|
(1)
|
Cuirtear na daoine nádúrtha seo a leanas leis an liosta dar teideal “A. Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 4a”:
|
|
Ainm
|
Faisnéis aitheantais
|
Cúiseanna
|
Dáta an liostaithe
|
|
“66.
|
Kan Zaw, (ar a dtugtar freisin Dr Kan Zaw)
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe: 11.10.1954;
Áit bhreithe: Salin Township, Magwe Region, Myanmar;
Inscne: fireann
|
Is é Kan Zaw an tAire Infheistíochta agus Caidrimh Eacnamaíoch Eachtraigh ón 19 Lúnasa 2022 i leith. Ba é an State Administrative Council (SAC), arb é an tArd-Cheannasaí Min Aung Hlaing a cheannaire agus a ghlac cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuige féin ón 2 Feabhra 2021, a cheap é. Cheap SAC roimhe sin é mar Ard-Iniúchóir an Aontais tar éis coup an 1 Feabhra 2021.
Mar Aire Rialtais, is cuid é den réimeas míleata a d’urghabh cumhacht le linn coup míleata agus a chuir ceannairí a toghadh go dlisteanach i Maenmar/Burma as cumhacht. Mar Aire Infheistíochta agus Caidrimh Eacnamaíoch Eachtraigh, tá sé i gceannas ar ghnó agus infheistíochtaí a éascú i Maenmar/Burma agus ar an gcomhar le comhpháirtithe eachtracha. Sa cháil sin, glacann Kan Zaw ról gníomhach chun tacú le hiarrachtaí an mhíleata infheistíocht choigríche a mhealladh agus, ar an gcaoi sin, chun rannchuidiú le riachtanais airgeadais an réimis mhíleata a áirithiú. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus as bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar i mbaol.
Ina theannta sin, tá baint aige le roinnt daoine ardleibhéil den réimeas míleata, lena n-áirítear an tArd-Cheannasaí Min Aung Hlaing.
|
8.11.2022
|
|
67.
|
Htun Htun Oo
ar a dtugtar freisin Tun Tun Oo
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe: 28.7.1956;
Inscne: fireann
|
Is é Htun Htun Oo Príomh-Bhreitheamh na Cúirte Uachtaraí i Maenmar/Burma, mar a dhearbhaigh an tArd-Cheannasaí Min Aung Hlaing sa phost sin é an 2 Feabhra 2021, tar éis coup an 1 Feabhra 2021.
Faoi cheannaireacht Htun Htun Oo, bhí baint ag an gCúirt Uachtarach le hionchúiseamh ceannairí a toghadh go daonlathach agus daoine ón bhfreasúra polaitiúil, agus theip uirthi a cuid dualgas a chomhlíonadh mar an dlínse is airde atá freagrach as seasamh leis an smacht reachta agus as neamhspleáchas na mbreithiúna a ráthú. Dá bhrí sin, ina cháil mar Phríomh-Bhreitheamh na Cúirte Uachtaraí, tá Htun Htun Oo rannpháirteach i ngníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
Ina theannta sin, ó dearbhaíodh é mar Phríomh-Bhreitheamh na Cúirte Uachtaraí, bhí baint ag Htun Htun Oo le daoine ardleibhéil den réimeas míleata, lena n-áirítear an tArd-Cheannasaí Min Aung Hlaing.
|
8.11.2022
|
|
68.
|
Swe Swe Aung (ar a dtugtar freisin Dr. Swe Swe Aung)
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe: 1960;
Inscne: baineann
|
Is í Swe Aung Ard-Stiúrthóir na Roinne Ionchúisimh san Aireacht Gnóthaí Dlíthiúla, mar a cheap an State Administrative Council (SAC) í an 31 Márta 2022.
Faoi cheannaireacht Swe Swe Aung, bhí baint ag an Roinn Ionchúisimh le roinnt cásanna breithiúnacha i gcoinne ceannairí a toghadh go daonlathach agus daoine ón bhfreasúra polaitiúil, cásanna a sháraigh cearta cosanta agus an ceart chun triail chóir a fháil, lena n-áirítear na himeachtaí as ar eascair bású ceathrar a bhí ar son an daonlathais. Dá bhrí sin, ina cáil mar Ard-Stiúrthóir na Roinne Ionchúisimh, tá Swe Aung rannpháirteach i ngníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
Ina theannta sin, tá baint ag Swe Swe Aunge le roinnt daoine arna gceapadh ag an State Administrative Council agus ag an míleata amhail an tArd-Cheannasaí Min Aung Hlaing agus an tArd-Aighne Dr Thida Oo.
|
8.11.2022
|
|
69.
|
Zaw Min
ar a dtugtar freisin U Zaw Min
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe: 1970;
Inscne: fireann
|
Is é Zaw Min Ard-Stiúrthóir Roinn na bPríosún san Aireacht Gnóthaí Baile, arna cheapadh ag an State Administrative Council (SAC) an 4 Feabhra 2021. Sa cháil sin dó, tá sé freagrach as bainistiú na bpríosún i Maenmar/Burma.
