29.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 308/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2328 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Lúnasa 2022

lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ionstraimí foluiteacha coimhthíocha agus na hionstraimí lena ngabhann priacail iarmharacha chun críocha ríomh na gceanglas cistí dílse le haghaidh priacail iarmharacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 325u(5), an ceathrú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá sonraíocht na n-ionstraimí a thagraíonn d’ionstraim fholuiteach choimhthíoch dá bhforáiltear in Airteagal 325u(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 sách soiléir chun go bhféadfaidh institiúidí a shainaithint cad is ionstraim fholuiteach coimhthíoch ann chun críocha ríomh na gceanglas cistí dílse le haghaidh priacail iarmharacha a leagtar amach in Airteagal 325u. Dá bhrí sin, níl gá le haon sonraíocht bhreise ar bhrí ionstraime foluití coimhthíche.

(2)

Go háirithe, comhlíonann priacal fad saoil, an aimsir, tubaistí nádúrtha agus luaineacht a réadófar sa todhchaí an tsonraíocht d’ionstraim fholuiteach choimhthíoch, i gcomhréir leis an léiriú a thugtar sa chreat idirnáisiúnta ábhartha arna shainiú ag Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB).

(3)

Níl an sainmhíniú ar ionstraimí a ngabhann priacail iarmharacha leo dá bhforáiltear in Airteagal 325u(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 soiléir go leor chun go mbeidh institiúidí in ann ionstraimí áirithe lena ngabhann priacail iarmharacha a shainaithint. Dá bhrí sin, ba cheart liosta ionstraimí lena ngabhann priacail iarmharacha, cé nach liosta uileghabhálach a bheadh ann, a shonrú chun méid áirithe comhchuibhithe agus comhsheasmhachta a áirithiú sa chaoi a gcaitear le hionstraimí a ngabhann na priacail sin leo ar fud an Aontais. Ba cheart eilimintí an liosta sin a roghnú agus creat idirnáisiúnta ábhartha CBMB á chur san áireamh. I gcás ionstraimí eile ina bhfuil toimhde go ngabhann priacail iarmharacha leo, ba cheart d’institiúidí a mheas an gcomhlíonann na hionstraimí sin an sainmhíniú a leagtar amach in Airteagal 325u(2), pointe (b), den Rialachán sin.

(4)

I bhfianaise an chineáil neamhchaighdeánaigh de go leor de na hionstraimí a ngabhann priacal iarmharach leo, ba cheart liosta neamh-uileghabhálach priacal, ar priacail nár cheart a bheith iontu féin ina spreagadh do chur san áireamh ionstraime faoin sainmhíniú ar ionstraimí lena ngabhann priacail iarmharacha, a shonrú freisin d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht níos fearr a sholáthar. Mar sin féin, ba cheart d’institiúidí a mheas an bhféadfaí ionstraim atá neamhchosanta ar na priacail sin a mheas mar ionstraim atá neamhchosanta ar phriacal iarmharach má chomhlíonann an ionstraim ceann de na coinníollacha eile dá dtagraítear in Airteagal 325u(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(5)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin.

(6)

Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sonraíocht ionstraimí foluiteacha coimhthíocha

Measfar gur ionstraimí foluiteacha coimhthíocha iad priacal fad saoil, an aimsir, tubaistí nádúrtha agus luaineacht a réadófar sa todhchaí, chun críocha Airteagal 325u(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Airteagal 2

Sonraíocht ionstraimí a ngabhann priacail iarmharacha leo

Measfar gur ionstraimí lena gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 325u(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 iad na hionstraimí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus measfar gur ionstraimí iad a ngabhann priacail iarmharacha leo.

Airteagal 3

Sonraíocht ionstraimí gan toimhde go ngabhann priacail iarmharacha leo

Ní mheasfar go gcomhlíonann ionstraim na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 325u(2), pointí (b)(i) agus (ii) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar na forais, agus ar na forais sin amháin, go ngabhann ceann amháin nó níos mó de na priacail seo a leanas léi:

(a)

priacal a eascraíonn as idirbhearta inar féidir an oibleagáid seachadta a chomhlíonadh laistigh de raon ionstraimí inseachadta agus i gcás ina bhfuil an deis ag an gcontrapháirtí an ionstraim is lú luach de na hionstraimí sin a sheachadadh;

(b)

priacal go n-athrófaí luaineacht intuigthe ionstraime a bhfuil roghnaíocht aici, i gcoibhneas le luaineacht intuigthe ionstraimí eile a bhfuil roghnaíocht acu a bhfuil an ionstraim fholuiteach agus an aibíocht chéanna acu, ach a bhfuil airgeadúlacht dhifriúil acu;

(c)

priacal comhghaoil a eascraíonn as rogha innéacs, i gcás ina gcomhlíonann an t-innéacs na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 325i(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(d)

priacal comhghaoil a eascraíonn as céadrogha i ngnóthas comhinfheistíochta a bhfuil tagarmharc innéacs á rianú aige, i gcás ina gcomhlíonann an rianú na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 325j(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus ina gcomhlíonann an t-innéacs na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 325i(3) den Rialachán sin;

(e)

priacal díbhinne a eascraíonn as ionstraim dhíorthach ar mó ná íocaíochtaí díbhinne atá ina hionstraim fholuiteach.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Lúnasa 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).


IARSCRÍBHINN

Liosta na n-ionstraimí lena ngabhann priacail iarmharacha dá dtagraítear in Airteagal 2

Aon cheann de na nithe seo a leanas a bheidh sna hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 2:

1.

céadroghanna ina bhfuil na dea-thorthaí ag brath ar na céimeanna a leanann praghas na sócmhainne foluití seachas a bheith ag brath ar a praghas deiridh ar an dáta feidhmithe agus air sin amháin;

2.

céadroghanna a thosaíonn ar dháta réamhshainithe sa todhchaí agus nach bhfuil a bpraghas ceangail cinntithe go fóill tráth a bhfuil an céadrogha i leabhar trádála na hinstitiúide;

3.

céadroghanna ar céadrogha eile í a n-ionstraim fholuiteach;

4.

céadroghanna lena mbaineann dea-thorthaí neamhleanúnacha;

5.

céadroghanna lena gceadaítear don sealbhóir praghas ceangail nó téarmaí eile an chonartha a mhodhnú roimh aibíocht na gcéadroghanna;

6.

céadroghanna is féidir a fheidhmiú ar shraith fhinideach dátaí réamhshocraithe;

7.

céadroghanna a bhfuil a n-ionstraim fholuiteach ainmnithe in airgeadra amháin ach a ndéantar a ndea-thorthaí a shocrú in airgeadra eile, le ráta malairte réamhshocraithe idir an dá airgeadra;

8.

céadroghanna il-fholuiteacha, cé is moite díobh siúd dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (c) agus (d);

9.

céadroghanna atá faoi réir priacal iompraíochta, i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas, agus sa chás sin amháin:

(a)

gur le cliant miondíola atá an chéadrogha;

(b)

go gcoimeádtar méid suntasach de na céadroghanna sin sa leabhar trádála;

(c)

go measann an institiúid go bhfuil priacal iompraíochta na gcéadroghanna sin ábhartha.