déanfar an mhír a shloinneadh i dtéarmaí céatadáin.

Is é a bheidh in uimhreoir ETF ollsuim ghlanluacha na sócmhainní incháilithe lena maoinítear gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de chun an cuspóir um maolú ar an athrú aeráide a bhaint amach dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (c) de Theimpléad 7.

Is é a bheidh in ainmneoir ETF ollshuim ghlanluacha na risíochtaí faoi chumhdach dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (a) de Theimpléad 7.

c

Áirítear leis sin: iasachtú speisialaithe

Nochtfaidh institiúidí an cion de stoc na sócmhainní atá aicmithe mar iasachtú speisialaithe lena maoinítear gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil chun an cuspóir um maolú ar an athrú aeráide a bhaint amach i stoc na sócmhainní lena maoinítear gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Sloinnfear an mhír mar chéatadán.

Is é a bheidh in ainmneoir ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (d) de Theimpléad 7.

Is é a bheidh in ainmneoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní faoi chumhdach dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (a) de Theimpléad 7.

d

Áirítear leis sin: idirthréimhseach

Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2020/852.

Nochtfaidh institiúidí an cion de stoc na sócmhainní a bhaineann le gníomhaíochtaí idirthréimhseacha chun an cuspóir um maolú ar an athrú aeráide a bhaint amach i stoc na sócmhainní lena maoinítear gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Sloinnfear an mhír mar chéatadán.

Is é a bheidh in ainmneoir ETF ollshuim glanluacha na sócmhainní dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (e) de Theimpléad 8.

Is é a bheidh in ainmneoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní faoi chumhdach dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (a) de Theimpléad 7.

e

Áirítear leis sin: cumasúcháin

Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2020/852.

Nochtfaidh institiúidí an cion de stoc na sócmhainní a bhaineann le gníomhaíochtaí cumasúcháin chun an cuspóir um maolú ar an athrú aeráide a bhaint amach i stoc na sócmhainní lena maoinítear gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Sloinnfear an mhír mar chéatadán.

Is é a bheidh in uimhreoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (f) de Theimpléad 7.

Is é a bheidh in ainmneoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní faoi chumhdach dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (a) de Theimpléad 7.

f

Cion na sócmhainní lena maoinítear earnálacha atá ábhartha maidir leis an tacsanomaíocht

Nochtfaidh institiúidí an cion den stoc sócmhainní lena maoinítear gníomhaíochtaí a bhaineann le tacsanomaíocht (i.e. sócmhainní incháilithe) i stoc iomlán na sócmhainní faoi chumhdach. Sloinnfear an mhír mar chéatadán.

Is é a bheidh in uimhreoir an ETF ollsuim ghlanluacha na sócmhainní incháilithe lena maoinítear na hearnálacha atá ábhartha maidir leis an tacsanomaíocht chun an cuspóir um maolú ar an athrú aeráide a bhaint amach dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (g) de Theimpléad 7.

Is é a bheidh in ainmneoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní faoi chumhdach dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (a) de Theimpléad 7.

g

Áirítear leis sin: inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de

Nochtfaidh institiúidí an cion den stoc sócmhainní lena maoinítear gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de (i.e. sócmhainní ailínithe) i stoc na sócmhainní incháilithe. Sloinnfear an mhír mar chéatadán.

Is é a bheidh in uimhreoir an ETF ollsuim ghlanluacha na sócmhainní incháilithe lena maoinítear gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de chun an cuspóir um oiriúnú don athrú aeráide a bhaint amach dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (h) de Theimpléad 7.

Is é a bheidh in ainmneoir ETF ollshuim ghlanluacha na risíochtaí faoi chumhdach dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (a) de Theimpléad 7.

h

Áirítear leis sin: iasachtú speisialaithe

Nochtfaidh institiúidí an cion de stoc na sócmhainní atá aicmithe mar iasachtú speisialaithe lena maoinítear gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil chun an cuspóir um oiriúnú don athrú aeráide a bhaint amach i stoc na sócmhainní lena maoinítear gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Sloinnfear an mhír mar chéatadán.

Is é a bheidh in ainmneoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (i) de Theimpléad 7.

Is é a bheidh in ainmneoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní faoi chumhdach dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (a) de Theimpléad 7.

i

Áirítear leis sin: oiriúnú

Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2020/852.

Nochtfaidh institiúidí an cion de stoc na sócmhainní a bhaineann le gníomhaíochtaí oiriúnúcháin chun an cuspóir um oiriúnú don athrú aeráide a bhaint amach i stoc na sócmhainní lena maoinítear gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Sloinnfear an mhír mar chéatadán.

Is é a bheidh in uimhreoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (j) de Theimpléad 7.

Is é a bheidh in ainmneoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní faoi chumhdach dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (a) de Theimpléad 7.

j

Áirítear leis sin: cumasúcháin

Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2020/852.

Nochtfaidh institiúidí an cion de stoc na sócmhainní a bhaineann le gníomhaíochtaí cumasúcháin chun an cuspóir um maolú don athrú aeráide a bhaint amach i stoc na sócmhainní lena maoinítear gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Déanfar an mhír a shloinneadh i dtéarmaí céatadáin.

Is é a bheidh in uimhreoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (k) de Theimpléad 7.