Faoi cheannaireacht Zaw Min, bhí Roinn na bPríosún bainteach le roinnt cásanna míbhainistithe príosún agus imríodh foréigean, léasadh agus íde mhídhaonna eile nach é ar dhaoine atá á gcoinneáil i bpríosún. Ina theannta sin, sháraigh údaráis na bpríosún cearta cosanta daoine atá faoi choinneáil. Dá bhrí sin, ina cháil mar Ard-Stiúrthóir ar Roinn na bPríosún, tá Zaw Min i mbun gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
Ina theannta sin, tá baint ag Zaw Min le roinnt pearsana agus ceannairí arna gceapadh ag an State Administrative Council (SAC), agus le pearsana agus ceannairí eile arna gceapadh ag na fórsaí míleata, amhail an tArdcheannasaí Min Aung Hlaing agus an tAire Gnóthaí Baile, an Leifteanant-Ghinearál Soe Htut.
|
8.11.2022
|
|
70.
|
U Zaw Lin Aung
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann
|
Is iar-oifigeach míleata é U Zaw Lin Aung. Tá sé ina Leas-Stiúrthóir ar Roinn na bPríosún i Yangon Region ó dheireadh na bliana 2021. Ina theannta sin, is é U Zaw Lin Aung atá i gceannas ar Phríosún Insein.
Faoina cheannaireacht siúd, tá foréigean, léasadh agus íde mhídhaonna eile nach é imeartha ag foireann Phríosúin Insein ar phríosúnaigh pholaitiúla atá á gcoinneáil sa phríosún. Dá bhrí sin, ina cháil mar Leas-Stiúrthóir ar Roinn na bPríosún i Yangon Region, agus ós é atá i gceannas ar Phríosún Insein, tá U Zaw Lin Aung ag gabháil do ghníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
|
8.11.2022
|
|
71.
|
U Than Swe
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe: 1957 nó 1965;
Inscne: fireann
|
Is é U Than Swe Cathaoirleach an Choimisiúin Frithéillithe, arna cheapadh ag an State Administrative Council (SAC) an 19 Lúnasa 2022.
Faoi cheannaireacht U Than Swe, tá an Coimisiún Frithéillithe tar éis beartais a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh coup míleata a dhlisteanú, lena n-áirítear a rannpháirtíocht in imeachtaí i gcoinne ceannairí a toghadh go daonlathach, amhail cúisimh éillithe a thabhairt i gcoinne an Comhairleora Stáit Daw Aung San Suu Kyi. Dá bhrí sin, ina cháil mar Chathaoirleach ar an gCoimisiún Frithéillithe, tá U Than Swe ag gabháil do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
|
8.11.2022
|
|
72.
|
Ko Ko Lwin
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe: 1972 nó 1982;
Inscne: fireann
|
Is comhalta é Ko Ko Lwin de Union Election Commission (UEC), arna cheapadh ag an State Administrative Council (SAC) an 1 Aibreán 2022. Nuair a ghlac sé leis an ainmniúchán sin tar éis coup míleata an 1 Feabhra 2021, agus de bharr a ndearna sé mar chomhalta de Union Election Commission (UEC), go háirithe trí thorthaí thoghcháin mhí na Samhna 2020 a neamhniú gan aon fhianaise chruthaithe ar chalaois a bheith ann, mar aon le muirir a chomhdú i leith calaois toghcháin do na toghcháin chéanna, bhí baint dhíreach ag Ko Ko Lwin le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
|
8.11.2022
|
|
73.
|
Min Min Oo
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe: 1962 nó 1967;
Inscne: fireann
|
Is comhalta é Min Min Oo de Union Election Commission (UEC), arna cheapadh ag an State Administrative Council (SAC) an 2 Bealtaine 2022. Nuair a ghlac sé leis an ainmniúchán sin tar éis coup míleata an 1 Feabhra 2021, agus de bharr a ndearna sé mar chomhalta de Union Election Commission (UEC), go háirithe trí thorthaí thoghcháin mhí na Samhna 2020 a neamhniú gan aon fhianaise chruthaithe ar chalaois a bheith ann, mar aon le muirir a chomhdú i leith calaois toghcháin do na toghcháin chéanna, bhí baint dhíreach ag Min Min Oo le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
|
8.11.2022
|
|
74.
|
Htun Aung
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe: 1967;
Inscne: fireann
|
Is é an Ginearál Htun Aung an tArdcheannasaí ar Myanmar Air Force, arna cheapadh ag Ardcheannasaí Myanmar Armed Forces, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing an 12 Eanáir 2022. Sa cháil sin dó, is é Htun Aung atá i gceannas ar na haerfhórsaí agus atá freagrach astu i Maenmar.
