12.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 318/13


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2429 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Nollaig 2022

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/1509 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1509 an 30 Lúnasa 2017 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 329/2007 (1), agus go háirithe Airteagal 47 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 30 Lúnasa 2017, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2017/1509.

(2)

Sna conclúidí uaithi an 17 Iúil 2017, chuir an Chomhairle in iúl go ndéanfadh an tAontas machnamh ar fhreagairtí iomchuí breise ar ghníomhaíochtaí ó Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPDC) a bhaineann an bonn den chóras domhanda maidir le neamhleathadh agus dí-armáil, go háirithe trí bhearta sriantacha uathrialacha breise.

(3)

An 22 Nollaig 2017, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA) Rún 2397 (2017) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, inar athdhearbhaigh sí an méid seo a leanas maidir le DPDC: nach ndéanfaidh sé aon lainseálacha eile lena n-úsáidtear teicneolaíocht diúracán balaistíoch, tástálacha núicléacha, ná aon bhriogadh eile; go bhfuil sé leis na gníomhaíochtaí uile a bhaineann lena chlár diúracán balaistíoch a chur ar fionraí láithreach agus sa chomhthéacs sin na gealltanais a thug sé cheana féin maidir le moratóir ar gach lainseáil diúracán a athbhunú; go bhfuil sé le gach arm núicléach agus gach clár núicléach atá ann cheana a thréigean láithreach ar bhealach iomlán, infhíoraithe agus dochúlaithe, agus go bhfuil sé le scor láithreach de na gníomhaíochtaí gaolmhara go léir; agus go bhfuil sé le haon airm ollscriosta eile atá ann cheana agus aon chláir diúracán balaistíoch atá ann cheana a thréigean ar bhealach iomlán, infhíoraithe agus dochúlaithe.

(4)

Idir an 5 Eanáir agus an 18 Samhain 2022, lainseáil DPDC 63 dhiúracán bhalaistíocha ar a laghad, lena n-áirítear an iliomad diúracán bhalaistíoch idir-ilchríochach.

(5)

An 5 Samhain 2022, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) ráiteas thar ceann an Aontais inar cáineadh an méadú suntasach ar lainseáil diúracán neamhdhleathach ag DPDC, lena n-áirítear diúracán balaistíoch idir-ilchríochach agus diúracán balaistíoch gearr-raoin a tháinig i dtír ó dheas de Líne Teorann an Tuaiscirt. Dúirt an tArdionadaí gur géarú contúirteach iad na gníomhaíochtaí sin i sáruithe DPDC ar rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus gur léiriú scáfar iad ar rún DPDC leanúint de bheith ag baint an bhoinn den chóras domhanda maidir le neamhleathadh, ar bagairt thromchúiseach é do na náisiúin uile agus a bhaineann an bonn den tsíocháin agus den tslándáil idirnáisiúnta agus réigiúnach. Dúirt an tArdionadaí freisin go n-éilítear leis na gníomhaíochtaí sin freagairt dhaingean ó CSNA agus d’iarr sé go gcuirfí smachtbhannaí chun feidhme ina n-iomláine chun cosc a chur ar DPDC maoiniú, eolas agus ábhair a sholáthar chun tacú lena clár arm neamhdhleathach. An 19 Samhain 2022, d’eisigh an tArdionadaí ráiteas eile thar ceann an Aontais, inar cháin sé gur lainseáil DPDC diúracán balaistíoch idir-ilchríochach a tháinig i dtír i limistéar eacnamaíoch eisiach na Seapáine an 18 Samhain agus inar iarradh arís ar DPDC a chuid oibleagáidí faoi na Rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chomhlíonadh. D’athdhearbhaigh an tArdionadaí freisin an gá atá le freagairt iomchuí ó CSNA agus meabhraíodh dó an dualgas atá ar Chomhaltaí uile na Náisiún Aontaithe gníomhú chun na smachtbhannaí arna bhforchur ag CSNA a chur chun feidhme go hiomlán.

