8.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 287/42


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2117 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Iúil 2022

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na ceanglais, na formáidí caighdeánacha agus na nósanna imeachta maidir le gearáin a láimhseáil

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937 (1), agus go háirithe Airteagal 7(5), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ar mhaithe le hinfheisteoirí a chosaint agus chun córas éifeachtach rialachais inmheánaigh a chur chun cinn, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, ar a suíomh gréasáin, rochtain éasca a sholáthar dá gcliaint ar thuairisc atá soiléir, intuigthe agus cothrom le dáta ar a nós imeachta láimhseála gearán.

(2)

Chun nach mbeidh nósanna imeachta láimhseála gearán éagsúla ann i measc soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ar fud an Aontais, ba cheart do chliaint a bheith in ann a gcuid gearán a dhéanamh trí fhormáidí caighdeánacha comhchuibhithe a úsáid.

(3)

Chun foráil a dhéanamh maidir le leibhéal leormhaith cosanta d’infheisteoirí, is iomchuí a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a áirithiú go gceadófar do ghearánaigh gearáin a dhéanamh, ar a laghad, sa teanga a úsáideann na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin chun a seirbhísí nó a dtairiscintí sluachistiúcháin a chur chun cinn san Aontas.

(4)

Chun láimhseáil phras thráthúil gearán a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin admháil fála a thabhairt i leith aon ghearáin agus an gearánach a chur ar an eolas laistigh de 10 lá oibre tar éis dóibh an gearán a fháil maidir le cé acu atá nó nach bhfuil an gearán sin inghlactha. Nuair a admhaítear go bhfuarthas an gearán, ba cheart don ghearánach sonraí teagmhála an duine nó na roinne a fháil le haghaidh aon cheist a bhaineann leis an ngearán, mar aon le tráthchlár táscach inar féidir coinne a bheith le cinneadh i leith an ghearáin. I gcás ina meastar gearán a bheith neamh-inghlactha, ba cheart don soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin an gearánach a chur ar an eolas faoina chinneadh agus na cúiseanna leis an neamh-inghlacthacht sin a thabhairt don ghearánach.

(5)

Chun a áirithiú go ndéanfar imscrúdú pras, tráthúil agus cothrom ar ghearáin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, tar éis dóibh gearán a fháil, a mheas an bhfuil an gearán sin soiléir, iomlán agus an bhfuil an fhianaise agus an fhaisnéis ábhartha uile is gá ann chun é a láimhseáil. I gcás inarb iomchuí, ba cheart faisnéis bhreise a iarraidh go pras. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin an fhianaise agus an fhaisnéis ábhartha uile maidir leis an ngearán a bhailiú agus imscrúdú a dhéanamh orthu. Ba cheart gearánaigh a choinneáil ar an eolas go cuí faoin bpróiseas láimhseála gearán.

(6)

Chun a áirithiú go láimhseálfar gearáin go cothrom agus go héifeachtach, is gá aghaidh a thabhairt ar na pointí uile a ardaíonn an gearánach ina ghearán agus cinneadh á dhéanamh i leith gearán. Thairis sin, ba cheart cinntí comhsheasmhacha a bheith mar thoradh ar ghearáin lena mbaineann imthosca comhchosúla, seachas i gcás ina bhfuil an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin in ann údar oibiachtúil a thabhairt le haon diall ó chinneadh a rinneadh roimhe sin.

(7)

Chun a áirithiú go láimhseálfar gearáin go pras, ba cheart cinntí maidir le gearáin a chur in iúl don ghearánach a luaithe is féidir agus laistigh den tráthchlár a chinntear sa nós imeachta láimhseála gearán. In imthosca eisceachtúla nach bhfuil an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin in ann an tráthchlár sin a chomhlíonadh, ba cheart an gearánach a chur ar an eolas maidir leis na cúiseanna leis an moill agus maidir leis an dáta faoina ndéanfar cinneadh.