Rinne Myanmar Air Force ionsaithe ar spriocanna sibhialtacha ar fud Mhaenmar; mharaigh na haerfhórsaí sin sibhialtaigh agus rinne siad dochar do shibhialtaigh eile, lena n-áirítear leanaí agus daoine ar de mhionlaigh eitneacha agus reiligiúnacha iad. Spriocdhíríodh freisin ar scoileanna, ar ionaid adhartha agus ar shaoráidí sláinte poiblí.
Ina cháil mar Ardcheannasaí ar Myanmar Air Force, tá an Ginearál Htun Aung freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus as gníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.
Ina theannta sin, glacann an Ginearál Htun Aung páirt i rialachas MEHL, ilchuideachta atá faoi úinéireacht mhíleata agus a chuireann acmhainní eacnamaíocha agus ábhartha ar fáil d’arm Mhaenmar lena gcumasaítear a n-oibríochtaí.
Fágann sin go gcuireann sé tacaíocht ar fáil do ghníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.
|
8.11.2022
|
|
75.
|
Phone Myat
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann
|
Ó mhí Aibreáin 2021 i leith, is é an Leifteanant-Ghinearál Phone Myat Commander of Bureau Special Operation 3 (BSO 3) ar Myanmar Armed Forces (Tatmadaw).
Roimhe sin – idir mí Iúil 2020 agus mí Aibreáin 2021 – bhí sé ina Leas-Aire san Aireacht Gnóthaí Baile agus idir Bealtaine 2019 agus mí Iúil 2020, ba é a bhí ina cheannasaí ar an Western Command.
Ina cháil mar cheannasaí BSO 3, is é Phone Myat atá i gceannas ar fhórsaí míleata an South Western Command (Ayeyarwaddy), an Southern Command (Bago agus Magway) agus an Western Command (Rakhine agus Chin) agus is é atá freagrach astu chomh maith.
Rinne fórsaí míleata faoina cheannas siúd sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, coireanna agus ainghníomhartha, lena n-áirítear maruithe, ionsaithe talún agus aeir ar shibhialtaigh agus rinne siad sléacht agus ár i Magway region, i Chin State agus i Bago region.
Ina cháil mar Cheannasaí ar BSO 3, tá Phone Myat freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus as gníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.
|
8.11.2022
|
|
76.
|
Aung Soe
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann
|
Ó mhí Eanáir 2021 i leith, is é an Leifteanant-Ghinearál Aung Soe Ceannasaí Bureau Special Operation 4 (BSO 4) ar Myanmar Armed Forces (Tatmadaw). Roimhe sin, bhí sé ina Leas-Aire Gnóthaí Baile go dtí mí an Mhárta 2018, agus ina dhiaidh sin arís, ba é Ceannaire Bureau Special Operation 6.
Ina cháil mar cheannasaí BSO 4, is é Aung Soe atá i gceannas ar fhórsaí míleata Coastal Command i Tanintharyi Division agus an South Eastern Command i Mon and Karen State agus is é atá freagrach astu chomh maith.
Rinne fórsaí míleata faoina cheannas siúd sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, coireanna agus ainghníomhartha, lena n-áirítear maruithe, ionsaithe talún agus aeir ar shibhialtaigh, gabhálacha neamhdhlisteanacha agus úsáid dóiteáin airtléire. Thaifead Kayin/Karen state, ceann de na réigiúin faoi cheannas Aung Soe, 3993 theagmhas foréigneacha ó tharla an coup anuas go dtí mí Iúil 2022.
Ina cháil mar Cheannasaí BSO 4, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus as gníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.
|
8.11.2022
|
|
77.
|
Thet Pon
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann
|
Ó mhí an Mheithimh 2020 i leith, is é an Leifteanant-Ghinearál Thet Pon Ceannasaí Bureau Special Operation 5 (BSO 5) ar Myanmar Armed Forces (Tatmadaw). Roimhe sin, bhí sé ina Cheannasaí ar an North Western Command go dtí 2017 agus ó 2017 go dtí mí an Mheithimh 2020, bhí sé ina Cheannasaí Réigiúnach ar Yangon.