Is é a bheidh in ainmneoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní faoi chumhdach dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (a) de Theimpléad 7.

k

Cion na sócmhainní lena maoinítear earnálacha atá ábhartha maidir leis an tacsanomaíocht

Nochtfaidh institiúidí an cion den stoc sócmhainní lena maoinítear gníomhaíochtaí a bhaineann leis an tacsanomaíocht (i.e. sócmhainní incháilithe) do na cuspóirí maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide a bhaint amach, i gcomparáid le stoc iomlán na sócmhainní faoi chumhdach. Sloinnfear an mhír mar chéatadán.

Is é a bheidh in uimhreoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní incháilithe lena maoinítear na hearnálacha atá ábhartha maidir leis an tacsanomaíocht dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (l) de Theimpléad 7.

Is é a bheidh in ainmneoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní faoi chumhdach dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (a) de Theimpléad 7.

l

Áirítear leis sin: inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de

Nochtfaidh institiúidí an cion den stoc sócmhainní lena maoinítear gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de do na cuspóirí um maolú ar an athrú aeráide agus um oiriúnú don athrú aeráide a bhaint amach i stoc na sócmhainní incháilithe. Sloinnfear an mhír mar chéatadán.

Is é a bheidh in uimhreoir an ETF ollsuim ghlanluacha na sócmhainní incháilithe lena maoinítear gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (m) de Theimpléad 7.

Is é a bheidh in ainmneoir ETF ollshuim ghlanluacha na risíochtaí faoi chumhdach dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (a) de Theimpléad 7.

m

Áirítear leis sin: iasachtú speisialaithe

Nochtfaidh institiúidí an cion de stoc na sócmhainní atá aicmithe mar iasachtú speisialaithe lena maoinítear gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de chun na cuspóirí um maolú ar an athrú aeráide agus um oiriúnú don athrú aeráide a bhaint amach i stoc na sócmhainní lena maoinítear gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Sloinnfear an mhír mar chéatadán.

Is é a bheidh in uimhreoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (n) de Theimpléad 7.

Is é a bheidh in ainmneoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní faoi chumhdach dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (a) de Theimpléad 7.

n

Áirítear leis sin: idirthréimhseach/oiriúnú

Airteagal 10 agus Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2020/852.

Chomhfhreagróidh an céatadán do cholún (d) agus do cholún (i).

o

Áirítear leis sin: cumasúcháin

Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2020/852.

Chomhfhreagróidh an céatadán do cholún (e) agus do cholún (j).

p

Cion iomlán na sócmhainní cumhdaithe

Nochtfaidh institiúidí an cion de na sócmhainní iomlána atá cumhdaithe faoi GAR. Déanfar an mhír a shloinneadh i dtéarmaí céatadáin.

Is é a bheidh in uimhreoir an ETF ollshuim ghlanluacha stoc na sócmhainní faoi chumhdach dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (1) de Theimpléad 7.

Is é a bheidh in ainmneoir ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní iomlána ar chlár comhardaithe na hinstitiúide dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do ró 50 de Theimpléad 7.

q

Cion na sócmhainní nua lena maoinítear earnálacha atá ábhartha maidir leis an tacsanomaíocht

Nochtfaidh institiúidí an cion de na sócmhainní nua (i.e. sócmhainní a tháinig laistigh den tréimhse nochta reatha) atá ábhartha lena maoinítear gníomhaíochtaí atá ábhartha don tacsanomaíocht (i.e. sócmhainní incháilithe) chun an cuspóir um maolú ar an athrú aeráide (i.e. sócmhainní incháilithe a tháinig laistigh den tréimhse nochta reatha) a bhaint amach in iomlán na sócmhainní nua. Déanfar sócmhainní nua a ríomh glan ar aisíocaíochtaí agus ar laghduithe eile.

Déanfar an mhír sin a shloinneadh i dtéarmaí céatadáin.

Is é a bheidh in uimhreoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní incháilithe nua lena maoinítear na hearnálacha atá ábhartha maidir leis an tacsanomaíocht dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (b) de Theimpléad 7.

Is é a bheidh in ainmneoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní nua faoi chumhdach ó na sócmhainní sin dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (a) de Theimpléad 7.

r

Áirítear leis sin: inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de

Nochtfaidh institiúidí an cion de na sócmhainní nua (i.e. sócmhainní a tháinig laistigh den tréimhse nochta reatha) lena maoinítear gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de chun an cuspóir um maolú ar an athrú aeráide (i.e. sócmhainní incháilithe a tháinig laistigh den tréimhse nochta reatha) a bhaint amach in iomlán na sócmhainní nua. Déanfar sócmhainní nua a ríomh glan ar aisíocaíochtaí agus ar laghduithe eile.

Sloinnfear an mhír mar chéatadán.

Is é a bheidh in uimhreoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní incháilithe nua dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (c) de Theimpléad 7.

Is é a bheidh in ainmneoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní nua faoi chumhdach ó na sócmhainní sin dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (a) de Theimpléad 7.

s

Áirítear leis sin: iasachtú speisialaithe

Nochtfaidh institiúidí an cion de na sócmhainní nua (i.e. sócmhainní a tháinig laistigh den tréimhse nochta reatha) arna gcatagóiriú mar iasachtú sainchuspóireach lena maoinítear gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de chun an cuspóir um maolú ar an athrú aeráide a bhaint amach in iomlán na sócmhainní incháilithe nua (i.e. sócmhainní incháilithe a tháinig laistigh den tréimhse nochta reatha) lena maoinítear gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Déanfar sócmhainní incháilithe nua a ríomh glan ar aisíocaíochtaí agus ar laghduithe eile.

Sloinnfear an mhír mar chéatadán.

Is é a bheidh in uimhreoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní incháilithe nua dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (d) de Theimpléad 8.