(8)

I gcás nach dtugtar aghaidh dhearfach ar iarraidh an ghearánaigh ina hiomláine sa chinneadh i leith gearáin, is iomchuí réasúnú críochnúil agus faisnéis maidir leis na réitigh atá ar fáil a bheith sa chinneadh.

(9)

Chun idirghníomhaíochtaí éifeachtúla a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin cumarsáid a dhéanamh le gearánaigh i dteanga shoiléir intuigthe. Ba cheart teachtaireachtaí ó sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a dhéanamh i scríbhinn trí mhodhanna leictreonacha nó, arna iarraidh sin don ghearánach, i bhfoirm páipéir.

(10)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) faoi bhráid an Choimisiúin.

(11)

Rinne ESMA comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(12)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus thug sé tuairim uaidh an 1 Meitheamh 2022,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Nósanna imeachta láimhseála gearán

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “gearán” ráiteas míshástachta atá dírithe ar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin, ar ráiteas é a dhéanann ceann amháin dá chliaint agus a bhaineann le seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar.

2.   Leis na nósanna imeachta maidir le gearáin a láimhseáil dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2020/1503, cuirfear faisnéis shoiléir chruinn ar fáil do chliaint soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus beidh na nithe uile seo a leanas ar a laghad iontu:

(a)

na coinníollacha maidir le hinghlacthacht gearán;

(b)

faisnéis lena léirítear go ndéantar gearáin agus go láimhseáiltear iad saor in aisce;

(c)

tuairisc mhionsonraithe ar conas gearáin a dhéanamh, lena n-áirítear:

(1)

faisnéis lena léirítear nach mór gearáin a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an teimpléad caighdeánach a leagtar amach san Iarscríbhinn;

(2)

an cineál faisnéise agus fianaise a bheidh le soláthar ag an ngearánach;

(3)

céannacht agus sonraí teagmhála an duine nó na roinne nach mór gearáin a sheoladh chuige nó chuici;

(4)

an t-ardán leictreonach, an córas nó an seoladh nach mór gearáin a sheoladh chuige;

(5)

an teanga nó na teangacha ina gceadaítear do ghearánach gearán a dhéanamh de bhun Airteagal 2(2);

(d)

an próiseas chun gearáin a láimhseáil, mar a shonraítear in Airteagail 3 go 5;

(e)

an tráthchlár ina dtugtar fógra don ghearánach faoi chinneadh i leith an ghearáin.

3.   Beidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin in ann leasú a dhéanamh ar na nósanna imeachta maidir le gearáin a láimhseáil, i gcás inarb iomchuí. Foilseoidh siad tuairisc chothrom le dáta ar na nósanna imeachta sin ar a suíomh gréasáin, mar aon leis an teimpléad caighdeánach a leagtar amach san Iarscríbhinn, agus áiritheoidh siad go mbeidh rochtain éasca, ar a suíomh gréasáin, ar an tuairisc agus ar an teimpléad sin araon.

4.   An tuairisc ar na nósanna imeachta láimhseála gearán agus an teimpléad caighdeánach a leagtar amach san Iarscríbhinn, déanfar í a fhoilsiú i ngach ceann de theangacha na bileoige faisnéise infheistíochta bunriachtanaí dá dtagraítear in Airteagail 23 agus 24 de Rialachán (AE) 2020/1503 nó i ngach ceann de theangacha na gcumarsáidí margaíochta dá dtagraítear in Airteagal 27(1) den Rialachán sin.

Airteagal 2

Formáid chaighdeánach agus teanga

1.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin go mbeidh cliaint in ann gearáin a chur isteach go leictreonach, trí úsáid a bhaint as an teimpléad caighdeánach a leagtar amach san Iarscríbhinn.

2.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin go mbeidh cliaint in ann gearáin a dhéanamh in aon cheann de na teangacha dá dtagraítear in Airteagal 1(4).

