|
9.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 317/39 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2402 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Lúnasa 2022
lena gceartaítear leaganacha áirithe teanga de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1018 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear faisnéis nach mór do ghnólachtaí infheistíochta, oibreoirí margaidh agus institiúidí creidmheasa fógra a thabhairt ina leith
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (1), agus go háirithe Airteagal 35(11), an tríú fomhír, di,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Sna leaganacha Bulgáirise, Cróitise, Danmhairgise, Eastóinise, Gearmáinise, Gréigise, Iodáilise, Laitvise, Liotuáinise, Ollainnise, Polainnise, Portaingéilise, Rómáinise, Seicise, Slóivéinise, Slóvaicise agus Sualainnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1018 ón gCoimisiún (2), tá earráid in Airteagal 6(2), pointe (g)(iii), a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis ar leith nach mór d’oibreoirí fógra a thabhairt ina leith faoin bhforáil lena mbaineann. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart na leaganacha Bulgáirise, Cróitise, Danmhairgise, Eastóinise, Gearmáinise, Gréigise, Iodáilise, Laitvise, Liotuáinise, Ollainnise, Polainnise, Portaingéilise, Rómáinise, Seicise, Slóivéinise, Slóvaicise agus Sualainnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1018 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge.)
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Lúnasa 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 173, 12.6.2014, lch. 349.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1018 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear faisnéis nach mór do ghnólachtaí infheistíochta, oibreoirí margaidh agus institiúidí creidmheasa fógra a thabhairt ina leith (IO L 155, 17.6.2017, lch. 1).