2.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 311/1


RIALACHÁN (AE) 2022/2343 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Samhain 2022

lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i Réimse Inniúlachta an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC), lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (CE) Uimh. 1984/2003 agus (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é cuspóir an Chomhbheartais Iascaigh (CBI), mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), a áirithiú go ndéanfar acmhainní bitheolaíocha na mara a shaothrú ar bhealach a chothóidh inbhuanaitheacht fhadtéarmach comhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta.

(2)

Trí bhíthin Chinneadh 98/392/CE ón gComhairle (4), d’fhormheas an tAontas Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982. Trí bhíthin Chinneadh 98/414/CE ón gComhairle (5), d’fhormheas an tAontas an Comhaontú maidir le Forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mór-imirceach a chur chun feidhme, ina bhfuil prionsabail agus rialacha i dtaca le beo-acmhainní na mara a chaomhnú agus a bhainistiú. Faoi chuimsiú na n-oibleagáidí idirnáisiúnta eile atá air, bíonn an tAontas rannpháirteach in iarrachtaí a dhéantar in uiscí idirnáisiúnta chun stoic éisc a chaomhnú.

(3)

De bhun Chinneadh 95/399/CE ón gComhairle (6), is páirtí conarthach é an tAontas sa Chomhaontú maidir le bunú Choimisiún Tuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC).

(4)

Glacann IOTC bearta caomhnaithe agus bainistíochta (CMManna), ar bhonn bliantúil, trí bhíthin rún atá ceangailteach ar pháirtithe conarthacha agus ar pháirtithe comhoibritheacha neamhchonarthacha in IOTC, agus ar an Aontas. Leis an Rialachán seo, cuirtear chun feidhme rúin ó IOTC, arna nglacadh idir 2000 agus 2021, seachas i gcás beart ar cuid de dhlí an Aontais iad cheana féin.

(5)

Chun comhlíonadh Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a áirithiú, glacadh reachtaíocht de chuid an Aontais chun córas rialaithe, cigireachta agus forfheidhmithe a bhunú, ina n-áirítear an comhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN). Go háirithe, le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (7), bunaítear córas rialaithe, cigireachta agus forfheidhmithe de chuid an Aontais ag a bhfuil cur chuige cuimsitheach agus comhtháite chun comhlíonadh rialacha uile CBI a áirithiú. Le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle (8), bunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú. Tá forálacha sna Rialacháin sin cheana féin lena gcumhdaítear roinnt beart a leagtar síos i rúin ó IOTC. Dá bhrí sin, ní gá na forálacha sin a áireamh sa Rialachán seo.

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA), arna iarraidh sin don Choimisiún, cúnamh a thabhairt don Aontas agus do na Ballstáit ina gcaidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta réigiúnacha iascaigh a bhfuil an tAontas ina bhall díobh. I gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/473, nuair is gá, chun oibleagáidí an Aontais a chur chun feidhme, ba cheart do EFCA, arna iarraidh sin don Choimisiún, gníomhaíochtaí rialaithe agus cigireachta na mBallstát a chomhordú ar bhonn cláir idirnáisiúnta rialaithe agus chigireachta, lena bhféadfar cláir a chuirtear chun feidhme in CMManna IOTC a áireamh. Féadfaidh EFCA, i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann, cláir chigireachta agus faireachais oibríochtúla chomhpháirteacha a tharraingt suas chun na críche sin trí phleananna imlonnaithe comhpháirteacha a bhunú. Is iomchuí, dá bhrí sin, forálacha a ghlacadh a áiríonn EFCA, nuair a ainmneoidh an Coimisiún é mar an comhlacht arna ainmniú ag an gCoimisiún a fhaigheann ó na Ballstáit agus a tharchuireann chuig Rúnaíocht IOTC faisnéis a bhaineann le rialú agus cigireacht, amhail tuarascálacha cigireachta ar muir agus fógraí faoi scéim na mbreathnóirí rialaithe.

(7)

Ag cur san áireamh staid na stoc éisc agus an gá atá le gníomhaíochtaí rialaithe éifeachtacha agus cothrom na Féinne a áirithiú do na hoibreoirí uile i limistéar IOTC, agus de bhun Airteagail 28 agus 29 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, tá gníomhaíochtaí an Aontais in eagraíochtaí iascaigh idirnáisiúnta le bunú ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil chun a áirithiú go ndéanfar acmhainní iascaigh a bhainistiú i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 2 den Rialachán sin, agus tá an tAontas lena áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais lasmuigh d’uiscí an Aontais bunaithe ar na prionsabail agus ar na caighdeáin chéanna is infheidhme faoi dhlí an Aontais, lena n-áirítear na prionsabail agus na caighdeáin a bhaineann le rialú gníomhaíochtaí iascaireachta, agus cothrom na Féinne á chur chun cinn d’oibreoirí an Aontais a mhéid a bhaineann le hoibreoirí tríú tíortha.

(8)

Bunaítear an Béarla agus an Fhraincis mar theangacha oifigiúla IOTC lena Rialacha Nós Imeachta. D’fhonn cead a thabhairt d’oibreoirí a ngníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a dhéanamh go héifeachtach agus bacainní a sheachaint agus iad i dteagmháil leis na húdaráis inniúla calafoirt, ba cheart an dearbhú trasloingsithe a thíolacadh i gceann de theangacha oifigiúla IOTC.

(9)

Nuair a dhéanann na Ballstáit agus an Coimisiún taighde ar speicis áirithe i limistéar IOTC, amhail siorcanna bána aigéanacha, siorcanna súisteála agus siorcanna gorma, ba cheart dóibh tionchar an athraithe aeráide ar a bhflúirse a chur san áireamh freisin.

(10)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus thug an Maoirseoir tuairim an 23 Bealtaine 2022. Caithfear le sonraí pearsanta arna bpróiseáil faoi chuimsiú an Rialacháin seo i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus Rialachán (AE) 2018/1725. Chun forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, is gá na sonraí pearsanta sin a stóráil ar feadh tréimhse 10 mbliana i gcás ina bhfuil na sonraí pearsanta atá i gceist ag teastáil le haghaidh obair leantach maidir le sárú, le haghaidh cigireachta nó le haghaidh nósanna imeachta breithiúnacha nó riaracháin, ba cheart é a bheith indéanta na sonraí sin a stóráil ar feadh tréimhse is faide ná 10 mbliana, ach nach faide ná 20 bliain.

(11)

Chun rúin ó IOTC a bheidh ann amach anseo a chur chun feidhme go tapa i ndlí an Aontais, ar rúin IOTC iad lena leasaítear nó lena bhforlíontar na rúin a bhunaítear sa Rialachán seo, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le forálacha a leasú maidir le húsáid feistí comhthiomsaithe éisc (FADanna) nach dtéann i bhfostú agus atá in-bhithmhillte, calafoirt arna n-ainmniú faoi rialacha IOTC, faisnéis le haghaidh gach soithigh i ndáil leis an liosta de shoithigh ghníomhacha a bhíonn ag iascaireacht tuinníní agus colgán, an céatadán de chlúdach breathnóra agus samplóirí allamuigh le haghaidh an iascaigh ar mionscála, coinníollacha cairtfhostaithe, céatadán de chigireachtaí ar ghabhálacha a thabhairt i dtír i gcalafort, spriocdhátaí tuairiscithe agus Iarscríbhinní 1 go 10 a ghabhann leis an Rialachán seo lena gcumhdaítear ceanglais IOTC maidir le tuairisciú gabhálacha, bearta maolaithe i ndáil le héanlaith mhara, bailiú sonraí agus FADanna, ceanglais maidir le cairtfhostú, dearbhú trasloingsithe agus doiciméid clár staidrimh le haghaidh tuinníní mórshúileacha áirithe, chomh maith le tagairtí do bhearta caomhnaithe agus bainistíochta IOTC a bhaineann le prionsabail faoi FADanna a dhearadh agus a úsáid a bhaineann le dul i bhfostú a laghdú, tuairisciú FADanna, marcáil agus sainaithint soithí, doiciméid tuairiscithe NNN, doiciméid clár staidrimh le haghaidh tuinníní mórshúileacha, fógraí i dtaobh teacht isteach go calafort an stáit, íoschaighdeáin nósanna imeachta cigireachta Bhallstát an chalafoirt, foirmeacha tuairiscithe le haghaidh sáruithe agus téimpléid tuairiscithe le haghaidh gabhálacha agus bearta iascaireachta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (12). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(12)

Ós rud é go bhforáiltear tacar nua cuimsitheach rialacha leis an Rialachán seo, ba cheart na forálacha a bhaineann le CMManna IOTC a scriosadh, ar forálacha iad a leagtar síos i Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001 (13), (CE) Uimh. 1984/2003 (14) agus (CE) Uimh. 520/2007 (15) ón gComhairle. Dá bhrí sin, ba cheart na Rialacháin sin a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, cuirtear chun feidhme i ndlí an Aontais bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe arna mbunú ag an gCoimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC) atá ina gceangal ar an Aontas.

Airteagal 2

Raon Feidhme

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le:

(a)

soithí iascaireachta de chuid an Aontais a oibríonn sa limistéar;

(b)

soithí iascaireachta de chuid an Aontais i gcás trasloingsithe agus speicis IOTC a thabhairt i dtír lasmuigh den limistéar; agus

(c)

soithí iascaireachta tríú tír a bhaineann úsáid as calafoirt sna Ballstáit agus a iompraíonn speicis IOTC nó táirgí iascaigh de thionscnamh na speiceas sin.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “an Comhaontú” an Comhaontú maidir le bunú Choimisiún Thuinníní an Aigéin Indiaigh;

(2)

ciallaíonn “an Limistéar” na codanna sin den Aigéan Indiach mar a shainmhínítear iad in Airteagal II den Chomhaontú agus Iarscríbhinn A a ghabhann leis;

(3)

ciallaíonn “soitheach iascaireachta de chuid an Aontais” aon soitheach de mhéid ar bith a bhfuil bratach Bhallstáit ar foluain aige, atá feistithe le haghaidh saothrú tráchtála a dhéanamh ar acmhainní bitheolaíocha na mara, lena n-áirítear soithí tacaíochta, soithí próiseála éisc, soithí a ghabhann don trasloingsiú agus soithí iompair atá feistithe chun táirgí iascaigh a iompar, seachas soithí coimeádán;

(4)

ciallaíonn “speicis IOTC” tuinníní agus speicis atá cosúil le tuinníní agus siorcanna a liostaítear in Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gComhaontú, agus speicis eile a ghabhtar in éineacht leis na speicis sin;

(5)

ciallaíonn “páirtithe conarthacha agus páirtithe comhoibritheacha neamhchonarthacha” nó “CPCanna” páirtithe conarthacha sa Chomhaontú nó páirtithe comhoibritheacha neamhchonarthacha;

(6)

ciallaíonn “beart caomhnaithe agus bainistíochta” nó “CMM” beart caomhnaithe agus bainistíochta is infheidhme arna ghlacadh ag IOTC de bhun Airteagail V(2)(c) agus IX(1) den Chomhaontú;

(7)

ciallaíonn “mí-oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine” iasc atá i bhfostú nó brúite sa pheas-saighne, nó a bhfuil damáiste déanta dó de dheasca scriosadh, nó a bhásaigh agus a milleadh san eangach toisc, mar gheall ar mhainneachtain trealaimh, gur cuireadh bac ar ghnáth-aisghabháil na heangaí agus an éisc agus gur cuireadh bac ar iarrachtaí chun an t-iasc a scaoileadh beo ar ais isteach san fharraige gan, iasc a mheastar a bheith ina iasc neamh-inmhianaithe ó thaobh méid, indíoltachta nó comhdhéanamh na speiceas de, nó iasc a milleadh nó atá éillithe de dheasca gníomh nó faillí a rinne criú shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais a chur san áireamh;

(8)

ciallaíonn “feiste comhthiomsaithe éisc nó “FAD’ réad, struchtúr nó feiste buan, leathbhuan nó sealadach, d’aon ábhar, bíodh sé nádúrtha nó de dhéantús an duine, a úsáidtear agus/nó a rianaítear, chun spriocspeicis tuinníní a chomhthiomsú lena ngabháil ina dhiaidh sin;

(9)

ciallaíonn “sruthfheiste comhthiomsaithe éisc” nó “DFAD” FAD nach bhfuil ar teaghrán le grinneall an aigéin;

(10)

ciallaíonn “feiste comhthiomsaithe éisc ar ancaire” nó “AFAD” FAD atá ar teaghrán le grinneall an aigéin;

(11)

ciallaíonn “baoithe sonraí” feistí atá ar snámh, le sruth nó atá ar ancaire, a úsáideann eagraíochtaí nó eintitis eolaíochta aitheanta nó rialtais chun sonraí comhshaoil a bhailiú agus a thomhas go leictreonach, ach nach n-úsáidtear iad chun críche gníomhaíochtaí iascaireachta;

(12)

ciallaíonn “dearbhú trasloingsithe IOTC” an doiciméad a leagtar amach in Iarscríbhinn 7;

(13)

ciallaíonn “uimhir IMO” uimhir seacht ndigit, a shanntar do shoitheach faoi údarás na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO);

(14)

ciallaíonn “cairtfhostú” comhaontú nó socrú ar dá réir atá soitheach, a bhfuil bratach CPC ar foluain aige, ar conradh go ceann tréimhse shainithe ag oibreoir faoi CPC eile gan bratach a athrú; tagraíonn “CPC ar chairtfhostú” do CPC a bhfuil an chomhroinnt cuótaí nó deiseanna iascaireachta aige agus tagraíonn “CPC brataí” do CPC faoina bhfuil an soitheach cairtfhostaithe cláraithe;

(15)

ciallaíonn “soitheach iompair” soitheach tacaíochta atá ag gabháil do thrasloingsiú agus ag fáil speicis IOTC ó shoitheach eile;

(16)

ciallaíonn “feidhmchlár ríomhbhearta Stáit an chalafoirt” nó “feidhmchlár e-PSM” an feidhmchlár gréasán-bhunaithe a dheartar agus a fhorbraítear chun éascaíocht a dhéanamh do CPC agus chun cabhrú leis chun rúin IOTC a bhaineann le bearta Stát an chalafoirt a chur chun feidhme;

(17)

ciallaíonn “iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte” nó “iascaireacht NNN” gníomhaíochtaí iascaireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1) go pointe (4), de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008.

CAIBIDIL II

BAINISTIÚ AGUS CAOMHNÚ

ROINN 1

Tuinníní Trópaiceacha

Airteagal 4

Toirmeasc ar aschur

1.   Déanfaidh soithí peas-saighne de chuid an Aontais gach gabháil de thuinníní trópaiceacha (tuinníní mórshúileacha (Thunnus obesus), tuinníní buí (Thunnus albacares) agus tuinníní aigéanacha (Katsuwonus pelamis)), a choinneáil ar bord agus a thabhairt i dtír, ach amháin i gcás ina gcinnfidh máistir an tsoithigh an méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil iasc mí-oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine, nó

(b)

nach bhfuil toilleadh stórála leordhóthanach ann chun tuinníní trópaiceacha agus na speicis nach spriocspeicis iad a choinneáil, is é sin le rá na speicis a ghabhtar le linn chor deiridh de thuras.

2.   Ní fhéadfar éisc dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), a aschur ach amháin má dhéanann an máistir agus an criú iarracht na tuinníní trópaiceacha agus na speicis nach spriocspeicis iad a scaoileadh beo ar ais isteach san fharraige a luaithe is féidir, agus sábháilteacht an chriú á cur san áireamh, agus ní dhéantar tuilleadh iascaireachta tar éis an aischuir go dtí go ndéanfar na tuinníní trópaiceacha agus na speicis nach spriocspeicis iad a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú.

3.   Déanfaidh máistir soithigh iascaireachta de chuid an Aontais na heisceachtaí dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), a thaifeadadh sa logleabhar ábhartha, lena n-áirítear tonnáiste measta agus comhdhéanamh de speicis na n-ábhar muirí aischurtha, agus tonnáiste measta agus comhdhéanamh de speicis na n-iasc a coinníodh ón gcor sin.

4.   Chun críocha an Airteagail seo, folaíonn speicis nach spriocspeicis iad speicis tuinníní nach spriocspeicis iad, mar aon le ronnaigh dhea-dhathacha (Elagatis bipinnulata), doráid (Coryphaena hippurus), éisc thruicir (den phór Balistidae), mairlíní (de na pórtha Xyphiidae agus Istiophoridae), wahoo (Acanthocybium solandri) agus baracúdaigh (den phór Sphyraenidae).

Airteagal 5

Toirmeasc ar iascaireacht timpeall baoithe sonraí

1.   Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais iascaireacht d’aon ghnó laistigh d’aon mhuirmhíle amháin ó bhaoi sonraí ná ní chuirfidh siad isteach ar bhaoi sonraí sa Limistéar, go háirithe tríd an méid seo a leanas:

(a)

an baoi a chiorclú le trealamh iascaireachta;

(b)

an soitheach a cheangal de bhaoi sonraí ná feistiú leis, ná aon trealamh iascaireachta, páirt ná roinn den soitheach a cheangal de bhaoi sonraí ná feistiú leis ná dá théad ná lena théad; nó

(c)

téad ancaire baoi sonraí a ghearradh.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais a oibriú laistigh d’aon mhuirmhíle amháin de bhaoithe sonraí ar choinníoll go n-oibreoidh na soithí sin faoi chláir thaighde eolaíocha na mBallstát ar ina leith a tugadh fógra do IOTC agus ar choinníoll nach ndéanfaidh na soithí sin idirghníomhaíocht leis na baoithe sonraí sin.

3.   Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais baoi sonraí sa Limistéar a thabhairt ar bord mura rud é gur údaraigh an t-úinéir atá freagrach as an mbaoi sin go sainráite é nó gur iarr sé nó sí go sainráite orthu é sin a dhéanamh.

4.   Soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá ag oibriú sa Limistéar, coimeádfaidh siad faire ar bhaoithe sonraí feistithe ar muir agus déanfaidh siad gach beart réasúnta ionas nach rachaidh siad i bhfostú i dtrealamh iascaireachta nó nach ndéanfaidh siad idirghníomhaíocht go díreach leis na baoithe sonraí sin ar bhealach ar bith. I gcás ina rachaidh trealamh shoithí iascaireachta de chuid an Aontais i bhfostú le baoi sonraí, bainfidh sé an trealamh iascaireachta atá i bhfostú agus a laghad damáiste is féidir a dhéanamh don bhaoi sonraí.

5.   Déanfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais aon bhaoi sonraí ar ina leith a thug siad faoi deara go ndearnadh damáiste dó nó go raibh sé do-oibrithe ar bhealach eile a thuairisciú dá mBallstáit bhrataí, mar aon leis na sonraí breathnóireachta, suíomh an bhaoi, agus aon fhaisnéis inaitheanta ina leith. Cuirfidh na Ballstáit tuarascálacha den sórt sin, mar aon le faisnéis faoi shuíomh acmhainní baoithe sonraí atá curtha amach ar an bhfarraige acu ar fud an Limistéir, chuig an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 51(5).

ROINN 2

Mairlíní

Airteagal 6

Mairlíní

1.   Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais aon eiseamail de mhairlíní riabhacha (Tetrapturus audax), mairlíní dubh (Istiompax indica), mairlíní gorma (Makaira nigricans) ná de cholgáin na ndealg Ind-Chiúin-Aigéanach (Istiophorus platypterus) ar lú ná 60 cm an fad óna ngiall íochtarach go gabhal a n-eireabaill a choinneáil ar bord, a thrasloingiú nó a thabhairt i dtír. Má ghabhann siad iasc den chineál sin, cuirfidh siad ar ais san fharraige iad láithreach bonn, ar bhealach a mhéadóidh acmhainn marthanais iarscaoilte gan sábháilteacht na foirne a chur i mbaol.

2.   Déanfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais a ghabhann mairlíní riabhacha, mairlíní dubha, mairlíní gorma nó colgáin na ndealg Ind-Chiúin-Aigéanach na sonraí ábhartha maidir le gabhálacha agus iarracht a thaifeadadh i gcomhréir le hIarscríbhinn 1.

3.   Cuirfidh na Ballstáit clár maidir le bailiú sonraí chun feidhme chun tuairisciú cruinn a áirithiú maidir le gabhálacha mairlíní riabhacha, mairlíní dubha, mairlíní gorma nó gabhálacha cholgáin na ndealg Ind-Chiúin-Aigéanach i gcomhréir le hAirteagal 51(1).

4.   Ina dtuarascáil náisiúnta eolaíoch i gcomhréir le hAirteagal 51(6) tabharfaidh na Ballstáit tuairisc ar na gníomhaíochtaí a dhéanfar chun faireachán a dhéanamh ar ghabhálacha agus chun na hiascaigh a bhainistiú ar mhaithe le mairlíní riabhacha, mairlíní dubha, mairlíní gorma agus colgáin na ndealg Ind-Chiúin-Aigéanach a shaothrú agus a chaomhnú.

