4.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 284/55


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2108 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Samhain 2022

lena dheonaítear údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh aonair “Ecolab UA Lactic acid single product dossier”

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 44(5), an chéad mhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 16 Aibreán 2019, chuir Ecolab Deutschland GmbH iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 43(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 maidir le táirge bithicídeach aonair a údarú ar a dtugtar “Ecolab UA Lactic acid single product dossier” de chineál táirge 2, faoi mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, agus thug siad daingniú i scríbhinn gur chomhaontaigh údarás inniúil na Laitvia meastóireacht a dhéanamh ar an iarratas. Rinneadh taifead den iarratas faoi chás-uimhir BC-XS050968-91 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha.

(2)

Is é aigéad L-(+)-lachtach substaint ghníomhach “Ecolab UA Lactic acid single product dossier”, ar substaint é a airítear sa liosta Aontais de shubstaintí gníomhacha formheasta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 i gcás chineál táirge 2.

(3)

An 24 Márta 2021, chuir an t-údarás inniúil meastóireachta, i gcomhréir le hAirteagal 44(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, tuarascáil mheasúnachta agus conclúidí a mheastóireachta faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”).

(4)

An 4 Samhain 2021, chuir an Ghníomhaireacht tuairim (2), an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh le haghaidh “Ecolab UA Lactic acid single product dossier” agus an tuarascáil mheasúnachta deiridh ar an táirge bithicídeach aonair faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 44(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(5)

Is é conclúid na tuairime gur táirge bithicídeach aonair é “Ecolab UA Lactic acid single product dossier”, go bhfuil sé incháilithe d’údarú Aontais i gcomhréir le hAirteagal 42(1) Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus, faoi réir chomhlíonadh an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge, go gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) den Rialachán sin.

(6)

An 22 Samhain 2021, sheol an Ghníomhaireacht an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh, i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 44(4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(7)

Aontaíonn an Coimisiún le tuairim na Gníomhaireachta agus measann sé gurb iomchuí, dá bhrí sin, údarú Aontais le haghaidh “Ecolab UA Lactic acid single product dossier” a dheonú.

(8)

Sa tuairim uaithi, molann an Ghníomhaireacht go n-iarrfaidh an Coimisiún ar shealbhóir an údaraithe staidéar seilfré a dhéanamh ar “Ecolab UA Lactic acid single product dossier” i bpacáistíocht trádála ina bhfuil an táirge le cur ar fáil ar an margadh, mar choinníoll le haghaidh an údaraithe. Ba cheart go dtaispeánfaí sa staidéar sonraí ábhartha lena léirítear go bhfuil na hairíonna ceimiceacha agus fisiceacha sásúil roimh an stóráil agus ina diaidh. Aontaíonn an Coimisiún leis an moladh sin agus measann sé gur cheart torthaí an staidéir sin a chur isteach mar choinníoll a bhaineann leis an táirge bithicídeach aonair a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid de bhun Airteagal 22(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Ós rud é go bhfuil an staidéar sin á dhéanamh cheana féin, ba cheart do shealbhóir an údaraithe torthaí an staidéir sin a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta laistigh de 3 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cé go mbeidh sonraí le soláthar tar éis dheonú an údaraithe, measann an Coimisiún nach ndéanann an méid sin difear don chonclúid maidir le comhlíonadh an choinníll faoi Airteagal 19(1), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ar bhonn na sonraí atá ann cheana.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Deonaítear údarú Aontais ag a bhfuil an uimhir údaraithe EU-0027463-0000 do Ecolab Deutschland GmbH maidir leis an táirge bithicídeach aonair “Ecolab UA Lactic acid single product dossier” a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus i gcomhréir leis an achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Tá an t-údarú Aontais bailí ón 24 Samhain 2022 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2032.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Samhain 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  ECHA opinion of 12 October 2021 on the Union authorisation of the biocidal product “Ecolab UA Lactic acid single product dossier” [Tuairim ó ECHA an 12 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh “Ecolab UA Lactic acid single product dossier”] (ECHA/BPC/294/2021), https://echa.europa.eu/it/opinions-on-union-authorisation.


