8.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 287/50


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2118 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Iúil 2022

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil le bainistíocht punainne aonair iasachtaí a dhéanann soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, lena sonraítear na heilimintí den mhodh chun measúnú a dhéanamh ar riosca creidmheasa, an fhaisnéis maidir le gach punann aonair atá le nochtadh d’infheisteoirí, agus na beartais agus na nósanna imeachta is gá i ndáil le cistí teagmhasacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937, (1) agus go háirithe Airteagal 6(7) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Agus infheistíocht á déanamh acu i bpunann iasachtaí a thairgeann soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, ní roghnaíonn infheisteoirí na tionscadail ina ndéanfaidh siad a gcistí a infheistiú, ach, ina ionad sin, roghnaíonn siad roinnt paraiméadar agus táscairí riosca agus fágann siad faoin soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin na cistí a leithdháileadh dá réir. Dá bhrí sin, ba cheart don soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin leibhéil iomchuí faisnéise a nochtadh d’infheisteoirí ionchasacha agus d’infheisteoirí reatha, rud a chuirfeadh ar a gcumas do na hinfheisteoirí sin eolas leormhaith a bheith acu ar thorthaí agus ar rioscaí na dtionscadal agus cinntí eolasacha a dhéanamh.

(2)

Chun an neamhshiméadracht faisnéise idir soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus infheisteoirí a laghdú, ba cheart an fhaisnéis ábhartha uile maidir le comhdhéanamh na punainne a chur ar fáil d’infheisteoirí, lena n-áirítear na tionscadail ina n-infheistítear a gcistí, mar aon le cáilíocht na n-iasachtaí lena maoinítear na tionscadail sin. Leis sin, ba cheart d’infheisteoirí a bheith in ann tuiscint níos fearr a fháil ar fheidhmíocht agus ar an méid riosca a bhaineann le punanna éagsúla agus comparáid níos fearr a dhéanamh eatarthu, bíodh sin punanna a thairgtear ar an ardán céanna nó ar ardáin mhalartacha.

(3)

Ní hamháin go bhfuil infheisteoirí neamhchosanta ar rioscaí a bhaineann leis na tionscadail nó leis na hiasachtaí ina n-infheistítear a gcistí, ach freisin ar an gcaoi a ndéanann an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin measúnú ar riosca na n-iasachtaí sin agus ar riosca na dtionscadal sin agus ar an gcaoi a ndéanann an soláthraí sin bainistiú ar roghnú na n-iasachtaí le haghaidh na punainne. I ndáil leis sin, tástálacha struis a dhéanamh ar an bpunann agus anailís íogaireachta a dhéanamh ar an iasacht aonair agus ar an úinéir tionscadail aonair, is féidir sin a bheith éifeachtach go háirithe chun measúnú críochnúil agus iomlán ar na hinfheistíochtaí a sholáthar. Dá bhrí sin, agus na tástálacha struis sin á ndéanamh ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, is iomchuí torthaí na n-anailísí sin a nochtadh d’infheisteoirí.

(4)

Chun trédhearcacht éifeachtach a áirithiú, an fhaisnéis maidir leis na heilimintí atá le cur san áireamh ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin sa mhodh a úsáidtear chun measúnuithe a dhéanamh ar riosca creidmheasa, ba cheart í a nochtadh go hiomchuí. Leis sin, beidh infheisteoirí in ann a thuiscint an bhfuil cur chuige leormhaith stuamachta á ghlacadh ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus measúnú á dhéanamh acu ar inbhuanaitheacht na dtionscadal atá á maoiniú, ar inacmhainneacht na n-iasachtaí do na húinéirí tionscadail, agus ar chomhdhéanamh na n-iasachtaí aonair i bpunann struchtúrtha.

(5)

Féadfaidh soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin brath ar chiste teagmhasach tiomnaithe chun infheisteoirí a chúiteamh as na caillteanais a d’fhéadfadh na hinfheisteoirí sin a thabhú i gcás nach n-aisíocann úinéirí tionscadail a n-iasachtaí. Ní mór a chur in iúl d’infheisteoirí, cé gur ann don chiste teagmhasach sin, nach ráthaítear leis sin gur féidir a mheas go bhfuil an infheistíocht saor ó riosca agus go n-aisíocfar iad i gcás ina mbeadh an iasacht a mhaoinigh siad ar mainneachtain, toisc go bhfuil lánrogha ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin cinneadh a dhéanamh maidir le haon íocaíocht. Chun a áirithiú go dtabharfar cosaint leormhaith d’infheisteoirí, tá sé tábhachtach go mbeidh beartais agus socruithe rialachais iomchuí i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus cistí teagmhasacha á mbainistiú acu, bíodh sin go díreach nó trí sholáthraí tríú páirtí.

(6)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a d’fhorbair ÚBE i ndlúthchomhar le ESMA agus a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin.

(7)

Rinne ÚBE comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a mbunaítear an Rialachán seo, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2),

(8)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus thug sé tuairim uaidh an 1 Meitheamh 2022,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Cruinneas agus iontaofacht na faisnéise atá le soláthar d’infheisteoirí

1.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin go mbeidh an fhaisnéis a thabharfar d’infheisteoirí de bhun Airteagal 6(2) agus (4) de Rialachán (AE) 2020/1503 cruinn, iontaofa agus go ndéanfar í a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.