ROINN 3

Siorcanna Gorma

Airteagal 7

Siorcanna gorma

1.   Déanfar gabhálacha siorcanna gorma (Prionace glauca) a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais a thaifeadadh sa logleabhar i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

2.   Cuirfidh na Ballstáit cláir maidir le bailiú sonraí chun feidhme chun tuairisciú feabhsaithe ar shonraí cruinne a áirithiú maidir le gabháil siorcanna gorma, an iarracht, an méid agus na sonraí i ndáil le hábhar muirí aischurtha. Déanfaidh na Ballstáit sonraí maidir le gabhálacha siorcanna gorma a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 51(1).

3.   Áireoidh na Ballstáit ina dtuarascáil cur chun feidhme faisnéis maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéantar chun faireachán a dhéanamh ar ghabhálacha siorcanna gorma i gcomhréir le hAirteagal 51(5).

4.   Moltar do na Ballstáit taighde eolaíoch a dhéanamh maidir le siorcanna gorma lena gcuirfí faisnéis ar fáil faoi phríomhthréithe bitheolaíocha, éiceolaíocha, iompraíochta, beatha, imirce, marthanas iarscaoilte agus treoirlínte maidir lena scaoileadh saor go sábháilte agus na hiasclanna a shainaithint, chomh maith le feabhas a chur ar chleachtais iascaireachta. Áireofar an fhaisnéis sin sna tuarascálacha a chuirfear chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 51(6).

ROINN 4

Aerárthaí, FADanna agus soilse saorga a úsáid chun iascaireachta

Airteagal 8

Toirmeasc ar aerárthaí a úsáid chun éisc a ghabháil

1.   Ní úsáidfidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais, lena n-áirítear soithí tacaíochta ná soithí soláthair, aerárthaí ná aerfheithiclí gan foireann mar áis iascaireachta. Aon tarlú oibríochta iascaireachta a dhéantar sa Limistéar le háis aerárthaigh nó aerfheithicle gan foireann, déanfar í a thuairisciú láithreach bonn chuig an mBallstát brataí, chuig an gCoimisiún nó chuig comhlacht arna ainmniú ag an gCoimisiún. Cuirfidh an Coimisiún, nó comhlacht arna ainmniú ag an gCoimisiún, Rúnaíocht IOTC ar an eolas faoi sin gan mhoill.

2.   Féadfar aerárthaí agus aerfheithiclí gan foireann a úsáid chun críoch eolaíoch, faireacháin, rialaithe agus faireachais.

Airteagal 9

Feistí comhthiomsaithe éisc

1.   Déanfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais taifead ar ghníomhaíochtaí iascaireachta i gcomhar le DFADanna agus le AFADanna, ar leithligh, ag baint úsáid as na míreanna sonraí ar leith a leagtar amach in Iarscríbhinn 2. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 51.

2.   Tarchuirfear faisnéis laethúil faoi gach FAD gníomhach chuig an gCoimisiún ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas: dáta, sainaithint baoithe gléasta agus soitheach sannta agus suíomh laethúil, an fhaisnéis sin arna tiomsú gach mí agus arna cur isteach tráth nach luaithe ná 60 lá ach tráth nach déanaí ná 90 lá i ndiaidh thiomsú míosúil na faisnéise lena mbaineann. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht IOTC.

3.   Déanfaidh na Ballstáit pleananna bainistíochta náisiúnta a tharraingt suas maidir le DFADanna arna n-úsáid ag a gcuid soithí peas-saighne. Déanfaidh na pleananna bainistíochta an méid seo a leanas:

(a)

cloí leis na treoirlínte a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le CMM 19/02 ar a laghad;

(b)

tionscnaimh nó suirbhéanna a áireamh sna pleananna bainistíochta chun gabháil tuinníní beaga mórshúileacha, tuinníní buí agus speicis nach spriocspeicis iad a bhaineann le FADanna a imscrúdú, agus a mhéid is féidir, a íoslaghdú; agus

(c)

treoirlínte a chur san áireamh chun cailliúint nó tréigean FADanna a chosc a mhéid is féidir.

4.   Tráth nach déanaí ná 75 lá roimh chruinniú bliantúil IOTC, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 51(5), maidir le dul chun cinn phleananna bainistíochta FADanna, lena n-áirítear athbhreithnithe ar na pleananna bainistíochta a cuireadh isteach ar dtús agus athbhreithnithe ar chur i bhfeidhm phrionsabail Iarscríbhinn V a ghabhann le CMM 19/02. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht IOTC tráth nach déanaí ná 60 lá roimh chruinniú bliantúil IOTC.

Airteagal 10

FADanna nach dtéann i bhfostú agus atá in-bhithmhillte

1.   Úsáidfidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais dearaí agus ábhair nach dtéann i bhfostú chun FADanna a thógáil lena n-áiritheofar nach gcumhdófar struchtúr dromchla an fheiste comhthiomsaithe éisc nó nach gcumhdófar é ach le hábhar nach bhfuil mogaill ann. Má úsáidtear comhpháirt fhodhromchla, ní as líontán ach as ábhair nach bhfuil mogaill iontu, amhail rópaí nó leatháin chanbhás, a bheidh sé.

2.   Féachfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais le trasdul go dtí úsáid FADanna in-bhithmhillte i ngach cás seachas i gcás ábhair a úsáidtear le haghaidh na mbaoithe gléasta.

3.   Féachfaidh oibreoirí le trialacha a dhéanamh ina n-úsáidtear ábhair in-bhithmhillte chun an trasdul a éascú chuig úsáid ábhair in-bhithmhillte chun DFADanna a thógáil ag a bhflít.

Airteagal 11

Toirmeasc ar shoilse saorga a úsáid chun iasc a mhealladh

1.   Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais soilse saorga ar dhromchla an uisce ná faoin uisce a úsáid, a shuiteáil ná a oibriú chun tuinníní agus speicis atá cosúil le tuinníní a chomhthiomsú thar uiscí teorann.

2.   Tá toirmeasc ar shoilse a úsáid ar DFADanna.

3.   I gcás ina dtiocfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar DFADanna atá feistithe le soilse saorga sa Limistéar, bainfidh siad iad láithreach bonn agus tabharfaidh siad ar ais go dtí an calafort iad.

4.   Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais gníomhaíochtaí iascaireachta timpeall aon soithigh ná DFAD atá feistithe le soilse saorga chun tuinníní agus speicis atá cosúil le tuinníní a mhealladh sa Limistéar, ná ní dhéanfaidh siad gníomhaíochtaí iascaireachta gar don soithigh ná don DFAD sin.

5.   Ní bheidh na soilse loingseoireachta ná na soilse is gá chun dálaí sábháilte oibre a áirithiú faoi réir an toirmisc a leagtar síos i mír 1.

ROINN 5

Trasloingsithe sa chalafort

Airteagal 12

Trasloingsiú

Déanfar gach oibríocht trasloingsithe de speicis IOTC i gcalafoirt atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, nó i gcalafoirt arna n-ainmniú agus arna bpoibliú chun na críche sin ag CPC agus arna gcur in iúl do Rúnaíocht IOTC.

Airteagal 13

Oibríochtaí trasloingsithe

1.   Ní fhéadfar oibríochtaí trasloingsithe i gcalafort a dhéanamh ach amháin i gcomhréir leis an nós imeachta seo a leanas:

(a)

sula ndéanfar trasloingsiú, cuirfidh máistir soithigh iascaireachta de chuid an Aontais an fhaisnéis seo a leanas in iúl d’údaráis stát an chalafoirt 48 uair an chloig ar a laghad roimh ré:

ainm an tsoithigh iascaireachta agus a uimhir i dtaifead IOTC na soithí iascaireachta;

ainm an tsoithigh iompair, agus an táirge atá le trasloingsiú;

an tonnáiste de réir táirge atá le trasloingsiú;

dáta agus suíomh an trasloingsithe;

meánna móra iascaigh inar gabhadh na tuinníní agus na speicis atá cosúil le tuinníní agus na siorcanna;

(b)

déanfaidh máistir soithigh iascaireachta de chuid an Aontais dearbhú trasloingsithe a thaifeadadh agus a tharchur go leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

2.   Tráth nach déanaí ná 15 lá tar éis an trasloingsithe, déanfaidh máistir soithigh iascaireachta de chuid an Aontais lena mbaineann dearbhú trasloingsithe IOTC a chomhlánú agus cuirfidh sé chuig a Bhallstát brataí é, i gceann amháin de theangacha oifigiúla IOTC, mar aon le huimhir an tsoithigh i dtaifead IOTC de chuid na soithí iascaireachta. Déanfaidh máistir soithigh iompair de chuid an Aontais, faoi cheann 24 uair an chloig tar éis an trasloingsithe, dearbhú trasloingsithe IOTC a chomhlánú agus a chur chuig údaráis inniúla stáit an chalafoirt i gceann de theangacha oifigiúla IOTC.

Airteagal 14

Gabhálacha trasloingsithe a thabhairt i dtír ag soithí iompair de chuid an Aontais

1.   De mhaolú ar Airteagal 17(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, is é 48 uair ar a laghad roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach a bheidh sa tréimhse chun réamhfhógra a thabhairt.

2.   Déanfaidh na Ballstáit ina dtugtar gabhálacha trasloingsithe i dtír na bearta iomchuí chun cruinneas na faisnéise a fuarthas a fhíorú agus comhoibreoidh siad le Ballstát brataí an tsoithigh iompair, le Stát an chalafoirt ina ndearnadh an trasloingsiú agus le stáit bhrataí na soithí iascaireachta gabhála lena mbaineann chun a áirithiú go mbeidh na gabhálacha a thugtar i dtír comhsheasmhach le méid na ngabhálacha a tuairiscíodh le haghaidh gach soithigh iascaireachta. Déanfar an fíorú sin sa dóigh go mbeidh an oiread is lú de chur isteach nó de mhíchaoithiúlacht ann don soitheach agus go seachnófar aon díghrádú ar an iasc.

3.   Tabharfaidh máistir soithigh iompair de chuid an Aontais a théann i dtír i dtríú tír réamhfhógra, ar a laghad 48 uair an chloig roimh theacht isteach i gcalafort agus sa bhreis ar an réamhfhógra dá dtagraítear i mír 1, i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta an tríú tír a bhfuil sé beartaithe ag an soitheach gabhálacha trasloingsithe a thabhairt i dtír ina calafort. Cuirfidh an máistir dearbhú trasloingsithe IOTC i gceann amháin de theangacha oifigiúla IOTC, chuig údaráis inniúla an Stáit freisin ina dtabharfar gabhálacha trasloingsithe i dtír agus ní thabharfar i dtír iad sula dtabharfar údarás dóibh é sin a dhéanamh.

4.   I gcás ina dtabharfar gabhálacha i dtír i dtríú tír, comhoibreoidh máistir an tsoithigh iompair le húdaráis stát an chalafoirt.

5.   Déanfaidh Ballstáit bhrataí na soithí iascaireachta de chuid an Aontais sonraí maidir leis na trasloingsithe a rinne a gcuid soithí a chur ina dtuarascálacha i gcomhréir le hAirteagal 51(5).

CAIBIDIL III

SPEICIS MHUIRÍ ÁIRITHE A CHOSAINT

ROINN 1

Ealásmabrainciaigh

Airteagal 15

Bearta ginearálta caomhnaithe maidir le siorcanna

1.   Déanfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais gach beart réasúnach chun treoirleabhair aitheantais agus cleachtais láimhseála IOTC a chur i bhfeidhm.

2.   Déanfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais, a mhéid is féidir, speicis de shiorcanna a ghabhtar de thaisme agus beo ar bord soithí a scaoileadh saor gan ghortú go pras, cé is moite de shiorcanna gorma. Déanfar na gabhálacha sin a thuairisciú sa logleabhar i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, lena n-áirítear an stádas tráth a scaoilte (marbh nó beo).

3.   Déanfaidh na Ballstáit sonraí maidir le gach gabháil siorcanna, lena n-áirítear na sonraí stairiúla uile, na meastacháin agus stádas saoil na n-ábhar muirí aischurtha agus scaoileadh siorcanna (marbh nó beo) agus minicíochtaí méide siorcanna a ghabhann a gcuid soithí iascaireachta a thuairisciú don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 51(1).

Airteagal 16

Siorcanna bána aigéanacha

1.   Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais aon chuid de shiorcanna bána aigéanacha ná den chonablach iomlán díobh a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a stóráil, a dhíol ná a thairiscint lena ndíol (Carcharhinus longimanus).

2.   De mhaolú ar mhír 1, ceadófar do bhreathnóirí eolaíocha samplaí bitheolaíocha a bhailiú ó shiorcanna bána aigéanacha a ghabhtar sa Limistéar agus atá marbh tráth a thógtar ar bord iad, ar choinníoll go bhfuil na samplaí mar chuid de thionscadal taighde arna fhormheas ag Coiste Eolaíoch IOTC nó ag Meitheal IOTC um Éiceachórais agus Foghabhálacha.

3.   I gcás inar féidir é, féachfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún le taighde a dhéanamh ar shiorcanna bána aigéanacha a ghabhtar sa Limistéar, d’fhonn limistéir a d’fhéadfadh a bheith ina n-iasclanna a shainaithint.

Airteagal 17

Siorcanna súisteála

1.   Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais aon chuid de shiorcanna súisteála de gach speiceas den phór Alopiidae ná den chonablach iomlán díobh sin a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a stóráil, a dhíol ná a thairiscint lena ndíol.

2.   De mhaolú ar mhír 1, ceadófar do bhreathnóirí eolaíocha samplaí bitheolaíocha a bhailiú ó shiorcanna súisteála a ghabhtar sa Limistéar agus atá marbh tráth a thógtar ar bord iad, ar choinníoll go bhfuil na samplaí mar chuid de thionscadal taighde arna fhormheas ag Coiste Eolaíoch IOTC nó ag Meitheal IOTC um Éiceachórais agus Foghabhálacha.

3.   Scaoilfidh iascairí áineasa agus spóirt gach siorc súisteála beo ar ais isteach san fharraige. In imthosca ar bith, ní dhéanfaidh siad iad a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a stóráil, a dhíol ná a thairiscint lena ndíol. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh uirlisí ag iascairí áineasa agus spóirt a dhéanann iascaireacht a bhfuil an riosca ann go ngabhfaidís siorcanna súisteála, uirlisí atá oiriúnach chun na hainmhithe a scaoileadh beo ar ais isteach san fharraige.

4.   Féachfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún le taighde a dhéanamh ar shiorcanna súisteála a ghabhtar sa Limistéar, d’fhonn limistéir a d’fhéadfadh bheith ina n-iasclanna a shainaithint.

Airteagal 18

Roic den chineál Mobulidae

1.   Beidh toirmeasc ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais aon chineál trealaimh a chur amach d’aon ghnó timpeall roc den chineál mobulidae (speicis den ghéineas Mobula) má fheictear an t-ainmhí sula gcuirtear tús leis an gcor.

2.   Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais aon chuid de roc den chineál mobulidae ná den chonablach iomlán de a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a stóráil, a dhíol ná a thairiscint lena ndíol.

3.   Déanfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais roic den chineál mobulidae a ghabhtar de thaisme a scaoileadh beo agus gan ghortú ar ais isteach san fharraige go pras, a mhéid is indéanta, a luaithe a fheicfear iad san eangach, ar an duán, nó ar an deic, sa dóigh go ndéanfar an díobháil is lú is féidir do na roic aonair a ghabhtar. Déanfaidh siad gach beart réasúnach chun nósanna imeachta láimhseála i gcás roic den chineál mobulidae a chur i bhfeidhm, agus sábháilteacht an chriú á cur san áireamh.

4.   D’ainneoin mhír 3, i gcás ina ndéanfaidh soitheach peas-saighne de chuid an Aontais roc den chineál mobulidae a ghabháil agus a reo go neamhbheartaithe i mbun a chuid oibríochtaí, tabharfaidh sé an roc iomlán suas do na húdaráis rialtais atá freagrach, nó d’údarás inniúil eile, nó déanfaidh sé é a dhiúscairt ag an bpointe a dtugtar i dtír é. Ní féidir roic den chineál mobulidae a thugtar suas ar an mbealach sin a dhíol ná a mhalartú ach is féidir iad a bhronnadh lena gcaitheamh ag an duine sa bhaile.

5.   Úsáidfidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais teicnící cuí maidir le maolú, sainaithint, láimhseáil agus scaoileadh saor agus coinneoidh siad ar bord gach trealamh is gá chun roic den chineál mobulidae a scaoileadh saor.

Airteagal 19

Míolsiorcanna

1.   Beidh toirmeasc ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais peaslíon saighne a chur d’aon ghnó timpeall míolsiorca (Rhincodon typus) sa Limistéar má fheictear an t-ainmhí sula gcuirtear tús leis an gcor.

2.   I gcás ina ndéanfar míolsiorc a chiorclú go neamhbheartaithe nó go rachaidh sé i bhfostú sa trealamh iascaireachta, déanfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais an méid seo a leanas:

(a)

gach beart réasúnach a dhéanamh chun a áirithiú go scaoilfear saor sábháilte é, i gcomhréir le treoirlínte dea-chleachtais Choiste Eolaíoch IOTC chun míolsiorcanna a scaoileadh agus a láimhseáil go sábháilte, agus sábháilteacht an chriú á cur san áireamh;

(b)

an teagmhas a thuairisciú do Bhallstát brataí an tsoithigh, leis an bhfaisnéis seo a leanas:

an líon speiceas aonair;

tuairisc ghairid ar an idirghníomhú, lena n-áirítear mionsonraí maidir le conas agus cén fáth ar tharla an t-idirghníomhú, más féidir;

an áit a ndearnadh an ciorclú;

na bearta a rinneadh chun a áirithiú go scaoilfear saor sábháilte iad; agus

measúnú ar stádas saoil an mhíolsiorca agus é á scaoileadh saor, agus chomh maith leis sin, ar scaoileadh ar ais isteach san fharraige é agus é beo ach go bhfuair sé bás ina dhiaidh sin.

ROINN 2

Speicis eile

Airteagal 20

Céiticigh

1.   Beidh toirmeasc ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais peaslíon saighne a chur d’aon ghnó timpeall céiticigh má fheictear an t-ainmhí sula gcuirtear tús leis an gcor.

2.   I gcás ina ndéanfar céiticeach a chiorclú i bpeaslíon saighne de thaisme, nó i gcás go ngabhfar é le cineálacha eile trealaimh le haghaidh iascaireacht tuinníní agus speicis atá cosúil le tuinníní a bhaineann le céiticigh, déanfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais an méid seo a leanas:

(a)

gach beart réasúnach a dhéanamh chun a áirithiú go scaoilfear saor sábháilte é, i gcomhréir le treoirlínte dea-chleachtais Choiste Eolaíoch IOTC atá ar fáil chun céiticigh a scaoileadh agus a láimhseáil go sábháilte, agus sábháilteacht an chriú á cur san áireamh;

(b)

an teagmhas a thuairisciú do Bhallstát brataí an tsoithigh, leis an bhfaisnéis seo a leanas:

an speiceas (más eol);

an líon speiceas aonair;

tuairisc ghairid ar an idirghníomhú, lena n-áirítear mionsonraí maidir le conas agus cén fáth ar tharla an t-idirghníomhú, más féidir;

an áit a ndearnadh an ciorclú;

na bearta a rinneadh chun a áirithiú go scaoilfear saor sábháilte iad; agus

measúnú ar stádas saoil an ainmhí agus é á scaoileadh saor, agus chomh maith leis sin, ar scaoileadh ar ais isteach san fharraige é agus é beo ach go bhfuair bás sé ina dhiaidh sin.

3.   Tuairisceoidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), den Airteagal seo, trí logleabhair i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, lena n-áirítear an stádas tráth a scaoilte (marbh nó beo), nó nuair a bheidh breathnóir ar bord de bharr cláir breathnóireachta agus seolfaidh siad chuig an gCoimisiún í, i gcomhréir le hAirteagal 51(1) agus (5).

Airteagal 21

Turtair mhara

1.   Déanfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais na bearta maolaithe seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(a)

iomprófar gearrthóirí doruithe agus uirlisí bainte duán ar bord soithí spiléireachta d’fhonn turtair mhara (speiceas de phórtha Cheloniidae agus Dermochelyidae) a gabhadh nó a chuaigh i bhfostú a láimhseáil go hiomchuí agus a scaoileadh saor ar ais isteach san fharraige go pras, agus gach beart réasúnach á dhéanamh chun a áirithiú go scaoilfear saor agus go láimhseálfar go sábháilte iad de réir threoirlínte láimhseála IOTC;

(b)

déanfaidh soithí peas-saighne, a mhéid is indéanta, an méid seo a leanas:

ciorclú turtar mara a sheachaint, agus i gcás ina ndéanfar turtair mhara a chiorclú nó go rachaidh siad i bhfostú, déanfar bearta indéanta chun an turtar a scaoileadh saor go sábháilte i gcomhréir le treoirlínte láimhseála IOTC;

gach turtar mara a fhaightear agus iad i bhfostú in FADanna nó i dtrealamh iascaireachta eile a scaoileadh;

i gcás turtar mara atá i bhfostú san eangach, stop a chur leis an rollóir eangacha a luaithe a thiocfaidh an turtar amach as an uisce; sula gcuirfear an rollóir eangacha ar siúl arís, déanfaidh an t-oibreoir an turtar a bhaint as fostú gan díobháil a dhéanamh dó, agus cabhróidh sé lena thabhairt slán sula gcuirfear ar ais isteach san uisce é; agus

eangacha cochaill a iompar agus a úsáid, i gcás inarb iomchuí, chun turtair mhara a láimhseáil.