IARSCRÍBHINN I

TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA (EU-0027463-0000)

Déanfaidh sealbhóir an údaraithe staidéar seilfré (24 mhí) ar “Ecolab UA Lactic acid single product dossier” i bpacáistíocht trádála ina bhfuil an táirge le cur ar fáil ar an margadh. Beidh an sonraíocht a mholfar agus na hairíonna a thástálfar i gcomhréir le Guidance on the Biocidal Products Regulation Volume I: Identity of the active substance/physico-chemical properties/analytical methodology – Information Requirements, Evaluation and Assessment. Parts A+B+C, Version 2.1, March 2022, section 2.6.4 Storage stability, stability and shelf-life  (1) [Treoraíocht maidir le Rialachán na dTáirgí Bithicídeacha Imleabhar I: Aitheantas na substainte gníomhaí/na n-airíonna fisiciceimiceacha/na modheolaíochta anailísí – Riachtanais Faisnéise, Meastóireacht agus Measúnú. Codanna A+B+C, Leagan 2.1, Márta 2022, roinn 2.6.4 Cobhsaíocht i ndáil le stóráil, cobhsaíocht agus seilfré]. Déanfar gach airí ábhartha a anailísiú roimh an stóráil agus ina diaidh.

Faoin 24 Feabhra 2023 cuirfidh sealbhóir an údaraithe torthaí an staidéir faoi bhráid na Gníomhaireachta.


(1)  https://echa.europa.eu/documents/10162/2324906/bpr_guidance_vol_i_parts_abc_en.pdf/31b245e5-52c2-f0c7-04db-8988683cbc4b


IARSCRÍBHINN II

Achoimre ar shaintréithe an táirge le haghaidh táirge bithicídeach

Ecolab UA Lactic Acid single product dossier

Cineál táirge 2 - Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe (Dífhabhtáin)

Uimhir an údaraithe: EU-0027463-0000

Uimhir sócmhainne: R4BP: EU-0027463-0000

1.   FAISNÉIS RIARACHÁIN

1.1.   Trádainm (nó trádainmneacha) an táirge

Trádainm (nó trádainmneacha)

GEL NETTOYANT DESINFECTANT WC

Maxx Into Des

1.2.   Sealbhóir an údaraithe

Ainm agus seoladh shealbhóir an údaraithe

Ainm

Ecolab Deutschland GmbH

Seoladh

Ecolab Allee 1, 40789 Monheim am Rhein An Ghearmáin

Uimhir an údaraithe

EU-0027463-0000

Uimhir sócmhainne R4BP

EU-0027463-0000

Dáta an údaraithe

An 24 Samhain 2022

Dáta éaga an údaraithe

An 31 Deireadh Fómhair

1.3.   Déantóir (nó déantóirí) an táirge

Ainm an déantóra

Ecolab Europe GmbH

Seoladh an déantóra

Richtistrasse 7, 8304 Wallisellen An Eilvéis

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

AFP GmbH, 21337 Lueneburg An Ghearmáin

ACIDEKA S.A. Capuchinos de Basurto 6, 4a planta, 48013 Bilbao, Bizkaia An Spáinn

ADIEGO HNOS, Adiego CTRA DE VALENCIA, 50410 CUARTE DE HUERVA An Spáinn

ALLIED PRODUCTS, Allied Hygiene Unit 11, Belvedere Industrial Estate Fishers Way, DA17 6BS Belvedere Kent An Ríocht Aontaithe

Arkema GmbH Morschheimer Strasse 19, D-67292 Krichheimbolanden An Ghearmáin

AZELIS DENMARK, Lundtoftegårdsvej 95, 2800 Kgs. Lyngby An Danmhairg

BELINKA-LJUBLJANA, Belinka Zasavska Cesta 95, 1001 Ljubljana An tSlóivéin

BENTUS LABORATORIES, Radio street 24 BLd 1, 105005 Moscó Cónaidhm na Rúise

BIO PRODUCTiONS Ltd, 72 Victoria Road, RH15 9LH West Sussex An Ríocht Aontaithe

BIOXAL SA, Route des Varennes - Secteur A - BP 30072, 71103 Chalon sur Saöne Cedex An Fhrainc

