29.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 308/5


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2329 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Samhain 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 maidir leis na hiontrálacha a bhaineann leis an Éigipt agus leis an Tuirc ar an liosta de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch óna n-údaraítear coinsíneachtaí each-ainmhithe teacht isteach san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos, inter alia, na ceanglais maidir le sláinte ainmhithe le teacht isteach san Aontas coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch, agus tá feidhm aige ón 21 Aibreán 2021. Ceann de na ceanglais sláinte ainmhithe sin is ea nach mór do na coinsíneachtaí sin teacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin.

(2)

Tá Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 (2) ón gCoimisiún mar fhorlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le coinsíneachtaí speiceas agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha, nó ó chriosanna nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, is éard a fhoráiltear nach gceadófar coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha ná táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoina raon feidhme a theacht isteach san Aontas ach amháin más ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a thagann siad, a liostaítear le haghaidh an speicis agus na gcatagóirí áirithe sin ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch i gcomhréir leis na ceanglais sláinte ainmhithe a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe sin.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) bunaítear na liostaí de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna nó de dheighleoga de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear do na speicis agus do na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 teacht isteach san Aontas. Déantar na liostaí agus rialacha ginearálta áirithe maidir leis na liostaí a leagan amach in Iarscríbhinní I go XXII a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe sin.

(4)

Le hIarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, leagtar amach liosta de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch óna n-údaraítear coinsíneachtaí each-ainmhithe teacht isteach san Aontas.

(5)

Liostaítear an Tuirc in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, sanntar í do Ghrúpa Sláintíochta E agus déantar í a réigiúnú mar chrios TR-1 chuig cúigí áirithe thiar thuaidh. I mí na Nollag 2020, d’iarr an Tuirc ar an gCoimisiún síneadh a chur le crios TR-1 óna bhfuil teacht isteach capall cláraithe san Aontas údaraithe ag cúigí Bursa, Eskişehir agus Kocaeli agus chuir an Tuirc ráthaíochtaí ar fáil chun tacú leis an iarraidh sin.

(6)

Tar éis don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an doiciméadacht a chuir an Tuirc ar fáil, tháinig sé ar an gconclúid gur leor na ráthaíochtaí a thairg údarás inniúil lárnach na Tuirce chun teacht isteach san Aontas agus idirthuras tríd a údarú, chomh maith le teacht isteach capall cláraithe athuair tar éis a n-onnmhairithe shealadaigh ó chrios nua TR-1 sa Tuirc.

(7)

Liostaítear an Éigipt in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, sanntar í do Ghrúpa Sláintíochta E agus déantar í a réigiúnú í mar chrios EG-1 do gobharnóireachtaí áirithe ó thuaidh. I mí na Nollag 2021, d’iarr an Éigipt ar an gCoimisiún údarú a thabhairt capaill chláraithe a theacht isteach san Aontas ó chrios nua agus thug sí ráthaíochtaí don Choimisiún maidir le limistéar saor ó ghalair eachaí a bhunú ag an gCoraintín Tréidliachta Póilíneachta le haghaidh Eachaí ag Bóthar Desert CAIRO/SWISS ar imeall thoir Chaireo atá nasctha trí Aerfort Idirnáisiúnta Chaireo.

(8)

Tar éis don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an doiciméadacht a chuir an Éigipt ar fáil, tháinig sé ar an gconclúid gur leor na ráthaíochtaí a thairg údarás inniúil lárnach na Éigipte chun údarú a thabhairt capaill chláraithe a theacht isteach san Aontas agus idirthuras a dhéanamh tríd, ón gcrios sin san Éigipt.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir.

(10)

Ós rud é go bhfuil feidhm ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón 21 Aibreán 2021, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus chun trádáil a éascú, is práinneach éifeacht a bheith ag na leasuithe atá le déanamh ag an Rialachán seo ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404.

(11)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Samhain 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis dóibh a theacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liosta de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/404 mar a leanas:

(1)

i gCuid 1, san iontráil a bhaineann leis an Éigipt, cuirtear isteach an crios EG-2 seo a leanas:

EG

An Éigipt

EG-2

E

Capaill chláraithe

EQUI-X,

EQUI-TRANSIT-X”

 

 

 

 

(2)

Leasaítear Cuid 2 mar a leanas:

(a)

san iontráil a bhaineann leis an Éigipt, cuirtear isteach an tuairisc seo a leanas ar chrios EG-2:

“An Éigipt

EG-2

An Crios atá Saor ó Ghalair Eachaí (EDFZ) de mhéid thart ar 7.5 acra, arna bhunú ag an gCoraintín Tréidliachta Póilíneachta le haghaidh Eachaí ag Bóthar Desert CAIRO/SWISS i gciliméadar 26, ar imeall thoir Chaireo, (a bhfuil a lárphointe ag 30°05'21.4"N, 31°28'30.1"E) agus an pasáiste mhórbhealaigh de thart ar 6 km ar Dhroichead El Rehab agus Bóthar Suez agus Bóthar an Aerfoirt go hAerfort Idirnáisiúnta Chaireo.”

(b)

san iontráil a bhaineann leis an Tuirc, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na tuairisce ar chrios TR-1:

“An Tuirc

TR-1

Cúigí Ankara, Bursa, Edirne, Eskişehir, Istanbul, Izmir, Kirklareli, Kocaeli agus Tekirdag.”