(6)

I bhfianaise na ngníomhaíochtaí leanúnacha a dhéanann DPDC a bhaineann le diúracán balaistíoch, lena sáraítear Rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus lena dtugtar neamhaird neamhnáireach orthu, ba cheart ochtar duine aonair agus ceithre eintiteas (lena n-áirítear dhá shoitheach) a chur ar liostaí na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinní XV agus XVI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2017/1509 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní XV agus XVI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 224, 31.8.2017, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Rialachán (AE) 2017/1509 mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn XV mar a leanas:

(a)

faoin gceannteideal “(a) Daoine nádúrtha arna n-ainmniú i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 34(4)”, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

 

Ainm (agus ailiasanna féideartha)

Ailias

Faisnéis aitheantais

Dáta ainmniúcháin

Cúiseanna

“32.

KIM Kwang Yon 김광연

 

Dáta breithe: 30.7.1966

Náisiúntacht: DPRK

Inscne: fireann

Pasuimhir: 563210059 (in éag 2018); 654410104 (in éag 2019)

12.12.2022

Ina cháil mar ionadaí do Korea Mining Development Trading Corporation (KOMID) i nDeisceart na hAfraice, glacann KIM Kwang Yon páirt i ngníomhaíochtaí d’eintiteas arna ainmniú an 24 Aibreán 2009 ag an gCoiste arna bhunú de bhun rún 1718 (2006) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe mar eintiteas a bhíonn ag gabháil do chláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, a bhaineann le diúracáin bhalaistíocha nó a bhaineann le hairm ollscriosta eile nó a thugann tacaíocht dóibh. Sa cháil sin dó, tá sé páirteach go díreach i gcur ar fáil cistí agus soláthairtí do chláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile.

33.

KIM Su Il

김수일

 

Dáta breithe: 4.3.1985

Náisiúntacht: DPRK

Inscne: fireann

Pasuimhir: 108220348; 745220480

Seoladh: Ho Chi Minh, Vietnam

12.12.2022

Ó 2016 i leith, tá KIM Su Il ina ghníomhaire i Vítneam do Munitions Industry Department, agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha, trádála, mianadóireachta agus loingseoireachta á ndéanamh aige a bhaineann le gníomhaíochtaí gnó an Department chun airgeadra eachtrach a thuilleamh do DPDC. Tá baint aige le honnmhairiú táirgí DPDC amhail antraicít agus tiúchan tíotáiniam. Thuill sé airgeadra eachtrach freisin trí amhábhair a allmhairiú agus a onnmhairiú chuig DPDC agus ó DPDC agus earraí Vítneamacha a onnmhairiú chuig an tSín agus chuig tíortha eile. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí airgeadais a thacaíonn le cláir núicléacha agus bhalaistíocha DPDC.

34.

PAK Kwang Hun 박광훈

BAK Gwang Hun

Dáta breithe: 1970

Náisiúntacht: DPRK

Inscne: fireann

12.12.2022

Ina cháil mar ionadaí do Korea Ryonbong General Corporation (Ryonbong), glacann PAK Kwang Hun páirt i ngníomhaíochtaí d’eintiteas arna ainmniú an 24 Aibreán 2009 ag an gCoiste arna bhunú de bhun rún 1718 (2006) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe mar eintiteas a bhíonn ag gabháil do chláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, a bhaineann le diúracáin bhalaistíocha nó a bhaineann le hairm ollscriosta eile nó a thugann tacaíocht dóibh. Sa cháil sin dó, tá sé páirteach go díreach i gcur ar fáil cistí agus soláthairtí do chláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile.

35.

KIM Ho Kyu 김호규

KIM Ho Gyu

Dáta breithe: 15.9.1970

Náisiúntacht: DPRK

Inscne: fireann

Seoladh: Ard-Chonsalacht DPDC in Nakhodka, Cónaidhm na Rúise

Feidhm nó gairm: Ionadaí do Korea Ryonbong General Corporation (Ryonbong)

Leas-Chonsalacht ag Ard-Chonsalacht DPDC in Nakhodka, Cónaidhm na Rúise

12.12.2022

Ina cháil mar ionadaí do Korea Ryonbong General Corporation (Ryonbong), glacann KIM Ho Kyu páirt i ngníomhaíochtaí d’eintiteas arna ainmniú an 24 Aibreán 2009 ag an gCoiste arna bhunú de bhun rún 1718 (2006) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe mar eintiteas a bhíonn ag gabháil do chláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, a bhaineann le diúracáin bhalaistíocha nó a bhaineann le hairm ollscriosta eile nó a thugann tacaíocht dóibh. Sa cháil sin dó, tá sé páirteach go díreach i gcur ar fáil cistí agus soláthairtí do chláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile.