BORES S.R.L., Bores Srl Via Pioppa 179, 44020 Pontegradella An Iodáil

BRENNTAG ARDENNES, Route de Tournes CD n 2, 08090 Cliron An Fhrainc

BRENNTAG CEE - GUNTRAMSDORF, Blending Bahnstr 13A, 2353 Guntramsdorf An Ostair

BRENNTAG Kleinkarlbach, Humboldtring 15, 45472 Muehlheim An Ghearmáin

BRENNTAG KAISERSLAUTERN, Merkurstr. 47, 67663 Kaiserslautern An Ghearmáin

BRENNTAG NORDIC - HASLEV, Høsten Teglværksvej 47, 4690 Haslev An Danmhairg

BRENNTAG NORMANDLY, 12 Sente des Jumelles BP 11, 76710 Montville An Fhrainc

BRENNTAG PL-ZGIERZ, ul. Kwasowa 5, 95-100 Zgierz An Pholainn

BRENNTAG QUIMICA - Calle Gutemberg n° 22,. Poligono Industrial El Lomo, 28906 Madrid An Spáinn

BRENNTAG SCHWEIZERHALL, Elsaesserstr. 231, CH-4056 Basel Schweiz An Eilvéis

BUDICH INTERNATIONAL GmbH, Dieselstrasse 10, 32120 Hiddenhause An Ghearmáin

CALDIC DEUTSCHLAND CHEMIE B.V., Karlshof 10 D, 40231 Deusseldorf An Ghearmáin

COLEP BAD SCHMIEDEBERG, Kemberger Str. 3, 06905 Bad Schmiedeberg An Ghearmáin

LANA S.A. Condado de Trevino 46, 09080 Burgos An Spáinn

COMERCIAL GODO, França 13, 08700 Barcelona An Spáinn

COURTOIS SARL, Route de Pacy, 27730 Bueil An Fhrainc

DAN-MOR Natural products and Chemicals Ltd, Hailian street 29, 30600 Akiva Iosrael

DENTECK BV, Heliumstraat 8, 2718 SL Zoetermeer An Ísiltír

DETERGENTS BURGUERA S.L., Joan Ballester, 50, 07630 Campos (illes Baleares) An Spáinn

ECL BIEBESHEIM, Justus-von-Liebig-Straße 11, 64584 Biebesheim am Rhein An Ghearmáin

ECL CELRA, Celra C/Tramuntana s/n Poligona Industrial Celra, 17460 Girona An Spáinn

ECL CHALONS, AVENUE DU GENERAL PATTON, 51000 Chalons en Champagne An Fhrainc

ECL CISTERNA, Via Ninfina II, 04012 Cisterna di Latina An Iodáil

ECL FAWLEY, Fawley Cadland Road, Hythe, SO45 3NP Hampshire, Southampton An Ríocht Aontaithe

ECL LEEDS, Lotherton Way Garforth, LS25 2JY Leeds An Ríocht Aontaithe

ECL MANDRA, 25TH KM OLD NATIONAL ROAD OF ATHENS TO THIVA, GR 19600, 19600 Mandra An Ghréig

ECL MARIBOR, Vajngerlova 4, SI-2001 Maribor An tSlóivéin

ECL MICROTEK B.V. - Gesinkkampstraat 19, 7051 HR Varsseveld An Ísiltír

ECL MICROTEK MOSTA, F20 MOSTA TECHNOPARK, 3000 MOSTA MST Málta

ECL MULLINGAR, Forest Park Zone C Mullingar Industrial Estate, N91 An Muileann gCearr Éire

ECL NIEWEGEIN, Brugwal 11A, 3432 NZ Nieuwegein An Ísiltír

ECL ROVIGO ESOFORM, Viale del Lavoro 10, 45100 Rovigo An Iodáil

ECL ROZZANO, Via A. Grandi„ 20089 Rozzano MI An Iodáil

ECL TESJOKI, NLC Tesjoki Kivikummuntie 1, 07955 Tesjoki An Fhionlainn

ECL TESSENDERLO, Industriezone Ravenshout 4, 3980 Tessenderlo An Bheilg

ECL WEAVERGATE, NLC Weavergate Northwich, CHheshire West and Chester, CW8 4EE Weavergate An Ríocht Aontaithe

ECOLAB LTD BAGLAN/SWINDON, Plot 7a Baglan Energy Park, Baglan, Port Talbot, SA11 2HZ Baglan An Ríocht Aontaithe