Ina cháil mar Cheannasaí BSO 5, is é Thet Pon atá i gceannas ar na fórsaí míleata agus ar na binsí míleata i Yangon Region agus is é atá freagrach astu chomh maith.
I mí an Mhárta 2021, thug an State Administration Council dlí míleata isteach i Maenmar, lena n-aistrítear cumhacht feidhmiúcháin agus bhreithiúnach chuig ceann na n-orduithe míleata réigiúnacha ábhartha. Faoi mhí Iúil 2022, bhí 119 nduine daortha chun báis ag binsí míleata i Yangon Region – an-chuid acu siúd ar chúiseanna polaitiúla – lena n-áirítear ceathrar comhaltaí den fhreasúra daonlathach a cuireadh chun báis i Yangon Region.
Ina theannta sin, i Yangon region, rinne na fórsaí míleata marú mar aon le gníomhartha foréigneacha eile a imirt ar agóideoirí síochánta, amhail úsáid fórsa mharfaigh le linn agóidí frith-junta i Hlaing Tharyar Township, Yangon an 14 Márta 2021.
Ina cháil mar Cheannasaí BSO 5, tá Thet Pon freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus as gníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.
|
8.11.2022
|
|
78.
|
Htein Win
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann
|
Is é an Maor-Ghinearál Htein Win Ceannasaí an Southern Command de Myanmar Armed Forces (Tatmadaw). Mar cheannasaí réigiúnach, rialaíonn sé agus bíonn sé i gceannas ar fhórsaí míleata i réigiúin Bago agus Magway.
Rinne fórsaí míleata sna réigiúin sin aer-ionsaithe, ruathair, coirloscadh, go leor maruithe agus úsáid sciatha daonna. Is teophointe ar leith é Magway region ina mbíonn oibríochtaí brúidiúla frith-fhreasúra ar siúl ag an arm, agus úsáid á mbaint acu as an straitéis ‘dúnmharú, coirloscadh, agus creachadh’ i Magway region.
Ina cháil mar Cheannasaí ar an Southern Command, tá Htein Winn freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus as gníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.
|
8.11.2022
|
|
79.
|
Htin Latt Oo
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann
|
Is é an Maor-Ghinearál Htin Latt Oo atá ina Cheannasaí ar an Western Command de Myanmar Armed Forces (Tatmadaw) ó mhí Iúil 2020. Mar cheannasaí réigiúnach, rialaíonn sé agus bíonn sé i gceannas ar fhórsaí míleata i réigiúin Western Rakhine agus Chin.
Rinne fórsaí míleata sna réigiúin sin sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear aer-ionsaithe, éigniú, úsáid sciatha daonna, loisceadh tithe, sléachtanna agus gabhálacha neamhdhleathacha.
Ina cháil mar Cheannasaí ar an Western Command, tá Htin Latt Oo freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus as gníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.
|
8.11.2022
|
|
80.
|
Than Htike
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann
Aitheantas Míleata: Kyi-28146
|
Is é an Briogáidire-Ghinearál Htin Latt Oo atá ina Cheannasaí ar an North Command de Myanmar Armed Forces (Tatmadaw) ón 6 Iúil 2022. Mar cheannasaí réigiúnach, rialaíonn sé agus bíonn sé i gceannas ar fhórsaí míleata i Sagaing Region.
Rinne fórsaí míleata faoina cheannas sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, úsáid iomarcach fornirt agus gníomhaíochtaí brúidiúla ar an bpobal sibhialtach, lena n-áirítear an t-ionsaí míleata ar scoil i Depeyin Township, Sagaing Region, inar maraíodh 13 dhuine ar a laghad, lena n-áirítear 11 leanbh. I Sagaing Region, rinne na fórsaí míleata os cionn 20 000 teach a dhó ó tharla an coup míleata.
Ina cháil mar cheannasaí réigiúnach ar an North West Command, tá Than Htike freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus as gníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.
|
8.11.2022
|
|
81.
|
Nyunt Win Swe
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann
|
Is é an Maor-Ghinearál Nyunt Win Swe atá ina Cheannasaí ar an Yangon Region de Myanmar Armed Forces (Tatmadaw) ó mhí an Mheithimh 2020. Sa cháil sin, rialaíonn Nyunt Win Swe agus bíonn sé i gceannas ar fhórsaí míleata i Yangon Region agus, in éineacht le Ceann Bhiúró na nOibríochtaí Speisialta 5, an Leifteanant-Ghinearál Thet Pon, déanann sé maoirseacht ar bhinsí míleata in Yangon Region.
I mí an Mhárta 2021, thug an State Administration Council dlí míleata isteach i Maenmar, lena n-aistrítear cumhacht feidhmiúcháin agus bhreithiúnach chuig cinn na gceannas míleata réigiúnach ábhartha. Faoi mhí Iúil 2022, ghearr binsí míleata i Yangon Region pionós an bháis ar 119 nduine, go leor acu ar chúiseanna polaitiúla, lena n-áirítear ceathrar comhaltaí den fhreasúra daonlathach a cuireadh chun báis i Yangon Region.
Ina theannta sin, rinne fórsaí míleata i Yangon region gníomhartha foréigneacha agus maruithe i gcoinne agóideoirí síochánta, amhail úsáid as fórsa marfach le linn agóidí frith-junta i mbailecheantar Hlaing Tharyar in Yangon an 14 Márta 2021.
Ina cháil mar Cheannasaí ar an Yangon Region, tá Nyunt Win Swe freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus as gníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.
|
8.11.2022
|
|
82.
|
U Tay Za
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe: 18.7.1964;
Áit bhreithe: Yangon, Myanmar;
Inscne: fireann
|
Is é U Tay Za bunaitheoir agus Cathaoirleach ar Htoo Group of Companies, ilchuideachta phríobháideach is ea é a fheidhmíonn in earnálacha éagsúla, lena n-áirítear trádáil, baincéireacht, mianadóireacht, turasóireacht agus eitlíocht. Tá dlúthbhaint ag U Tay Za le ceannaireacht shinsearach Myanmar Armed Forces (Tatmadaw).
Trí Htoo Group of Companies, thug U Tay Za tacaíocht airgeadais don Tatmadaw in 2017 ag ócáid tiomsaithe airgid i dtaca le ‘oibríochtaí imréitigh’ Rakhine. Ina theannta sin, ghníomhaigh U Tay Za mar idirghabhálaí chun trealamh míleata a sholáthar a úsáideadh ar an bpobal sibhialta agus ar agóideoirí ar fud na tíre.
Trí rannchuidiú le cumas na míleata sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine agus an pobal sibhialtach a chur faoi chois, chomh maith le gníomhaíochtaí a dhéanamh a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, thug U Tay Za tacaíocht don Tatmadaw agus bhí sé i mbun gníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.
|
8.11.2022
|
|
83.
|
Aung Moe Myint
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe: 9.6.1971 nó 28.9.1969
Inscne: fireann
Uimhir an phas: 12/YAKANA(N)006981
|
Is é Aung Moe Myint an Stiúrthóir ar Dynasty International Company Ltd (DICL), atá ag feidhmiú san earnáil trádála. Tá sé ina Chonal Oinigh ar Phoblacht na Bealarúise chuig Maenmar. Bunaithe ar a sheasamh tráchtála agus pearsanta, lena n-áirítear na dlúthnaisc pholaitiúla agus thráchtála atá aige leis an mBealarúis, d’éascaigh Aung Moe Myint soláthar arm, armán, earraí srianta agus dé-úsáide d’arm Mhaenmar, earraí a úsáideadh ar an bpobal sibhialtach agus ar agóideoirí ar fud na tíre.
Trí rannchuidiú le cumas na míleata sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine agus an pobal sibhialtach a chur faoi chois, chomh maith le gníomhaíochtaí a dhéanamh a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, thug Aung Moe Myint tacaíocht don Tatmadaw agus bhí sé i mbun gníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.
|
8.11.2022
|
|
84.
|
Naing Htut Aung
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe: 27.1.1968;
Inscne: fireann
Uimhir an phas: 12/MAKAYA 118765
|
Is é Naing Htut an Stiúrthóir ar International Group of Companies (IGGC), atá ag feidhmiú san earnáil trádála.
Trí IGGC, thug Naing Htut Aung tacaíocht airgeadais don Tatmadaw in 2017 ag ócáid tiomsaithe airgid i dtaca le ‘oibríochtaí imréitigh’ Rakhine. Ina theannta sin, ghníomhaigh Naing Htut Aung mar allmhaireoir agus mar bhróicéir arm, trealaimh mhíleata agus earraí dé-úsáide d’arm Mhaenmar, a úsáideadh ar an bpobal sibhialtach agus ar agóideoirí ar fud na tíre.
Trí rannchuidiú le cumas na míleata sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine agus an pobal sibhialtach a chur faoi chois, chomh maith le gníomhaíochtaí a dhéanamh a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, thug Naing Htut Aung tacaíocht don Tatmadaw agus bhí sé i mbun gníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.
|
8.11.2022”
|
|