2.   Tabharfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais, más indéanta, aon turtar mara a ghabhtar atá i dtámhshuan nó nach bhfuil ag bogadh ar bord a luaithe is féidir agus féachfaidh siad lena thabhairt slán, lena n-áirítear cabhrú lena athbheochan, sula gcuirfidh siad ar ais san uisce go sábháilte é.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-úsáidfidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais na teicnící cuí maidir le maolú, sainaithint, láimhseáil agus baint duán agus go gcoinneoidh siad ar bord an trealamh uile is gá chun turtair mhuirí a scaoileadh saor, agus déanfaidh siad gach beart réasúnach i gcomhréir leis na treoirlínte láimhseála i gCártaí Aitheantais Turtar Mara IOTC a chuirtear ar fáil i dtreoirlínte láimhseála IOTC dá dtagraítear i mír 1, pointe (a).

4.   Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc ar chur chun feidhme Threoirlínte Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) maidir le Básmhaireacht Turtar Mara a Laghdú in Oibríochtaí Iascaireachta.

5.   Cuirfidh na Ballstáit na sonraí uile maidir le hidirghníomhaíochtaí a soithí le turtair mhara chuig an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 51(1). Áireofar sna sonraí sin leibhéal an chlúdaigh logleabhar nó breathnóra agus meastachán ar bhásmhaireacht iomlán na dturtar mara a gabhadh de thaisme ina n-iascaigh.

6.   Déanfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais gach teagmhas a bhaineann le turtair mhara le linn oibríochtaí iascaireachta a thaifeadadh, lena n-áirítear stádas tráth a scaoilte (marbh nó beo) sna logleabhair i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Déanfaidh siad na teagmhais sin a thuairisciú dá mBallstáit brataí agus faisnéis a thabhairt, más féidir, maidir leis an speiceas, suíomh na gabhála, na coinníollacha, na gníomhaíochtaí a dhéantar ar bord agus an áit a scaoiltear iad. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin chuig an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 51(1).

Airteagal 22

Éanlaith mhara

1.   Úsáidfidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais bearta maolaithe chun leibhéil na foghabhála éanlaithe mara a laghdú ar fud gach limistéir iascaireachta, gach séasúir agus gach iascaigh. Sa limistéar laisteas de dhomhanleithead 25 chéim ó dheas, úsáidfidh gach soitheach spiléireachta dhá cheann ar a laghad de na trí bheart mhaolaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn 4 agus comhlíonfaidh siad na híoschaighdeáin maidir leis na bearta sin. Comhlíonfaidh dearadh agus úsáid línte scanraithe éan na sonraíochtaí breise a leagtar amach in Iarscríbhinn 5.

2.   Déanfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais sonraí maidir le fogabhálacha teagmhasacha d’éanlaith mhara a thaifeadadh de réir speiceas, go háirithe tríd an Scéim Breathnóirí Réigiúnach dá dtagraítear in Airteagal 30, agus déanfaidh siad iad sin a thuairisciú don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 51(1). Glacfaidh breathnóirí, a mhéid is féidir, grianghraif d’éanlaith mhara a ghabhann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus déanfaidh siad na grianghraif sin a tharchur chuig saineolaithe náisiúnta éanlaithe mara nó chuig Rúnaíocht IOTC le haghaidh dearbhú sainaitheantais.

3.   Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, nó do chomhlacht arna ainmniú ag an gCoimisiún, faoi chonas an Scéim Breathnóirí Réigiúnach chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 30, i gcomhréir le hAirteagal 51(5).

CAIBIDIL IV

BEARTA RIALUITHE

ROINN 1

Coinníollacha ginearálta

Airteagal 23

Doiciméadacht ar bord soithí iascaireachta de chuid an Aontais

1.   Coinneoidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais logleabhair iascaireachta i gcomhréir leis an Rialachán seo. Coinneofar an taifead bunaidh atá sna logleabhair iascaireachta ar bord an tsoithigh iascaireachta ar feadh 12 mhí ar a laghad.

2.   Iomprófar doiciméid bhailí arna n-eisiúint ag údarás inniúil an Bhallstáit brataí ar bord soithí iascaireachta de chuid an Aontais, lena n-áirítear na doiciméid seo a leanas:

(a)

ceadúnas, cead nó údarú chun iascaireacht a dhéanamh agus téarmaí agus coinníollacha a ghabhann leis an gceadúnas, leis an gcead nó leis an údarú;

(b)

ainm an tsoithigh;

(c)

calafort ina bhfuil an soitheach cláraithe agus an uimhir chlárúcháin nó na huimhreacha clárúcháin;

(d)

comhartha aitheantais idirnáisiúnta;

(e)

ainmneacha agus seoltaí an úinéara/na n-úinéirí agus, i gcás inarb infheidhme, an chairtfhostóra;

(f)

fad foriomlán; agus

(g)

cumhacht innill, in kw/each-chumhacht, i gcás inarb iomchuí.

3.   Déanfaidh na Ballstáit bailíocht na ndoiciméad atá le bheith á n-iompar ar bord soithí iascaireachta a fhíorú go rialta, agus uair sa bhliain ar a laghad.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit gurb é an t-údarás inniúil a eiseoidh agus a dheimhneoidh gach doiciméad atá á n-iompar ar bord mar aon le haon leasú breise a dhéanfar orthu agus go ndéanfar soithí iascaireachta a mharcáil ar bhealach go bhféadfar iad a shainaithint go héasca i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta a bhfuil glactha leo go ginearálta amhail Sonraíochtaí Caighdeánacha FAO maidir le Marcáil agus Sainaithint Soithí Iascaireachta.

ROINN 2

Taifead ar shoithí

Airteagal 24

Taifead ar shoithí iascaireachta údaraithe

1.   Déanfar soithí iascaireachta de chuid an Aontais seo a leanas a chlárú i dtaifead IOTC ar shoithí iascaireachta:

(a)

soithí arb é 24 mhéadar nó níos mó a bhfad foriomlán;

(b)

soithí arb é 24 mhéadar nó níos lú a bhfad foriomlán, má dhéanann siad iascaireacht lasmuigh de limistéar eacnamaíoch eisiach (LEE) Ballstáit.

2.   Soithí iascaireachta de chuid an Aontais nach bhfuil cláraithe i dtaifead IOTC dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh siad údaraithe iascaireacht a dhéanamh ar speicis IOTC, iad a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír ná tacaíocht a thabhairt d’aon ghníomhaíocht iascaireachta ná sruthfheistí comhthiomsaithe éisc a chur amach sa Limistéar.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le soithí ar lú ná 24 mhéadar a bhfad foriomlán agus atá ag oibriú i LEE Ballstáit.

3.   Déanfaidh na Ballstáit liosta na soithí a chomhlíonann ceanglais mhír 1 agus atá údaraithe chun oibriú sa Limistéar a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Áireofar ar an liosta sin an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach soitheach:

(a)

ainm an tsoithigh (ainm na soithí), an uimhir chlárúcháin (na huimhreacha clárúcháin);

(b)

uimhir IMO;

(c)

an t-ainm (na hainmneacha) a bhí air roimhe (más ann dó) nó a chur in iúl nach bhfuil sé ar fáil;

(d)

an bhratach (na bratacha) a bhí air roimhe (más ann di) nó a chur in iúl nach bhfuil sí ar fáil;

(e)

mionsonraí maidir le scriosadh ó chlárlanna eile (más ann dóibh) nó a chur in iúl nach bhfuil siad ar fáil;

(f)

comhartha (comharthaí) aitheantais idirnáisiúnta raidió (más ann dó), nó a chur in iúl nach bhfuil sé ar fáil;

(g)

calafort clárúcháin;

(h)

an cineál soithigh nó soithí, fad foriomlán (m) agus olltonnáiste (GT);

(i)

toirt iomlán na boilge éisc (na mbolg éisc) i méadair chiúbacha;

(j)

ainm agus seoladh an úinéara (na n-úinéirí) agus an oibritheora (na n-oibritheoirí);

(k)

ainm agus seoladh an úinéara thairbhiúil (na n-úinéirí tairbhiúla), más eol céard é agus murab ionann é agus úinéir/oibreoir an tsoithigh, nó a chur in iúl nach bhfuil siad ar fáil;

(l)

ainm, seoladh agus uimhir chlárúcháin na cuideachta a oibríonn an soitheach (más ann di);

(m)

trealamh a úsáideadh;

(n)

an tréimhse ama (na tréimhsí ama) atá údaraithe le haghaidh na hiascaireachta agus/nó an trasloingsithe;

(o)

grianghraif dhaite den soitheach ina léirítear an méid seo a leanas:

an deasbhord agus an clébhord, agus an struchtúr iomlán le feiceáil ar gach ceann acu;

an bogha;

(p)

grianghraf daite amháin ar a laghad ina léirítear ar a laghad ceann amháin de na marcálacha seachtracha a shonraítear i bpointe (a).

4.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún go pras faoi aon ábhar a cuireadh le taifead IOTC nó faoi aon ábhar a scriosadh nó a leasaíodh. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht IATTC gan mhoill.

5.   Le linn gach bliana, soláthróidh an Coimisiún, más gá, faisnéis nuashonraithe do Rúnaíocht IOTC faoi shoithí iascaireachta de chuid an Aontais atá cláraithe i dtaifead IOTC dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 25

Faisnéis a chur in iúl

An fhaisnéis a thabharfaidh na Ballstáit don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 24 den Rialachán seo, tíolacfar í i bhformáid leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16).

Airteagal 26

Soithí iascaireachta a údarú

1.   Eiseoidh na Ballstáit údarú do shoithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2403 chun iascaireacht a dhéanamh ar speicis IOTC.

2.   Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin teimpléad nuashonraithe den údarú oifigiúil chun iascaireacht a dhéanamh lasmuigh de dhlínsí náisiúnta, agus nuashonróidh siad an fhaisnéis sa teimpléad nuair is gá. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht IOTC gan mhoill. Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa teimpléad:

(a)

ainm an údaráis inniúil;

(b)

ainm agus sonraí teagmhála phearsanra an údaráis inniúil;

(c)

síniú phearsanra an údaráis inniúil; agus

(d)

stampa oifigiúil an údaráis inniúil.

3.   Úsáidfear an teimpléad dá dtagraítear i mír 2 go heisiach chun críocha faireacháin, rialaithe agus faireachais. Ní sárú é difear idir an teimpléad agus an t-údarú a iompraítear ar bord an tsoithigh, ach spreagfaidh sé an Stát rialaithe chun an tsaincheist a shoiléiriú le húdarás inniúil aitheanta Stát brataí an tsoithigh i dtrácht.

Airteagal 27

Oibleagáidí ar Bhallstáit a eisíonn údaruithe iascaireachta

1.   Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

gan a soithí a údarú chun oibriú sa Limistéar ach amháin má tá siad in ann na ceanglais agus na freagrachtaí faoi Chomhaontú IOTC, faoin Rialachán seo agus faoi CMManna a chomhlíonadh;

(b)

na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonann a soithí iascaireachta an Rialachán seo agus CMManna;

(c)

na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcoinníonn a soithí iascaireachta cúnta deimhnithe bailí ar bord maidir le clárú soithí agus údaruithe bailí chun iascaireacht nó trasloingsiú a dhéanamh;

(d)

a áirithiú nach bhfuil stair ar bith ag a soithí iascaireachta údaraithe ar ghníomhaíochtaí iascaireachta NNN nó, i gcás ina mbeidh an stair sin ag soitheach, go gcuireann an t-úinéir nua fianaise leordhóthanach ar fáil lena léirítear an méid seo a leanas:

níl aon leas dlíthiúil, tairbhiúil ná airgeadais ag na húinéirí ná ag na hoibreoirí roimhe sin sa soitheach sin agus níl aon rialú acu air;

tá na páirtithe atá páirteach i dteagmhas NNN tar éis an t-ábhar a réiteach go hoifigiúil agus tá na smachtbhannaí curtha i gcrích; agus

i ndiaidh dóibh na fíorais ábhartha uile a chur san áireamh, níl a soithí iascaireachta cúnta ag gabháil d’iascaireacht NNN agus níl aon bhaint acu leis an iascaireacht sin;

(e)

a áirithiú, a mhéid is féidir faoin reachtaíocht náisiúnta, nach bhfuil lámh ná páirt ag úinéirí agus oibreoirí a soithí cúnta iascaireachta i ngníomhaíochtaí iascaireachta a bhaineann le tuinníní arna ndéanamh ag soithí nach bhfuil cláraithe i dtaifead IOTC dá dtagraítear in Airteagal 24(1) agus nach bhfuil baint acu leis na gníomhaíochtaí sin; agus

(f)

na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú, a mhéid is féidir faoin reachtaíocht náisiúnta, go bhfuil úinéirí soithí cúnta iascaireachta atá cláraithe ar thaifead IOTC dá dtagraítear in Airteagal 24(1) ina saoránaigh den Bhallstát brataí nó ina n-eintitis dhlíthiúla sa Bhallstát brataí, ionas gur féidir aon rialú nó aon ghníomh pionósach a dhéanamh ina gcoinne nuair is gá.

2.   Déanfaidh na Ballstáit torthaí an athbhreithnithe ar na gníomhaíochtaí agus ar na bearta a rinneadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo a thuairisciú don Choimisiún, nó do chomhlacht arna ainmniú ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 51(5).

3.   Na Ballstáit a eisíonn ceadúnais dá soithí údaraithe iascaireachta, tuairisceoidh siad go bliantúil don Choimisiún, nó do chomhlacht arna ainmniú ag an gCoimisiún, gach beart a rinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le CMM 05/07, agus úsáid á baint as an bhformáid a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le CMM 05/07, agus i gcomhréir le hAirteagal 51 den Rialachán seo.

Airteagal 28

Bearta i gcoinne soithí nach bhfuil cláraithe i dtaifead IOTC ar shoithí

1.   Soithí iascaireachta de chuid an Aontais nach bhfuil cláraithe i dtaifead IOTC dá dtagraítear in Airteagal 24(1), ní dhéanfaidh siad iascaireacht ar speicis IOTC, iad a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír sa Limistéar.

2.   Chun éifeachtacht an Rialacháin seo a áirithiú maidir le speicis atá cumhdaithe ag cláir doiciméad staidrimh, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

gan doiciméid staidrimh a bhailíochtú ach amháin i gcás shoithí an Aontais atá cláraithe ar thaifead IOTC;

(b)

a cheangal go mbeidh doiciméid staidrimh ag gabháil leis na speicis atá cumhdaithe ag cláir doiciméad staidrimh a ghabhfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais sa Limistéar nuair a allmhairítear isteach i gcríoch CPC iad; agus

(c)

go ndéanfar comhoibriú, agus gabháil de speicis atá cumhdaithe ag cláir doiciméad staidrimh á hallmhairiú, le Ballstáit bhrataí na soithí a ghabhann na speicis sin chun a áirithiú nach mbeidh na doiciméid staidrimh sin brionnaithe ná nach mbeidh bréagaisnéis iontu.

3.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, nó do chomhlacht arna ainmniú ag an gCoimisiún, faoi aon fhaisnéis fhíorasach lena léirítear go bhfuil forais réasúnacha amhrais ann go bhfuil soithí nach bhfuil cláraithe i dtaifead IOTC ag déanamh iascaireacht ar speicis IOTC sa Limistéar nó ag déanamh trasloingsithe orthu. Tabharfaidh an Coimisiún, nó comhlacht arna ainmniú ag an gCoimisiún, fógra faoin bhfaisnéis sin do Rúnaíocht IOTC láithreach bonn.

Airteagal 29

Taifead ar shoithí gníomhacha atá ag déanamh iascaireachta ar thuinníní agus ar cholgáin

1.   Na Ballstáit sin a bhfuil soithí acu atá ag déanamh iascaireachta ar thuinníní agus ar cholgáin sa Limistéar, agus úsáid á baint acu as teimpléad tuairiscithe iomchuí IOTC, chuirfidh siad faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Feabhra gach bliain liosta de na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus a bhí gníomhach sa Limistéar le linn na bliana roimhe sin agus:

(a)

ar 24 mhéadar a bhfad foriomlán nó níos mó, nó

(b)

i gcás soithí ar lú ná 24 mhéadar a bhfad foriomlán, na soithí sin a d’oibrigh in uiscí lasmuigh de LEE a mBallstáit.

2.   Na Ballstáit sin a bhfuil soithí acu atá ag déanamh iascaireachta ar thuinníní buí sa Limistéar, agus úsáid á baint acu as teimpléad tuairiscithe iomchuí IOTC, déanfaidh siad liosta de na soithí iascaireachta ar fad a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus a rinne tuinníní buí a iascach sa Limistéar le linn na bliana roimhe sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Feabhra gach bliain.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC roimh an 15 Feabhra gach bliain.

4.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach soitheach ar liosta na soithí dá dtagraítear i mír 1:

(a)

uimhir IOTC;

(b)

ainm agus uimhir chlárúcháin;

(c)

uimhir IMO, má tá sí ar fáil;

(d)

an bhratach roimhe seo (más ann di);

(e)

comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió (más ann dó);

(f)

cineál, fad agus olltonnáiste an tsoithigh (GT);

(g)

ainm agus seoladh an úinéara, an chairtfhostóra nó an oibreora (más ábhartha);

(h)

an príomh-spriocspeiceas; agus

(i)

an tréimhse údaraithe.

ROINN 3

Scéim Réigiúnach Breathnóirí

Airteagal 30

Scéim Réigiúnach Breathnóirí

1.   Chun feabhas a chur ar bhailiú na sonraí eolaíocha, áiritheoidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais arb é 24 mhéadar nó níos mó a bhfad foriomlán agus na soithí sin níos lú ná 24 mhéadar a bhíonn ag iascaireacht lasmuigh de LEE Ballstáit go mbeidh ar a laghad 5 % den líon oibríochtaí nó cor le haghaidh gach cineál trealaimh agus iad ag iascaireacht sa Limistéar clúdaithe ag breathnóirí arna bhformhuiniú faoin Scéim Réigiúnach Breathnóirí.

2.   Nuair atá breathnóir dá dtagraítear i mír 1 á iompar ag soithí peas-saighne, déanfaidh an breathnóir sin faireachán freisin ar na gabhálacha le linn a dtabhairt i dtír chun comhdhéanamh gabhálacha tuinníní mórshúileacha a shainaithint.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir leis na Ballstáit a bhfuil scéim samplála acu cheana féin agus a gcomhlíonann a clúdach na ceanglais a leagtar amach i mír 1.

Airteagal 31

Oibleagáidí na mbreathnóirí

1.   Déanfaidh breathnóirí ar bord soithí iascaireachta de chuid an Aontais an méid seo a leanas:

(a)

a gcuid gníomhaíochtaí iascaireachta a thaifeadadh agus a thuairisciú agus suíomhanna an tsoithigh a fhíorú;

(b)

breathnóireacht agus meastachán a dhéanamh ar na gabhálacha a mhéid is féidir d’fhonn comhdhéanamh na gabhála a shainaithint agus faireachán a dhéanamh ar ábhar muirí aischurtha, ar fhoghabhálacha agus ar mhinicíocht méideanna;

(c)

an cineál trealaimh, méid an mhogaill agus na forbhaill atá in úsáid ag an máistir a thaifeadadh;

(d)

faisnéis a bhailiú ionas gur féidir cros-seiceáil a dhéanamh ar iontrálacha a thaifeadtar sna logleabhair (comhdhéanamh agus cainníochtaí na speiceas, meáchan agus suíomh beo agus próiseáilte, más ann dóibh); agus

(e)

obair eolaíoch a dhéanamh de réir mar a d’iarr Coiste Eolaíoch IOTC.

2.   Laistigh de 30 lá tar éis gach turas a chríochnú, tabharfaidh an breathnóir tuairisc don Bhallstát brataí. Is de réir limistéir de dhomhanleithead 1° faoi dhomhanfhad 1° a chuirfear an tuarascáil ar fáil. Cuirfidh na Ballstáit gach tuarascáil chuig an gCoimisiún, nó chuig comhlacht arna ainmniú ag an gCoimisiún, laistigh de 140 lá tar éis dóibh é a fháil, agus áiritheoidh siad go seolfar, go rialta i rith na bliana, na tuarascálacha a fhaigheann siad ón mbreathnóir atá ar bord an chabhlaigh spiléireachta. Cuirfidh an Coimisiún, nó an comhlacht arna ainmniú ag an gCoimisiún, na tuarascálacha ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC laistigh de 10 lá ón tuarascáil sin a fháil.