36.

JONG Yong Nam

정영남

 

Dáta breithe: 26.1.1966

Náisiúntacht: DPRK

Inscne: fireann

Pasuimhir: PS 927120050

Seoladh: Minsk, Belarus

Feidhm nó gairm: Ionadaí i Mionsc ar an Second Academy of Natural Sciences de chuid DPDC

12.12.2022

Ina cháil mar ionadaí i Minsk, Belarus, ar eagraíocht a bhfuil naisc dhíreacha aici leis an Second Academy of Natural Sciences de chuid DPDC, glacann JONG Yong Nam páirt i ngníomhaíochtaí d’eintiteas ar ar forchuireadh smachtbhannaí mar a leagtar amach in UNSCR 2094 (2013). Tá clú ar an eintiteas sin mar gheall ar a ghníomhaíochtaí iomadaithe a théann chun tairbhe do chláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, a bhaineann le diúracáin bhalaistíocha nó a bhaineann le hairm ollscriosta eile. Sa cháil sin dó, tá sé páirteach go díreach i gcur ar fáil cistí agus soláthairtí do chláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile.”

(b)

faoin gceannteideal “(b) Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí arna n-ainmniú i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 34(4)”, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:

 

Ainm (agus ailiasanna féideartha)

Ailias

Suíomh

Dáta ainmniúcháin

Cúiseanna

“6.

Ministry of Rocket Industry

로케트공업부

Rocket Industry Department

Pyongchon, DPRK

12.12.2022

Fuair Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe faisnéis ar dhuine aonair atá fostaithe ag cuideachtaí atá nasctha leis an Ministry of Rocket Industry ar duine é atá bainteach le soláthar airgeadais trí haipeanna fioscaireachta haiceála. Fuair Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe faisnéis freisin ó Bhallstáit éagsúla na Náisiún Aontaithe maidir le duine aonair a fuair púdar alúmanaim agus tráchtearraí eile is eol a bheith á n-úsáid i dtiomántán breosla sholadaigh don Ministry of Rocket Industry. Tuairiscíonn Painéal na Náisiún Aontaithe gur gníomhaireacht de chuid an Munitions Industry Department é an Ministry of Rocket Industry. Ós rud é go bhfuil an Munitions Industry Department freagrach as teicneolaíocht núicléach agus diúracán a fhorbairt, d’fhéadfaí an maoiniú a sholáthraíonn Ministry of Rocket Industry a úsáid chun tacú le forbairt na teicneolaíochta núicléiche agus na diúracán atá toirmiscthe ag rúin de chuid UNSC.”

(c)

cuirtear isteach na ceannteidil seo a leanas:

“(d)

Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí arna n-ainmniú i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 34(4)

(e)

Daoine nádúrtha arna n-ainmniú i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 34(4)”;

(d)

cuirtear isteach an ceannteideal agus na hiontrálacha seo a leanas:

“(f)

Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí arna n-ainmniú i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 34(4)

 

Ainm

Ailias

Faisnéis aitheantais

Dáta ainmniúcháin

Cúiseanna

1.

Unica

 

Cineál na loinge: soitheach seachadta, tancaer ola

Príomhionad gnó: DPDC, Daon-Phoblacht na Síne

IMO: 8514306

12.12.2022

Glacann an tancaer ola agus an soitheach seachadta Unica páirt ghníomhach in aistrithe ó long go long de pheitriliam scagtha agus in sciúradh céannachta soithí chun peitriliam scagtha a sheachadadh go héifeachtach do DPDC, de shárú Rún 2397 (2017) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Déanann Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe Unica a lua go rialta de bhun Rún 1874 (2009) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe lena ainmniú ag an gCoiste.

Sa cháil sin dó, bíonn Unica páirteach go díreach i gcur ar fáil soláthairtí a d’fhéadfadh cur le cláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile.

2.

New Konk

 

Cineál na loinge: soitheach seachadta, tancaer ola

Úinéir: New Konk Ocean International Company Limited

Príomhionad gnó: DPDC, Daon-Phoblacht na Síne

IMO: 9036387

12.12.2022

Glacann an tancaer ola agus an soitheach seachadta New Konk páirt ghníomhach in aistrithe ó long go long de sciúradh céannachta peitriliam scagtha agus soithí chun peitriliam scagtha a sheachadadh go héifeachtach do Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré, de shárú Rún 2397 (2017) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Déanann Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe New Konk a lua go rialta de bhun Rún 1874 (2009) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe lena ainmniú ag an gCoiste.