Airteagal 3

Admháil fála a thabhairt agus inghlacthacht a fhíorú

1.   Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin admháil fála i leith gearáin agus cuirfidh siad an gearánach ar an eolas maidir le cé acu atá nó nach bhfuil an gearán inghlactha laistigh de 10 lá oibre tar éis dóibh é a fháil. I gcás nach bhfuil gearán i gcomhréir leis na coinníollacha inghlacthachta dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (a), tabharfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin míniú soiléir don ghearánach ar na cúiseanna leis an ngearán a dhiúltú toisc é a bheith neamh-inghlactha.

2.   Beidh an méid seo a leanas san admháil fála i leith gearáin:

(a)

céannacht agus sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin, an duine nó na roinne a bhféadfaidh gearánaigh aon cheist a bhaineann lena ngearán a sheoladh chuige nó chuici;

(b)

tagairt don tráthchlár dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (e).

Airteagal 4

Gearáin a imscrúdú

1.   Tar éis dóibh gearán inghlactha a fháil, déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a mheas, gan moill mhíchuí, an bhfuil an gearán soiléir agus iomlán. Go háirithe, measfaidh siad an bhfuil an fhaisnéis agus an fhianaise ábhartha uile sa ghearán. I gcás ina dtagann soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ar an gconclúid go bhfuil gearán doiléir nó neamhiomlán, iarrfaidh sé go pras aon fhaisnéis bhreise nó aon fhianaise bhreise is gá chun an gearán a láimhseáil go cuí.

2.   Féachfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin leis an bhfaisnéis agus leis an bhfianaise ábhartha uile maidir le gearán a bhailiú agus imscrúdú a dhéanamh orthu.

3.   Coinneoidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin an gearánach ar an eolas go cuí faoi aon bheart breise a dhéantar chun an gearán a láimhseáil agus tabharfaidh siad freagra gan aon mhoill mhíchuí ar iarrataí réasúnacha ar fhaisnéis a dhéanann an gearánach.

Airteagal 5

Cinntí

1.   Agus cinneadh á dhéanamh aige maidir le gearán, tabharfaidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin aghaidh ar na pointí uile a ardaíodh sa ghearán agus luafaidh sé na cúiseanna atá le toradh an imscrúdaithe. Beidh an cinneadh sin comhsheasmhach le haon chinneadh a rinne an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin roimhe sin i leith gearáin chomhchosúla, seachas i gcás ina bhfuil an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin in ann údar a thabhairt leis an bhfáth ar thángthas ar chonclúid dhifriúil.

2.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a gcinneadh maidir le gearán in iúl don ghearánach a luaithe is féidir agus laistigh den tráthchlár dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (e).

3.   I gcásanna eisceachtúla nach féidir an cinneadh maidir le gearán a sholáthar laistigh den tráthchlár dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (e), cuirfidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin an gearánach ar an eolas faoi na cúiseanna leis an moill sin agus sonróidh siad an dáta a dhéanfar an cinneadh.

4.   I gcás nach gcomhlíontar éileamh an ghearánaigh leis an gcinneadh, nó i gcás nach gcomhlíontar é ach go páirteach, leagfar amach go críochnúil sa chinneadh an réasúnú agus beidh faisnéis ann maidir le réitigh atá ar fáil.

Airteagal 6

Cumarsáid le gearánaigh

1.   Agus gearáin á láimhseáil acu, déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin cumarsáid le gearánaigh i dteanga shoiléir atá éasca le tuiscint.