Airteagal 32

Samplóirí allamuigh

1.   Déanfaidh na samplóirí allamuigh faireachán ar an líon gabhálacha a thugann soithí iascaireachta mionscála de chuid an Aontais i dtír ag an áit ina dtugtar gabhálacha i dtír. A mhéid a bhaineann le soithí iascaireachta ar mhionscála, ba cheart do na samplóirí ar a laghad 5 % den líon iomlán turas iascaireachta a dhéanann na soithí sin nó den líon iomlán soithí iascaireachta gníomhacha a chumhdach.

2.   Baileoidh samplóirí allamuigh faisnéis ar talamh le linn díluchtú soithí iascaireachta. Is féidir cláir samplála allamuigh a úsáid chun gabhálacha, foghabhálacha coinnithe a chainníochtú agus tuairisceáin chlib a bhailiú.

3.   Déanfaidh na samplóirí allamuigh faireachán ar ghabhálacha ag an áit ina dtugtar iad i dtír d’fhonn líon gabhála de réir méide agus de réir cineál báid, trealaimh agus speicis a mheas, nó déanfaidh siad an obair eolaíoch sin mar a d’iarr Coiste Eolaíoch IOTC.

Airteagal 33

Oibleagáidí na mBallstát

1.   Earcóidh na Ballstáit breathnóirí cáilithe lena gcur ar bord soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu.

2.   Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

na bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh breathnóirí in ann a ndualgais a chomhlíonadh ar bhealach inniúil agus sábháilte;

(b)

a áirithiú go gcaithfidh breathnóirí tréimhsí ar shoithí éagsúla le linn a sainchúraimí a chur i gcrích;

(c)

a áirithiú go soláthraítear, ar an soitheach ar a gcuirfear an breathnóir, bia agus lóistín oiriúnach le linn imlonnú an bhreathnóra ar an leibhéal céanna leis na hoifigigh ar bord, nuair is féidir;

(d)

a áirithiú go n-oibreoidh an máistir soithigh i gcomhar leis na breathnóirí chun gur féidir leo a ndualgais a chomhlíonadh go sábháilte, lena n-áirítear rochtain a sholáthar, de réir mar is gá, ar an ngabháil a choinnítear agus ar an ngabháil a bhfuil sé beartaithe é a dhiúscairt; agus

(e)

costas na scéime breathnóirí a sheasamh.

3.   Déanfaidh na Ballstáit an líon soithí a ndéantar faireachán orthu agus an clúdach a dhéantar de réir cineál trealaimh a thuairisciú don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 51(6).

ROINN 4

Faireachán agus faireachas

Airteagal 34

Córas um fhaireachán soithí (VMS)

1.   Déanfaidh na Ballstáit, tráth nach déanaí ná 2 lá oibre tar éis dóibh cliseadh teicniúil nó neamhfheidhmiú na feiste faireacháin soithí ar bord soithigh iascaireachta de chuid an Aontais a bhrath nó a fhógairt, suíomh geografach an tsoithigh a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC, nó áiritheoidh siad go gcuirfidh máistir nó úinéir an tsoithigh, nó a n-ionadaí, na suíomhanna sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC.

2.   I gcás ina measfaidh Ballstát nach gcomhlíonann gléas um fhaireachán soithí amháin nó níos mó atá ar bord soithigh Ballstáit bhrataí nó CPC eile na coinníollacha oibríochtúla is gá, nó go ndearnadh crioscaíl leo, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún, nó do chomhlacht arna ainmniú ag an gCoimisiún, faoi láithreach. Cuirfidh an Coimisiún, nó an comhlacht arna ainmniú ag an gCoimisiún, an fógra sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC agus chuig Ballstát brataí an tsoithigh gan mhoill.

Airteagal 35

Cairtfhostú

1.   Beidh cairtfhostú faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

thoiligh CPC na brataí i scríbhinn leis an gcomhaontú um chairtfhostú;

(b)

ní mhaireann an oibríocht iascaireachta faoin gcomhaontú um chairtfhostú níos mó ná 12 mhí in aon bhliain féilire;

(c)

déanfar soithí iascaireachta atá le cairtfhostú a chlárú le CPC freagrach a thoileoidh go sainráite le CMManna a chomhlíonadh agus iad a fhorfheidhmiú ar a soithí; déanfaidh gach CPC brataí a ndualgas a chomhlíonadh go héifeachtach maidir lena soithí iascaireachta a rialú chun comhlíonadh CMManna a áirithiú;

(d)

beidh soithí iascaireachta atá le cairtfhostú cláraithe i dtaifead IOTC dá dtagraítear in Airteagal 24, agus beidh siad údaraithe chun oibriú sa Limistéar;

(e)

i gcás ina gceadóidh CPC cairtfhostaithe don soitheach cairtfhostaithe oibriú ar an mórmhuir, beidh CPC brataí freagrach as iascaireacht mhórmhara a dhéanfar de bhun an tsocraithe maidir le cairtfhostú a rialú;

(f)

déanfaidh soithí cairtfhostaithe VMS agus sonraí gabhála a thuairisciú don CPC cairtfhostaithe agus don CPC brataí araon, agus do Rúnaíocht IOTC, mar a fhoráiltear sa Scéim um Fhógra Cairtfhostaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn 6;

(g)

déanfar gach gabháil, lena n-áirítear foghabhálacha agus ábhar muirí aischurtha, a dhéanfar de bhun an chomhaontaithe um chairtfhostú, a chomhaireamh in aghaidh chuóta nó dheiseanna iascaireachta CPC cairtfhostaithe; déanfar an clúdach breathnóra ar bord soithí cairtfhostaithe den sórt sin a chomhaireamh in aghaidh ráta cumhdaigh CPC cairtfhostaithe ar feadh ré na gníomhaíochta iascaireachta a dhéanann sé faoin gcomhaontú um chairtfhostú;

(h)

tuairisceoidh CPC cairtfhostaithe gach gabháil do IOTC, lena n-áirítear foghabhálacha agus ábhar muirí aischurtha, agus faisnéis eile a theastaíonn ó IOTC;

(i)

déanfar soithí cairtfhostaithe a fheistiú go cuí le VMS, agus marcálfar trealamh iascaireachta ar mhaithe le bainistiú éifeachtach iascaigh;

(j)

clúdach breathnóra ar 5 % ar a laghad den iarracht iascaireachta;

(k)

beidh ceadúnas iascaireachta ag soithí cairtfhostaithe a eiseoidh CPC cairtfhostaithe, agus ní bheidh siad ar liosta soithí NNN IOTC, ar aon liosta de chuid eagraíocht réigiúnach bainistíochta iascaigh (ERBI) eile ná ar liosta soithí NNN an Aontais;

(l)

ní údarófar do shoithí cairtfhostaithe cuóta CPC brataí a úsáid, agus ní údarófar do shoithí cairtfhostaithe, i gcás ar bith, iascaireacht a dhéanamh faoi níos mó ná comhaontú amháin um chairtfhostú ag an am céanna;

(m)

déanfar gabhálacha a thabhairt i dtír i gcalafoirt CPC, nó faoi mhaoirseacht dhíreach CPC, chun a áirithiú nach mbainfidh gníomhaíochtaí na soithí cairtfhostaithe an bonn de CMManna.

Airteagal 36

Scéim um fhógra cairtfhostaithe

1.   Tabharfaidh an Ballstát atá i mbun an chairtfhostaithe fógra don Choimisiún faoi aon soitheach atá le sainaithint mar shoitheach cairtfhostaithe i gcomhréir leis an Airteagal seo gan mhoill laistigh de 15 lá agus tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig roimh thús na ngníomhaíochtaí iascaireachta faoi chomhaontú um chairtfhostú, tríd an bhfaisnéis seo a leanas i ndáil le gach soitheach cairtfhostaithe a chur isteach go leictreonach:

(a)

an t-ainm (in aibítir na bunteanga clárúcháin agus san aibítir Laidineach araon) uimhir cláraithe an tsoithigh chairtfhostaithe, agus uimhir IMO;

(b)

ainm agus seoladh teagmhála úinéir tairbhiúil an tsoithigh;

(c)

tuairisc ar an soitheach, lena n-áirítear fad foriomlán, cineál soithigh agus an cineál modha nó modhanna iascaireachta atá le húsáid faoin gcomhaontú um chairtfhostú;

(d)

cóip den chomhaontú um chairtfhostú agus aon údarú nó ceadúnas iascaireachta a d’eisigh sé don soitheach, lena n-áirítear an chionroinnt cuóta nó an deis iascaireachta a sannadh don soitheach, agus fad an tsocraithe maidir le cairtfhostú;

(e)

a toiliú leis an gcomhaontú um chairtfhostú; agus

(f)

na bearta a glacadh chun na forálacha sin a áirítear sa chomhaontú um chairtfhostú a chur chun feidhme.

2.   Tabharfaidh an Ballstát brataí fógra don Choimisiún maidir le haon soitheach atá le sainaithint mar shoitheach cairtfhostaithe i gcomhréir leis an Airteagal seo, gan mhoill laistigh de 17 lá agus tráth nach déanaí ná 96 uair an chloig roimh thús na ngníomhaíochtaí iascaireachta faoi chomhaontú um chairtfhostú, tríd an bhfaisnéis i ndáil le gach soitheach cairtfhostaithe dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach go leictreonach.

3.   Tar éis dó an fhaisnéis a leagtar amach i mír 1 nó i mír 2 a fháil, cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis seo a leanas ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC:

(a)

a thoiliú leis an gcomhaontú um chairtfhostú;

(b)

na bearta arna nglacadh chun na forálacha a áirítear sa comhaontú um chairtfhostú a chur chun feidhme; agus

(c)

a chomhaontú CMManna a chomhlíonadh.

4.   Cuirfidh na Ballstáit dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 an Coimisiún ar an eolas láithreach maidir le tús, fionraí, atosú agus foirceannadh na n-oibríochtaí iascaireachta faoin gcomhaontú um chairtfhostú.

5.   Faoin 10 Feabhra gach bliain, déanfaidh na Ballstáit atá ag cairtfhostú soithí iascaireachta sonraí na gcomhaontuithe maidir le cairtfhostú a dhéantar sa bhliain féilire roimhe sin a thuairisciú don Choimisiún, lena n-áirítear faisnéis faoi ghabhálacha a gabhadh agus faoi iarracht iascaireachta a rinne na soithí cairtfhostaithe mar aon leis an leibhéal de chlúdach breathnóra a baineadh amach ar na soithí cairtfhostaithe i gcomhréir le hAirteagal 35(1), pointe (j). Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC faoin 28 Feabhra gach bliain.

Airteagal 37

Soithí nach bhfuil náisiúntacht acu

I gcás ina bhfaighidh soitheach nó aerárthach Ballstáit amharc ar shoithí iascaireachta a mheastar a bheith gan náisiúntacht, nó a dheimhnítear a bheith gan náisiúntacht, agus a d’fhéadfadh a bheith ag iascaireacht ar mhórmhuir an Limistéir, tabharfaidh an Ballstát sin tuairisc faoin amharc sin don Choimisiún, nó do chomhlacht arna ainmniú ag an gCoimisiún. Ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún, nó an comhlacht arna ainmniú ag an gCoimisiún, an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC láithreach.

Airteagal 38

Soithí iascaireachta a bhfuil bratach áise acu

Maidir le soithí spiléireachta tuinníní ar mhórscála a bhfuil bratach áise acu, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

diúltú do shoithí a bhfuil bratach áise acu teacht i dtír agus trasloingsiú, ar soithí iad atá i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta a laghdaíonn éifeachtacht na mbeart a leagtar síos sa Rialachán seo nó na mbeart a ghlac IOTC;

(b)

gach gníomhaíocht is féidir a dhéanamh chun a n-allmhaireoirí, iompróirí agus oibreoirí eile lena mbaineann a spreagadh chun staonadh ó thuinníní agus speicis atá cosúil le tuinníní a idirbheartú agus a thrasloingsiú, ar tuinníní agus speicis iad atá cosúil le tuinníní a ghabhann soithí atá i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta a bhaineann leis an mbratach áise atá acu;

(c)

a bpobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí spiléireachta tuinnín mórscála le bratacha áise agus a laghdaíonn éifeachtacht bhearta caomhnaithe agus bainistíochta IOTC, agus a áitíonn ar a bpobal i gcoitinne gan iasc a shaothraíonn soithí den sórt sin a cheannach;

(d)

a áitiú ar a monaróirí agus ar dhaoine gnó eile lena mbaineann cosc a chur ar a gcuid soithí agus trealaimh nó/feistí a úsáid le haghaidh oibríochtaí iascaireachta spiléireachta a bhaineann leis an mbratach áise; agus

(e)

faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis agus í a mhalartú maidir le gníomhaíochtaí de chuid soithí iascaireachta a bhaineann leis an mbratach áise, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí samplála calafoirt a dhéanann Rúnaíocht IOTC.

CAIBIDIL V

SONRAÍ GABHÁLA

Airteagal 39

Taifead ar shonraí gabhála agus iarrachta

1.   Coinneoidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais logleabhar leictreonach chun taifead a dhéanamh ar shonraí lena n-áirítear, mar íoscheanglais, an fhaisnéis agus na sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn 1.

2.   Comhlánóidh máistir an tsoithigh iascaireachta an logleabhar agus cuirfear é chuig an mBallstát brataí agus chuig an Stát cósta ar ina LEE a rinne soitheach iascaireachta de chuid an Aontais iascaireacht. Ní chuirfear ar fáil don Stát cósta ach an chuid sin den logleabhar a chomhfhreagraíonn don ghníomhaíocht a dhéantar in LEE an Stáit chósta.

3.   Déanfaidh na Ballstáit na sonraí uile d’aon bhliain ar leith a thuairisciú don Choimisiún ar bhonn comhiomlánaithe ina dtuarascálacha bliantúla, i gcomhréir le hAirteagal 51(1).

Airteagal 40

Deimhniú gabhála na dtuinníní mórshúileacha

1.   Beidh ag gabháil leis na tuinníní mórshúileacha uile a allmhairítear i gcríoch Bhallstáit Doiciméad Staidrimh IOTC maidir le tuinníní mórshúileacha, dá bhforáiltear in Iarscríbhinn 8, nó deimhniú athonnmhairiúcháin IOTC maidir le tuinníní mórshúileacha a chomhlíonann ceanglais Iarscríbhinn 9.

2.   De mhaolú ar mhír 1, níl tuinníní mórshúileacha a ghabhann soithí peas-saighne nó soithí le cuaillí agus doruithe (baoite), agus atá beartaithe go príomha do na monarchana cannadóireachta sa Limistéar, faoi réir an cheanglais staidrimh seo.

3.   Déanfar na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 a bhailíochtú i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le CMM 03/03 agus i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

(a)

déanfaidh Ballstát brataí an tsoithigh a ghabh na tuinníní, nó, i gcás ina mbeidh an soitheach ag oibriú faoi shocrú maidir le cairtfhostú, déanfaidh an Ballstát a d’onnmhairigh na tuinníní doiciméad staidrimh IOTC maidir le tuinníní mórshúileacha a bhailíochtú;

(b)

déanfaidh an Stát a d’athonnmhairigh na tuinníní deimhniú athonnmhairiúcháin IOTC maidir le tuinníní mórshúileacha a bhailíochtú;

(c)

féadfaidh an Ballstát ina dtugtar na táirgí i dtír doiciméid staidrimh maidir le tuinníní mórshúileacha a ghabhann soithí de chuid an Aontais a bhailíochtú, ar choinníoll go ndéantar na cainníochtaí comhfhreagracha de na tuinníní mórshúileacha a onnmhairiú lasmuigh den Aontas ó chríoch na mBallstát ina dtugtar na táirgí i dtír.

4.   Faoin 15 Márta gach bliain, le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig sa bhliain roimhe sin, agus faoin 15 Meán Fómhair gach bliain, le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 30 Meitheamh den bhliain reatha, déanfaidh na Ballstáit a allmhairíonn tuinníní mórshúileacha na sonraí a bhailítear faoi chlár na ndoiciméad staidrimh maidir le tuinníní mórshúileacha a thuairisciú don Choimisiún, agus úsáid á baint as an bhformáid a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le CMM 03/03. Scrúdóidh an Coimisiún an fhaisnéis agus tarchuirfidh sé chuig Rúnaíocht IOTC í faoin 1 Aibreán agus faoin 1 Deireadh Fómhair, faoi seach.

5.   Scrúdóidh na Ballstáit a onnmhairíonn tuinníní mórshúileacha sonraí onnmhairiúcháin a luaithe a gheobhaidh siad na sonraí allmhairiúcháin dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, agus tuairisceoidh siad na torthaí don Choimisiún go bliantúil, i gcomhréir le hAirteagal 51(5).

CAIBIDIL VI

BEARTA STÁT AN CHALAFOIRT, CIGIREACHT, FORFHEIDHMIÚ AGUS NNN

ROINN 1

Bearta stát an chalafoirt

Airteagal 41

Pointí teagmhála agus calafoirt ainmnithe

1.   Ballstát ar mian leis rochtain ar a gcuid calafort a thabhairt do shoithí tríú tír a bhfuil speicis IOTC ar bord acu a gabhadh sa Limistéar nó táirgí iascaigh de thionscnamh speiceas IOTC nár tugadh i dtír cheana ná nár trasloingsíodh cheana, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

an calafort ar féidir le soithí tríú tír cead a iarraidh chun dul isteach ann a ainmniú de bhun Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008;

(b)

pointe teagmhála a ainmniú chun críocha réamhfhógra a fháil de bhun Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008;

(c)

pointe teagmhála a ainmniú chun críocha tuarascálacha cigireachta a fháil de bhun Airteagal 11(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008.

2.   Déanfaidh na Ballstáit aon athruithe ar liosta na bpointí teagmhála ainmnithe agus na gcalafort ainmnithe a tharchur chuig an gCoimisiún, nó chuig comhlacht arna ainmniú ag an gCoimisiún, 30 lá ar a laghad sula ngabhfaidh éifeacht leis na hathruithe. Déanfaidh an Coimisiún, nó an comhlacht arna ainmniú aige, an fhaisnéis sin a tharchur chuig Rúnaíocht IOTC 15 lá ar a laghad sula ngabhfaidh éifeacht leis na hathruithe sin.

Airteagal 42

Réamhfhógra

1.   De mhaolú ar Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, is é 24 uair an chloig ar a laghad roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach, nó díreach tar éis dheireadh na n-oibríochtaí iascaireachta, a bheidh sa tréimhse le haghaidh réamhfhógra a thabhairt, más lú ná 24 uair an chloig an fad ama go dtí an calafort.

2.   De mhaolú ar Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, is í an fhaisnéis atá le soláthar ag máistrí soithí iascaireachta tríú tír nó a n-ionadaithe an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Iarscríbhinn 10 a ghabhann leis an Rialachán seo a sholáthar a mbeidh deimhniú gabhála ag gabháil leis arna bhailíochtú i gcomhréir le Caibidil III de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 más rud é go n-iompraíonn an soitheach iascaireachta tríú tír táirgí iascaigh IOTC ar bord.

3.   Féadfar an réamhfhógra dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 2 den Airteagal seo a tharchur go leictreonach trí fheidhmchlár e-PSM.

4.   Féadfaidh Ballstáit an chalafoirt aon fhaisnéis bhreise a iarraidh chun a chinneadh ar ghabh na soithí iascaireachta dá dtagraítear i mír 1 d’iascaireacht NNN nó do ghníomhaíochtaí gaolmhara.

Airteagal 43

Údarú chun teacht isteach, tabhairt i dtír agus trasloingsiú i gcalafoirt

1.   Tar éis dó an fhaisnéis ábhartha a fháil de bhun Airteagal 42, déanfaidh Ballstát calafoirt cinneadh maidir le húdarú a thabhairt nó diúltú don soitheach iascaireachta tríú tír teacht isteach ina chalafoirt agus iad a úsáid. I gcás inar diúltaíodh do shoitheach iascaireachta tríú tír teacht isteach, cuirfidh Ballstát an chalafoirt Stát brataí an tsoithigh agus an Coimisiún, nó comhlacht arna ainmniú ag an gCoimisiún, ar an eolas ina thaobh. Cuirfidh an Coimisiún, nó an comhlacht arna ainmniú ag an gCoimisiún, an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC gan mhoill. Maidir le soithí iascaireachta atá ar liosta soithí NNN IOTC, ar liosta aon ERBI eile nó liosta soithí NNN an Aontais, diúltóidh na Ballstáit chalafoirt dóibh teacht isteach ina gcalafoirt.

2.   I gcás ina mbeidh réamhfhógra faighte trí fheidhmchlár e-PSM, cuirfidh Ballstát an chalafoirt a chinneadh in iúl maidir le teacht isteach i gcalafort a údarú nó a dhiúltú tríd an iarratas céanna.