Sa cháil sin dó, bíonn New Konk páirteach go díreach i gcur ar fáil soláthairtí a d’fhéadfadh cur le cláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile.”

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn XVI mar a leanas:

(a)

faoin gceannteideal “(a) Daoine nádúrtha”, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

 

Ainm (agus ailiasanna féideartha)

Faisnéis aitheantais

Dáta ainmniúcháin

Cúiseanna

“29.

KIL Jong Hun

Dáta breithe: 7.8.1965 / 20.2.1972

Pasuimhir: 563410081 / 472410022

Náisiúntacht: DPRK

Inscne: fireann

12.12.2022

Ina cháil mar ionadaí don Korea Mining Development Trading Corporation (KOMID), tá Kil Jong Hun freagrach as cúnamh a chur ar fáil maidir le soláthar arm don Ghuine Mheánchiorclach, rud a thagann timpeall ar an trádbhac idirnáisiúnta arm a leagtar amach i rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Tá sé faoi smachtbhannaí na Stát Aontaithe ó bhí 2015 ann. Fostaíodh é roimhe sin mar ionadaí ar an eintiteas ainmnithe, KOMID, sa Namaib faoi stádas taidhleoireachta, tá cuntas bainc curtha ar bun aige san Afraic Theas. Mar gheall ar a sheasamh, leanann sé dá ghníomhaíochtaí iomadaithe ar son KOMID chun maoiniú luachmhar a chur ar fáil do DPDC in ainneoin smachtbhannaí idirnáisiúnta.

30.

PYON Kwang Chol

Dáta breithe: 16.9.1964

Náisiúntacht: DPRK

Inscne: fireann

12.12.2022

Ina cháil mar leas-ionadaí do chomhlacht a bhfuil amhras faoi gur bréagchomhlacht de chuid an Second Academy of Natural Sciences in Dalian (an tSín) é, glacann PYON Kwang Chol páirt i ngníomhaíochtaí d’eintiteas ar ar forchuireadh smachtbhannaí mar a leagtar amach in UNSCR 2094 (2013). Tá clú ar an eintiteas sin mar gheall ar a ghníomhaíochtaí iomadaithe a théann chun tairbhedo chláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, a bhaineann le diúracáin bhalaistíocha agus a bhaineann le hairm ollscriosta eile . Sa cháil sin dó, tá sé páirteach go díreach i gcur ar fáil cistí agus soláthairtí do chláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile.

31.

O Yong Ho

Dáta breithe: 25.12.1961

Pasuimhir: 108410041

Náisiúntacht: DPRK

Inscne: fireann

12.12.2022

Ina cháil mar ionadaí i Moscó, Cónaidhm na Rúise, ag a bhfuil naisc dhíreacha leis an Second Academy of Natural Sciences, glacann O Yong Ho páirt, faoi stádas taidhleoireachta, i ngníomhaíochtaí d’eintiteas ar ar forchuireadh smachtbhannaí mar a leagtar amach in UNSCR 2094 (2013). Tá clú ar an eintiteas sin mar gheall ar a ghníomhaíochtaí iomadaithe a théann chun tairbhe do chláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, a bhaineann le diúracáin bhalaistíocha agus a bhaineann le hairm ollscriosta eile. Sa cháil sin dó, tá sé páirteach go díreach i gcur ar fáil cistí agus soláthairtí do chláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile.”

(b)

faoin gceannteideal “(b) Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí”, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:

 

Ainm (agus ainmneacha féideartha eile)

Suíomh

Dáta ainmniúcháin

Cúiseanna

“9.

Korea Rounsan Trading Corporation

로은산무역회사

 

12.12.2022

Tá an Korean Rounsan Trading Corporation ina fhochuideachta de chuid Ministry of Rocket Industry de chuid DPDC. Sa cháil sin dó, bíonn an t-eintiteas páirteach go díreach i gcur ar fáil tacaíochta do chláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile. Tá baint ar leith ag an gcuideachta le comhfhiontair a bhunú i DPDC, tionscadail mhórscála a chur chun cinn le cuideachtaí Síneacha, oibrithe DPDC a sheoladh, agus bainistiú ar sholáthar trealaimh Eorpaigh mhóir.”