|
15.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 294/5 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2239 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Meán Fómhair 2022
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais lipéadaithe le haghaidh táirgí íocshláinte imscrúdaitheacha neamhúdaraithe agus táirgí íocshláinte cúnta neamhúdaraithe lena n-úsáid ag an duine
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le trialacha cliniciúla ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/20/CE (1), agus go háirithe Airteagal 70 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 536/2014, leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le táirgí íocshláinte imscrúdaitheacha agus cúnta a lipéadú, go háirithe i gcás táirgí neamhúdaraithe, chun deireadh a chur le héagsúlachtaí i gcur chuige i measc na mBallstát. Ceanglaítear leis an Rialachán sin nach mór neasphacáistíocht agus pacáistíocht sheachtrach na dtáirgí íocshláinte imscrúdaitheacha agus cúnta a lipéadú go hiomchuí chun sábháilteacht na ndaoine is ábhar agus iontaofacht agus stóinseacht na sonraí a ghintear sa triail chliniciúil a áirithiú, agus chun go bhféadfaí na táirgí sin a dháileadh ar láithreacha trialach cliniciúla ar fud an Aontais. |
|
(2) |
Go háirithe, le Rialachán (AE) Uimh. 536/2014, ceanglaítear ar urraitheoirí an tréimhse úsáide a thaispeáint ar neasphacáistíocht agus ar phacáistíocht sheachtrach na dtáirgí íocshláinte imscrúdaitheacha neamhúdaraithe agus na dtáirgí íocshláinte cúnta neamhúdaraithe. |
|
(3) |
Nuashonruithe rialta ar an tréimhse úsáide ar neasphacáistíocht táirgí íocshláinte neamhúdaraithe a úsáidtear i dtrialacha cliniciúla, d’fhéadfadh an méid sin a bheith nasctha i gcásanna áirithe le rioscaí a dhéanann difear do cháilíocht agus do shábháilteacht na dtáirgí sin. Damáiste a thiocfadh as an bpacáistíocht a oscailt trí shéalaí crioscaíldíonacha a bhriseadh agus an trealamh ilsrathach a dhíchóimeáil, d’fhéadfadh an méid sin bheith ar cheann de na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann. D’fhéadfadh riosca féideartha eile eascairt as nochtadh fada do theochtaí éadroma nó níos airde i gcás táirgí íocshláinte a bhfuil íogaireachtaí sonracha ag baint leo. Baineann na rioscaí sin go háirithe le táirgí íocshláinte i gcás ina soláthraítear an neasphacáistíocht agus an phacáistíocht sheachtrach le chéile agus nuair atá an neasphacáistíocht i bhfoirm spuaicphacaí nó aonad beag. Sna cásanna sin, is iomchuí agus is comhréireach le cineál agus méid an riosca go bhfágfar an tréimhse úsáide ar lár ón neasphacáistíocht. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Roinn A mar a leanas:
|
|
(2) |
leasaítear Roinn B mar a leanas:
|
|
(3) |
leasaítear Roinn D mar a leanas:
|