5.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 312/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2360 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Lúnasa 2022

lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389 a mhéid a bhaineann leis an díolúine 90 lá i gcomhair rochtain ar chuntas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (1), agus go háirithe Airteagal 98(4), an dara fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389 (2) ón gCoimisiún déantar foráil maidir le díolúine ón gceanglas a leagtar síos in Airteagal 97 de Threoir (AE) 2015/2366 fíordheimhniú láidir custaiméara a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfuil rochtain á fáil ag úsáideoir seirbhísí íocaíochta ar iarmhéid cuntais agus ar idirbhearta cuntais íocaíochta a rinneadh le déanaí gan sonraí íocaíochta íogaire a nochtadh. Sa chás sin, ní cheadaítear do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta fíordheimhniú láidir custaiméara a chur i bhfeidhm maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis faoin gcuntas, ar choinníoll go cuireadh fíordheimhniú láidir custaiméara i bhfeidhm nuair a fuarthas rochtain ar fhaisnéis faoin gcuntas den chéad uair, agus ar a laghad gach 90 lá ina dhiaidh sin.

(2)

Úsáid na díolúine sin ba chúis le cleachtais an-éagsúla i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389, ar cásanna iad ina n-iarrann roinnt soláthraithe seirbhísí íocaíochta is riarthóirí cuntas fíordheimhniú láidir custaiméara gach 90 lá, iarann soláthraithe eile an fíordheimhniú níos minice ná sin, agus níl an díolúine curtha i bhfeidhm ag roinnt soláthraithe eile, soláthraithe a iarann na fíordheimhniú láidir custaiméara le haghaidh gach rochtain ar chuntas. Tá an díolúine ina húdar achrainn neamh-inmhianaithe ó thaobh eispearas custaiméirí de aon uair a úsáideann siad seirbhísí faisnéise seirbhísí faisnéise cuntas agus tá drochthionchar ar sheirbhísí na soláthraithe seirbhísí faisnéise cuntas dá deasca freisin.

(3)

Chun cothromaíocht a áirithiú idir cuspóirí Threoir (AE) 2015/2366 maidir le slándáil a fheabhsú, nuálaíocht a éascú agus iomaíocht sa mhargadh inmheánach a fheabhsú, is gá cur i bhfeidhm na díolúine a leagtar amach in Airteagal 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389 a shonrú tuilleadh, le haghaidh cásanna ina bhfaightear rochtain ar an fhaisnéis faoin gcuntas trí sholáthraí seirbhísí faisnéise cuntas. Dá réir sin, i gcás mar sin, níor cheart soláthraithe seirbhísí íocaíochta a cheadú rogha a dhéanamh cé acu a chuirfidh siad fíordheimhniú láidir custaiméara i bhfeidhm nó nach gcuirfidh, agus ba cheart an díolúine a bheith sainordaitheach, faoi réir coinníollacha arb é is aidhm dóibh a áirithiú go mbaintear amach sábháilteacht agus slándáil shonraí na n-úsáideoirí seirbhísí íocaíochta.

(4)

Ba cheart an díolúine a theorannú do rochtain ar iarmhéid cuntais agus d’idirbhearta cuntais a rinneadh le déanaí gan sonraí íocaíochta íogaire a nochtadh. Níor cheart feidhm a bheith ag an díolúine ach amháin i gcás inar chuir soláthraithe seirbhísí íocaíochta fíordheimhniú láidir custaiméara i bhfeidhm cheana féin le haghaidh na chéad rochtana tríd an soláthraí seirbhísí faisnéise cuntas ábhartha agus ba cheart an díolúine a athnuachan ar bhonn tréimhsiúil.

(5)

Chun sábháilteacht agus slándáil shonraí na n-úsáideoirí seirbhísí íocaíochta a áirithiú, ba cheart go mbeadh soláthraithe seirbhísí íocaíochta in ann, tráth ar bith, fíordheimhniú láidir custaiméara a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfuil cúiseanna acu a bhfuil bonn cirt oibiachtúil leo agus a bhfuil fianaise chuí ag gabháil leo a bhaineann le rochtain neamhúdaraithe nó chalaoiseach. Feadfaidh sé sin a bheith amhlaidh i gcás ina mbraitear riosca méadaithe rochtana neamhúdaraithe nó calaoisí le sásraí faireacháin ar idirbhearta de chuid an tsoláthraí seirbhísí íocaíochta is riarthóir cuntas. Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach na díolúine a áirithiú, i gcásanna mar sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta is riarthóirí na cúiseanna a bhaineann le fíordheimhniú láidir custaiméara a chur i bhfeidhm a thaifeadadh agus údar cuí a thabhairt i leith na gcúiseann sin agus iad a chur in iúl dá n-údarás inniúil náisiúnta arna iarraidh sin dó.

(6)

I gcás ina bhfaigheann an t-úsáideoir seirbhísí íocaíochta rochtain dhíreach ar fhaisnéis faoin gcuntas, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta a bheith in ann fós rogha a dhéanamh cé acu a chuirfidh siad fíordheimhniú láidir custaiméara i bhfeidhm nó nach gcuirfidh. Is é is cúis leis sin nár tugadh saincheisteanna ar leith faoi deara lena gceanglaítear leasú ar an díolúine a leagtar síos in Airteagal 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389 sna cásanna sin, murab ionann agus cás na rochtana trí sholáthraí seirbhísí faisnéise cuntas.

