25.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 305/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2300 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Lúnasa 2022

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le forálacha maidir le bunú creata faireacháin agus meastóireachta le haghaidh chlár Fiscalis chun comhar a dhéanamh i réimse an chánachais

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear clár “Fiscalis” chun comhar a dhéanamh i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 14(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/847 liostaítear na táscairí chun tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn chlár Fiscalis a bhunaítear leis an Rialachán sin (“an Clár”) i maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3(2) den Rialachán sin.

(2)

Cé go bhfuil na táscairí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/847 oiriúnach chun faireachán bliantúil a dhéanamh ar an bhfeidhmíocht, ní féidir faireachán cuimsitheach agus meastóireacht chuimsitheach a dhéanamh go leormhaith leis na táscairí sin ar ghníomhaíochtaí agus ar thorthaí an Chláir maidir le baint amach a chuspóirí sonracha. Dá bhrí sin, ba cheart táscairí breise a leagan síos mar chuid den chreat faireacháin agus meastóireachta. Ba cheart aschuir, torthaí agus tionchair an Chláir a thomhas leis na táscairí sin.

(3)

Chun a áirithiú go mbaileofar na sonraí lena ndéanfar faireachán agus meastóireacht ar an gClár ar bhealach éifeachtúil, éifeachtach, agus go mbaileofar go tráthúil iad, ba cheart ceanglais tuairiscithe chomhréireacha a fhorchur lena seachnaítear tuairisciú dúbailte agus lena n-íoslaghdaítear ualaí riaracháin.

(4)

Chun ailíniú a áirithiú le tús na tréimhse tuairiscithe atá nasctha le creat faireacháin agus meastóireachta an Chláir, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an Rialachán Tarmligthe seo, ón 1 Eanáir 2022,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Táscairí an chreata faireacháin agus meastóireachta agus na ceanglais tuairiscithe

1.   Agus faireachán agus meastóireacht á ndéanamh ar an gClár i gcomhréir le hAirteagail 14 agus 15 de Rialachán (AE) 2021/847, úsáidfear na táscairí seo a leanas mar chuid den chreat faireacháin agus meastóireachta:

(a)

na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/847;

(b)

na táscairí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, lena dtomhaisfear aschuir, torthaí agus tionchair an Chláir.

2.   Déanfar na táscairí dá dtagraítear i mír 1 a thomhas go bliantúil, seachas na táscairí tionchair dá dtagraítear i bpointí (1)(a) agus (3) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, ar táscairí tionchair iad a ndéanfar a thomhas gach 2 bhliain agus mar chuid de na meastóireachtaí eatramhacha agus deiridh, i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2021/847.

3.   Ar éileamh ón gCoimisiún, cuirfidh faighteoirí chistí an Chláir sonraí agus faisnéis a bhaineann leis na táscairí dá dtagraítear i mír 1 chuig an gCoimisiún, ar táscairí agus faisnéis iad atá ábhartha chun rannchuidiú leis an gcreat faireacháin agus meastóireachta.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Lúnasa 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 188, 28.5.2021, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Liosta táscairí breise maidir le creat faireacháin agus meastóireachta Chlár Fiscalis dá dtagraítear in Airteagail 14 agus 15 de Rialachán (AE) 2021/847

A.   Táscairí aschuir

(1)

Forbairt na gcomhpháirteanna comhchoiteanna de na Córais Leictreonacha Eorpacha:

(a)

an líon tionscadal teicneolaíochta faisnéise (TF) ag an gcéim thosaigh;

(b)

an líon tionscadal TF ag an gcéim fhorghníomhaithe;

(c)

cion na dtionscadal TF a bhfuil a gcostais iarbhír mar a bhí beartaithe;

(d)

cion na dtionscadal TF a bhfuil stádas “glas” acu i gcomhréir leis na ceanglais dá bhforáiltear sa Phlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais.

(2)

Cur i gcrích na gcomhpháirteanna comhchoiteanna de na Córais Leictreonacha Eorpacha:

(a)

an líon tionscadal TF a cuireadh i mbun táirgthe mar a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais;

(b)

cion na gcomhpháirteanna comhchoiteanna de na Córais Leictreonacha Eorpacha a cuireadh i gcrích de réir amlíne an Phlean Straitéisigh Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais;

(c)

an líon athbhreithnithe a rinneadh ar na hamlínte chun na comhpháirteanna comhchoiteanna de na Córais Leictreonacha Eorpacha a chur i gcrích.

(3)

Iontaofacht na gCóras Leictreonach Eorpach (acmhainn an Líonra Cumarsáide Choitinn).

(4)

Iontaofacht seirbhísí tacaíochta TF:

(a)

cion na dticéad “teagmhas” a réitíodh in am;

(b)

sástacht úsáideoirí leis na seirbhísí tacaíochta arna soláthar.

(5)

Leibhéal tacaíochta maidir le fothú acmhainneachta a soláthraíodh trí ghníomhaíochtaí comhoibríocha (cáilíocht na ngníomhaíochtaí comhoibríocha).

(6)

Leibhéal feasachta ar na Cláir.

B.   Táscairí toraidh

(1)

Leibhéal comhleanúnachais reachtaíochta cánach agus beartais cánach agus a gcur i bhfeidhm (rannchuidiú comhpháirteanna comhchoiteanna nua de na Córais Leictreonacha Eorpacha le cur chun feidhme comhleanúnach dhlí agus bheartas an Aontais a éascú).

(2)

Úsáid Príomhchóras Leictreonach Eorpach a bhfuil sé d’aidhm acu idirnascacht agus malartú faisnéise a mhéadú (an líon teachtaireachtaí ó chóras go córas a mhalartaítear).

(3)

Leibhéal comhair oibríochtúil idir na húdaráis náisiúnta:

(a)

rannchuidiú comhpháirteanna comhchoiteanna nua de na Córais Leictreonacha Eorpacha le héascú comhair oibríochtúil idir údaráis náisiúnta;

(b)

an líon úsáideoirí gníomhacha ar an ardán comhair ar líne;

(c)

an líon idirghníomhaíochtaí ar an ardán comhoibríoch;

(d)

sástacht úsáideoirí leis an ardán comhair ar líne.

(4)

Feidhmíocht oibríochtúil na n-údarás náisiúnta:

(a)

rannchuidiú comhpháirteanna comhchoiteanna nua de na Córais Leictreonacha Eorpacha le feidhmíocht oibríochtúil na n-údarás náisiúnta a fheabhsú;

(b)

rannchuidiú aschur gníomhaíochtaí comhoibríocha agus aschuir ghníomhaíochtaí inniúlachta an duine le feidhmíochta na n-údarás náisiúnta a fheabhsú.

C.   Táscairí tionchair

(1)

Forbairt chosaint leasanna airgeadais agus leasanna eacnamaíocha an Aontais agus na mBallstát:

(a)

bearna chánach breisluacha mheasta;

(b)

rannchuidiú comhair riaracháin le leasanna airgeadais na mBallstáit a chosaint.

(2)

Rannchuidiú le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú (an líon cásanna maidir le réamhshárú agus sárú i ndáil le cánachas).

(3)

Forbairt iomaíochas an Aontais agus iomaíochta córa laistigh den Aontas (tuairisceáin chánach nó measúnuithe a réamhlíonadh).