3.   De bhun Airteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, i gcás soithí iompair, éilítear dearbhú trasloingsithe IOTC agus déanfar an dearbhú sin a chur isteach 48 uair an chloig ar a laghad roimh an am a mheastar a thiocfaidh siad i dtír. Chun a áirithiú go mbeidh na gabhálacha a thugtar i dtír comhsheasmhach leis an líon gabhálacha a thuairiscítear maidir le gach soitheach gabhála, déanfaidh na Ballstáit ina dtabharfar trasloingsithe i dtír na bearta iomchuí chun cruinneas na faisnéise a fuarthas a fhíorú agus comhoibreoidh siad le Stát brataí an tsoithigh iompair, le haon Bhallstát calafoirt a bhfuil baint aige leis na gabhálacha trasloingsithe a thabharfar i dtír agus le stáit bhrataí na soithí iascaireachta gabhála lena mbaineann. Déanfar an fíorú sin sa dóigh go mbeidh an oiread is lú de chur isteach nó de mhíchaoithiúlacht ann don soitheach iompair agus go seachnófar aon díghrádú ar an iasc.

4.   I gcás ina bhfaighidh Ballstát an chalafoirt dearbhú maidir le gabháil nó trasloingsiú ó shoitheach iascaireachta gabhála de bhun Airteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, déanfaidh Ballstáit an chalafoirt na bearta iomchuí chun cruinneas na faisnéise a fuarthas a fhíorú agus comhoibreoidh siad leis an CPC brataí chun a áirithiú go bhfuil na gabhálacha a thugtar i dtír agus/nó trasloingsithe comhsheasmhach leis an líon gabhálacha a thuairiscítear maidir le gach soitheach gabhála.

5.   Faoin 15 Meitheamh gach bliain, cuirfidh gach Ballstát calafoirt faoi bhráid an Choimisiúin liosta de na soithí iascaireachta nach bhfuil bratach an Bhallstáit calafoirt sin ar foluain orthu agus a thug tuinníní agus speicis atá cosúil le tuinníní i dtír ina gcalafoirt agus a gabhadh sa Limistéar sa bhliain féilire roimhe sin. Áireofar an fhaisnéis sin sa teimpléad iomchuí do thuarascáil IOTC agus sonrófar inti comhdhéanamh na gabhála de réir meáchain agus speiceas a thugtar i dtír. Scrúdóidh an Coimisiún na tuarascálacha sin agus tarchuirfidh sé chuig Rúnaíocht IOTC iad faoin 30 Meitheamh gach bliain.

ROINN 2

Cigireacht

Airteagal 44

Cigireacht ar chalafoirt

1.   Gach bliain, déanfaidh gach Ballstát calafoirt cigireacht ina chalafoirt ainmnithe ar 5 % ar a laghad de gach gabháil a thugtar i dtír nó de gach trasloingsiú a bhaineann le speicis IOTC a dhéanann soithí iascaireachta nach bhfuil bratach an Bhallstáit calafoirt sin ar foluain orthu.

2.   Leis an gcigireacht, déanfar faireachán ar na gabhálacha uile a thugtar i dtír nó ar an trasloingsiú iomlán agus áireofar léi cros-seiceáil idir na cainníochtaí, de réir speicis, a taifeadadh sa réamhfhógra agus na cainníochtaí de réir speiceas a thugtar i dtír nó a thrasloingsítear go hiarbhír. Agus an ghabháil tugtha i dtír nó an trasloingsiú curtha i gcrích, deimhneoidh agus nótálfaidh an cigire na cainníochtaí de réir speicis éisc a bheidh fágtha ar bord.

Airteagal 45

An nós imeachta cigireachta

1.   Beidh feidhm ag forálacha an Airteagail seo de bhreis ar na rialacha maidir leis an nós imeachta cigireachta a leagtar síos in Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008.

2.   Beidh cigirí ó Bhallstáit an chalafoirt ina gcigirí a bheidh cáilithe mar is cuí chun na críche sin, agus beidh doiciméad aitheantais bailí acu a thaispeánfaidh siad do mháistir an tsoithigh a mbeidh cigireacht le déanamh air.

3.   Mar íoschaighdeán, áiritheoidh Ballstáit an chalafoirt go ndéanfaidh a gcigirí na cúraimí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le CMM 16/11. Agus cigireachtaí á ndéanamh acu ina gcalafoirt, cuirfidh Ballstáit an chalafoirt de cheangal ar mháistir an tsoithigh gach cúnamh agus faisnéis is gá a thabhairt do chigirí, agus ábhar agus doiciméid ábhartha a thaispeáint de réir mar is gá, nó cóipeanna deimhnithe díobh a thaispeáint.

4.   Sa tuarascáil i scríbhinn ar thorthaí gach cigireachta, déanfaidh gach Ballstát calafoirt, ar a laghad, an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le CMM 16/11 a chur san áireamh. Laistigh de 3 lá oibre ón gcigireacht a chríochnú, déanfaidh Ballstát an chalafoirt cóip den tuarascáil chigireachta agus, arna iarraidh sin, cóip bhunaidh nó cóip dheimhnithe di, a tharchur chuig máistir an tsoithigh a ndearnadh cigireacht air, chuig an Stát brataí, chuig an gCoimisiún, nó chuig comhlacht arna ainmniú ag an gCoimisiún. Cuirfidh an Coimisiún, nó an comhlacht arna ainmniú ag an gCoimisiún, an tuarascáil sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC.

5.   Faoin 15 Meitheamh gach bliain, cuirfidh gach Ballstát calafoirt faoi bhráid an Choimisiúin liosta de na soithí iascaireachta nach bhfuil bratach an Bhallstáit calafoirt sin ar foluain orthu agus a thug tuinníní agus speicis atá cosúil le tuinníní i dtír ina chalafoirt agus a gabhadh i limistéar IOTC an bhliain féilire roimhe sin. Sonrófar san fhaisnéis sin comhdhéanamh na gabhála de réir meáchain agus speicis a thugtar i dtír. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC faoin 1 Iúil gach bliain.

ROINN 3

Forfheidhmiú

Airteagal 46

An nós imeachta i gcás ina mbeidh fianaise ann ar sháruithe ar bhearta IOTC le linn na gcigireachtaí calafort

1.   Más rud é go soláthraíonn an fhaisnéis a bhailítear le linn na cigireachta fianaise a léiríonn go bhfuil sárú ar bhearta IOTC déanta ag soitheach iascaireachta, beidh feidhm ag an Airteagal seo de bhreis ar Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008.

2.   Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit calafoirt cóip den tuarascáil chigireachta a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún, nó chuig comhlacht arna ainmniú ag an gCoimisiún, a luaithe is féidir agus, in aon chás, laistigh de 3 lá oibre. Tarchuirfidh an Coimisiún, nó an comhlacht arna ainmniú ag an gCoimisiún, an tuarascáil sin chuig Rúnaíocht IOTC agus chuig pointe teagmhála CPC brataí gan mhoill.

3.   Tabharfaidh Ballstáit an chalafoirt fógra go pras d’údarás inniúil CPC brataí agus don Choimisiún, nó do chomhlacht arna ainmniú ag an gCoimisiún maidir leis an ngníomhaíocht a dhéanfar i gcás sáruithe. Tarchuirfidh an Coimisiún, nó an comhlacht arna ainmniú ag an gCoimisiún, an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht IOTC.

Airteagal 47

Sáruithe líomhnaithe arna dtuairisciú ag na Ballstáit

1.   Maidir le haon fhaisnéis dhoiciméadaithe a léiríonn cásanna ina bhféadfadh sé nár chomhlíon aon soitheach iascaireachta bearta caomhnaithe agus bainistíochta IOTC sa Limistéar sa 2 bhliain roimhe sin, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin faoi bhráid an Choimisiúin 80 lá ar a laghad roimh chruinniú bliantúil IOTC, agus úsáid á baint acu as foirm tuairiscithe Iarscríbhinn I a ghabhann le CMM 18/03. Scrúdóidh an Coimisiún an fhaisnéis sin agus, más iomchuí, cuirfidh sé ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC í 70 lá ar a laghad roimh chruinniú bliantúil an choiste um chomhlíonadh.

2.   Beidh faisnéis maidir le gníomhaíocht iascaireachta NNN gach ceann de na soithí liostaithe ag gabháil leis an bhfaisnéis dhoiciméadaithe dá dtagraítear i mír 1 lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

tuarascálacha maidir leis an ngníomhaíocht líomhnaithe iascaireachta NNN a bhaineann le CMManna atá i bhfeidhm;

(b)

faisnéis trádála a fhaightear ar bhonn staidreamh ábhartha trádála amhail staidreamh ó dhoiciméid staidrimh agus staidreamh infhíoraithe eile náisiúnta nó idirnáisiúnta;

(c)

faisnéis a fhaightear ó fhoinsí eile nó a bailíodh ó mheánna iascaireachta amhail an méid seo a leanas:

faisnéis a bhailítear ó chigireachtaí a dhéantar i gcalafort nó ar muir;

faisnéis ó stáit chósta lena n-áirítear sonraí trasfhreagróra VMS nó ón gCóras Aitheantais Uathoibríoch (AIS), sonraí faireachais ó shatailítí nó ó shócmhainní aerbheirthe nó ar muir;

cláir IOTC, ach amháin i gcás ina sonrófar leis an gclár sin go gcoinneofaí an fhaisnéis a bhailítear faoi rún; nó

faisnéis agus saineolas a bhailíonn tríú páirtithe.

Airteagal 48

Sáruithe líomhnaithe a thuairiscíonn CPC agus Rúnaíocht IOTC

1.   I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún aon fhaisnéis ó CPC nó ó Rúnaíocht IOTC a léiríonn gníomhaíochtaí líomhnaithe iascaireachta NNN ag soitheach iascaireachta de chuid an Aontais, tarchuirfidh sé an fhaisnéis sin chuig an mBallstát lena mbaineann gan mhoill.

2.   Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann fionnachtana aon imscrúdaithe a dhéanann soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu i ndáil le líomhaintí maidir le neamhchomhlíonadh, agus aon ghníomhaíochtaí atá déanta chun aghaidh a thabhairt ar nithe is ábhar imní ó thaobh comhlíonadh de, a chur in iúl don Choimisiún 45 lá ar a laghad roimh chruinniú bliantúil IOTC. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig IOTC 15 lá ar a laghad roimh an gcruinniú bliantúil.

Airteagal 49

Dréachtliosta de shoithí NNN IOTC

1.   Má fhaigheann an Coimisiún fógra oifigiúil ó Rúnaíocht IOTC go bhfuil soitheach iascaireachta de chuid an Aontais ar dhréachtliosta soithí NNN IOTC, déanfaidh sé an fógra sin, lena n-áirítear an fhianaise thacaíochta agus aon fhaisnéis dhoiciméadaithe eile a sholáthróidh Rúnaíocht IOTC, a tharchur chuig an mBallstát brataí lena mbaineann.

2.   Soláthróidh an Ballstát lena mbaineann barúlacha tráth nach déanaí ná 30 lá roimh chruinniú bliantúil an Choiste um Chomhlíonadh IOTC. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a scrúdú agus a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC 15 lá ar a laghad roimh chruinniú bliantúil an Choiste um Chomhlíonadh.

3.   A luaithe a bheidh fógra faighte acu ón gCoimisiún, déanfaidh údaráis an Bhallstáit brataí lena mbaineann an méid seo a leanas:

(a)

fógra a thabhairt d’úinéir agus d’oibreoirí an tsoithigh iascaireachta go bhfuil sé ar dhréachtliosta shoithí NNN IOTC agus go bhféadfadh iarmhairtí teacht as é a bheith deimhnithe go bhfuil sé ar liosta shoithí NNN atá glactha ag IOTC; agus

(b)

dlúthfhaireachán a dhéanamh ar na soithí atá ar dhréachtliosta soithí NNN IOTC, chun a ngníomhaíochtaí a chinneadh agus chun athruithe a d’fhéadfadh teacht ar ainm, ar bhratach nó ar úinéir cláraithe na soithí sin a chinneadh.

Airteagal 50

Liosta sealadach de shoithí NNN IOTC

1.   Chun cosc a chur ar shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais atá ar dhréachtliosta shoithí NNN IOTC dá dtagraítear in Airteagal 49 a bheith ar liosta sealadach soithí NNN IOTC, déanfaidh an Ballstát brataí an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar don Choimisiún lena dtaispeántar:

(a)

gur chomhlíon an soitheach, gach tráth ábhartha, coinníollacha a údaraithe agus:

go ndearna an soitheach gníomhaíochtaí iascaireachta ar bhealach atá i gcomhréir leis na CMManna,

go ndearna an soitheach gníomhaíochtaí iascaireachta laistigh de na huiscí atá faoi dhlínse Stáit chósta ar bhealach atá comhsheasmhach le dlíthe agus rialacháin an Stáit chósta sin, nó

gur ar speicis nach gcumhdaítear leis an gComhaontú a rinne an soitheach iascaireacht go heisiach; nó

(b)

go ndearnadh gníomhaíocht phionósach éifeachtach mar fhreagairt ar na gníomhaíochtaí iascaireachta NNN atá i gceist, lena n-áirítear ionchúiseamh agus smachtbhannaí atá dian go leor a fhorchur le go mbeidh siad éifeachtach ó thaobh comhlíonadh a áirithiú agus sáruithe breise a dhíspreagadh.

2.   Scrúdóidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus tarchuirfidh sé chuig Rúnaíocht IOTC í gan mhoill.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 51

Sonraí a thuairisciú

1.   Tráth nach déanaí ná an 15 Meitheamh gach bliain, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, agus an tábla a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le CMM 18/07 á úsáid acu, an fhaisnéis don bhliain féilire roimhe sin a bhaineann leis na heilimintí seo a leanas:

(a)

meastacháin ar an ngabháil iomlán de réir speicis agus trealaimh, go ráithiúil más féidir, iad á ndeighilt, nuair is féidir, de réir gabhálacha coinnithe i mbeomheáchan agus de réir ábhar muirí aischurtha i mbeomheáchan nó i líon, le haghaidh gach speicis faoi shainordú IOTC chomh maith leis na speicis elasmobranchii is mó a ghabhtar de réir na dtaifead ar ghabhálacha agus ar theagmhais;

(b)

sonraí iomlána gabhála maidir le céiticigh, turtair mhuirí agus sonraí faoi éanlaith mhara dá dtagraítear in Airteagail 20, 21 agus 22, faoi seach;

(c)

i gcás an iascaigh peas-saighne agus an iascaigh le cuaillí agus doruithe, sonraí maidir leis an ngabháil agus iarracht arna shrathú de réir modh iascaireachta agus arna eachtarshuí go dtí an líon iomlán gabhálacha míosúla náisiúnta i gcás gach trealaimh; déanfar doiciméid ina dtugtar tuairisc ar na nósanna imeachta eachtarshuímh a chur isteach go rialta freisin;

(d)

i gcás na n-iascach spiléireachta, maidir le sonraí faoi ghabhálacha de réir speicis, lín nó meáchain, agus de réir iarrachta chomh maith leis an líon duán a úsáideadh, arna sholáthar le limistéar greille 5° agus le sraitheanna míosúla; déanfar doiciméid ina dtugtar tuairisc ar na nósanna imeachta eachtarshuímh a chur isteach go rialta freisin;

(e)

achoimre ar na gabhálacha tuinníní buí is déanaí i gcomhréir le hAirteagal 39;

(f)

gabhálacha nialasacha, a thuairisceofar trí úsáid a bhaint as an tábla a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le CMM 18/07.

2.   I dteannta leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, áireoidh na Ballstáit na sonraí maidir le hiarracht iascaireachta seo a leanas ó chabhlach na soithí peas-saighne atá ag baint úsáid as soithí soláthair agus FADanna:

(a)

líon agus saintréithe na soithí peas-saighne soláthair, atá ag oibriú faoina mbratach, nó atá ag tabhairt cúnaimh do shoithí peas-saighne atá ag oibriú faoina mbratach, nó atá ceadúnaithe chun oibriú ina LEE, a oibríodh sa limistéar;

(b)

an líon laethanta a chaitear ar muir i gcás soithí peas-saighne agus soithí soláthair peas-saighne in aghaidh gach limistéir greille 1° agus in aghaidh na míosa atá le tuairisciú ag Ballstát brataí an tsoithigh soláthair;

(c)

suíomhanna, dátaí agus am socraithe, aitheantóir agus cineál FAD, agus saintréithe deartha FAD gach FAD.

3.   Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, maidir leis an gcineál soithí agus maidir le sonraí sealadacha agus deiridh, a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar na dátaí seo a leanas:

(a)

cuirfear isteach sonraí sealadacha maidir le cabhlaigh spiléireachta a d’oibrigh ar an mórmhuir le haghaidh na bliana roimhe sin tráth nach déanaí ná an 15 Meitheamh gach bliain; cuirfear na sonraí deiridh isteach tráth nach déanaí ná an 15 Nollaig gach bliain;

(b)

déanfar sonraí deiridh maidir le gach cabhlach eile, lena n-áirítear soithí soláthair, a chur isteach tráth nach déanaí ná an 15 Meitheamh gach bliain.

4.   Déanfaidh an Coimisiún anailís ar an bhfaisnéis, agus seolfaidh sé chuig Rúnaíocht IOTC í faoi na spriocdhátaí sonracha dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

5.   Cuirfidh na Ballstáit faisnéis le haghaidh na bliana féilire roimhe sin faoi bhráid an Choimisiúin 75 lá roimh chruinniú bliantúil IOTC, ina mbeidh an fhaisnéis maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh chun a n-oibleagáidí tuairiscithe a chur chun feidhme i gcás gach iascaigh IOTC, lena n-áirítear speicis siorcanna a gabhadh i gcomhlachas le hiascaigh IOTC, go háirithe na bearta a rinneadh chun feabhas a chur ar a mbailiú sonraí le haghaidh gabhálacha díreacha agus gabhálacha de thaisme. Tiomsóidh an Coimisiún an fhaisnéis i dtuarascáil chur chun feidhme an Aontais agus cuirfidh sé chuig Rúnaíocht IOTC í.

6.   Cuirfidh na Ballstáit bhrataí tuarascáil eolaíoch náisiúnta chuig an gCoimisiún gach bliain, tráth nach déanaí ná 45 lá roimh sheisiún Choiste Eolaíoch IOTC, ar dháta a chuirfidh an Coimisiún in iúl, ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

staidreamh ginearálta na n-iascach;

(b)

tuarascáil ar chur chun feidhme mholtaí an Choiste;

(c)

an dul chun cinn a rinneadh maidir le taighde mar a fhoráiltear in Airteagal 15(3), Airteagal 16(3), Airteagal 17(4) agus Airteagal 18(5); agus

(d)

faisnéis ábhartha eile a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta le haghaidh speiceas IOTC chomh maith le siorcanna, speicis eile ar seachtháirgí iad agus speicis foghabhála.

7.   Déanfar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 6 a tharraingt suas i gcomhréir leis an teimpléad a fhorordóidh Coiste Eolaíoch IOTC. Cuirfidh an Coimisiún an teimpléad riachtanach chuig na Ballstáit bhrataí. Déanfaidh an Coimisiún anailís ar an bhfaisnéis atá sa tuarascáil, cuirfidh sé i dtuarascáil Aontais iad agus seolfaidh sé chuig Rúnaíocht IOTC í.

Airteagal 52

Rúndacht agus cosaint sonraí

1.   Na sonraí a bhaileofar agus a mhalartófar faoi chuimsiú an Rialacháin seo caithfear leo i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le rúndacht de bhun Airteagail 112 agus 113 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

2.   Beidh aon bhailiú, aistriú, stóráil nó próiseáil eile sonraí de bhun an Rialacháin seo i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725.

3.   Ní dhéanfar sonraí pearsanta a phróiseálfar faoin Rialachán seo a stóráil ar feadh tréimhse is faide ná 10 bliana, ach amháin má tá na sonraí pearsanta sin riachtanach chun go bhféadfar obair leantach a dhéanamh ar shárú, cigireacht, nó ar nósanna imeachta breithiúnacha nó riaracháin. Sna cásanna sin, féadfar sonraí pearsanta a stóráil ar feadh 20 bliain. Má dhéantar sonraí pearsanta a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide, beidh na sonraí sin anaithnidithe.

Airteagal 53

Treoirlínte

Déanfaidh an Coimisiún aon treoirlínte arna bhforbairt ag IOTC a sholáthar do na Ballstáit a bhfuil deiseanna iascaireachta acu sna hiascaigh atá á mbainistiú ag IOTC, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

treoracha aitheantais agus cleachtais láimhseála siorcanna;

(b)

nósanna imeachta láimhseála roc den chineál mobulidae;

(c)

treoirlínte dea-chleachtais Choiste Eolaíoch IOTC chun míolsiorcanna a scaoileadh leo agus a láimhseáil go sábháilte;

(d)

treoirlínte dea-chleachtais Choiste Eolaíoch IOTC chun céiticigh a scaoileadh leo agus a láimhseáil go sábháilte; agus

(e)

treoirlínte láimhseála i dtaobh turtar mara.