FERDINAND EIERMACHER, Westring 24, 48356 Nordwalde An Ghearmáin

F.E.L.T., B.P 64 10 rue du Vertuquet, 59531 Neuville En Ferrain An Fhrainc

Gallows Green Services Ltd. Cod Beck Mill Industrial Estate Dalton Lane Thirsk North Yorkshire, YO7 3HR North Yorkshire An Ríocht Aontaithe

GERDISA GERMAN RGUEZ DROGAS IND., Gerdisa Pol Industrial Miralcampo parc.37, 19200 Azuqueca de Henares Guadalajara An Spáinn

GIRASOL NATURAL PRODUCTS BV, De Veldoven 12-14, 3342 GR Hendrik-Ido-Ambacht An Ísiltír

HENKEL ENGELS, 48 Pr. Stroitelei, 413116 Saratov Cónaidhm na Rúise

IMECO GmbH & Co. KG, Boschstraße 5, D-63768 Hösbach An Ghearmáin

INNOVATE GmbH, Am Hohen Stein 11, 06618 Naumburg An Ghearmáin

INTERFILL LCC-TOSNO, Moskovskoye shosse 1, 187000 Tosno - Leningradskaya oblast Cónaidhm na Rúise

JODEL- PRODUCTOS QUIMICOS, Jodel Zona Inustrial, 2050 Aveiras de Cima An Pholainn

KLEIMANN GmbH, Am Trieb 13, 72820 Sonnenbühl An Ghearmáin

LA ANTIGUA LAVANDERA S.L., Apartado de Correos, 58, 41500 Sevilla An Spáinn

LABORATOIRES ANIOS, Pavé du moulin, 59260 Lille-Hellemmes An Spáinn

LABORATOIRES ANIOS, Rue de Lille 3330, 59262 Sainghin-en-Mélantois An Fhrainc

LICHTENHELDT GmbH, Lichtenheldt Industriestrasse 7-9, 23812 Wahlstedt An Ghearmáin

LONZA GmbH, Morianstr.32, 42103 Wuppertal An Ghearmáin

MULTIFILL BV, Constructieweg 25A, 3641 SB Mijdrecht An Ísiltír

NOPA NORDISK PARFUMERIVARE, Hvedevej 2-22, DK-8900 Randers An Danmhairg

PLANOL GmbH, Maybachstr 17, 63456 Hanau An Ghearmáin

PLUM A/S, Frederik Plums Vej 2, DK 5610 Assens An Danmhairg

PRODUCTOS LA CORBERANA S.L.„ 46612 Corbera (Valencia) An Spáinn

THE PROTON GROUP LTD, Ripley Drive, Normanton Industrial Estate, Wakefield, WF6 1QT Wakefield An Ríocht Aontaithe

QUIMICAS MORALES S.L., Misiones, 11, 05005 Las Palmas de Gran Canaria An Spáinn

RNM PRODUCTOS QUIMICOS, Lda Rua da Fabrica, 123, 4765-080 Carreira Vila Nova de Famalicao Carreira Vila Nova de Famalicao An Pholainn

ROQUETTE & BARENTZ, Route De La Gorgue, F-62136 Lestrem An Fhrainc

RUTPEN LTD, MEMBURY AIRFIELD LAMBOURN BERKS, RG16 7TJ Membury An Ríocht Aontaithe

Solimix, Montseny 17-19 Pol. Ind. Sant Pere Molanta, 08799 Olerdola Barcelona An Spáinn

STAUB & Co, Industriestraße 3, D-86456 Gablingen An Ghearmáin

STOCKMEIER CHEMIE EILENBURG GmbH & Co.Kg, Gustav-Adolf-Ring 5, 04838 Ellenburg An Ghearmáin

