|
7.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 315/60 |
RIALACHÁN (AE) 2022/2382 ÓN gCOIMISIÚN
an 1 Nollaig 2022
lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh roc dústríoctha in uiscí an Aontais i gcrios 9 maidir le soithí a bhfuil bratach na Portaingéile ar foluain acu
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leagtar síos le Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle (2) cuótaí le haghaidh 2022. |
|
(2) |
De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta le haghaidh 2022 ídithe ag gabhálacha an stoic roc dústríoctha in uiscí an Aontais i gcrios 9 ag soithí a bhfuil bratach na Portaingéile ar foluain acu nó ag soithí atá cláraithe sa Phortaingéil. |
|
(3) |
Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ídiú cuótaí
Maidir leis an gcuóta iascaireachta a chionroinntear ar an bPortaingéil le haghaidh an stoic roc dústríoctha in uiscí an Aontais i gcrios 9 le haghaidh 2022 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Toirmisc
1. Ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, cuirfear toirmeasc ar iascaireacht an stoic dá dtagraítear in Airteagal 1 le haghaidh soithí a bhfuil bratach na Portaingéile ar foluain acu nó soithí atá cláraithe sa Phortaingéil. Beidh toirmeasc go háirithe ar iasc a lorg, ar threalamh iascaireachta a chur ar uisce, a úsáid nó a tharraingt chun iascach a dhéanamh ar an stoc sin.
2. Maidir le hiasc nó táirgí iascaigh, ón stoc a ghabh na soithí sin, a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a phróiseáil ar bord, a aistriú, a chur i gcaighean, a ramhrú agus a thabhairt i dtír, leanfaidh sin de bheith údaraithe le haghaidh gabhálacha a tógadh roimh an dáta sin.
3. Maidir le gabhálacha neamhbheartaithe speiceas ón stoc sin a ghabhann na soithí sin, tabharfar ar bord na soithí iascaireachta agus coinneofar ar bord iad, déanfar iad a thaifeadadh, a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh i gcoinne cuótaí i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Nollaig 2022.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Virginijus SINKEVIČIUS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 21, 31.1.2022, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
IARSCRÍBHINN
|
Uimh. |
12/TQ109 |
|
An Ballstát |
An Phortaingéil |
|
Stoc |
RJU/9-C |
|
Speiceas |
Roc dústríoctha (Raja undulata) |
|
Crios |
Uiscí an Aontais i gcrios 9 |
|
Dáta deiridh |
19.11.2022 |