Áiritheoidh na Ballstáit lena mbaineann go gcuirfear na treoirlínte sin ar fáil do mháistrí a soithí atá gníomhach sna hiascaigh lena mbaineann. Déanfaidh na máistrí sin gach beart réasúnach chun na treoirlínte sin a chur i bhfeidhm.

Airteagal 54

An nós imeachta maidir le leasuithe

1.   I gcás inar gá, chun leasuithe nó forlíonta ar rúin ó IOTC atá ann cheana a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, ar leasuithe nó forlíonta iad a bheidh ina gceangal ar an Aontas, agus a mhéid nach dtéann leasuithe ar dhlí an Aontais thar rúin ó IOTC, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 55 chun an méid seo a leanas a leasú:

(a)

tuairisc ar FADanna in Airteagal 10;

(b)

calafoirt CPC le húsáid le haghaidh trasloingsithe in Airteagal 12;

(c)

faisnéis in aghaidh an tsoithigh maidir leis an liosta soithí gníomhacha le haghaidh tuinníní agus colgán, a leagtar amach in Airteagal 24(3);

(d)

an céatadán de chlúdach breathnóra a leagtar amach in Airteagal 30(1);

(e)

clúdach samplóirí allamuigh le haghaidh iascach ar mhionscála a leagtar amach in Airteagal 32(1);

(f)

coinníollacha maidir le cairtfhostú a leagtar amach in Airteagal 35(1);

(g)

an céatadán de na cigireachtaí ar ghabhálacha calafoirt a thugtar i dtír a leagtar amach in Airteagal 44(1);

(h)

spriocdhátaí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 29(1) agus (3), Airteagal 45(5), Airteagal 51;

(i)

Iarscríbhinní 1 go 10;

(j)

tagairtí do ghníomhartha idirnáisiúnta a leagtar amach in Airteagal 9(3), pointe (a), Airteagal 9(4), Airteagal 21(4), Airteagal 23(4), Airteagal 27(3), Airteagal 40(3) agus (4), Airteagal 42(3), Airteagal 45(3) agus (4), Airteagal 47(1) agus Airteagal 51(1).

2.   Aon leasú a ghlacfar i gcomhréir le mír 1, beidh sé teoranta go docht do chur chun feidhme i ndlí na hEorpa na leasuithe agus forlíonta ar na rúin ó IOTC lena mbaineann atá ina gceangal ar an Aontas.

Airteagal 55

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 54 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 22 Nollaig 2022. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 54 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 54 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 56

Leasuithe ar Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (CE) Uimh. 1984/2003, agus (CE) Uimh. 520/2007

1.   Scriostar Airteagal 2, pointe (b), agus Airteagail 20 go 21a de Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001.

2.   Scriostar Airteagal 1, pointe (b), Airteagal 8, pointe (b), agus Iarscríbhinní VII, XII, XIV agus XVIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003.

3.   Scriostar Airteagal 4(2) agus Airteagail 18 go 20 de Rialachán (CE) Uimh. 520/2007.

Airteagal 57

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 23 Samhain 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)   IO C 341, 24.8.2021, lch. 106.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Deireadh Fómhair 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2022.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(4)  Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle an 23 Márta 1998 maidir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 agus Comhaontú an 28 Iúil 1994 maidir le cur chun feidhme Chuid XI de arna dtabhairt i gcrích ag an gComhphobal Eorpach (IO L 179, 23.6.1998, lch. 1).

(5)  Cinneadh 98/414/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 1998 maidir le daingniú ag an gComhphobal Eorpach den Chomhaontú maidir le Forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 i ndáil le Caomhnú agus Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mór-imirceach a chur chun feidhme (IO L 189, 3.7.1998, lch. 14).

(6)  Cinneadh 95/399/CE ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 1995 maidir le haontachas an Chomhphobail leis an gComhaontú maidir le Bunú Choimisiún Tuinníní an Aigéin Indiaigh (IO L 236, 5.10.1995, lch. 24).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Aontais d’fhonn comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (IO L 83, 25.3.2019, lch. 18).

(10)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(11)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(12)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2001 lena leagtar síos na bearta rialaithe is infheidhme maidir le hiascaireacht a dhéanamh ar stoic áirithe d’éisc mhór-imirceacha (IO L 263, 3.10.2001, lch. 1).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle an 8 Aibreán 2003 lena dtugtar isteach córas le haghaidh faireachán staidrimh a dhéanamh ar thrádáil i gcolgán agus i dtuinnín mórshúileach laistigh den Chomhphobal (IO L 295, 13.11.2003, lch. 1).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2007 lena leagtar síos bearta teicniúla chun stoic áirithe de speicis mhór-imirceacha a chaomhnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 973/2001 (IO L 123, 12.5.2007, lch. 3).

(16)  Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81).


IARSCRÍBHINN 1

Déan taifead uair amháin gach cor iascaireachta/cur amach/oibríocht

Nóta: i gcás an trealaimh go léir san Iarscríbhinn seo, úsáid an fhormáid seo a leanas le haghaidh an dáta agus an ama

Don dáta: nuair a thaifeadtar dáta an choir/an chur amach/na hoibríochta: taifead an BBBB/MM/LL

Don am: taifead an t-am 24 uair an chloig ina am áitiúil, GMT nó am náisiúnta agus sonraigh go soiléir cén t-am a úsáideadh.

OIBRÍOCHT

I gcás spiléir:

Dáta an choir

An suíomh de réir domhanleithid agus domhanfhaid: féadfar an suíomh ag meán lae nó an suíomh ina dtosaítear ag úsáid an trealaimh nó cód limistéir na hoibríochta (e.g. LEE na Séiséal, an mhórmhuir, etc.) a úsáid ar bhonn roghnach

An t-am a thosaítear an choir agus, nuair is féidir, an t-am a dhéantar an trealamh a thabhairt isteach

Líon na nduán idir snámháin: má tá comhairimh éagsúla duán idir snámháin i gcor iascaireachta amháin, taifead an líon is ionadaíche (an meánlíon)

An líon iomlán duán a úsáidtear sa chor

An líon bataí solais a úsáidtear sa chor

An cineál baoite a úsáidtear sa chor: iasc, scuid, etc.

Mar rogha, teocht dhromchla na farraige ag meán lae a shonraítear le pointe deachúlach amháin (XX.XoC)

I gcás peas-saighne:

Dáta an choir

An cineál imeachta: cor iascaireachta nó feiste um chomhbhailiú éisc (FAD) nua a chur amach

Suíomh agus am an imeachta de réir domhanleithid agus domhanfhaid, nó mura dtarlaíonn aon imeacht i rith an lae, an suíomh ag meán lae

Má dhéantar cor: sonraigh an raibh an cor an-mhaith, an fad a mhair sé, an bolg in úsáid, an cineál scoile (scoil a bhí ag snámh i bhfad ar shiúil ó FAD nó scoil a bhí ag snámh thart ar FAD. Más thart ar FAD, sonraigh an cineál FAD sin (e.g. lomán nó réad nádúrtha eile, FAD le sruth, FAD atá ar ancaire, etc.). Féach CMM 18/08

Nósanna imeachta maidir le plean bainistíochta le haghaidh FADanna, lena n-áirítear teorainn don líon FADanna, sonraíocht níos mionsonraithe maidir le tuairisciú gabhála ó chor eangacha thart ar FADanna, agus forbairt dearthaí feabhsaithe FADanna chun laghdú a dhéanamh ar a mhinice a théann speicis nach spriocspeicis iad i bhfostú (nó aon Réiteach a chuirfear ina n-ionad sin ina dhiaidh)

Mar rogha, teocht dhromchla na farraige ag meán lae a shonraítear le pointe deachúlach amháin (XX.XoC)

I gcás eangach gheolbhaigh:

Dáta an choir: taifead an dáta le haghaidh gach coir nó gach lae ar muir (le haghaidh laethanta gan cor eangacha)

Fad iomlán na heangaí (méadair): fad dorú snámhachta a úsáidtear le haghaidh gach coir i méadair

Am a chuirtear tús leis an iascaireacht: taifead an t-am a dhéantar gach cor eangaí agus, nuair is féidir, an t-am a dhéantar an trealamh a aisghabháil

Tús agus críoch an tsuímh de réir domhanleithid agus domhanfhaid: taifead domhanleithead agus domhanfhad a léiríonn an limistéar a bhfuil do threalamh curtha amach laistigh de nó, mura ndéantar aon chor, taifead an domhanleithead agus domhanfhad ag meán lae i gcás laethanta nach ndéantar cor eangaí

Doimhneacht ag a bhfuil an eangach curtha amach (méadair): an doimhneacht neasach ag a bhfuil an eangach gheolbhaigh curtha amach

I gcás Slat iascaireachta:

Déanfar an fhaisnéis maidir leis an iarracht iascaireachta i logleabhair a thaifeadadh de réir lae. Déanfar an fhaisnéis faoi ghabhálacha i logleabhair a thaifeadadh de réir turas iascaireachta nó, nuair is féidir, de réir an lae iascaireachta.

Dáta oibríochta: taifead an lá nó an dáta

Suíomh de réir domhanleithid agus domhanfhaid ag meán lae

An líon slat iascaireachta a úsáidtear ar feadh an lae sin

An t-am a chuirtear tús leis an iascaireacht (taifead an t-am go díreach tar éis don iascaireacht bhaoite a bheith críochnaithe agus an t-am a chuireann an soitheach chun na farraige le dul ag iascaireacht. I gcás laethanta iascaireachta i ndiaidh a chéile, taifead an t-am a thosaíonn an cuardach) agus am críochnaithe na hiascaireachta (taifead an t-am go díreach tar éis d’iascaireacht na scoile deireanaí a bheith críochnaithe; ar laethanta iascaireachta i ndiaidh a chéile, is é sin an t-am a chuirtear stop le hiascaireacht na scoile deireanaí). I gcás laethanta iascaireachta i ndiaidh a chéile, ba cheart an líon laethanta iascaireachta a thaifeadadh.

An cineál scoile: FAD a bhaineann le scoil agus/nó scoil nach mbíonn gar dó

GABHÁIL

Meáchan gabhála (kg) nó an líon de réir speiceas in aghaidh an choir/an chur amach/an teagmhais iascaireachta i ndáil le gach ceann de na speicis agus an cineál próiseála a shonraítear sa roinn “Speiceas” thíos:

I gcás spiléir de réir lín agus meáchain

I gcás peas-saighne de réir meáchain

I gcás eangach gheolbhaigh de réir meáchain

I gcás slat iascaireachta, de réir meáchain nó lín

SPEICEAS

I gcás spiléir:

Príomhspeicis

Cód FAO

Speicis eile

Cód FAO

Tuinnín gorm deisceartach (Thunnus maccoyii)

SBF

Mairlín gobghearr (Tetrapturus angustirostris)

SSP

Tuinnín colgach (Thunnus alalunga)

ALB

Siorc gorm (Prionace glauca)

BSH

Tuinnín mórshúileach (Thunnus obesus)

BET

Siorc mácó (Isurus spp.)

MAK

Tuinnín buí (Thunnus albacares)

YFT

Craosaire (Lamna nasus)

POR

Tuinnín aigéanach (Katsuwonus pelamis)

SKJ

Siorc ceann casúir (Sphyrna spp.)

SPN

Colgán (Xiphias gladius)

SWO

Síodsiorc (Carcharhinus falciformis)

FAL

Mairlín riabhach (Tetrapturus audax)

MLS

Éisc chnámhacha eile

MZZ

Mairlín gorm (Makaira nigricans)

BUM

Siorcanna eile

SKH

Mairlín dubh (Istiompax indica)

BLM

Éanlaith mhara (an líon acu) (1)

 

Colgán na ndealg Ind-Chiúin-Aigéanach (Istiophorus platypterus)

SFA

Mamaigh mhuirí (an líon acu)

MAM

 

 

Turtair mhara (an líon acu)

TTX

 

 

Siorcanna súisteála (Alopias spp.)

THR

 

 

Siorc bán aigéanach (Carcharhinus longimanus)

OCS

 

 

Speicis atá le taifeadadh ar bhonn roghnach

 

 

 

Siorc tíograch (Galeocerdo cuvier)

TIG

 

 

Siorc crogallach (Pseudocarcharias kamoharai)

PSK

 

 

Siorc bán mór (Carcharodon carcharias)

WSH

 

 

Roic na caille agus deamhanroic (Mobulidae)

MAN

 

 

Roc peiligeach an gha nimhe (Pteroplatytrygon violacea)

PLS

 

 

Roic eile

 

I gcás peas-saighne:

Príomhspeicis

Cód FAO

Speicis eile

Cód FAO

Tuinnín colgach (Thunnus alalunga)

ALB

Turtair mhara (an líon acu)

TTX

Tuinnín mórshúileach (Thunnus obesus)

BET

Mamaigh mhuirí (an líon acu)

MAM

Tuinnín buí (Thunnus albacares)

YFT

Míolsiorcanna (Rhincodon typus) (an líon acu)

RHN

Tuinnín aigéanach (Katsuwonus pelamis)

SKJ

Siorcanna súisteála (Alopias spp.)

THR

Speicis eile IOTC

 

Siorc bán aigéanach (Carcharhinus longimanus)

OCS

 

 

Síodsiorc (Carcharhinus falciformis)

FAL

 

 

Speicis atá le taifeadadh ar bhonn roghnach

Cód FAO

 

 

Roic na caille agus deamhanroic (Mobulidae)

MAN

 

 

Siorcanna eile

SKH

 

 

Roic eile

 

 

 

Éisc chnámhacha eile

MZZ

I gcás eangach gheolbhaigh:

Príomhspeicis

Cód FAO

Speicis eile

Cód FAO

Tuinnín colgach (Thunnus alalunga)

ALB

Mairlín gobghearr (Tetrapturus angustirostris)

SSP

Tuinnín mórshúileach (Thunnus obesus)

BET

Siorc gorm (Prionace glauca)

BSH

Tuinnín buí (Thunnus albacares)

YFT

Siorc mácó (Isurus spp.)

MAK

Tuinnín aigéanach (Katsuwonus pelamis)

SKJ

Craosaire (Lamna nasus)

POR

Tuinnín earrfhada (Thunnus tonggol)

LOT

Siorc ceann casúir (Sphyrna spp.)

SPN

Tuinnín frigéid (Auxis thazard)

FRI

Siorcanna eile

SKH

Tuinnín piléir (Auxis rochei)

BLT

Éisc chnámhacha eile

MZZ

Tuinnín ronnaigh (Euthynnus affinis)

KAW

Turtair mhara (an líon acu)

TTX

Ronnach buí caolbhandach (Scomberomorus commerson)

COM

Mamaigh mhuirí (an líon acu)

MAM

Rí-ronnach Ind-Chiúin-Aigéanach (Scomberomorus guttatus)

GUT

Míolsiorcanna (Rhincodon typus) (an líon acu)

RHN

Colgán (Xiphias gladius)

SWO

Éanlaith mhara (an líon acu) (2)

 

Colgán na ndealg Ind-Chiúin-Aigéanach (Istiophorus platypterus)

SFA

Siorcanna súisteála (Alopias spp.)

THR

Mairlíní (Tetrapturus spp, Makaira spp.)

BIL

Siorc bán aigéanach (Carcharhinus longimanus)

OCS

Tuinnín gorm deisceartach (Thunnus maccoyii)

SBF

Speicis atá le taifeadadh ar bhonn roghnach

 

 

 

Siorc tíograch (Galeocerdo cuvier)

TIG

 

 

Siorc crogallach (Pseudocarcharias kamoharai)

PSK

 

 

Roic na caille agus deamhanroic (Mobulidae)

MAN

 

 

roc peiligeach an gha nimhe (Pteroplatytrygon violacea)

PLS

 

 

Roic eile

 

I gcás Slatiascaireachta:

Príomhspeicis

Cód FAO

Speicis eile

Cód FAO

Tuinnín colgach (Thunnus alalunga)

ALB

Éisc chnámhacha eile

MZZ

Tuinnín mórshúileach (Thunnus obesus)

BET

Siorcanna

SKH

Tuinnín buí (Thunnus albacares)

YFT

Roic

 

Tuinnín aigéanach (Katsuwonus pelamis)

SKJ

Turtair mhara (an líon acu)

TTX

Tuinnín frigéid agus piléir (Auxis spp.)

FRZ

 

 

Tuinnín ronnaigh (Euthynnus affinis)

KAW

 

 

Tuinnín earrfhada (Thunnus tonggol)

LOT

 

 

Ronnach buí caolbhandach (Scomberomorus commerson)

COM

 

 

Speicis eile IOTC

 

 

 

NÓTAÍ TRÁCHTA

Ba cheart ábhar muirí aischurtha i leith tuinníní, éisc atá cosúil le tuinníní agus siorcanna a thaifeadadh de réir speiceas i meáchan (kg) nó de réir an lín i gcás an trealaimh go léir sna nótaí tráchta.

Ba cheart aon idirghníomhaíocht le míolsiorcanna (Rhincodon typus), mamaigh mhuirí, agus éanlaith mhara a thaifeadadh sna nótaí tráchta.

Ba cheart faisnéis eile a scríobh sna nótaí tráchta freisin.

Tabhair faoi deara: Meastar gur íoscheanglas iad na speicis atá sna logleabhair. Mar rogha, ba cheart siorcanna agus/nó speicis éisc eile a ghabhtar go minic a chur sna logleabhair de réir na limistéar agus na n-iascach.


(1)  I gcás ina bhfuil CPC ag cur an chláir breathnóra chun feidhme go hiomlán, féadfar a roghnú cé acu a sholáthrófar sonraí faoi éanlaith mhara nó nach soláthrófar.

(2)  I gcás ina bhfuil CPC ag cur an chláir breathnóra chun feidhme go hiomlán, féadfar a roghnú cé acu a sholáthrófar sonraí faoi éanlaith mhara nó nach soláthrófar.


IARSCRÍBHINN 2

Treoirlínte maidir le pleananna bainistíochta i ndáil le sruthfheistí comhthiomsaithe éisc (DFAD) a ullmhú

Chun tacú le hoibleagáidí maidir le plean bainistíochta DFAD (DFAD-MP) atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin ag na Ballstáit ag a bhfuil cabhlaigh ag iascaireacht sa limistéar faoi réimse inniúlachta IOTC, atá gaolmhar le DFADanna, ba cheart an méid seo a leanas a áireamh in DFAD-MP:

1.

Cuspóir

2.

Raon feidhme

Tuairisc ar a chur i bhfeidhm maidir leis an méid seo a leanas:

 

cineálacha soithí agus soithí tacaíochta agus tairisceana

 

an líon DFADanna agus an líon rabhcán DFADanna atá le cur amach

 

nósanna imeachta tuairiscithe le haghaidh DFAD a chur amach

 

foghabhálacha de thaisme a laghdú agus beartas maidir lena n-úsáid

 

idirghníomhaíocht le cineálacha eile trealaimh a chur san áireamh

 

pleananna chun faireachán a dhéanamh ar DFADanna caillte agus iad a aisghabháil

 

ráiteas nó beartas maidir le “húinéireacht DFADanna”

3.

Socruithe institiúideacha chun DFAD-MP a bhainistiú:

 

freagrachtaí institiúideacha

 

próisis iarratais maidir le rabhcháin DFADanna agus/nó rabhcáin DFADanna a fhormheas le haghaidh a gcur amach

 

oibleagáidí úinéirí agus máistrí soithí i leith rabhcáin DFADanna agus/nó rabhcáin DFADanna a chur amach agus a úsáid

 

beartas athsholáthair DFADanna agus/nó DFADanna

 

oibleagáidí maidir le tuairisciú

4.

Sonraíochtaí agus ceanglais maidir le tógáil DFADanna:

 

tréithe dearaidh DFAD (tuairisc)

 

marcálacha agus aitheantóirí DFADanna, lena n-áirítear rabhcháin DFADanna

 

ceanglais soilsiúcháin

 

frithchaiteoirí radair

 

fad infheicthe

 

baoithe raidió (ceanglas maidir le sraithuimhreacha)

 

trasghlacadóirí satailíte (ceanglas maidir le sraithuimhreacha)

5.

Limistéir is infheidhme:

mionsonraí maidir le limistéir nó tréimhsí atá iata, e.g. uiscí teorann, lánaí loingseoireachta, gaireacht d’iascaigh ar mhionscála, etc.

6.

Tréimhse is infheidhme maidir le DFAD-MP.

7.

Modhanna chun faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme DFAD-MP.

8.

Teimpléad logleabhair DFAD (sonraí atá le bailiú arna sonrú in Iarscríbhinn 3).