Is é a bheidh in ainmneoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní nua faoi chumhdach ó na sócmhainní sin dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (a) de Theimpléad 7.

t

Áirítear leis sin: idirthréimhseach

Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2020/852.

Nochtfaidh institiúidí an cion de na sócmhainní nua (i.e. sócmhainní a tháinig laistigh den tréimhse nochta reatha) a bhaineann le gníomhaíochtaí idirthréimhseacha chun an cuspóir um maolú ar an athrú aeráide a bhaint amach in iomlán na sócmhainní incháilithe nua (i.e. sócmhainní a tháinig laistigh den tréimhse nochta reatha) lena maoinítear gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Déanfar sócmhainní incháilithe nua a ríomh glan ar aisíocaíochtaí agus ar laghduithe eile.

Sloinnfear an mhír mar chéatadán.

Is é a bheidh in uimhreoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní incháilithe nua dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (e) de Theimpléad 8.

Is é a bheidh in ainmneoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní nua faoi chumhdach ó na sócmhainní sin dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (a) de Theimpléad 7.

u

Áirítear leis sin: cumasúcháin

Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2020/852.

Nochtfaidh institiúidí an cion de na sócmhainní nua (i.e. sócmhainní a tháinig laistigh den tréimhse nochta reatha) a bhaineann le gníomhaíochtaí cumasúcháin chun an cuspóir um maolú ar an athrú aeráide bhaint amach in iomlán na sócmhainní incháilithe nua (i.e. sócmhainní a tháinig laistigh den tréimhse nochta reatha) lena maoinítear gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Déanfar sócmhainní incháilithe nua a ríomh glan ar aisíocaíochtaí agus ar laghduithe eile.

Sloinnfear an mhír mar chéatadán.

Is é a bheidh in ainmneoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní incháilithe nua dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (f) de Theimpléad 8.

Is é a bheidh in ainmneoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní nua faoi chumhdach ó na sócmhainní sin dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (a) de Theimpléad 7.

v

Cion na sócmhainní nua lena maoinítear earnálacha atá ábhartha maidir leis an tacsanomaíocht

Nochtfaidh institiúidí an cion de na sócmhainní nua (i.e. sócmhainní a tháinig laistigh den tréimhse nochta reatha) lena maoinítear gníomhaíochtaí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2020/852 chun an cuspóir um oiriúnú don athrú aeráide a bhaint amach in iomlán na sócmhainní nua (i.e. sócmhainní incháilithe a tháinig laistigh den tréimhse nochta reatha). Déanfar sócmhainní nua a ríomh glan ar aisíocaíochtaí agus ar laghduithe eile.

Sloinnfear an mhír sin mar chéatadán.

Is é a bheidh in uimhreoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní incháilithe nua lena maoinítear na hearnálacha atá ábhartha maidir leis an tacsanomaíocht dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (g) de Theimpléad 7.

Is é a bheidh in ainmneoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní nua faoi chumhdach ó na sócmhainní sin dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (a) de Theimpléad 7.

w

Áirítear leis sin: inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de

Nochtfaidh institiúidí an cion de na sócmhainní nua (i.e. sócmhainní a tháinig laistigh den tréimhse nochta reatha) lena maoinítear gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de chun an cuspóir um don oiriúnú athrú aeráide (i.e. sócmhainní incháilithe a tháinig laistigh den tréimhse nochta reatha) a bhaint amach in iomlán na sócmhainní nua. Déanfar sócmhainní nua a ríomh glan ar aisíocaíochtaí agus ar laghduithe eile.

Déanfar an mhír sin a shloinneadh i dtéarmaí céatadáin.

Is é a bheidh in uimhreoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní incháilithe nua dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (h) de Theimpléad 7.

Is é a bheidh in ainmneoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní nua faoi chumhdach ó na sócmhainní sin dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (a) de Theimpléad 7.

x

Áirítear leis sin: iasachtú speisialaithe

Nochtfaidh institiúidí an cion de na sócmhainní nua (i.e. sócmhainní a tháinig laistigh den tréimhse nochta reatha) arna gcatagóiriú mar iasachtú sainchuspóireach lena maoinítear gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de chun an cuspóir um maolú don athrú aeráide a bhaint amach in iomlán na sócmhainní incháilithe nua (i.e. sócmhainní a tháinig laistigh den tréimhse nochta reatha) lena maoinítear gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Déanfar sócmhainní incháilithe nua a ríomh glan ar aisíocaíochtaí agus ar laghduithe eile.

Sloinnfear an mhír sin mar chéatadán.

Is é a bheidh in uimhreoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní incháilithe nua dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (i) de Theimpléad 7.

Is é a bheidh in ainmneoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní nua faoi chumhdach ó na sócmhainní sin dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (a) de Theimpléad 7.

y

Áirítear leis sin: oiriúnú

Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2020/852.

Nochtfaidh institiúidí an cion de na sócmhainní nua (i.e. sócmhainní a tháinig laistigh den tréimhse nochta reatha) a bhaineann le gníomhaíochtaí idirthréimhseacha chun an cuspóir um oiriúnú don athrú aeráide a bhaint amach in iomlán na sócmhainní nua (i.e. sócmhainní a tháinig laistigh den tréimhse nochta reatha) lena maoinítear gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Déanfar sócmhainní incháilithe nua a ríomh glan ar aisíocaíochtaí agus ar laghduithe eile.

Déanfar an mhír sin a shloinneadh i dtéarmaí céatadáin.