(7)

Chun cothrom iomaíochta a áirithiú idir na soláthraithe seirbhísí íocaíochta ar fad, agus i gcomhréir le cuspóirí Threoir (AE) 2015/2366 maidir le forbairt seirbhísí soláimhsithe nuálacha a éascú, tá sé comhréireach an amlíne chéanna 180 lá a bhunú le haghaidh athnuachan fíordheimhnithe láidir custaiméara chun rochtain dhíreach a fháil ar fhaisnéis na gcuntas leis an soláthraí seirbhísí íocaíochta is riarthóir cuntas agus trí sholáthraí seirbhísí faisnéise cuntas araon. Dá n-athnuafaí fíordheimhniú láidir custaiméara ag an minicíocht reatha, d’fhéadfadh sé achrann neamh-inmhianaithe a chruthú ó thaobh eispearas custaiméirí de agus d’fhéadfadh sé cosc a chur ar sholáthraithe seirbhísí faisnéise cuntas a seirbhísí a chur ar fáil agus ar úsáideoirí na seirbhísí sin a fháil.

(8)

Soláthraithe seirbhísí íocaíochta is riarthóirí cuntas a chuireann comhéadan tiomnaithe ar fáil agus a chuir sásra teagmhais chun feidhme mar a leagtar amach in Airteagal 33(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389, níor cheart a cheangal ar na soláthraithe sin an díolúine shainordaitheach nua a chur chun feidhme ina gcomhéadain dhíreacha custaiméirí chun críoch an tsásra teagmhais, ar choinníoll nach gcuireann siad an díolúine a leagtar síos in Airteagal 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389 i bhfeidhm ina gcomhéadain dhíreacha custaiméirí. Bheadh sé díréireach a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta is riarthóirí cuntas a chuireann comhéadan tiomnaithe ar fáil, comhéadan ina bhfuil sé de cheangal orthu an díolúine sainordaitheach nua a chur chun feidhme, an díolúine céanna sin a chur chun feidhme ina gcomhéadain dhíreacha custaiméirí chun críoch an tsásra teagmhais.

(9)

Chun a áirithiú go bhfuil a dhóthain ama ag na soláthraithe seirbhísí íocaíochta na hathruithe is gá a dhéanamh ar na córais atá acu, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta is riarthóirí cuntas na hathruithe a rinneadh ar shonraíochtaí teicniúla chomhéadain na soláthraithe seirbhísí íocaíochta a chur ar fáil do na soláthraithe seirbhísí íocaíochta chun an Rialachán seo a chomhlíonadh tráth nach déanaí ná 2 mhí sula gcuirfear na hathruithe sin chun feidhme.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389 a leasú dá réir sin.

(11)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin.

(12)

Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(13)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé barúlacha foirmiúla an 7 Meitheamh 2022.

(14)

Chun aistriú rianúil chuig na ceanglais nua a leagtar amach sa Rialachán seo a áirithiú, na soláthraithe seirbhísí íocaíochta a chuir an díolúine a leagtar síos in Airteagal 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389 i bhfeidhm roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart na soláthraithe sin a cheadú leanúint de bheith ag cur na díolúine sin i bhfeidhm suas le 90 lá ón uair dheireanach a cuireadh fíordheimhniú láidir custaiméara i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

“Airteagal 10

Rochtain dhíreach ar an bhfaisnéis faoi chuntais íocaíochta leis an soláthraí seirbhísí íocaíochta is riarthóir cuntas

1.   Ceadófar do sholáthraí seirbhísí íocaíochta gan fíordheimhniú láidir custaiméara a chur i bhfeidhm, faoi réir chomhlíonadh na gceanglais a leagtar síos in Airteagal 2, i gcás ina bhfuil rochtain dhíreach á fáil ag úsáideoir seirbhísí íocaíochta ar a chuntas íocaíochta ar líne, ar choinníoll go bhfuil an rochtain sin teoranta do cheann de na hítimí ar líne seo a leanas gan sonraí íocaíochta íogaire a nochtadh:

(a)

iarmhéid cuntais íocaíochta ainmnithe amháin nó níos mó;

(b)

na hidirbhearta íocaíochta a rinneadh le 90 lá anuas trí chuntas íocaíochta ainmnithe amháin nó níos mó.