Treoirlínte maidir le pleananna bainistíochta i ndáil le feistí comhthiomsaithe éisc ar ancaire (AFAD) a ullmhú

Chun tacú le hoibleagáidí maidir le plean bainistíochta AFAD (AFAD-MP) atá le cur faoi bhráid Rúnaíocht IOTC ag CPCanna ag a bhfuil cabhlaigh ag iascaireacht sa limistéar faoi réimse inniúlachta IOTC, atá gaolmhar le AFADanna, ba cheart an méid seo a leanas a áireamh in AFAD-MP:

1.

Cuspóir

2.

Raon feidhme:

Tuairisc ar a chur i bhfeidhm maidir leis an méid seo a leanas:

a)

an cineál soithigh

b)

uimhreacha AFAD agus/nó uimhreacha rabhcháin AFAD le cur amach (in aghaidh an chineáil AFAD)

c)

nósanna imeachta tuairiscithe le haghaidh AFAD a chur amach

d)

fad idir AFADanna

e)

foghabhálacha de thaisme a laghdú agus beartas maidir lena n-úsáid

f)

idirghníomhaíocht le cineálacha eile trealaimh a chur san áireamh

g)

bunú fardail de na AFADanna arna gcur amach, ina sonraítear aitheantóirí AFAD, saintréithe agus trealamh gach AFAD mar atá leagtha síos i bpointe 4 den Iarscríbhinn seo, comhordanáidí láithreáin mhúrála an AFAD, an dáta a cuireadh amach, a cailleadh agus a athchuireadh amach é

h)

pleananna chun faireachán a dhéanamh ar AFADanna caillte agus iad a aisghabháil

i)

ráiteas nó beartas maidir le “húinéireacht AFADanna”

3.

Socruithe institiúideacha chun AFAD-MP a bhainistiú:

a)

freagrachtaí institiúideacha

b)

rialacháin is infheidhme maidir le AFADanna a chur amach agus a úsáid

c)

deisiúcháin, rialacha cothabhála agus beartas athsholáthair AFADanna

d)

córas bailithe sonraí

e)

oibleagáidí maidir le tuairisciú

4.

Sonraíochtaí agus ceanglais maidir le tógáil AFADanna:

a)

saintréithe deartha AFADanna (cur síos ar an struchtúr ar snámh agus ar an struchtúr faoi uisce araon, agus béim ar leith ar aon ábhar líontáin a úsáideadh)

b)

ancaireacht a úsáidtear le haghaidh múrála

c)

marcálacha agus aitheantóirí AFADanna, lena n-áirítear rabhcháin AFADanna más ann díobh

d)

ceanglais soilsithe, más ann dóibh

e)

frithchaiteoirí radair

f)

fad infheicthe

g)

baoithe raidió más ann dóibh (ceanglas maidir le sraithuimhreacha)

h)

trasghlacadóirí satailíte (ceanglas maidir le sraithuimhreacha)

i)

sondálaí fuaime

5.

Limistéir is infheidhme:

a)

comhordanáidí láithreán feistithe, más infheidhme

b)

sonraí maidir le limistéir iata ar bith e.g. lánaí loingseoireachta, Limistéir Mhuirí faoi Chosaint, tearmainn srl.

6.

Modhanna chun faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme AFAD-MP.

7.

Teimpléad logleabhair AFAD (sonraí atá le bailiú arna sonrú in Iarscríbhinn IV).

IARSCRÍBHINN 3

Bailiú sonraí le haghaidh sruthfheistí comhthiomsaithe éisc (DFADanna) Agus Feistí Comhthiomsaithe Éisc Ar Ancaire (AFADanna)

SONRAÍ A BHAILIÚ LE hAGHAIDH DFADanna

a)

Maidir le gach gníomhaíocht thart ar DFAD, cibé acu a dhéantar cor iascaireachta ina diaidh nó nach ndéantar, déanfaidh gach soitheach iascaireachta, tacaíochta agus soláthair an fhaisnéis a leanas a thuairisciú:

i.

Soitheach (ainm agus uimhir chláraithe an tsoithigh iascaireachta, tacaíochta agus soláthair)

ii.

Suíomh (ina shuíomh geografach den teagmhas (Domhanleithead agus Domhanfhad) de réir céimeanna agus nóiméad)

iii.

Dáta (LL/MM/BBBB, lá/mí/bliain)

iv.

Aitheantóir DFAD (DFAD nó an sainaitheantas rabhcháin)

v.

An cineál DFAD (FAD le sruth déanta as ábhar nádúrtha, FAD le sruth déanta as ábhair shaorga)

vi.

Tréithe dearaidh DFAD

Gné agus ábhar na páirte snámhachta agus an struchtúir a bhíonn ar crochadh faoi uisce

vii.

An cineál gníomhaíochta, (dul chuig an DFAD, cur amach eangaí, tabhairt isteach eangaí, aisghabháil, caillteanas, idirghabháil maidir le trealamh leictreonach seirbhíse).

b)

Má thugtar faoi chor iascaireachta tar éis dul chuig DFAD, torthaí an choir i dtéarmaí gabhála agus foghabhála, cibé acu a dhéantar iad a choinneáil nó a aischur marbh nó beo nó nach ndéantar. Tuairisceoidh CPCanna na sonraí sin a dhéantar a chomhiomlánú in aghaidh an tsoithigh ar chéim 1*1 (i gcás inarb infheidhme) agus go míosúil don Rúnaíocht

SONRAÍ A BHAILIÚ LE hAGHAIDH AFADanna

a)

Aon ghníomhaíocht timpeall AFAD.

b)

Maidir le gach gníomhaíocht timpeall AFAD (deisiú, idirghabháil, comhdhlúthú, etc.), cibé acu a leanann cor iascaireachta nó aon ghníomhaíocht eile nó nach leanann, tá an méid seo a leanas le tuairisciú:

i.

Suíomh (ina shuíomh geografach den teagmhas (Domhanleithead agus Domhanfhad) de réir céimeanna agus nóiméad)

ii.

Dáta (LL/MM/BBBB, lá/mí/bliain)

iii.

Aitheantóir AFAD (i.e. marcáil AFAD nó an sainaitheantas rabhcháin nó faisnéis ar bith lenar féidir an t-úinéir a aithint).

c)

Má thugtar faoi chor iascaireachta tar éis dul chuig FAD nó gníomhaíochtaí iascaireachta eile, torthaí an choir i dtéarmaí gabhála agus foghabhála, cibé acu a dhéantar iad a choinneáil nó a aischur marbh nó beo nó nach ndéantar.


IARSCRÍBHINN 4

Bearta maolaithe le haghaidh éanlaith mhara in iascaigh spiléir

Maolú

Tuairisc

Sonraíochtaí

Doruithe a chur le linn na hoíche gan de shoilsiú deice ach a laghad is gá

Gan doruithe a chur idir camhaoir agus coineascar muirí.

Gan ach a laghad is gá de shoilsiú deice a bheith ann.

Déantar coineascar muirí agus camhaoir mhuirí a shainmhíniú faoi mar a leagtar amach iad i dtáblaí an Almanaig Loingseoireachta maidir leis an domhanleithead, am áitiúil agus dáta ábhartha.

Níor cheart don soilsiú íosta deice na híoschaighdeáin sábháilteachta agus loingseoireachta a shárú.

Línte scanraithe éan (línte Tori)

Déanfar línte scanraithe éan a úsáid nuair atá trealamh spiléir in úsáid chun an ruaig a chur ar éin ó theacht i ngiorracht don snúda.

I gcás soithí is faide ná 35 m nó cothrom leis:

Is ceart ar a laghad líne amháin scanraithe éan a úsáid. Más indéanta, moltar do na soithí an dara cuaille tori agus an dara líne scanraithe éan a úsáid tráth a bhíonn líon mór éan ann nó cuid mhór gníomhaíochtaí éan ann; is ceart an dá líne scanraithe éan a úsáid an tráth céanna, ceann ar gach taobh den dorú atá á chur.

Ní mór fairsinge aeir na línte scanraithe éan a bheith níos faide ná 100 m nó cothrom leis.

Is ceart úsáid a bhaint as sraoilleáin fhada atá sách fada le go sínfeadh siad chomh fada le barr na farraige agus í ina calm.

Ní mór gan na sraoilleáin fhada a bheith níos faide ná 5 m ó chéile.

 

 

I gcás soithí ar lú iad ná 35 m:

Is ceart ar a laghad líne amháin scanraithe éan a úsáid.

Ní mór fairsinge aeir na línte scanraithe éan a bheith níos faide ná 75 m nó cothrom leis.

Is gá sraoilleáin atá fada agus/nó gearr (ach níos faide ná 1 m ar fad) a úsáid agus iad a bheith ceangailte den líne mar a leanas:

Gearr: gan de bhearna níos faide ná 2 m a bheith eatarthu.

Fada: gan de bhearna níos faide ná 5 m a bheith eatarthu den chéad 55 m de líne scanraithe éan.

Cuirtear treoirlínte breise maidir le dearadh agus úsáid línte scanraithe éan ar fáil in Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an Rialachán seo.

Meáchan ar na línte

Meáchain líne a chur ar an snúda sula gcuirfear san uisce é.

Níos mó ná 45 g ina iomláine ceangailte taobh istigh de 1 m ón duán nó;

Níos mó ná 60 g ina iomláine ceangailte taobh istigh de 3,5 m ón duán nó;

Níos mó ná meáchan 98 g ina iomláine ceangailte taobh istigh de 4 m ón duán.


IARSCRÍBHINN 5

Treoirlínte Forlíontacha maidir le Dearadh agus Úsáid Línte Scanraithe Éan

Brollach

Tá na híoschaighdeáin theicniúla maidir le húsáid línte scanraithe éan le fáil in Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an Rialachán seo, agus ní thugtar iad anseo arís. Tá na treoirlínte forlíontacha seo ceaptha chun cuidiú le rialacháin maidir le línte scanraithe éan i gcás soithí spiléireachta a ullmhú agus a chur chun feidhme. D’ainneoin go bhfuil na treoirlínte seo sách soiléir, moltar éifeachtúlacht na línte scanraithe éan a fheabhsú trí thástáil a dhéanamh laistigh de cheanglais Iarscríbhinn 4 sa Rialachán seo. Cuirtear san áireamh sna treoirlínte athróga comhshaoil agus oibríochtúla, ina measc dálaí aimsire mar aon leis an luas lena gcuirtear amach na línte agus méid na loinge, ar fachtóirí iad uile a mbíonn tionchar acu ar fheidhmíocht agus ar dhearadh na línte scanraithe le baoití a chosaint ar éin. D’fhonn na hathróga sin a chur san áireamh féadfaidh athrú teacht ar dhearadh na línte scanraithe éan agus ar an úsáid a bhaintear astu ar choinníoll nach ndéanfar dochar d’fheidhmíocht na línte. Tá sé beartaithe feabhas leanúnach a chur ar dhearadh na línte scanraithe éan agus, dá bhrí sin, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na treoirlínte sin amach anseo.

Dearadh na línte scanraithe éan (féach Figiúr 1)

1.

Gléas tarraingthe iomchuí ar an gcuid sin den líne scanraithe éan atá san uisce, féadfaidh gléas den chineál sin fairsinge aeir na líne a fheabhsú.

2.

Ba cheart go mbeadh an chuid sin den líne atá os cionn an uisce sách éadrom chun nach bhféadfadh na héin a gluaiseachtaí a thuar nó nach rachadh siad i dtaithí uirthi agus ba cheart go mbeadh an líne sách trom chun nach gcuirfeadh an ghaoth dá treo í.

3.

Is fearr an líne a cheangal den soitheach le sclóin láidir bhairille chun nach rachadh an líne i bhfostú inti féin.

4.

Ba cheart na sraoilleáin a bheith déanta as ábhar atá feiceálach agus a bhogann go beoga ar bhealach nach féidir a thuar (e.g. líne fhíneálta láidir atá cumhdaithe le feadánra polúireatáin dearg) atá ar crochadh ó sclóin láidir trí bhealach (chun nach rachadh an líne i bhfostú inti féin) agus iad ceangailte den líne scanraithe éan.

5.

Ba cheart dhá dhual nó níos mó a bheith i ngach sraoilleán.

6.

Ba cheart a bheith in ann an sraoilleán a bhaint trí bhíthin fáiscín sa chaoi gur éifeachtúla stuáil na líne.

Línte scanraithe éan a úsáid

1.

Ba cheart an líne a bheith ar crochadh ó chuaille atá feistithe den soitheach. Ba cheart an cuaille scanraithe éan a shocrú chomh hard agus is féidir sa chaoi go ndéanfadh an líne bhaoití a bhfuil fad maith idir iad agus cúl an tsoithigh a chosaint agus nach rachadh sí i bhfostú sa trealamh iascaireachta. Dá airde an cuaille is fearr an chosaint baoití. Mar shampla, thabharfadh cuaille atá tuairim is 7 m os cionn na huiscelíne thart ar 100 m de chosaint baoití.

2.

Mura bhfuil ach líne amháin scanraithe éan in úsáid ag soithí, is ceart í a chur taobh na gaoithe de bhaoití báite. Má chuirtear amach duáin bhaoiteáilte taobh amuigh den mharbhshruth, is ceart pointe ceangail na líne sraoilleán den soitheach a bheith suite roinnt méadar taobh amuigh de thaobh an tsoithigh ar a ndéantar na baoití a chur amach. Má tá dhá líne scanraithe éan in úsáid ag soithí, ní mór na duáin bhaoiteáilte a chur amach taobh istigh den limistéar idir an dá líne scanraithe éan.

3.

Moltar go ndéanfar iliomad línte scanraithe éan a chur amach chun cosaint bhreise ar éin a thabhairt do bhaoití.

4.

Ar an ábhar go bhféadfaidh briseadh línte a bheith ann nó go bhféadfaidh na línte dul i bhfostú ina chéile, ní mór línte breise scanraithe éan a bheith ar bord le cur in áit na gceann a ndéantar damáiste dóibh agus lena chinntiú gur féidir leanúint d’oibríochtaí iascaireachta gan bhriseadh. Is féidir scaoilteán a bheith mar chuid den líne scanraithe éan chun fadhbanna sábháilteachta agus oibríochtúla a laghdú sa chás go rachadh snámhán spiléir in achrann nó i bhfostú i bhfairsinge uisce na líne sraoilleán.

5.

Nuair a bhíonn meaisín caite amach baoití (BCM) in úsáid ag iascairí, ní mór dóibh a chinntiú go ndéantar comhordú ar na línte scanraithe éan agus an meaisín mar a leanas: a áirithiú go gcaitheann BCM na baoití go díreach faoi chosaint na línte scanraithe éan, agus ii) nuair a bhíonn BCM (nó cuid mhór BCManna) in ann caitheamh le clébhord agus deasbhord araon, ba cheart dhá líne scanraithe éan a úsáid.

6.

Nuair a bhíonn an snúda á chaitheamh amach de lámh, ní mór do na hiascairí a chinntiú go gcaitear amach na duáin bhaoiteáilte agus na codanna corntha den snúda faoin limistéar atá cosanta ag na línte scanraithe éan agus go seachnaítear an tsuaiteacht liáin a mhoilleodh an ráta suncála.

7.

Moltar d’iascairí crainn tochrais láimhe, leictreacha nó hiodrálacha a shuiteáil chun cur amach agus aisghabháil na línte scanraithe éan a éascú.

Image 1

Fadlíne (Cumraíocht Ghiair): Meánfhad líne brainse (méadair): fad díreach i méadair idir snap agus duán.

Aistriúchán:

 

Float: snámhán

 

Sea level: leibhéal na farraige

 

Sea-surface temperature: teocht dhromchla na farraige

 

Float line length: fad na téide snámháin

 

Main line material: ábhar na príomhlíne

 

Average length between branches: meánfhad idir brainsí

 

Branch line length: fad líne an bhrainse

 

Light sticks: maidí solais

 

Leader/trace type: an cineál snúda/riain

 

Hook type: an cineál duáin

 

Bait type: an cineál baoite

 

Hooks between floats (hooks per basket): duáin idir snámháin (duáin in aghaidh an chiseáin)


IARSCRÍBHINN 6

Forálacha ginearálta maidir leis an gcomhaontú um chairtfhostú

Beidh na coinníollacha seo a leanas sa chomhaontú um chairtfhostú:

Thoiligh CPC brataí i scríbhinn leis an gcomhaontú um chairtfhostú;

Ní rachaidh fad na n-oibríochtaí iascaireachta faoin gcomhaontú um chairtfhostú thar 12 mhí san iomlán in aon bhliain féilire;

Déanfar soithí iascaireachta atá le cairtfhostú a chlárú le páirtithe conarthacha agus páirtithe comhoibritheacha neamhchonarthacha freagracha, a chomhaontaíonn go sainráite le bearta caomhnaithe agus bainistíochta IOTC a chur i bhfeidhm agus iad a fhorfheidhmiú ar a gcuid soithí. Déanfaidh gach páirtí conarthach nó gach páirtí comhoibritheach brataí neamhchonarthach lena mbaineann a ndualgas a fheidhmiú go héifeachtach maidir lena soithí iascaireachta a rialú chun a áirithiú go gcomhlíonfar bearta caomhnaithe agus bainistíochta IOTC.

Beidh soithí iascaireachta atá le cairtfhostú i dtaifead IOTC ar shoithí atá údaraithe chun oibriú sa limistéar faoi Réimse Inniúlachta IOTC.

Gan dochar do dhualgais CPC ar chairtfhostú, áiritheoidh CPC brataí go gcomhlíonann an soitheach cairtfhostaithe reachtaíocht CPC ar chairtfhostú agus reachtaíocht CPCanna brataí araon agus áiritheoidh sé go gcomhlíonfaidh soithí cairtfhostaithe Bearta ábhartha Caomhnaithe agus Bainistíochta arna mbunú ag IOTC, i gcomhréir lena gcearta, lena n-oibleagáidí agus lena ndlínse faoin dlí idirnáisiúnta. Má cheadaíonn CPC ar chairtfhostú don soitheach cairtfhostaithe dul ag iascaireacht ar an mórmhuir, is é CPC brataí a bheidh freagrach as an iascaireacht mhórmhara a dhéanfar de bhun an tsocraithe maidir le cairtfhostú. Tuairisceoidh an soitheach cairtfhostaithe VMS agus sonraí gabhála do CPCanna (ar chairtfhostú agus bratach orthu) agus do Rúnaíocht IOTC araon.

Déanfar gach gabháil (stairiúil agus reatha/atá le teacht) a chomhaireamh in aghaidh chuóta nó deiseanna iascaireachta CPC cairtfhostaithe, is é sin gach gabháil lena n-áirítear foghabhálacha agus ábhar muirí aischurtha, a dhéanfar de bhun an chomhaontaithe um chairtfhostú. Déanfar clúdach breathnóra (stairiúil, reatha/atá le teacht) ar bord soithí den sórt sin a chomhaireamh freisin in aghaidh ráta cumhdaigh CPC ar chairtfhostú ar feadh na tréimhse a mbeidh an soitheach ag iascaireacht faoin gComhaontú um Chairtfhostú.

Tuairisceoidh CPC ar chairtfhostú don IOTC na gabhálacha go léir, lena n-áirítear foghabhálacha agus ábhar muirí aischurtha, agus faisnéis eile a éileoidh IOTC, agus de réir na Scéime um Fhógra Cairtfhostaithe a shonraítear i gCuid IV de CMM 19/07.

Úsáidfear Córais Faireacháin Soithí (VMS) agus, de réir mar is iomchuí, uirlisí chun limistéir iascaireachta a dhifreáil, amhail clibeanna éisc nó marcanna éisc, de réir Bhearta ábhartha Caomhnaithe agus Bainistíochta IOTC chun iascach a bhainistiú go héifeachtach.

Beidh clúdach breathnóra ann do 5 % ar a laghad den iarracht iascaireachta.

Beidh ceadúnas iascaireachta ag na soithí cairtfhostaithe a eiseoidh CPC ar chairtfhostú, agus ní bheidh siad ar liosta NNN IOTC, agus/nó ar liosta NNN d’Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistíochta Iascaigh eile.

Agus iad ag oibriú faoi chomhaontuithe um chairtfhostú, ní údarófar do na soithí cairtfhostaithe, a mhéid is féidir, cuóta (más ann dó) ná teidlíocht Pháirtithe Conarthacha brataí ná Páirtithe Comhoibritheacha Neamhchonarthacha a úsáid. I gcás ar bith, ní údarófar don soitheach iascaireacht a dhéanamh faoi níos mó ná comhaontú amháin um chairtfhostú ag an am céanna.

Mura bhforáiltear go sonrach sa chomhaontú um chairtfhostú, agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ábhartha agus leis an rialachán náisiúnta ábhartha, déanfar gabhálacha na soithí cairtfhostaithe a dhíluchtú go heisiach i gCalafoirt an Pháirtí Chonarthaigh ar chairtfhostú nó faoina mhaoirseacht dhíreach chun a áirithiú nach mbainfidh gníomhaíochtaí na soithí cairtfhostaithe an bonn de Bhearta Caomhnaithe agus Bainistíochta IOTC.