Is é a bheidh in uimhreoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní incháilithe nua dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (j) de Theimpléad 7.

Is é a bheidh in ainmneoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní nua faoi chumhdach ó na sócmhainní sin dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (a) de Theimpléad 7.

z

Áirítear leis sin: cumasúcháin

Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2020/852.

Nochtfaidh institiúidí an cion de na sócmhainní nua (i.e. sócmhainní a tháinig laistigh den tréimhse nochta reatha) a bhaineann le gníomhaíochtaí cumasúcháin chun an cuspóir um oiriúnú don athrú aeráide a bhaint amach in iomlán na sócmhainní incháilithe nua (i.e. sócmhainní a tháinig laistigh den tréimhse nochta reatha) lena maoinítear gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Déanfar sócmhainní incháilithe nua a ríomh glan ar aisíocaíochtaí agus ar laghduithe eile.

Déanfar an mhír sin a shloinneadh i dtéarmaí céatadáin.

Is é a bheidh in uimhreoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní incháilithe nua dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (k) de Theimpléad 7.

Is é a bheidh in ainmneoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní nua faoi chumhdach ó na sócmhainní sin dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (a) de Theimpléad 7.

aa

Cion na sócmhainní lena maoinítear earnálacha atá ábhartha maidir leis an tacsanomaíocht

Nochtfaidh institiúidí an cion de na sócmhainní nua (i.e. sócmhainní a tháinig laistigh den tréimhse nochta reatha) lena maoinítear gníomhaíochtaí a chumhdaítear faoi na cuspóirí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2020/852 chun an cuspóir um maolú ar an athrú aeráide agus um oiriúnú don athrú aeráide (i.e. sócmhainní incháilithe a tháinig laistigh den tréimhse nochta reatha) a bhaint amach in iomlán na sócmhainní nua. Déanfar sócmhainní nua a ríomh glan ar aisíocaíochtaí agus ar laghduithe eile.

Déanfar an mhír sin a shloinneadh i dtéarmaí céatadáin.

Is é a bheidh in uimhreoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní incháilithe nua lena maoinítear na hearnálacha atá ábhartha maidir leis an tacsanomaíocht dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (l) de Theimpléad 7.

Is é a bheidh in ainmneoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní nua faoi chumhdach ó na sócmhainní sin dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (a) de Theimpléad 7.

ab

Áirítear leis sin: inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de

Nochtfaidh institiúidí an cion de na sócmhainní nua (i.e. sócmhainní a tháinig laistigh den tréimhse nochta reatha) lena maoinítear gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de chun an cuspóir um maolú ar an athrú aeráide agus um don oiriúnú athrú aeráide (i.e. sócmhainní incháilithe a tháinig laistigh den tréimhse nochta reatha) a bhaint amach in iomlán na sócmhainní nua. Déanfar sócmhainní nua a ríomh glan ar aisíocaíochtaí agus ar laghduithe eile.

Déanfar an mhír sin a shloinneadh i dtéarmaí céatadáin.

Is é a bheidh in uimhreoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní incháilithe nua dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (m) de Theimpléad 7.

Is é a bheidh in ainmneoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní nua faoi chumhdach ó na sócmhainní sin dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (a) de Theimpléad 7.

ac

Áirítear leis sin: iasachtú speisialaithe

Nochtfaidh institiúidí an cion de na sócmhainní nua (i.e. sócmhainní a tháinig laistigh den tréimhse nochta reatha) arna gcatagóiriú mar iasachtú sainchuspóireach lena maoinítear gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de chun na cuspóirí um maolú don athrú aeráide agus um oiriúnú don athrú aeráide (i.e. sócmhainní a tháinig laistigh den tréimhse nochta reatha) a bhaint amach in iomlán na sócmhainní nua lena maoinítear gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Déanfar sócmhainní nua a ríomh glan ar aisíocaíochtaí agus ar laghduithe eile.

Déanfar an mhír sin a shloinneadh i dtéarmaí céatadáin.

Is é a bheidh in uimhreoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní incháilithe nua dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (n) de Theimpléad 7.

Is é a bheidh in ainmneoir an ETF ollshuim ghlanluacha na sócmhainní nua faoi chumhdach ó na sócmhainní sin dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do cholún (a) de Theimpléad 7.

ad

Áirítear leis sin: idirthréimhseach/oiriúnú

Airteagal 10 agus Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2020/852.

Chomhfhreagróidh an céatadán do cholún (t) agus do cholún (y).

ae

Áirítear leis sin: cumasúcháin

Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2020/852.

Chomhfhreagróidh an céatadán do cholún (u) agus do cholún (z).

af

Cion d’iomlán na sócmhainní nua faoi chumhdach

Nochtfaidh institiúidí an cion de na sócmhainní iomlána nua atá cumhdaithe faoi GAR. Déanfar sócmhainní nua a ríomh glan ar aisíocaíochtaí agus ar laghduithe eile.

Sloinnfear an mhír mar chéatadán.

Is é a bheidh in uimhreoir an ETF an difríocht idir ollsuim ghlanluacha na sócmhainní faoi chumhdach, dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do ró 1 de Theimpléad 7, idir an tréimhse nochta reatha (t) agus an tréimhse nochta roimhe sin (t-1).

Is é a bheidh in ainmneoir an ETF an difríocht in ollsuim ghlanluacha iomlán na sócmhainní nua, dá dtagraítear sna treoracha a chomhfhreagraíonn do ró 53 de Theimpléad 7, idir an tréimhse reatha nochta (t) agus an tréimhse nochta roimhe sin (t-1).

Rónna

Treoracha

1

GAR dá dtagraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178.

2

Iasachtaí agus airleacain, urrúis fiachais ionstraimí cothromais nach bhfuil incháilithe do HfT le haghaidh ríomh GAR

% GAR maidir le risíochtaí i ró 1 de Theimpléad 7.

3

Corparáidí airgeadais

% GAR maidir le risíochtaí i ró 2 de Theimpléad 7.

4

Institiúidí creidmheasa

% GAR maidir le risíochtaí i ró 3 de Theimpléad 7.

5

Corparáidí airgeadais eile

% GAR maidir le risíochtaí i ró 7 de Theimpléad 7.

6

Áirítear leis sin: gnólachtaí infheistíochta

% GAR maidir le risíochtaí i ró 8 de Theimpléad 7.

7

Áirítear leis sin: cuideachtaí bainistíochta

% GAR maidir le risíochtaí i ró 12 de Theimpléad 7.

8

Áirítear leis sin: gnóthais árachais

% GAR maidir le risíochtaí i ró 16 de Theimpléad 7.

9

NFCanna faoi réir oibleagáidí nochta NFRD

% GAR maidir le risíochtaí i ró 20 de Theimpléad 7.

10

Teaghlaigh

% GAR maidir le risíochtaí i ró 24 de Theimpléad 7.

11

Lena n-áirítear iasachtaí atá comhthaobhaithe le maoin chónaithe dhochorraithe

% GAR maidir le risíochtaí i ró 25 de Theimpléad 7.

12

Lena n-áirítear iasachtaí athchóirithe foirgneamh

% GAR maidir le risíochtaí i ró 26 de Theimpléad 7.

13

Lena n-áirítear iasachtaí mótarfheithicle

% GAR maidir le risíochtaí i ró 27 de Theimpléad 7.

14

Maoiniú ón rialtas áitiúil

% GAR maidir le risíochtaí i ró 28 de Theimpléad 7.

15

Maoiniú tithíochta

% GAR maidir le risíochtaí i ró 29 de Theimpléad 7.

16

Maoiniú eile ó rialtais áitiúla

% GAR maidir le risíochtaí i ró 30 de Theimpléad 7.

17

Comhthaobhacht arna fáil trí sheilbh a ghlacadh: maoin chónaithe agus tráchtála dhochorraithe

% GAR maidir le risíochtaí i ró 31 de Theimpléad 7.

Teimpléad 9 - Gníomhaíochtaí um maolú: BTAR

1.

Foráiltear le hAirteagal 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2178 go ndéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin sin faoin 30 Meitheamh 2024. Déanfaidh an Coimisiún measúnú go háirithe ar an ngá atá le haon leasú breise maidir leis an méid a leanas a áireamh:

(a)

risíochtaí ar rialtais láir agus bainc cheannais in uimhreoir agus ainmneoir eochairtháscairí feidhmíochta na ngnóthas airgeadais;

(b)

risíochtaí ar ghnóthais nach bhfoilsíonn ráiteas neamhairgeadais de bhun Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE in uimhreoir agus ainmneoir eochairtháscairí feidhmíochta na ngnóthas airgeadais.

2.

Féadfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas a chur sa teimpléad seo. I gcás na gcontrapháirtithe sin ar corparáidí neamhairgeadais iad agus nach bhfuil oibleagáidí maidir le nochtadh orthu, féadfaidh institiúidí, ar bhonn iarracht réasúnta agus bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil agus bailithe cheana féin ar bhonn deonach agus déthaobhach óna gcontrapháirtithe nó a ríomhtar trí úsáid a bhaint as meastacháin, faisnéis bhreisithe maidir le hincháilitheacht tacsanomaíochta agus ailíniú le tacsanomaíochta dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/852 maidir leis na cuspóirí comhshaoil um maolú ar an athrú aeráide agus um oiriúnú don athrú aeráide a bhaint amach, dá dtagraítear in Airteagal 9, pointe (a) agus pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/852, i dtaca leis na risíochtaí sin ar chorparáidí neamhairgeadais Eorpacha nach bhfuil faoi réir na n-oibleagáidí maidir le nochtadh a leagtar síos i dTreoir 2013/34/AE agus corparáidí neamhairgeadais neamh-Eorpacha nach bhfuil faoi réir na n-oibleagáidí maidir le nochtadh a leagtar síos i dTreoir 2013/34/AE. Ní fhéadfar an fhaisnéis sin a nochtadh ach uair amháin, bunaithe ar ailíniú le láimhdeachas na gcontrapháirtithe le haghaidh na n-iasachtaí um iasachtú ilchuspóireach, amhail i gcás GAR.

Is é ón 31 Nollaig 2024 ar aghaidh an chéad dáta tagartha um nochtadh maidir leis an teimpléad seo. Ní cheanglaítear ar institiúidí an fhaisnéis sin a nochtadh roimh an 1 Eanáir 2025.

Teimpléad 9.1 - Gníomhaíochtaí um maolú: Sócmhainní chun BTAR a ríomh

1.

Féadfaidh institiúidí ollsuim ghlanluacha na sócmhainní atá ábhartha chun an BTAR a ríomh a nochtadh sa teimpléad seo. Ní bheidh feidhm ag an teimpléad seo ach amháin maidir le contrapháirtithe nach bhfuil faoi réir oibleagáidí maidir le nochtadh.

1

IOMLÁN NA SÓCMHAINNÍ GAR

Mar a nochtadh i ró 32 de theimpléad 7.

2

Corparáidí neamhairgeadais an Aontais (nach bhfuil faoi réir oibleagáidí nochta NFRD)

Nochtfaidh institiúidí na risíochtaí ar chorparáid neamhairgeadais arna sainiú i gCuid 1, pointe 42(e) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451, atá lonnaithe san Aontas agus nach bhfuil faoi réir oibleagáidí maidir le nochtadh faoi Threoir 2013/34/AE.

I gcás nach bhfuil an contrapháirtí faoi réir nochtadh faoi Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852, chun céatadán na risíochtaí arna n-ailíniú le tacsanomaíocht dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/852 a ríomh, féadfaidh institiúidí, ar bhonn iarracht réasúnta, faisnéis a bhailiú óna gcontrapháirtithe ar bhonn deonach agus déthaobhach trí thionscnamh na hiasachta, agus tríd an bpróiseas athbhreithnithe agus faireacháin rialta creidmheasa. Ní bhainfidh institiúidí creidmheasa úsáid as meastacháin agus athróga ionadacha inmheánacha, ach amháin sa chás nach bhfuil an contrapháirtí ábalta nó toilteanach na sonraí ábhartha a sholáthar, agus míneoidh sé san insint a ghabhann leis an teimpléad a mhéid a úsáidtear na meastachán sin agus an cineál meastachán a cuireadh i bhfeidhm. I gcás nach mbeidh institiúidí ábalta faisnéis ábhartha a bhailiú ar bhonn deonach agus déthaobhach nó faisnéis ábhartha a mheas, nó i gcás nach mbeidh institiúidí ábalta í a bhailiú ar bhealach réasúnta nach mbeidh ródhian orthu féin ná ar a gcontrapháirtithe, míneoidh siad é sin san insint a ghabhann leis an teimpléad, agus míneoidh siad na cúiseanna leis sin agus na contrapháirtithe a mbeidh tionchar acu orthu.

I gcás nochtadh a bhaineann le corparáidí nach bhfuil faoi réir oibleagáidí maidir le nochtadh faoi Threoir 2013/34/AE, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), agus measúnú á dhéanamh ar iasachtú/maoiniú ilchuspóireach le húsáid fáltas nach bhfuil ar eolas, leanfaidh institiúidí cur chuige simplithe agus díreoidh siad a measúnú ar phríomhghníomhaíocht eacnamaíoch na corparáide, is é sin, ar a bpríomhfhoinse láimhdeachais, chun ailíniú foriomlán na risíochtaí le Rialachán (AE) 2020/852 a chinneadh. I gcás iasachtú speisialaithe, beidh an measúnú bunaithe ar a mhéid a cháilíonn an tionscadal sonrach arna mhaoiniú mar thionscadal a chuireann go mór le maolú an athraithe aeráide nó le hoiriúnú don athrú sin (faisnéis atá sonrach don tionscadal).

4

Áirítear leis sin: iasachtaí atá comhthaobhaithe le maoin tráchtála dhochorraithe

Na risíochtaí dá dtagraítear i gCuid 2, pointe 173, litir (a), agus pointe 239ix d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451.

Ní dhéanfar ailíniú le tacsanomaíocht dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/852 maidir leis na risíochtaí sin a mheasúnú ach ag leanúint cur chuige simplithe maidir leis an gcuspóir um maolú ar an athrú aeráide a bhaint amach amháin i gcomhréir leis na critéir scagtha theicniúla maidir le foirgnimh, eadhon athchóiriú agus éadáil agus úinéireacht i gcomhréir le pointí 7.2., 7.3., 7.4., 7.5, 7.6., agus 7.7. faoi seach, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139, bunaithe ar éifeachtúlacht fuinnimh na bun-chomhthaobhachta.

5

Áirítear leis sin: iasachtaí chun foirgnimh a athchóiriú

Iasachtaí a dheonaítear do FBManna agus do chorparáidí neamhairgeadais eile nach bhfuil faoi réir oibleagáidí maidir le nochtadh faoi Threoir 2014/95/AE chun athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgneamh.

Ní dhéanfar ailíniú le tacsanomaíocht dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/852 maidir leis na risíochtaí sin a mheasúnú ach ag leanúint cur chuige simplithe maidir leis an gcuspóir um maolú ar an athrú aeráide a bhaint amach amháin i gcomhréir leis na critéir scagtha theicniúla maidir le foirgnimh, eadhon athchóiriú agus éadáil agus úinéireacht i gcomhréir le pointí 7.2., 7.3., 7.4., 7.5, 7.6., agus 7.7. faoi seach, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139, bunaithe ar éifeachtúlacht fuinnimh na bun-chomhthaobhachta.

8

Corparáidí neamhairgeadais neamh-AE (nach bhfuil faoi réir oibleagáidí nochta NFRD)

Risíochtaí ar chorparáid neamhairgeadais dá dtagraítear i gCuid 1, pointe 42, litir (e) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451, atá lonnaithe lasmuigh den Aontas agus nach bhfuil faoi réir oibleagáidí nochta faoi Threoir 2014/95/AE.

I gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin á soláthar ag institiúidí ina nochtaí faoi Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852 i gcomhréir le hAirteagal 7(7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178, nochtfaidh siad an fhaisnéis chéanna anseo. Seachas sin, baileoidh institiúidí faisnéis óna gcontrapháirtithe ar bhonn déthaobhach trí thionscnamh na hiasachta, agus tríd an bpróiseas athbhreithnithe agus faireacháin rialta creidmheasa, nó úsáidfidh siad na athróga ionadacha seo a leanas chun faisnéis a nochtadh faoi risíochtaí neamh-AE ar an mbonn na hiarrachta is fearr:

(a)

a gcuid samhlacha féin agus aicmiú na risíochtaí de réir na samhlacha sin; sa chás sin, míneoidh institiúidí príomhghnéithe na samhlacha atá curtha i bhfeidhm;

(b)

i gcás ina bhfuil siad ar fáil, nochtaí poiblí contrapháirtithe bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta (lena n-áirítear TCFD); sa chás sin, míneoidh na hinstitiúidí an cineál faisnéise atá ar fáil agus na caighdeáin atá curtha i bhfeidhm;

(c)

sonraí eile atá ar fáil don phobal.

Míneoidh na hinstitiúidí san insint a ghabhann leis an teimpléad seo na foinsí a úsáidtear chun an fhaisnéis sin a nochtadh. I gcás nach mbeidh institiúidí ábalta faisnéis ábhartha a bhailiú ar bhonn déthaobhach nó faisnéis ábhartha a mheas, nó i gcás nach mbeidh institiúidí ábalta í a bhailiú ar bhealach réasúnta nach mbeidh ródhian orthu féin ná ar a gcontrapháirtithe, míneoidh siad é sin san insint a ghabhann leis an teimpléad, agus míneoidh siad na cúiseanna leis sin agus na contrapháirtithe a mbeidh tionchar acu orthu.

Maidir leis an gcineál contrapháirtithe sin, agus measúnú á dhéanamh ar iasachtú/maoiniú ilchuspóireach le húsáid fáltas nach bhfuil ar eolas, leanfaidh institiúidí cur chuige simplithe agus díreoidh siad a measúnú ar phríomhghníomhaíocht eacnamaíoch na corparáide, is é sin, ar a bpríomhfhoinse láimhdeachais, chun ailíniú foriomlán na risíochtaí le Rialachán (AE) 2020/852 a chinneadh. I gcás iasachtú speisialaithe, beidh an measúnú bunaithe ar an méid agus ar an gcion dá gcáilíonn an tionscadal maoinithe ar leith mar thionscadal a chuireann go mór leis an maolú ar an athrú aeráide nó leis an oiriúnú don athrú aeráide (faisnéis atá sonrach don tionscadal), agus maidir le punann an eastáit réadaigh déanfar an measúnú ar mhaithe leis an gcuspóir um maolú ar an athrú aeráide a bhaint amach bunaithe ar éifeachtúlacht fuinnimh na bun-chomhthaobhachta agus a n-ailíniú le critéir a shonraítear do na gníomhaíochtaí ábhartha i Rialachán (AE) 2020/852.

Ró 12

IOMLÁN SÓCMHAINNÍ BTAR

Suim na rónna 1, 2 agus 8

Rónna 13 go 19

Féach na sainmhínithe i dteimpléad 7 (rónna 41 go 50)

Teimpléad 9.2 - % BTAR

Féadfaidh institiúidí an céatadán de shócmhainní BTAR arna nochtadh i dteimpléad 1 a nochtadh sa teimpléad seo i gcomparáid leis na sócmhainní iomlána in ainmneoir an BTAR arna nochtadh i ró 17 de theimpléad 9.1.

Teimpléad 9.3 - % BTAR

Cuimsítear sa teimpléad seo achoimre ar ETF an BTAR, miondealú de réir chuspóir an chomhshaoil um athrú aeráide, agus an t-iomlán, agus leis an miondealú maidir le stoc agus sreabhadh.

Teimpléad 10 – Gníomhaíochtaí eile maidir leis an athrú aeráide a mhaolú nach gcumhdaítear i Rialachán (AE) 2020/852

1.

Cumhdaítear sa teimpléad seo gníomhaíochtaí eile um maolú ar an athrú aeráide agus clúdaítear ann risíochtaí na n-institiúidí nach bhfuil ailínithe le tacsanomaíocht dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/852 de réir theimpléid 7 agus 8 ach a thacaíonn fós le contrapháirtithe sa phróiseas aistrithe agus oiriúnaithe maidir leis na cuspóirí um maolú ar an athrú aeráide agus um oiriúnú don athrú aeráide a bhaint amach. Áireofar leis na gníomhaíochtaí agus gníomhaíochtaí um maolú sin bannaí agus iasachtaí a eisítear faoi chaighdeáin seachas caighdeáin an Aontais, lena n-áirítear bannaí glasa; bannaí inbhuanaithe atá nasctha le gnéithe maidir leis an athrú aeráide; bannaí atá nasctha leis an inbhuanaitheacht agus atá nasctha le gnéithe maidir leis an athrú aeráide; iasachtaí glasa; iasachtaí atá nasctha leis an inbhuanaitheacht agus atá nasctha le gnéithe maidir leis an athrú aeráide; iasachtaí atá nasctha leis an inbhuanaitheacht agus atá nasctha le gnéithe maidir leis an athrú aeráide.

2.

Cuimseoidh institiúidí san insint a ghabhann leis an teimpléad seo mínithe mionsonraithe ar chineál na ngníomhaíochtaí um maolú a léirítear sa teimpléad seo, lena n-áirítear faisnéis faoin na cineálacha rioscaí a bhfuil sé mar aidhm acu iad a mhaolú, cuspóirí maidir leis an athrú aeráide a dtacaíonn siad leo agus faisnéis faoi na contrapháirtithe gaolmhara agus uainiú na ngníomhaíochtaí. Míneoidh siad freisin an fáth nach bhfuil na risíochtaí sin ag teacht go hiomlán leis na critéir a leagtar síos i Rialachán (AE) 2020/852, agus nach bhfuil siad inbhuanaithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/852 ach go gcuireann siad fós le riosca aistrithe agus riosca fisiceach an athraithe aeráide a mhaolú, chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha eile a d’fhéadfadh cuidiú le creat bainistithe riosca na hinstitiúide a thuiscint.

3.

Tosóidh institiúidí ag nochtadh na faisnéise a áirítear sna teimpléid agus is é ón 31 Nollaig 2022 ar aghaidh an chéad dáta tagartha um nochtadh.

Colúin

Treoracha

a

Cineál na hionstraime airgeadais

Nochtfaidh institiúidí cineál na hionstraime airgeadais dá dtagraítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451.

b

Cineál contrapháirtí

Nochtfaidh institiúidí an cineál contrapháirtí dá dtagraítear i gCuid 1, pointe 42, d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451.

c

Ollsuim ghlanluacha (milliún EUR)

Nochtfaidh institiúidí an ollsuim ghlanluacha dá dtagraítear i gCuid 1, pointe 34, d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451.

d

Cineál riosca arna mhaolú (riosca aistrithe an athraithe aeráide)

Nochtfaidh institiúidí an cineál riosca arna mhaolú leis an ngníomhaíocht sin: riosca aistrithe an athraithe aeráide.

e

An cineál riosca arna mhaolú (riosca fisiceach an athraithe aeráide)

Nochtfaidh institiúidí an cineál riosca arna mhaolú leis an ngníomhaíocht sin: riosca fisiceach an athraithe aeráide.

f

Faisnéis cháilíochtúil faoi chineál na ngníomhaíochtaí maolaithe

Tabharfaidh institiúidí tuairisc ar chineál na ngníomhaíochtaí maolaithe a chuireann leis an maolú ar an athrú aeráide dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2020/852 agus leis an oiriúnú don athrú aeráide dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán sin, agus ar na cúiseanna a meastar nach bhfuil na risíochtaí ailínithe le tacsanomaíocht chun críocha an GAR.


(*1)   IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(*2)  COM/2019/640 final.

(*3)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara de chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(*4)  Treoir 2014/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 lena leasaítear Treoir 2013/34/AE a mhéid a bhaineann le faisnéis neamhairgeadais agus faisnéis éagsúlachta a bheith á nochtadh ag gnóthais agus grúpaí móra áirithe (IO L 330, 15.11.2014, lch. 1).

(*5)  C/2019/4490 (IO C 209, 20.6.2019, lch. 1).

(*6)  Moltaí ón Tascfhórsa um Nochtaí Airgeadais a bhaineann leis an Aeráid, https://www.fsb-tcfd.org/recommendations.

(*7)  An Tionscnamh Airgeadais um Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP FI), https://www.unepfi.org.;

(*8)  Caighdeáin Tuairiscithe Inbhuanaitheachta an Tionscnaimh Dhomhanda um Thuairisciú„ https://www.globalreporting.org/standards.;

(*9)  Prionsabail na Náisiún Aontaithe um Infheistíocht Fhreagrach (UNPRI), https://www.unpri.org.;

(*10)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(*11)  Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear an t-aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha san Aontas Eorpach NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le réimsí sonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).

(*12)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le híoschaighdeáin i gcomhair Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras (IO L 406, 3.12.2020, lch. 17).

(*13)  Treoir 86/635/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1986 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile (IO L 372, 31.12.1986, lch. 1).

(*14)  https://carbonaccountingfinancials.com/standard.

(*15)  https://www.cdp.net/en.

(*16)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

(*17)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).

(*18)  An Cás um Ghlanastaíochtaí Nialasacha faoi 2050 (NZE) – IEA (2021), Samhail Fuinnimh an Domhain, IEA, Páras https://www.iea.org/reports/world-energy-model/sustainable-development-scenario

(*19)  Is féidir tuarascáil 2021 a fháil faoin nasc seo.

(*20)  Le haghaidh tuilleadh samplaí, féach tuarascáil UNEP FI agus Acclimatise: “Chartering New Climate. State-of-the-art tools and data for banks to assess credit risks and opportunities from physical climate change impacts”, Meán Fómhair 2020, https://www.unepfi.org/publications/banking-publications/charting-a-new-climate/ Soláthraítear sa tuarascáil faisnéis mhionsonraithe maidir le tréimhsí ama a chumhdaítear, úsáid as cásanna amach anseo, réiteach agus clúdach spásúil, formáid na n-aschur atá le fáil ó thacair sonraí áirithe chomh maith le ceadúnú agus costas (tabhair faoi deara go dtairgeann formhór na dtairseach agus na mbunachar sonraí rochtain saor in aisce). Ina theannta sin, déantar mionléiriú sa tuarascáil ar theicnící éagsúla measúnaithe agus tomhais na rioscaí fisiceacha, amhail mapáil teasa, anailís chomhghaoil, uirlisí tiomnaithe agus anailísíocht.

(*21)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí ábhar agus cur i láthair na faisnéise atá le nochtadh ag gnóthais faoi réir Airteagail 19a agus Airteagal 29a de Threoir 2013/34/AE a bhaineann le gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a shonrú, agus lena sonraítear an mhodheolaíocht chun an oibleagáid nochta sin a chomhlíonadh (IO L 443, 10.12.2021, lch. 9).

(*22)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile (IO L 442, 9.12.2021, lch. 1).