2.   Aon chumarsáid a dhéanann an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin faoi Airteagail 3 go 5 atá dírithe ar ghearánach, déanfar í sa teanga ina ndearna an gearánach a ghearán, ar choinníoll gur ceann de na teangacha dá dtagraítear in Airteagal 1(4) í an teanga a úsáidtear. Déanfar an chumarsáid sin i scríbhinn trí mhodhanna leictreonacha nó, ar iarraidh an ghearánaigh, i bhfoirm páipéir.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.10.2020, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

Formáid chaighdeánach chun gearáin a chur isteach

GEARÁN A CHUR ISTEACH

(le seoladh ag an gcliant chuig an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin)

1.a   Sonraí pearsanta an ghearánaigh

SLOINNE/AINM AN EINTITIS DHLÍTHEANAIGH

CÉADAINM

CLÁRUIMHIR AGUS AITHEANTÓIR EINTITIS DHLÍTHEANAIGH (MÁ TÁ SIAD AR FÁIL)

 

 

 


SEOLADH:

SRÁID, UIMHIR, URLÁR

(oifig chláraithe an ghnólachta)

CÓD POIST

CATHAIR

TÍR

 

 

 

 


UIMHIR THEILEAFÓIN

 

SEOLADH RÍOMHPHOIST

 

1.b   Sonraí teagmhála (murab ionann iad agus 1.a)

SLOINNE/AINM AN EINTITIS DHLÍTHEANAIGH

CÉADAINM

 

 


SEOLADH:

SRÁID, UIMHIR, URLÁR

(oifig chláraithe an ghnólachta)

CÓD POIST

CATHAIR

TÍR

 

 

 

 


UIMHIR THEILEAFÓIN

 

SEOLADH RÍOMHPHOIST

 

2.a   Sonraí pearsanta an ionadaí dhlíthiúil (más infheidhme) (cumhacht aturnae nó doiciméad oifigiúil eile mar chruthúnas ar cheapachán an ionadaí)

SLOINNE

CÉADAINM/AINM AN EINTITIS DHLÍTHEANAIGH

CLÁRUIMHIR AGUS AITHEANTÓIR EINTITIS DHLÍTHEANAIGH (MÁ TÁ SIAD AR FÁIL)

 

 

 


SEOLADH:

SRÁID, UIMHIR, URLÁR

(oifig chláraithe an ghnólachta)

CÓD POIST

CATHAIR

TÍR

 

 

 

 


UIMHIR THEILEAFÓIN

 

SEOLADH RÍOMHPHOIST

 

2.b   Sonraí teagmhála (murab ionann iad agus 2.a)

SLOINNE/AINM AN EINTITIS DHLÍTHEANAIGH

CÉADAINM

 

 


SEOLADH:

SRÁID, UIMHIR, URLÁR

(oifig chláraithe an ghnólachta)

CÓD POIST

CATHAIR

TÍR

 

 

 

 


UIMHIR THEILEAFÓIN

 

SEOLADH RÍOMHPHOIST

 

3.   Faisnéis maidir leis an ngearán

3.a   Tagairt iomlán don infheistíocht nó don chomhaontú lena mbaineann an gearán (i.e. uimhir thagartha infheistíochta, ainm an úinéara tionscadail/na cuideachta nó ainm an tionscadail sluachistiúcháin, tagairtí eile do na hidirbhearta ábhartha etc.)

 

3.b   Tuairisc ar ábhar an ghearáin (sonraigh go soiléir ábhar an ghearáin)

 

Cuir doiciméadacht ar fáil a thacaíonn leis na fíorais a luaitear.

3.c   Dáta/Dátaí na bhfíoras as ar tháinig an gearán

 

3.d   Tuairisc ar dhamáiste, ar chaillteanas nó ar dhíobháil a tharla (i gcás inarb ábhartha)

 

3.e   Barúlacha eile nó faisnéis ábhartha eile (i gcás inarb ábhartha)

 


I/In/Sa/San

(áit)

an

(dáta)

 

SÍNIÚ


GEARÁNACH/IONADAÍ DLÍTHIÚIL

Doiciméadacht arna soláthar (cuir tic sa bhosca iomchuí):

 

Cumhacht aturnae nó doiciméad iomchuí eile

 

 

Cóip de dhoiciméid chonarthacha na n-infheistíochtaí lena mbaineann an gearán

 

 

Doiciméid eile a thacaíonn leis an ngearán: