18.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 299/17


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2260 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Samhain 2022

maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 57(4) agus Airteagal 58(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun a áirithiú go gcuirtear an Ainmníocht Chomhcheangailte atá i gceangal le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (2) i bhfeidhm go haonfhoirmeach, is gá bearta a ghlacadh maidir le haicmiú na n-earraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(2)

Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, leagadh síos na rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte. Tá feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le haon ainmníocht eile atá bunaithe go hiomlán uirthi nó a bhfuil cuid di bunaithe uirthi nó a chuireann aon fhoroinn bhreise léi agus a bhunaítear le forálacha sonracha de chuid an Aontais, d’fhonn bearta taraife agus bearta eile i ndáil le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm.

(3)

De bhun na rialacha ginearálta sin, na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, is earraí iad ba cheart a aicmiú faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2), de bhua na gcúiseanna a leagtar amach i gcolún (3) den tábla sin.

(4)

Maidir le faisnéis taraife cheangailteach arna heisiúint i leith na n-earraí a bhaineann leis an Rialachán seo, ar faisnéis í nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, is iomchuí a fhoráil go bhféadfaidh an sealbhóir an fhaisnéis sin a agairt fós, go ceann tréimhse áirithe, i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Is tréimhse 3 mhí ba cheart a bheith sa tréimhse sin.

(5)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, aicmeofar iad faoi chuimsiú na hAinmníochta Comhcheangailte faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2) den tábla sin.

Airteagal 2

Faisnéis taraife cheangailteach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfar í a agairt fós i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go ceann tréimhse 3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Samhain 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Gerassimos THOMAS

An tArd-Stiúrthóir

Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim


(1)  IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Tuairisc ar na hearraí

Aicmiú (Cód AC)

Cúiseanna

(1)

(2)

(3)

Córas líneála báisín, atá cóirithe i bhfoireann lena miondíol, lena gcuimsítear:

báisín plaistigh in-athúsáidte (toisí thart ar 39 × 33 × 14 cm),

líneálacha plaistigh indiúscartha aon úsáide i rolla in-stróicthe, agus

dáileoir líneálacha.

Tá an báisín, na líneálacha agus an dáileoir tuilte le comhdhúil fhrithmhiocróbach lena gcoisctear scaipeadh pataiginí. Tá an rolla líneálacha le feistiú ar an dáileoir. Deartar an córas chun cosc a chur le traséilliú as a dtagann scaipeadh pataiginí nuair a bhíonn othair á ní in ospidéil, i saoráidí cúraim sláinte agus i saoráidí nach saoráidí cúraim sláinte iad.

3924 90 00

Cinntear an t-aicmiú le rialacha ginearálta 1, 3(b) agus 6 maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte agus le foclaíocht chóid AC 3924 agus 3924 90 00 .

Cóirítear an táirge i bhfoireann lena mhiondíol de réir bhrí riail ghinearálta 3(b). Is é an báisín in-athúsáidte atá déanta as plaistigh is saintréith don táirge.

Eisiatar é óna aicmiú faoi cheannteideal 9018 mar uirlis leighis nó fearas leighis toisc nach n-úsáidtear an táirge le haghaidh chúram leighis bhail an othair. Cé go bhfuil an báisín, na líneálacha agus an dáileoir tuilte le comhdhúil fhrithmhiocróbach, rud nach ndéantar leis ach traséilliú agus scaipeadh pataiginí a chosc, ní hé atá sa táirge uirlis leighis nó fearas leighis chun diagnóis a dhéanamh, nó chun tinneas a chosc nó cóir leighis a chur ar an othar nó chun obráid a dhéanamh, etc. Thairis sin, le Nóta Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe (NMCC) a ghabhann le ceannteideal 9018 , eisiatar earraí sláintíochta atá déanta as táirmhiotal (féach NMCC a ghabhann le ceannteideal 9018 , an dara mír, pointe (e)). Is féidir an léirmhíniú sin a leathnú chun táirgí den chineál céanna atá déanta as plaistigh a chumhdach.

Eisiatar é óna aicmiú i gceannteideal 3922 toisc nach bhfuil tréith earraí sláintíochta an cheannteidil sin ag an mbáisín mar gheall ar a thoisí, toisc nach bhfuil sé de chineál buan agus toisc nach ndeartar é le bheith nasctha le córas uisce nó córas séarachais. Tá saintréith earra sláintíochta beag iniompartha de cheannteideal 3924 ag an mbáisín (féach freisin NMCC a ghabhann le ceannteideal 3922 , an tríú mír, pointe (a), agus NMCC a ghabhann le ceannteideal 3924 , pointe (D)).

Mar sin, tá an táirge le haicmiú faoi chód AC 3924 90 00 mar earra eile sláinteach nó leithris, agus é déanta as plaistigh.