SYNERLOGIC BV, L.J. Costerstraat 5, 6827 Arnhem An Ísiltír

UNIVAR Ltd, Argyle House, Epsom Avenue„ SK9 3RN Wilmslow An Ríocht Aontaithe

UNIVAR SPA, Via Caldera 21, 20-153 Milano An Iodáil

Van Dam Bodegraven B.V, Beneluxweg 6-8, 2410 AA Bodegraven An Ísiltír

Pal International Ltd., Sandhurst Street, - Leicester An Ríocht Aontaithe

CARBON CHEMICALS GROUP LTD, P43 R772 Rinn an Scidígh, Contae Chorcaí Éire

BRENNTAG DUISBURG, Am Röhrenwerk, 4647529 Duisberg An Ghearmáin

BRENNTAG Glauchau, Bochstrasse, 08371 Glauchau An Ghearmáin

BRENNTAG Hamburg, Hannoversche Str 40, 21079 Hamburg An Ghearmáin

BRENNTAG Heilbronn, Dieselstrasse, 574076 Heilbronn An Ghearmáin

BRENNTAG Lohfelden, Am Fieseler Werk, 934253 Lohfelden An Ghearmáin

BRENNTAG Nordic - VEJLE, Strandgade 35, 7100 Vejle An Danmhairg

KOMPAK NEDERLAND BV, 433651 Bavel An Ísiltír

1.4.   Déantóir (nó déantóirí) na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha

Substaint ghníomhach

L-(+)-lactic acid

Ainm an déantóra

Purac Biochem bv

Seoladh an déantóra

Arkelsedijk 46, 4206 AC Gorinchem, An Ísiltír

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

Arkelsedijk 46, 4206 AC Gorinchem, An Ísiltír

2.   COMHDHÉANAMH AGUS FOIRMLIÚ AN TÁIRGE

2.1.   Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh an táirge

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cion (%)

L-(+)-lactic acid

 

Substaint Ghníomhach

79-33-4

201-196-2

13,2

D-Glúcaipioranós, olagaiméirí, glúcóisídí deicile ochtaile

D-Glúcaipioranós, olagaiméirí, glúcóisídí deicile ochtaile

Substaint neamhghníomhach

68515-73-1

500-220-1

3,25

Alcóil, C8-10 (ré-uimhreach), eatocsaláite (< 2,5-EO)

Alcóil, C8-10, eatocsaláite

Substaint neamhghníomhach

71060-57-6

615-247-5

1,0

2.2.   Cineál foirmlithe

AL — Aon leacht eile

3.   RÁITIS GHUAISE AGUS RÉAMHCHÚRAIM

Ráitis ghuaise

Ina chúis le dónna troma craicinn agus damáiste don tsúil.

Creimneach don chonair riospráide.

Ráitis réamhchúraim

Ná hanálaigh gala.

Nigh lámha go maith tar éis láimhsithe.

Caith lámhainní cosanta.

MÁ SHLOGTAR:Sruthlaigh do bhéal.Ná SPREAG urlacan.

MÁ DHÉANTAR TEAGMHÁIL LE CRAICEANN (nó gruaig):Bain na héadaí éillithe go léir láithreach.Sruthlaigh an craiceann le uisce.

MÁ DHÉANTAR TEAGMHÁIL LE SÚILE:Sruthlaigh go cúramach le huisce ar feadh roinnt nóiméad.Bain amach lionsaí tadhaill, má tá siad á gcaitheamh agus más féidir iad a bhaint amach go héasca. Lean leis an sruthlú.

MÁ IONANÁLAÍTEAR:Tabhair an duine amach faoin aer úr agus cinntigh go bhfuil an duine in ann análú go compordach.

Glaoigh láithreach ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir..

Tá cóireáil shonrach (féach treoir gharchabhrach ar an lipéad seo).

Nigh éadaí éillithe roimh athúsáid.

Stóráil faoi ghlas.

Diúscair ábhar chuig de réir rialacháin náisiúnta.

Diúscair coimeádán chuig de réir rialacháin náisiúnta.

4.   ÚSÁID (nó ÚSÁIDÍ) ÚDARAITHE

4.1.   Tuairisc úsáide

Tábla 1.

Úsáid # 1 – Díghalrán babhla leithris

An cineál táirge

PT02 - Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe (Dífhabhtáin)

Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe

Neamhábhartha

Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha)

Ainm eolaíoch: sonraí ar bith

Gnáthainm: Baictéir

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Ainm eolaíoch: sonraí ar bith

Gnáthainm: Giostaí

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Réimse (nó réimsí) úsáide

Faoi dhíon

Laistigh - díghalrú dromchla crua laistigh den bhabhla leithris sa réimse institiúideach agus cúraim sláinte.