2.   Chun críocha mhír 1, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin an méid seo a leanas:

(a)

go mbeidh na sonraí a úsáidtear chun na measúnuithe ar acmhainneacht chreidmheasa dá dtagraítear i gCaibidil II den Rialachán seo a dhéanamh comhsheasmhach, iomlán agus iomchuí;

(b)

go mbeidh na teicnící tomhais iomchuí maidir le castacht agus leibhéal na rioscaí is bun le tionscadail sluachistiúcháin aonair agus/nó leis na punanna, go mbeidh siad bunaithe ar shonraí iontaofa, agus go mbeidh siad faoi réir bailíochtú tréimhsiúil; agus

(c)

go mbeidh na nósanna imeachta a bhaineann leis an mbainistíocht sonraí láidir, dea-dhoiciméadaithe, iontaofa agus go ndéanfar iad a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.

Airteagal 2

Formáid na faisnéise atá le nochtadh

1.   Chun críocha Chaibidil II, beidh an fhaisnéis a sholáthrófar d’infheisteoirí le fáil go héasca ar chuid ar leith de shuíomh gréasáin an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin is féidir a dhealú go soiléir ó chumarsáidí margaíochta.

2.   Chun críocha Chaibidil III, déanfar an fhaisnéis a sholáthrófar d’infheisteoirí aonair maidir lena bpunann iasachtaí a chur ar fáil ar leathanach slán ar shuíomh gréasáin an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a mbeidh rochtain air trí mhodh leormhaith aitheantais phearsanta.

3.   An fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, cuirfear i láthair í ar bhealach atá soléite agus cuirfear in iúl í ar bhealach lena n-éascaítear í a thuiscint agus trí úsáid a bhaint as teanga lena ndéantar amhlaidh. I gcásanna inar féidir gnáthfhocail a úsáid, seachnófar téarmaí teicniúla agus, i gcás ina n-úsáidtear iad, míneofar iad.

CAIBIDIL II

Eilimintí, lena n-áirítear an fhormáid, atá le cur san áireamh sa tuairisc ar an modh chun measúnú a dhéanamh ar riosca creidmheasa

Airteagal 3

Riosca creidmheasa tionscadal sluachistiúcháin aonair

An tuairisc a sholáthrófar d’infheisteoirí ar an modh chun measúnú a dhéanamh ar riosca creidmheasa tionscadal sluachistiúcháin aonair laistigh de phunann dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2020/1503, beidh na heilimintí uile seo a leanas sa tuairisc sin:

(a)

na critéir agus na príomhtháscairí airgeadais a úsáidtear chun indéantacht agus inbhuanaitheacht phleananna gnó na dtionscadal sluachistiúcháin aonair a shuí;

(b)

anailís ar shreafaí airgid ionchasacha na dtionscadal sluachistiúcháin agus measúnú ar cé chomh cinnte atá na sreafaí airgid ionchasacha sin thar thréimhsí ama éagsúla;

(c)

anailís ar shaintréithe na hearnála gnó ina n-oibríonn na húinéirí tionscadail, lena n-áirítear an leibhéal iomaíochta;

(d)

measúnú ar eolas, ar thaithí, ar chlú agus ar chumas na n-úinéirí tionscadail maidir le gníomhaíochtaí gnó a bhainistiú in earnáil shonrach an tionscadail;

(e)

na nósanna imeachta maidir le glacadh le comhthaobhacht nó ráthaíocht agus maidir le haitheantas na comhthaobhachta nó na ráthaíochta agus bearta maolaithe riosca creidmheasa, i gcás inarb ábhartha;

(f)

cineál an sceidil aisíocaíochta le haghaidh na hiasachta agus minicíocht na dtráthchodanna;

(g)

na nósanna imeachta chun gach iasacht a bhaineann le tionscadal a shannadh do chatagóir riosca iomchuí mar a shainítear leis an gcreat bainistithe riosca;

(h)

foinse agus cineál na sonraí a úsáidtear chun críocha phointí (a) go (g).

Airteagal 4

Riosca creidmheasa ar leibhéal punainne an infheisteora

1.   Maidir leis an tuairisc a sholáthrófar d’infheisteoirí ar an modh chun measúnú a dhéanamh ar riosca creidmheasa ar leibhéal punainne an infheisteora dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/1503, beidh míniú inti ar an gcaoi a gcuirtear na heilimintí seo a leanas san áireamh agus punann á comhdhéanamh:

(a)

an dáileadh iasachtaí i gcomhréir lena n-aibíocht laistigh den phunann chéanna;

(b)

an ráta úis le haghaidh gach iasachta sa phunann chéanna;

(c)

an sciar iasachtaí i bpunann aonair a dheonaítear don úinéir tionscadail céanna nó do ghrúpa úinéirí tionscadail nasctha;

(d)

an sciar iasachtaí i bpunann aonair a dheonaítear d’úinéirí tionscadail atá bunaithe nó a oibríonn sa dlínse chéanna nó sa limistéar geografach céanna;

(e)

an sciar iasachtaí i bpunann aonair a dheonaítear d’úinéirí tionscadail a oibríonn san earnáil ghnó chéanna;

(f)

an sciar iasachtaí a shanntar don chatagóir riosca chéanna;

(g)

an modh a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar an gcomhghaolú rioscaí laistigh den phunann chéanna.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (c), ciallóidh grúpa úinéirí tionscadail nasctha aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

beirt nó níos mó daoine nádúrtha nó dlítheanacha ar riosca aonair iad toisc go bhfuil smacht ag duine amháin acu ar an duine eile nó ar na daoine eile, bíodh sin go díreach nó go hindíreach;

(b)

measfar beirt nó níos mó daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bheith ina riosca aonair toisc go bhfuil siad chomh hidirnasctha sin gur dócha, dá mbeadh fadhbanna airgeadais ag duine amháin acu, go mbeadh deacrachtaí maoinithe nó aisíocaíochta ag an duine eile nó ag gach duine eile.

3.   Soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a fhógraíonn spriocráta sonrach maidir le toradh ar infheistíocht le haghaidh punainne, nochtfaidh sé an nós imeachta a úsáidtear chun na hiasachtaí aonair a bheidh le háireamh sa phunann a roghnú.

Airteagal 5

Riosca creidmheasa úinéirí tionscadail

An tuairisc a sholáthrófar d’infheisteoirí ar an modh a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar riosca creidmheasa úinéirí tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2020/1503, beidh na heilimintí uile seo a leanas sa tuairisc sin:

(a)

na nósanna imeachta maidir leis na próisis chun creidmheas a fhaomhadh agus chun faireachán a dhéanamh;

(b)

na nósanna imeachta chun scóráil creidmheasa úinéir an tionscadail a chinneadh, i gcás inarb infheidhme;

(c)

na nósanna imeachta maidir le rátálacha seachtracha a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar acmhainneacht chreidmheasa úinéara tionscadail;

(d)

na nósanna imeachta maidir le glacadh le comhthaobhacht nó le ráthaíocht agus maidir le haitheantas na comhthaobhachta nó na ráthaíochta agus bearta maolaithe riosca creidmheasa, i gcás inarb ábhartha;

(e)

na nósanna imeachta agus na sonraí a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar stair airgeadais úinéir an tionscadail agus na nósanna imeachta a bheidh le leanúint i gcás nach gcuireann úinéir an tionscadail an fhaisnéis is gá ar fáil nó i gcás ina ndiúltaíonn sé an fhaisnéis is gá a chur ar fáil.

Airteagal 6

Úsáid samhlacha

1.   Chun críocha Airteagal 6(2), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2020/1503, cuirfidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin faisnéis leormhaith ar fáil maidir leis na samhlacha a áirítear sa mhodh a úsáidtear chun an measúnú a dhéanamh ar riosca creidmheasa tionscadal sluachistiúcháin, chun an measúnú a dhéanamh ar acmhainneacht chreidmheasa úinéirí tionscadail, le haghaidh na bpróiseas chun creidmheas a fhaomhadh agus faireachán a dhéanamh, agus chun punanna a chomhdhéanamh, lena n-áirítear na nithe uile seo a leanas:

(a)

foinse na sonraí a úsáidtear mar ionchur le haghaidh na samhlacha;

(b)

an creat a úsáidtear chun cáilíocht na sonraí ionchuir a áirithiú;

(c)

socruithe rialachais iomchuí a bheith ann maidir le dearadh agus úsáid samhlacha den sórt sin;

(d)

an creat chun a áirithiú go ndéanfar measúnú agus bailíochtú ar cháilíocht aschur na samhla go tráthrialta, agus i gcás inarb iomchuí, go ndéanfar athbhreithniú uirthi.

2.   I gcás ina n-úsáidtear samhlacha uathoibrithe mar chuid den mhodh chun measúnú a dhéanamh ar riosca creidmheasa tionscadal sluachistiúcháin, sa mheasúnú ar acmhainneacht chreidmheasa úinéirí tionscadail, sna próisis chun creidmheas a fhaomhadh agus chun faireachán a dhéanamh, nó i gcomhdhéanamh punann, nochtfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin na nithe uile seo a leanas:

(a)

an chaoi a bhfuil úsáid samhlacha uathoibrithe iomchuí maidir le méid, cineál agus castacht na gcineálacha tionscadail sluachistiúcháin a roghnaítear le haghaidh phunann an infheisteora;

(b)

na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na cinnteoireachta uathoibrithe sna próisis chun creidmheas a fhaomhadh agus chun faireachán a dhéanamh, lena n-áirítear iasachtaí, deighleoga agus teorainneacha a shainaithint a gceadaítear an chinnteoireacht uathoibrithe ina leith.

Airteagal 7

Faisnéis maidir le tástáil struis agus anailís íogaireachta

Soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a dhéanann cleachtaí tástála struis agus cleachtaí anailíse íogaireachta, soláthróidh siad faisnéis d’infheisteoirí maidir leis na nithe uile seo a leanas:

(a)

ar leibhéal na hiasachta aonair agus ar leibhéal an úinéara tionscadail aonair, aon anailís íogaireachta a dhéantar chun teagmhais mhargaidh agus teagmhais neamhghnácha a d’fhéadfadh a bheith diúltach amach anseo a léiriú, ar teagmhais iad atá ábhartha maidir le cineál agus cuspóir na hiasachta;

(b)

ar leibhéal na punainne, na nósanna imeachta agus na córais faisnéise le haghaidh tástálacha struis a dhéantar chun measúnú a dhéanamh ar athléimneacht na punainne i rith an timthrialla eacnamaíoch agus i gcásanna éagsúla.

CAIBIDIL III

Faisnéis atá le soláthar maidir le gach punann aonair

Airteagal 8

Ríomh an mheánráta ualaithe úis bhliantúil

1.   Maidir leis an meánráta ualaithe úis bliantúil ar iasachtaí i bpunann dá dtagraítear in Airteagal 6(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/1503, chun é sin a ríomh déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin an meán a ríomh i ndáil le ráta úis bliantúil gach iasachta atá sa phunann, agus an meán sin ualaithe i leith mhéid na n-iasachtaí i bpunann atá gan íoc.

2.   Chun an meánráta ualaithe úis bliantúil dá dtagraítear i mír 1 a ríomh, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin na nithe uile seo a leanas:

(a)

gurb é atá san ainmneoir suim mhéid barúlach gach iasachta a áirítear sa phunann;

(b)

gurb é atá san uimhreoir suim iolrach na nithe seo a leanas:

(i)

méid barúlach gach iasachta;

(ii)

ráta úis bliantúil gach iasachta a áirítear sa phunann.

3.   Chun críocha mhír 2, pointe (b)(ii), comhfhreagróidh an ráta úis bliantúil d’aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

i gcás ráta seasta úis, an ráta úis bliantúil mar a leagtar síos sa chonradh iasachta;

(b)

i gcás ráta comhlúthach, an ráta úis atá i bhfeidhm tráth a fhoilsítear an meánráta ualaithe úis bliantúil, agus aon uasteorainn mar a leagtar síos sa chonradh iasachta á cur san áireamh;

(c)

i gcásanna ina roinntear an iasacht ina tráinsí lena dtuilltear rátaí úis éagsúla, meán ualaithe na rátaí úis mar a leagtar síos sa chonradh iasachta.

Airteagal 9

Dáileadh iasachtaí de réir catagóir riosca

1.   Chun an dáileadh iasachtaí de réir catagóir riosca a ríomh, i ndearbhuimhreacha agus mar chéatadán, dá dtagraítear in Airteagal 6(4), pointe (c), de Rialachán (AE) 2020/1503, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin go sannfar gach iasacht aonair don chatagóir riosca ábhartha a leagtar amach sa chreat bainistithe riosca ar bhonn critéir fhónta agus dhea-shainithe, dá dtagraítear in Airteagal 4(4), pointe (f), de Rialachán (AE) 2020/1503, agus mar a shonraítear i gcomhréir le hAirteagal 19(7), pointe (d), den Rialachán sin.

2.   Chun críocha mhír 1, agus maidir le gach catagóir riosca, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

leis an dáileadh iasachtaí de réir catagóir riosca i ndearbhuimhreacha, tagrófar do shuim mhéid barúlach gach iasachta atá sa chatagóir riosca chéanna.

(b)

leis an dáileadh iasachtaí de réir catagóir riosca mar chéatadán, tagrófar don chóimheas idir na nithe seo a leanas:

(i)

suim mhéid barúlach gach iasachta atá sa chatagóir riosca chéanna;

(ii)

méid barúlach iomlán na n-iasachtaí uile laistigh den phunann.

3.   Chun faisnéis a nochtadh d’infheisteoirí, déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin beartais agus nósanna imeachta atá soiléir agus éifeachtach a bhunú agus a choinneáil ar bun chun na catagóirí riosca a shonrú.

Airteagal 10

Faisnéis bhunriachtanach le haghaidh gach iasachta a áirítear sa phunann

1.   San fhaisnéis bhunriachtanach le haghaidh gach iasachta atá i bpunann dá dtagraítear in Airteagal 6(4), pointe (d), de Rialachán (AE) 2020/1503, áireofar na nithe uile seo a leanas:

(a)

méid na hiasachta, lena n-áirítear an t-iarmhéid is déanaí gan íoc;

(b)

an t-airgeadra ina ndeonaítear an iasacht;

(c)

an t-eintiteas atá freagrach as an iasacht a sheirbhísiú, lena n-áirítear a ainm dlíthiúil, a chláruimhir agus a áit chláraithe, a oifig chláraithe agus a shonraí teagmhála, agus a bheartas seirbhísithe;

(d)

céannacht úinéir an tionscadail, lena n-áirítear a ainm dlíthiúil, tír a chorpraithe agus a chláruimhir, seoladh a oifige cláraithe agus a shuíomh gréasáin corparáideach a chur in iúl;

(e)

struchtúr úinéireachta úinéir an tionscadail;

(f)

cuspóir na hiasachta, trí thuairisc ghairid ar an tionscadal sluachistiúcháin a chur leis;

(g)

an ráta úis nó aon chúiteamh eile a leagtar síos san iasacht, le haghaidh gach bliana go dtí go dtiocfaidh sí in aibíocht, agus i gcás nach bhfuil an ráta úis nó aon chúiteamh eile ar fáil go díreach, an modh ríofa;

(h)

dáta aibíochta na hiasachta;

(i)

an chatagóir riosca ábhartha dá sanntar an iasacht i gcomhréir leis an gcreat bainistithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 4(4), pointe (f), de Rialachán (AE) 2020/1503;

(j)

an sceideal le haghaidh aisíocaíocht na príomhshuime agus le haghaidh íocaíocht an úis ar an iasacht;

(k)

comhlíontacht úinéir an tionscadail le sceideal íocaíochta tráthchoda na hiasachta trí aon íocaíocht atá thar téarma nó aon mhainneachtain dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2115 ón gCoimisiún (4) a chur in iúl;

(l)

an céatadán de mhéid an tionscadail sluachistiúcháin atá á mhaoiniú ag an infheisteoir tríd an iasacht, arna shloinneadh mar an cóimheas idir:

(i)

méid barúlach na hiasachta;

(ii)

méid iomlán an tionscadail sluachistiúcháin.

2.   An fhaisnéis a sholáthrófar le haghaidh gach iasachta a áirítear i bpunann, déanfar tuairisciú inti ar cé acu atá nó nach bhfuil níos mó ná tionscadal sluachistiúcháin amháin i bhfeidhm ag úinéir tionscadail a mhaoinítear trí aon soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, agus áireofar an fhaisnéis uile seo a leanas inti:

(a)

an cineál tairisceana agus an ionstraim a úsáidtear chun an tionscadal a mhaoiniú;

(b)

an dáta críochnaithe (dáta atá caite nó dáta ionchasach);

(c)

an méid barúlach atá úinéir an tionscadail a fháil ar iasacht;

(d)

faisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear gach oibleagáid airgeadais agus dliteanas teagmhasach eile.

3.   Ceanglóidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ar úinéir an tionscadail an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar.

4.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin bearta iomchuí chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis a sholáthraíonn úinéirí tionscadail i gcomhréir le mír 3 cruinn, iontaofa agus cothrom le dáta.

Airteagal 11

Faisnéis maidir le bearta maolaithe riosca

1.   Chun críocha Airteagal 6(4), pointe (e), de Rialachán (AE) 2020/1503, ciallóidh “beart maolaithe riosca” teicníc a úsáideann úinéir tionscadail chun an riosca creidmheasa a bhaineann le hiasacht a laghdú, ar féidir í a bheith i gceachtar de na foirmeacha seo a leanas:

(a)

“cosaint chistithe creidmheasa”, a chiallaíonn teicníc maolaithe riosca ina dtagann an laghdú ar an riosca creidmheasa a bhaineann le hiasacht as ceart an infheisteora, i gcás mhainneachtain na hiasachta nó i gcás teagmhais chreidmheasa shonraithe eile a bhaineann leis an tionscadal nó le húinéir an tionscadail, sócmhainní nó méideanna áirithe a leachtú nó iad a bheith aistrithe nó leithreasaithe, nó iad a choinneáil, nó méid na hiasachta a laghdú;

(b)

“cosaint neamhchistithe creidmheasa”, a chiallaíonn teicníc maolaithe riosca ina dtagann an laghdú ar an riosca creidmheasa a bhaineann le hiasacht as an oibleagáid atá ar thríú páirtí méid a íoc i gcás mhainneachtain na hiasachta nó i gcás teagmhais chreidmheasa shonraithe eile a bhaineann leis an tionscadal nó le húinéir an tionscadail.

2.   I gcás ina ráthaítear iasacht le “cosaint chistithe creidmheasa” dá dtagraítear i mír 1, soláthróidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin an fhaisnéis uile seo a leanas:

(a)

an cineál sócmhainne/sócmhainní;

(b)

an luacháil is déanaí ar an tsócmhainn sin nó ar na sócmhainní sin agus an méid nó na méideanna is féidir a leachtú, a aistriú, a choinneáil nó a leithreasú;

(c)

an modh luachála;

(d)

an cóimheas idir an méid dá dtagraítear i bpointe (b) agus méid barúlach iomlán na hiasachta, arna shloinneadh mar chéatadán.

3.   I gcás ina ráthaítear iasacht le “cosaint neamhchistithe creidmheasa” dá dtagraítear i mír 2, soláthróidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, ar a laghad, an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

ainm, seoladh agus cineál dlítheanach an tríú páirtí atá ag gníomhú mar sholáthraí cosanta nó mar ráthóir cosanta;

(b)

an cóimheas idir:

(i)

méid barúlach na hiasachta a chumhdaíonn an tríú páirtí;

(ii)

méid barúlach iomlán na hiasachta, arna shloinneadh mar chéatadán.

4.   Chun críocha mhíreanna 2 agus 3, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

go ndéanfar measúnú ar incháilitheacht agus luacháil aon bhirt maolaithe riosca i gcomhréir le beartais agus nósanna imeachta leormhaithe laistigh den chreat bainistithe riosca, dá dtagraítear in Airteagal 4(4), pointe (f), de Rialachán (AE) 2020/1503 agus mar a shonraítear i gcomhréir le hAirteagal 19(7), pointe (d), den Rialachán sin;

(b)

go gcuirfear san áireamh i luacháil aon bhirt maolaithe riosca na costais diúscartha uile a eascraíonn as comhthaobhacht a fháil agus a dhíol.

Airteagal 12

Faisnéis maidir le mainneachtain a dhéanann úinéir an tionscadail ar chomhaontuithe creidmheasa

1.   Chun Airteagal 6(4), pointe (f), de Rialachán (AE) 2020/1503 a chomhlíonadh, ceanglóidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ar úinéirí tionscadail faisnéis a sholáthar maidir le mainneachtain a tharla faoi chomhaontuithe creidmheasa le 5 bliana anuas.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt le “comhaontú creidmheasa” do chomhaontú trína ndeonaíonn infheisteoir creidmheas d’úinéir tionscadail i bhfoirm iasachta le haghaidh tionscadal sluachistiúcháin sonrach, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “mainneachtain”“mainneachtain” mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2115;

(b)

ciallaíonn “comhaontú creidmheasa” comhaontú trína ndeonaíonn infheisteoir creidmheas d’úinéir tionscadail i bhfoirm iasachta le haghaidh tionscadal sluachistiúcháin sonrach.

3.   Soláthróidh úinéir an tionscadail an fhaisnéis maidir le mainneachtain dá dtagraítear i mír 1 don soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin sna cásanna uile seo a leanas:

(a)

ag túsphointe na hiasachta;

(b)

díreach tar éis teagmhas mainneachtana;

(c)

go dtí dáta aibíochta an chomhaontaithe creidmheasa a áirítear sa phunann.

4.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin bearta iomchuí chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis a sholáthraíonn úinéirí tionscadail i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 cruinn, iontaofa agus cothrom le dáta.

5.   I gcás ina gciallaíonn “comhaontú creidmheasa” aon ionstraim airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (50), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus i gcás nach bhfuil faisnéis faoi mhainneachtain roimhe sin ar fáil, ceanglóidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ar úinéirí tionscadail an fhaisnéis uile seo a leanas a sholáthar i leith na 5 bliana roimhe sin:

(a)

laethanta thar téarma;

(b)

an méid riaráistí

6.   Nochtfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin d’infheisteoirí cé acu atá nó nach bhfuil an fhoinse faisnéise dá dtagraítear i míreanna 2 agus 5 san áireamh i gceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas agus sonróidh siad cé acu ceann ina bhfuil sí san áireamh:

(a)

ráiteas faoi mhionn ó úinéir an tionscadail;

(b)

faisnéis atá le fáil i gcláir chreidmheasa;

(c)

faisnéis atá ar fáil go poiblí, lena n-áirítear faisnéis ó chuideachtaí bailithe fiach nó ó ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa;

(d)

cineál eile faisnéise.

7.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin bearta iomchuí chun gach ceann de na nithe seo a leanas a áirithiú:

(a)

go mbeidh an fhaisnéis a sholáthraíonn úinéirí tionscadail i gcomhréir le mír 5 cruinn, iontaofa agus cothrom le dáta;

(b)

go mbeidh nochtadh na faisnéise d’infheisteoirí dá dtagraítear i mír 5 i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

Airteagal 13

Faisnéis maidir le haon táillí a d’íoc an t-infheisteoir, an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nó an t-úinéir tionscadail i leith na hiasachta

San fhaisnéis maidir leis na táillí a íocadh i leith iasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(4), pointe (g), de Rialachán (AE) 2020/1503, áireofar na nithe uile seo a leanas:

(a)

an duine nádúrtha nó dlítheanach a íocann na táillí, lena n-áirítear an é an t-infheisteoir, an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, úinéir an tionscadail nó tríú páirtí an duine is ábhar sin;

(b)

méid airgeadaíochta na dtáillí;

(c)

an duine nádúrtha nó dlítheanach a fhaigheann na táillí, lena n-áirítear an é an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin an duine sin nó, i gcás ina seachfhoinsítear feidhmeanna oibríochtúla, an tríú páirtí é;

(d)

aon seirbhís a íoctar le táillí, lena n-áirítear táillí síntiúis, táillí bainistíochta, táillí a bhaineann le próisis bailithe fiach agus táillí imeachta;

(e)

an modh chun na táillí a ríomh, lena n-áirítear cé acu atá nó nach bhfuil méid na dtáillí ina léiriú ar chéatadán de mhéid barúlach na hiasachta nó d’aon mhéid comhlúthach nó seasta eile;

(f)

sceideal íocaíochta na dtáillí.

Airteagal 14

Faisnéis maidir le luacháil na hiasachta

1.   Maidir le luacháil na hiasachta dá dtagraítear in Airteagal 6(4), pointe (h), i gcás gach iasachta aonair, beidh an luacháil sin ina léiriú ar an toradh iarbhír dóchúil, a shainmhínítear mar an toradh bliantúil lascainithe ar an infheistíocht a bhfuil coinne ag an infheisteoir leis ar dháta luachála ar leith, bunaithe ar an bhfaisnéis is déanaí atá ar fáil.

2.   Chun críocha mhír 1, beidh ríomh an toraidh iarbhír dhóchúil bunaithe ar an bhfaisnéis uile seo a leanas:

(a)

an ráta úis nó aon chúiteamh eile a leagtar síos san iasacht;

(b)

an toradh go dtí aibíocht;

(c)

cur i bhfeidhm aon táille dá dtagraítear in Airteagal 6(4), pointe (g), de Rialachán (AE) 2020/1503;

(d)

na rátaí mainneachtana ionchasacha, a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2115;

(e)

aon chostas eile a d’íoc úinéir an tionscadail nó an t-infheisteoir nó an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin i ndáil leis an iasacht.

3.   Maidir le luacháil na hiasachta dá dtagraítear in Airteagal 6(4), pointe (h), de Rialachán (AE) 2020/1503, áireofar inti luacháil na punainne ina n-áirítear an iasacht, arna sloinneadh mar an cóimheas idir na nithe seo a leanas:

(a)

an t-uimhreoir a fhaightear ó shuim iolrach na nithe seo a leanas:

(i)

méid barúlach gach iasachta sa phunann;

(ii)

toradh iarbhír dóchúil gach iasachta faoi seach atá sa phunann

(b)

an t-ainmneoir a fhaightear ó shuim mhéid barúlach gach iasachta atá sa phunann

CAIBIDIL IV

Beartais, nósanna imeachta agus socruithe eagraíochtúla a cheanglaítear maidir le cistí teagmhasacha

Airteagal 15

Ceanglais ghinearálta

1.   Soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a bhunaigh ciste teagmhasach agus a oibríonn ciste teagmhasach le haghaidh a gcuid gníomhaíochtaí a bhaineann le bainistíocht punainne aonair iasachtaí, beidh beartais agus nósanna imeachta agus socruithe eagraíochtúla i bhfeidhm acu atá leormhaith chun a áirithiú go ndéanfar an ciste teagmhasach a bhainistiú go stuama agus gur féidir a chuspóirí a chomhlíonadh.

2.   Chun críocha mhír 1, déanfaidh comhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin na beartais, na nósanna imeachta agus na socruithe eagraíochtúla a bhaineann leis an gciste teagmhasach a fhormheas agus beidh na beartais, na nósanna imeachta agus na socruithe eagraíochtúla sin i scríbhinn, cothrom le dáta agus dea-dhoiciméadaithe.

Airteagal 16

Socruithe eagraíochtúla

1.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin struchtúr eagraíochtúil agus oibríochtúil atá láidir agus trédhearcach le haghaidh aon chiste teagmhasach a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm acu agus beidh tuairisc i scríbhinn acu air.

2.   Déanfaidh comhlacht bainistíochta na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin formhaoirseacht ar chur chun feidhme shocruithe rialachais agus eagraíochtúla an chiste theagmhasaigh.

3.   Chun críocha mhír 2, beidh an méid seo a leanas amhlaidh i gcás na gcomhaltaí uile de chomhlacht bainistíochta na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin;

(a)

beidh eolas iomlán acu ar struchtúr dlíthiúil, eagraíochtúil agus oibríochtúil an chiste theagmhasaigh agus áiritheoidh siad go mbeidh an struchtúr sin i gcomhréir lena chuspóirí formheasta;

(b)

beidh siad go hiomlán ar an eolas faoin struchtúr, faoi na freagrachtaí agus faoi roinnt na gcúraimí laistigh den chiste teagmhasach.

4.   Maidir leis na rioscaí a bheidh i ndán don chiste mar thoradh ar a oibríochtaí, le struchtúr eagraíochtúil an chiste, ní chuirfear bac ar chumas an chomhlachta bainistíochta na rioscaí sin a shainaithint, formhaoirseacht a dhéanamh orthu agus iad a bhainistiú go héifeachtach.

Airteagal 17

Beartas rialachais

1.   Beidh beartas rialachais i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin chun an ciste teagmhasach a rialú. Áiritheofar leis an mbeartas sin go mbeidh socruithe, próisis agus sásraí rialachais inmheánaigh comhsheasmhach, comhtháite go maith agus leormhaith chun dea-fheidhmiú an chiste theagmhasaigh a áirithiú.

2.   Sa bheartas rialachais dá dtagraítear i mír 1, beidh na heilimintí agus an fhaisnéis uile seo a leanas:

(a)

cuspóir an chiste theagmhasaigh;

(b)

struchtúr dlíthiúil agus oibríochtúil an chiste theagmhasaigh, lena n-áirítear cé acu an é an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin féin nó tríú páirtí a oibríonn é;

(c)

fad an chiste theagmhasaigh, lena n-áirítear cásanna ina bhfuil téarma neamhtheoranta ag an gciste.

3.   I gcás ina n-oibríonn tríú páirtí an ciste teagmhasach, beidh na nithe uile seo a leanas sa bheartas rialachais dá dtagraítear i mír 1:

(a)

comhdhéanamh chomhlacht bainistíochta an chiste theagmhasaigh;

(b)

freagrachtaí agus dualgais chomhlacht bainistíochta an chiste theagmhasaigh;

(c)

tuairisc ar inniúlachtaí agus ar scileanna gach comhalta de chomhlacht bainistíochta an chiste theagmhasaigh;

(d)

minicíocht chruinnithe chomhlacht bainistíochta an chiste theagmhasaigh;

(e)

na ceanglais tuairiscithe idir comhlacht bainistíochta an chiste theagmhasaigh agus comhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin;

(f)

na freagrachtaí maidir le doiciméadú, bainistiú agus rialú na socruithe seachfhoinsithe;

(g)

ball foirne sinsearach amháin nó níos mó a shainaithint atá freagrach go díreach do chomhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin agus atá freagrach as bainistiú agus formhaoirseacht a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le socruithe seachfhoinsithe, lena n-áirítear an doiciméadacht ábhartha.

Airteagal 18

Beartas cistiúcháin

1.   Beidh beartas cistiúcháin i bhfeidhm ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin chun cinneadh ar an gcaoi a maoinítear an ciste teagmhasach agus ar an gcaoi a ndéantar na fáltais a bhailítear a bhainistiú.

2.   Chun críocha mhír 1, beidh na heilimintí agus an fhaisnéis seo a leanas sa bheartas cistiúcháin dá dtagraítear i mír 1:

(a)

aon ranníocaíocht tosaigh a rinne an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin isteach sa chiste teagmhasach;

(b)

na cineálacha táillí a bhailítear chun an ciste teagmhasach a fhabhrú;

(c)

na critéir a chuireann lucht bainistíochta an chiste theagmhasaigh san áireamh agus cinneadh á dhéanamh maidir leis na cineálacha táillí atá le tobhach;

(d)

na critéir a chuireann lucht bainistíochta an chiste theagmhasaigh san áireamh agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an méid táillí atá le tobhach ar gach iasacht;

(e)

an próiseas cinnteoireachta chun méid agus cineál na dtáillí atá le tobhach a chinneadh;

(f)

an straitéis infheistíochta arna glacadh ag an gciste teagmhasach chun na cistí faoi bhainistíocht a infheistiú;

(g)

úinéireacht dhlíthiúil na gcistí;

(h)

an chaoi a ndíscaoilfear na cistí i gcás aibíocht an chiste theagmhasaigh;

(i)

an chaoi a ndéantar na cistí a leithscaradh ó shócmhainní eile atá faoi úinéireacht an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin;

(j)

an chaoi a gcaithfear leis an airgead a íoctar isteach sa chiste teagmhasach i gcás dhócmhainneacht oibreoir an chiste theagmhasaigh.

Airteagal 19

Beartas eisíocaíochta

Beidh beartas i bhfeidhm ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin chun cinneadh ar an gcaoi a ndéanfar na heilimintí uile seo a leanas a mheas sa chinneadh maidir le dul ar aghaidh chuig aon eisíocaíocht ón gciste teagmhasach le hinfheisteoirí:

(a)

iarmhéid an chiste atá cothrom le dáta agus ar fáil;

(b)

sciar na n-iasachtaí atá ar mainneachtain i bpunann ar leith;

(c)

rátaí úis agus aibíocht na n-iasachtaí atá ar mainneachtain i bpunann ar leith;

(d)

an nós imeachta atá le leanúint agus breithniú á dhéanamh i dtaobh íocaíocht lánroghnach a dhéanamh ón gciste teagmhasach nó gan é a dhéanamh;

(e)

na himthosca ina bhféadfar an ciste teagmhasach a ghníomhachtú le haghaidh na híocaíochta amach;

(f)

na critéir atá le meas i gcás ina bhfuil coimhlint idir éilimh nó i gcás éilimh chomhuaineacha ó infheisteoirí maidir leis na hiasachtaí céanna atá ar mainneachtain.

Airteagal 20

Beartas um leanúnachas gnó

Bunóidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin beartas fónta um leanúnachas gnó le haghaidh an chiste theagmhasaigh chun a áirithiú go mbeifear in ann é a oibriú ar bhonn leanúnach agus chun teorainn a chur le caillteanais a d’fhéadfadh a bheith ann i gcás cliseadh sealadach nó cinntitheach.

Airteagal 21

Trédhearcacht agus nochtadh d’infheisteoirí

1.   Cuirfidh agus coinneoidh comhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a fhoireann ar an eolas maidir le beartais agus nósanna imeachta an chiste theagmhasaigh ar bhealach soiléir agus comhsheasmhach, ar a laghad go dtí an leibhéal is gá chun dualgais an chiste theagmhasaigh a chomhlíonadh.

2.   Maidir leis na beartais, na nósanna imeachta agus na socruithe eagraíochtúla a bheidh i bhfeidhm ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 6(7), pointe (c), de Rialachán (AE) 2020/1503, léireofar iad go comhsheasmhach i mbeartas an chiste theagmhasaigh dá dtagraítear in Airteagal 6(5), pointe (b), den Rialachán sin.

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.10.2020, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2115 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an mhodheolaíocht chun rátaí mainneachtana iasachtaí a thairgtear ar ardán sluachistiúcháin a ríomh (IO L XXX, ll.mm.bbbb, lch. 33).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).