2.   De mhaolú ar mhír 1, ní dhíolmhófar soláthraithe seirbhísí íocaíochta ó chur i bhfeidhm fíordheimhniú láidir custaiméara i gcás ina gcomhlíonfar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá rochtain á fáil ag an úsáideoir seirbhísí íocaíochta ar an bhfaisnéis a shonraítear i mír 1 ar líne den chéad uair;

(b)

tá níos mó ná 180 lá caite ón uair dheireanach a fuair an t-úsáideoir seirbhísí íocaíochta rochtain ar an bhfaisnéis a shonraítear i mír 1 ar líne agus cuireadh fíordheimhniú láidir custaiméara i bhfeidhm”

;

(2)

cuirtear isteach an tAirteagal 10a seo a leanas:

“Airteagal 10a

Rochtain ar an bhfaisnéis faoi chuntais íocaíochta le soláthraí seirbhísí faisnéise cuntas

1.   Ní chuirfidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta fíordheimhniú láidir custaiméara i bhfeidhm i gcás ina bhfuil rochtain á fáil ag úsáideoir seirbhísí íocaíochta ar a chuntas íocaíochta ar líne trí sholáthraí seirbhísí faisnéise cuntas, ar choinníoll go bhfuil an rochtain teoranta do cheann de na hítimí ar líne seo a leanas gan sonraí íocaíochta íogaire a nochtadh:

(a)

iarmhéid cuntais íocaíochta ainmnithe amháin nó níos mó;

(b)

na hidirbhearta íocaíochta a rinneadh le 90 lá anuas trí chuntas íocaíochta ainmnithe amháin nó níos mó.

2.   De mhaolú ar mhír 1, cuirfidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta fíordheimhniú láidir custaiméara i bhfeidhm i gcás ina gcomhlíonfar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá rochtain á fáil ag an úsáideoir seirbhísí íocaíochta ar an bhfaisnéis a shonraítear i mír 1 ar líne den chéad uair tríd an soláthraí seirbhísí faisnéise cuntas;

(b)

tá níos mó ná 180 lá caite ón uair dheireanach a fuair an t-úsáideoir seirbhísí íocaíochta rochtain ar an bhfaisnéis a shonraítear i mír 1 ar líne tríd an soláthraí seirbhísí faisnéise cuntas agus cuireadh fíordheimhniú láidir custaiméara i bhfeidhm.

3.   De mhaolú ar mhír 1, ceadófar do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta fíordheimhniú láidir custaiméara a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfuil rochtain á fáil ag úsáideoir seirbhísí íocaíochta ar a chuntas íocaíochta ar líne trí sholáthraí seirbhísí faisnéise cuntas agus ina bhfuil cúiseanna ag an soláthraí seirbhísí íocaíochta a bhfuil bonn cirt oibiachtúil leo agus a bhfuil fianaise chuí ag gabháil leo a bhaineann le rochtain neamhúdaraithe nó chalaoiseach ar an gcuntas íocaíochta. I gcás mar sin, taifeadfaidh an soláthraí seirbhísí íocaíochta na cúiseanna a bhaineann le fíordheimhniú láidir custaiméara a chur i bhfeidhm agus tabharfaidh sé údar chuí dóibh agus cuirfidh sé in iúl dá údarás inniúil náisiúnta arna iarraidh sin dó.

4.   Soláthraithe seirbhísí íocaíochta is riarthóirí cuntas a chuireann comhéadan tiomnaithe ar fáil dá dtagraítear in Airteagal 31, ní cheanglaítear ar na soláthraithe sin an díolúine a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm chun críoch an tsásra teagmhais dá dtagraítear in Airteagal 33(4), i gcás nach gcuireann siad an díolúine a leagtar síos in Airteagal 10 i bhfeidhm sa chomhéadan díreach a úsáidtear le haghaidh fíordheimhnithe agus cumarsáide lena n-úsáideoirí seirbhísí íocaíochta.”

;

(3)

in Airteagal 30, cuirtear isteach an mhír 4a seo a leanas:

“4a.   De mhaolú ar mhír 4, na hathruithe ar shonraíochtaí teicniúla chomhéadain na soláthraithe seirbhísí íocaíochta, cuirfidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta is riarthóirí cuntas na hathruithe sin ar fáil do na soláthraithe seirbhísí íocaíochta dá dtagraítear san Airteagal seo d’fhonn Airteagal 10a a chomhlíonadh agus déanfar é sin tráth nach déanaí ná 2 mhí sula gcuirfear na hathruithe sin chun feidhme.”

.

Airteagal 2

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Soláthraithe seirbhísí íocaíochta a chuir an díolúine in Airteagal 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389 i bhfeidhm roimh an 25 Iúil 2023, beidh cead ag na soláthraithe sin leanúint de bheith ag cur na díolúine sin i bhfeidhm i gcomhair iarrataí ar rochtain a fuarthas trí sholáthraí seirbhísí faisnéise cuntas suas le dul in éag na tréimhse a chumhdaítear leis an díolúine sin.

2.   De mhaolú ar mhír 1, gach uair a chuirtear fíordheimhniú láidir custaiméara i bhfeidhm maidir le hiarraidh ar rochtain trí sholáthraí seirbhísí faisnéise cuntas roimh dhul in éag na tréimhse a chumhdaítear leis an díolúine dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm ag Airteagal 10a mar a tugadh isteach leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm, aige ón 25 Iúil 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Lúnasa 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 337, 23.12.2015, lch. 35.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2017 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh fíordheimhniú láidir custaiméara agus caighdeáin chumarsáide shlána oscailte (IO L 69, 13.3.2018, lch. 23).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).