Modh (nó modhanna) úsáide

Airí modha: Doirteadh

Tuairisc mhionsonraithe ar an airí:

Ag doirteadh go díreach ar dhromchla

Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe

Airí úsáide: Réidh le húsáid - i méid leordhóthanach chun iomlán dhromchla an babhla leithris istigh a chlúdach. Am teagmhála - 15 nóiméad.

Airí caolaithe: Réidh le húsáid

Airí uainithe:

Úsáid laethúil

Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí

Gairmiúil

Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta

Buidéil 750, 1000 mL HDPE a bhfuil plocóid dáilte orthu agus caipín PP/LDPE orthu.

4.1.1.   Treoracha úsáidsonracha úsáide

Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide

4.1.2.   Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca

Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide

4.1.3.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide

4.1.4.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide

4.1.5.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide

5.   TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE (1)

5.1.   Treoracha úsáide

Ardaigh an suíochán leithris agus dírigh an buinne faoi imeall an leithris. Fáisc agus cuir go mall thar an bhabhla laistigh, ag úsáid sách leachta chun dromchla iomlán bhabhla an leithris a chlúdach. Fág ar feadh 15 nóiméad. Sruthlaigh an leithreas ina dhiaidh sin.

Ní féidir é a úsáid le tuarthóir ná le haon ábhar glantacháin eile.

Cuir sealbhóir an chláraithe ar an eolas má bhíonn an chóireáil neamhéifeachtach.

5.2.   Bearta maolaithe riosca

Ná hionanálaigh gal.

Seachain teagmháil le súile nó craiceann.

Ná scuab an táirge i mbabhla an leithris.

Caitear lámhainní cosanta atá díonach ar cheimiceáin le linn na céime láimhseála táirge (tá ábhar na lámhainní le sonrú ag sealbhóir an údaraithe i bhfaisnéis an táirge).

Nigh do lámha go cúramach tar éis láimhseála.

5.3.   Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

MÁ IONANÁLAÍTEAR: Tabhair amach faoin aer agus coimeád socair i suíomh atá compordach d’análú. Má tá comhartha sóirt ann: Cuir glao ar 112/otharcharr chun cúnamh leighis a fháil. Mura bhfuil comharthaí sóirt ann: Cuir glao ar ionad nimhe nó ar dhochtúir.

I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS AN gCRAICEANN: Nigh láithreach le neart uisce. Ina dhiaidh sin, bain díot aon éadaí éillithe agus nigh iad sula n-úsáidfidh tú iad arís. Lean ort ag nigh an chraicinn le huisce ar feadh 15 nóiméad. Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS NA SÚILE: Sruthlaigh láithreach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. Tóg amach na tadhall-lionsaí, más ann dóibh agus más furasta é sin a dhéanamh. Lean ag sruthlú ar feadh 15 nóiméad ar a laghad. Cuir glao ar 112/otharcharr chun cúnamh leighis a fháil.

Faisnéis do phearsanra Sláinte/dochtúir: ba cheart na súile a shruthlaigh arís agus arís eile ar an mbealach go dtí an dochtúir má nochtadh na súile do cheimiceáin alcaileacha (pH> 11), aimíní ar nós aigéad aicéiteach, aigéad formach nó aigéad próipianach.

MÁ SHLOGTAR: Sruthlaigh béal láithreach. NÁ spreagtar urlacan. Tabhair rud éigin le hól, má tá an duine arna nochtadh in ann slogadh. Cuir glao ar 112/otharcharr chun cúnamh leighis a fháil.

Agus comhairle leighis á hiarraidh agat, coimeád pacáistíocht nó lipéad ar láimh agus cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

5.4.   Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Diúscair an táirge agus a phacáistíocht de réir rialacháin infheidhme náisiúnta.

5.5.   Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Coimeád amach ó bhunanna láidre. Coimeád as aimsiú leanaí.

Stóráil a bhun-choimeádán dúnta go teann.

Stóráil idir + 5 °C agus + 40 °C. Cosnaítear ón tsioc é.

Seilfré: 24 mí.

6.   FAISNÉIS EILE

-


(1)  Tá treoracha úsáide, bearta maolaithe riosca agus treoracha eile faoin roinn seo bailí le haghaidh aon úsáidí údaraithe.