Coinneofar cóip den doiciméadúchán cairtfhostaithe ar bord an tsoithigh chairtfhostaithe i gcónaí.


IARSCRÍBHINN 7

Dearbhú Trasloingsithe IOCT

Soitheach Iompair

Soitheach Iascaireachta

Ainm an tSoithigh agus a Chomhartha aitheantais raidió: Bratach:

Uimhir cheadúnais an Stáit Brataí:

Cláruimhir Náisiúnta, má tá sí ar fáil: Cláruimhir IOTC, má tá sí ar fáil:

Ainm an tSoithigh agus a Chomhartha aitheantais raidió: Bratach:

Uimhir cheadúnais an Stáit Brataí:

Cláruimhir Náisiúnta, má tá sí ar fáil: Cláruimhir IOTC, má tá sí ar fáil:


 

Uair

Bliain

 

Ainm an ghníomhaire:

Ainm Mháistir an LSTV:

Ainm mháistir an Iompróra:

Imeacht

 

 

 

ó

 

 

 

 

Filleadh

 

 

 

go

 

Síniú:

Síniú:

Síniú:

Trasloingsiú

 

 

 

 

 

 

 

 

Tabhair le fios an meáchan i gcileagraim nó an t-aonad a úsáideadh (e.g. bosca, ciseán) agus an meáchan a tugadh i dtír i gcileagraim den aonad sin: ________kg

SUÍOMH AN TRASLOINGSITHE

Speiceas

An calafort

Ar muir

Cineál táirge

 

 

 

 

Iomlán

Glanta

Gan cheann

Filléadaithe

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Má dhéantar trasloingsiú ar muir, Ainm agus Síniú Breathnóir IOTC:


IARSCRÍBHINN 8

Doiciméad Staidrimh IOTC maidir le Tuinníní Mórshúileacha

UIMHIR AN DOICIMÉID

DOICIMÉAD STAIDRIMH IOTC MAIDIR LE TUINNÍNÍ MÓRSHÚILEACHA

AN ROINN ATHONNMHAIRIÚCHÁIN

1.

BRATACH NA TÍRE/AN EINTITIS/AN EINTITIS IASCAIREACHTA

2.

TUAIRISC AR AN SOITHEACH AGUS AN UIMHIR CHLÁRÚCHÁIN (más infheidhme)

Ainm an tSoithigh…

Uimhir Chlárúcháin…

Fad Foriomlán (m) …

Uimh. Thaifead IOTC (más infheidhme): …

3.

FEISTÍ (más infheidhme)

4.

POINTE ONNMHAIRIÚCHÁIN (Cathair, Stát/Cúige, Tír, Eintiteas/Eintiteas Iascaireachta)

5.

LIMISTÉAR GABHÁLA (cuir tic le ceann díobh seo a leanas)

(a)

An tAigéan Indiach

(b)

An tAigéan Ciúin

(c)

An tAtlantach

 

*

Más le (b) nó (c) a chuirtear tic, ní gá ítim 6 ná ítim 7 thíos a líonadh isteach.

6.

UAIRISC AN ÉISC

Cineál táirge (*1)

Tráth buainte (mm/bb)

Cóid trealaimh (*2)

Meáchan Glan

(Kg)

F/FR

D/GG/DR/FL/OT

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

*1

= F= Úr, FR = Reoite, RD = Cruinn, GG = Geolbhaigh bainte agus Glanta, DR = Cóirithe, FL = Filléad

OT = Eile, déan tuairisc ar an gcineál táirge

*2

= Nuair is ionann agus OT an Cód Trealaimh, déan cur síos ar an gcineál giar,

7.

DEIMHNIÚCHÁN AN ONNMHAIREORA Deimhním go bhfuil an fhaisnéis thuasluaite iomlán, fíor agus ceart de réir mar is fearr is eol dom agus mar a chreidim.

Ainm: …Ainm na cuideachta:… Seoladh:… Síniú: …Dáta:… uimhir an cheadúnais (más infheidhme):…

8.

BAILÍOCHTÚ ÓN RIALTAS Deimhním go bhfuil an fhaisnéis thuasluaite iomlán, fíor agus ceart de réir mar is fearr is eol dom agus mar a chreidim.

Meáchan iomlán an lastais: Kg

Ainm & Teideal: …Síniú: …Dáta: …Séala an Rialtais …

AN ROINN ALLMHAIRIÚCHÁIN:

9.

DEIMHNIÚCHÁN AN ALLMHAIREORA Deimhním go bhfuil an fhaisnéis thuasluaite iomlán, fíor agus ceart de réir mar is fearr is eol dom agus mar a chreidim.

Deimhniúchán an Allmhaireora (Tír/Eintiteas/Eintiteas Iascaireachta Idirmheánach)

Ainm: …Seoladh: …Síniú: …Dáta: …Uimhir an cheadúnais (más infheidhme):…

Deimhniúchán an Allmhaireora (Tír/Eintiteas/Eintiteas Iascaireachta Idirmheánach)

Ainm: …Seoladh: …Síniú: …Dáta: …Uimhir an cheadúnais (más infheidhme):…

Pointe deiridh allmhairiúcháin

Cathair: …Stát/Cúige: …Tír, Eintiteas/Eintiteas Iascaireachta:…

NÓTA: Má úsáidtear teanga eile seachas an Béarla nó an Fhraincis chun an fhoirm seo a chomhlánú, cuir isteach aistriúchán Béarla ar an doiciméad seo, le do thoil.

TREORACHA:

UIMHIR AN DOICIMÉID: Bloc don tír eisiúna chun Uimhir Dhoiciméad códaithe tíre a ainmniú.

(1)   

BRATACH NA TÍRE/AN EINTITIS/AN EINTITIS IASCAIREACHTA: Líon isteach ainm thír an tsoithigh a rug ar an tuinnín mórshúileach sa lastas agus a d’eisigh an Doiciméad seo. De réir an Mholta, ní fhéadfaidh ach stát brataí an tsoithigh a rug ar an tuinnín mórshúileach sa lastas nó, má tá an soitheach ag oibriú faoi chomhaontú um chairtfhostú, an Stát onnmhairíochta, an Doiciméad seo a eisiúint.

(2)   

TUAIRISC AR AN SOITHEACH (más infheidhme): Líon isteach an t-ainm agus an uimhir chlárúcháin, an fad foriomlán (LOA) agus uimhir Thaifead IOTC an tsoithigh a rug ar an tuinnín mórshúileach sa lastas.

(3)   

FEISTÍ (más infheidhme): Líon isteach ainm an fheiste a rug ar an tuinnín mórshúileach sa lastas.

(4)   

AN POINTE ONNMHAIRIÚCHÁIN: Tabhair an Chathair, an Stát nó an Cúige agus an Tír as ar onnmhairíodh an tuinnín mórshúileach.

(5)   

LIMISTÉAR GABHÁLA: Cuir tic le limistéar na gabhála. (Más le (b) nó (c) a chuirtear tic, ní gá ítim 6 ná ítim 7 thíos a líonadh isteach.)

(6)   

TUAIRISC AN ÉISC: Ní mór don onnmhaireoir an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil, a mhéid is féidir.

NÓTA: Ba cheart cur síos a dhéanamh i ró amháin ar chineál táirge amháin

(1)   

Cineál Táirge: Sainaithin an cineál táirge atá á loingsiú mar ÚR nó REOITE, agus CRUINN, GEOLBHAIGH BAINTE AGUS GLANTA, CÓIRITHE, FILLÉAD nó EILE. Maidir le EILE, tabhair tuairisc ar an gcineál táirge atá sa lastas.

(2)   

Tráth buainte: Líon isteach tráth buainte an tuinnín mhórshúiligh (mar MM/BBBB, mí agus bliain) atá sa lastas

(3)   

Cóid trealaimh: Sainaithin an cineál trealaimh a úsáideadh chun breith ar an tuinnín mórshúileach tríd an liosta thíos. Maidir le EILE, tabhair tuairisc ar an gcineál trealaimh, lena n-áirítear feirmeoireacht.

(4)   

Glanmheáchan an táirge i gcileagraim.

(5)   

DEIMHNIÚCHÁN AN ONNMHAIREORA: Ní mór don duine nó don chuideachta atá ag onnmhairiú loingsiú tuinníní mórshúileacha a ainm, ainm a chuideachta, a sheoladh, a shíniú, an dáta a onnmhairíodh an lastas, agus a uimhir cheadúnais déileálaí (más infheidhme) a chur ar fáil.

(6)   

BAILÍOCHTÚ AG AN RIALTAS: Líon isteach ainm agus teideal iomlán an oifigigh a shíníonn an Doiciméad. Ní mór don oifigeach a bheith fostaithe ag údarás inniúil de chuid rialtas stát brataí an tsoithigh a rug ar an tuinnín mórshúileach ar an doiciméad nó ag duine nó institiúid eile a údaróidh an stát brataí. Nuair is iomchuí, déanann oifigeach rialtais nó, má tá an soitheach ag oibriú faoi chomhaontú um chairtfhostú, duine aonair nó institiúid údaraithe eile de chuid an stáit onnmhairíochta an ceanglas sin a tharscaoileadh de réir bailíochtú an doiciméid ag oifigeach rialtais. Sonrófar meáchan iomlán an lastais sa bhloc seo freisin.

(7)   

DEIMHNIÚCHÁN AN ALLMHAIREORA: Ní mór don duine nó don chuideachta a allmhairíonn tuinníní mórshúileacha a ainm, a sheoladh, a shíniú, an dáta a allmhairíodh an tuinnín mórshúileach a thabhairt, a uimhir cheadúnais (más infheidhme) agus an pointe deiridh allmhairithe a thabhairt. Áirítear leis sin allmhairí isteach i dtíortha idirmheánacha/eintitis/eintitis iascaireachta. I gcás táirgí úra agus fuaraithe, féadfaidh duine cuideachta imréitigh custaim síniú an allmhaireora a chur in ionad shíniú nuair a bheidh an t-údarás le haghaidh sínithe creidiúnaithe i gceart don allmhaireoir.

CÓID TREALAIMH:

CÓID TREALAIMH

AN CINEÁL TREALAIMH

BB

BÁD BAOITE

GEOLBHACH

EANGACH GHEOLBHAIGH

LÁMH

DORÚ LÁIMHE

HARP

HARPÚN

LL

SPILÉIR

MWT

TRÁL MEÁNUISCE

PS

PEASLÍON SAIGHNE

RR

SLAT AGUS SPÓL

SPHL

DORÚ LÁIMHE SPÓIRT

SPOR

IASCAIGH SPÓIRT NEAMHAICMITHE

SURF

IASCAIGH DHROMCHLA NEAMHAICMITHE

TL

LÍNE FAOI AIRE

TRAP

TRAP

TROL

DORÚ TRÁLÁLA

UNCL

MODHANNA NEAMHSHONRAITHE

OT

CINEÁLACHA EILE

CÓIP DEN DOICIMÉAD COMHLÁNAITHE A SHEOLADH AR AIS CHUIG: (ainm oifig údarás inniúil an stáit brataí).


IARSCRÍBHINN 9

Deimhniú athonnmhairiúcháin maidir le tuinníní mórshúileacha IOTC

UIMHIR AN DOICIMÉID

DEIMHNIÚ ATHONNMHAIRIÚCHÁIN MAIDIR LE TUINNÍNÍ MÓRSHÚILEACHA IOTC

AN ROINN ATHONNMHAIRIÚCHÁIN:

1.

AN TÍR/AN tEINTITEAS/AN tEINTITEAS IASCAIREACHTA ATHONNMHAIRIÚCHÁIN

2.

AN POINTE ATHONNMHAIRIÚCHÁIN

3.

TUAIRISC AN ÉISC ALLMHAIRITHE

Cineál Táirge(*)

Meáchan Glan

(Kg)

Bratach na tíre/an Eintitis/an Eintitis Iascaireachta

Dáta an Allmhairiúcháin

F/FR

RD/GG/DR/FL/OT

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

4.

TUAIRISC AN ÉISC ATÁ LE hATHONNMHAIRIÚ

Cineál Táirge(*)

Meáchan Glan

(Kg)

 

F/FR

RD/GG/DR/FL/OT

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

*F

= ÚR, FR = Reoite, RD = Cruinn, GG = Geolbhaigh bainte agus Glanta, DR = Cóirithe, FL = Filléad

OT = Eile (Déan tuairisc ar an gcineál táirge)

5.

DEIMHNIÚCHÁN AN ATHONNMHAIREORA: Deimhním go bhfuil an fhaisnéis thuasluaite iomlán, fíor agus ceart de réir mar is fearr is eol dom agus mar a chreidim.

Ainm/Ainm na Cuideachta… Seoladh… Síniú… Dáta… Uimhir an cheadúnais (más infheidhme) …

6.

BAILÍOCHTÚ AG AN RIALTAS: Bailíochtaím go bhfuil an fhaisnéis thuasluaite iomlán, fíor agus ceart de réir mar is fearr is eol dom agus mar a chreidim.

Ainm & Teideal… Síniú… Dáta… Séala an Rialtais…

AN ROINN ALLMHAIRIÚCHÁIN:

7.

DEIMHNIÚCHÁN AN ALLMHAIREORA: Deimhním go bhfuil an fhaisnéis thuasluaite iomlán, fíor agus ceart de réir mar is fearr is eol dom agus mar a chreidim.

Deimhniúchán an Allmhaireora (Tír/Eintiteas/Eintiteas Iascaireachta Idirmheánach)

Ainm: … Seoladh: … Síniú: … Dáta: … Uimhir an cheadúnais (más infheidhme)…

Deimhniúchán an Allmhaireora (Tír/Eintiteas/Eintiteas Iascaireachta Idirmheánach)

Ainm: … Seoladh: … Síniú: … Dáta: … Uimhir an cheadúnais (más infheidhme)…

Deimhniúchán an Allmhaireora (Tír/Eintiteas/Eintiteas Iascaireachta Idirmheánach)

Ainm: …Seoladh: … Síniú: … Dáta: …Uimhir an cheadúnais (más infheidhme)…

Pointe deiridh allmhairiúcháin

Cathair: … Stát/Cúige:… Tír, Eintiteas/Eintiteas Iascaireachta: …

NÓTA: Má úsáidtear teanga eile seachas an Béarla nó an Fhraincis chun an fhoirm seo a chomhlánú, cuir isteach aistriúchán Béarla ar an doiciméad seo, le do thoil.

TREORACHA

UIMHIR AN DOICIMÉID: Bloc don tír/Eintiteas/Eintiteas Iascaireachta eisiúna chun uimhir doiciméid códaithe Tíre/Eintitis/Eintitis Iascaireachta a ainmniú.

(1)   

AN TÍR/AN tEINTITEAS/AN tEINTITEAS IASCAIREACHTA ATHONNMHAIRIÚCHÁIN

Líon isteach ainm na tíre/an eintitis/an eintitis iascaireachta a athonnmhairíonn an tuinnín mórshúileach sa lastas agus a d’eisigh an Deimhniú seo. De réir an Mholta, ní féidir ach leis an Tír/Eintiteas/Eintiteas Iascaireachta athonnmhairithe an Deimhniú seo a eisiúint.

(2)   

AN POINTE ATHONNMHAIRIÚCHÁIN

Sainaithin an Chathair/Cúige an Stáit agus an Tír/an tEintiteas/an tEintiteas Iascaireachta ónar athonnmhairíodh an tuinnín mórshúileach.

(3)   

TUAIRISC AN ÉISC ALLMHAIRITHE

Ní mór don onnmhaireoir an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil, a mhéid is féidir: NÓTA: Ba cheart cur síos a dhéanamh i ró amháin ar chineál táirge amháin. (1) Cineál Táirge: Sainaithin an cineál táirge atá á loingsiú mar ÚR nó REOITE, agus CRUINN, GEOLBHAIGH BAINTE AGUS GLANTA, CÓIRITHE, FILLÉAD nó EILE. Maidir le EILE, tabhair tuairisc ar an gcineál táirge atá sa lastas. (2) Meáchan Glan: Glanmheáchan an táirge i gcileagraim. (3) Bratach na tíre/an Eintitis/an Eintitis Iascaireachta: ainm na tíre/an eintitis/an eintitis iascaireachta lena mbaineann an soitheach a rug ar an tuinnín mórshúileach atá sa lastas. (4) Dáta an allmhairiúcháin: An dáta allmhairithe.

(4)   

TUAIRISC AN ÉISC ATÁ LE hATHONNMHAIRIÚ

Ní mór don onnmhaireoir an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil, a mhéid is féidir: NÓTA: Ba cheart cur síos a dhéanamh i ró amháin ar chineál táirge amháin. (1) Cineál Táirge: Sainaithin an cineál táirge atá á loingsiú mar ÚR nó REOITE, agus CRUINN, GEOLBHAIGH BAINTE AGUS GLANTA, CÓIRITHE, FILLÉAD nó EILE. Maidir le EILE, tabhair tuairisc ar an gcineál táirge atá sa lastas. (2) Meáchan Glan: Glanmheáchan an táirge i gcileagraim.

(5)   

DEIMHNIÚCHÁN AN ATHONNMHAIREORA

Ní mór don duine nó don chuideachta atá ag athonnmhairiú loingsiú tuinníní mórshúileacha a ainm, a sheoladh, a shíniú, an dáta a ath-onnmhairíodh an lastas, agus a uimhir cheadúnais athonnmhaireora (más infheidhme) a chur ar fáil.

(6)   

BAILÍOCHTÚ ÓN RIALTAS

Líon isteach ainm agus teideal iomlán an oifigigh a shíníonn an Deimhniú. Ní mór don oifigeach a bheith fostaithe ag údarás rialtais inniúil na Tíre/an Eintitis/an Eintitis Iascaireachta athonnmhairithe atá le feiceáil ar an Deimhniú, nó duine aonair nó institiúid eile atá údaraithe ag an údarás inniúil rialtais chun deimhnithe den sórt sin a bhailíochtú.

(7)   

DEIMHNIÚCHÁN AN ALLMHAIREORA

Ní mór don duine nó don chuideachta a allmhairíonn tuinníní mórshúileacha a ainm, a sheoladh, a shíniú, an dáta a allmhairíodh an tuinnín mórshúileach a thabhairt, a uimhir cheadúnais (más infheidhme) agus an pointe deiridh athollmhairithe a thabhairt. Áirítear leis sin allmhairí isteach i dTíortha/Eintitis/Eintitis Iascaireachta idirmheánacha. I gcás táirgí úra agus fuaraithe, féadfaidh duine cuideachta imréitigh custaim a chur in ionad shíniú an allmhaireora nuair a bheidh an t-údarás le haghaidh sínithe creidiúnaithe i gceart don allmhaireoir.

CÓIP DEN DEIMHNIÚ COMHLÁNAITHE A SHEOLADH AR AIS CHUIG: (ainm oifig údarás inniúil na tíre/an eintitis/an eintitis iascaireachta athonnmhairithe).


IARSCRÍBHINN 10

Faisnéis atá le cur ar fáil roimh ré ag soithí a iarrann dul isteach i gcalafort

1.

An calafort ag a bhfuil sé beartaithe teacht isteach

 

2.

Stát Calafoirt

 

3.

An dáta agus an t-am a meastar go mbainfear an calafort amach

 

4.

Cuspóir(í)

 

5.

An calafort agus dáta an teachta deiridh ar chalafort

 

6.

Ainm an tsoithigh

 

7.

Stát Brataí

 

8.

An cineál soithigh

 

9.

Comhartha Aitheantais Idirnáisiúnta Raidió

 

10.

Sonraí teagmhála an tsoithigh

 

11.

Úinéir(í) an tsoithigh

 

12.

Deimhniú cláraitheachta

 

13.

Aitheantas loinge IMO, má tá sin ar fáil

 

14.

Uimhir aitheantais sheachtrach, má tá sin ar fáil

 

15.

AITHEANTAS IOTC

 

16.

VMS

Níl

Tá: Náisiúnta

Tá: ERBI(anna)

Cineál:

17.

Toisí an tsoithigh

Fad

 

Bíoma

 

Dréacht

 

18.

Ainm agus náisiúntacht mháistir an tsoithigh

 

19.

An t-údarú nó na húdaruithe ábhartha iascaireachta

Aitheantóir

Arna eisiúint ag

Bailíocht

Limistéar/limistéir iascaireachta

Speiceas

Trealamh

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

20.

An t-údarú nó na húdaruithe ábhartha trasloingsithe

Aitheantóir

 

Arna eisiúint ag

 

Bailíocht

 

Aitheantóir

 

Arna eisiúint ag

 

Bailíocht

 

21.

Faisnéis faoi thrasloingsiú maidir le soithí deontóra

 

Dáta

Suíomh

Ainm

Stát Brataí

Uimhir aitheantais

Speiceas

Foirm an táirge

Limistéar gabhála

Cainníocht

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

22.

Iomlán na gabhála ar bord

23.

Gabháil atá le díluchtú

Speiceas

Foirm an táirge

Limistéar gabhála

Cainníocht

Cainníocht