3.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 311/5


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2368 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Nollaig 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do [Oifig na bhFoilseachán: ionsáigh tagairt do Chinneadh (CBES) 2022/2369 an 3 Nollaig 2022 ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 (2).

(2)

Tugtar éifeacht le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 do bhearta áirithe dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle (3).

(3)

Le Cinneadh (CBES) 2022/1909 an 6 Deireadh Fómhair 2022, tugadh isteach díolúine ón toirmeasc ar mhuiriompar a sholáthar agus ón toirmeasc ar chúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar, a bhaineann le hamhola nó táirgí peitriliam de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis a iompar go tríú tíortha, ar díolúine í a cheannaítear ag uasteorainn praghais réamhbhunaithe arna comhaontú ag an gComhghuaillíocht Chaipitil Praghsanna nó faoi bhun na huasteorann sin. Leis an díolúine sin, ba cheart go maolófaí drochiarmhairtí ar sholáthar fuinnimh chuig tríú tíortha agus go laghdófaí an borradh ar phraghsanna atá bunaithe ar dhálaí urghnácha margaidh, agus ioncam ola na Rúise á theorannú ag an am céanna.

(4)

An 3 Nollaig 2022, leasaigh an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES chun an uasteorainn ar phraghsanna a thabhairt isteach in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis, is é sin an praghas in aghaidh an bhairille ar a bhfuil nó faoina bhun atá amhola ón Rúis díolmhaithe ón toirmeasc ar iompar muirí a sholáthar agus ón toirmeasc ar chúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar, a bhaineann leis an muiriompar chuig tríú tíortha.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XXVIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a leasú dá réir sin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn XXVIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 de réir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 311 I, 3.12.2022, lch. .

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1).

(3)  Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn XXVIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle, cuirtear isteach an tábla seo a leanas:

Cód CN

Tuairisc

Praghas in aghaidh an bhairille (USD)

Dáta cur i bhfeidhm

2709 00

Olaí peitriliam agus olaí a fhaightear ó mhianraí biotúmanacha, iad amh

60

5 Nollaig 2022