4.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 284/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2104 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Iúil 2022

lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin mhargaíochta le haghaidh ola olóige, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2568/91 ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 29/2012 ón gCoimisiún

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagail 75(2), 78(3) agus (4) agus 88(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (2) a aisghairm agus a ionadú le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Le Cuid II, Teideal II, Caibidil I, Roinn 1 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 leagtar síos rialacha maidir le caighdeáin mhargaíochta le haghaidh ola olóige agus cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlacadh chuige sin. Chun feidhmiú rianúil an mhargaidh in ola olóige a áirithiú sa chreat dlíthiúil nua, ní mór rialacha áirithe a ghlacadh trí bhíthin na ngníomhartha sin. Ba cheart na gníomhartha sin a theacht in ionad Rialachán (CEE) Uimh. 2568/91 ón gCoimisiún (3) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 29/2012 ón gCoimisiún (4), nach mór a aisghairm dá bharr sin.

(2)

De bhrí go bhfuil airíonna orgánaileipteacha agus cothaitheacha áirithe ag an ola olóige, tá rochtain aici, d’ainneoin na gcostas táirgthe atá uirthi, ar mhargadh praghais réasúnta ard i gcomparáid le formhór na saillte plandúla eile. I bhfianaise staid sin an mhargaidh, ba cheart caighdeáin mhargaíochta a leagan síos le haghaidh olaí olóige lena ráthaítear cáilíocht na dtáirgí agus lena ndéantar an chalaois a chomhrac go héifeachtach. Ba cheart feabhas a chur ar fhaireachán éifeachtach ar chaighdeáin mhargaíochta freisin. Chuige sin ba cheart forálacha sonracha a leagan síos dá bharr sin.

(3)

Leis an taithí a fuarthas le 10 mbliana anuas ó chur chun feidhme chaighdeáin mhargaíochta an Aontais le haghaidh ola olóige agus ó chur chun feidhme seiceálacha comhréireachta léirítear gur gá gnéithe áirithe den chreat rialála a shimpliú agus a shoiléiriú.

(4)

Chun idirdhealú a dhéanamh idir na cineálacha éagsúla ola olóige, ba cheart saintréithe fisiceacha agus ceimiceacha gach ceann de na catagóirí ola olóige agus saintréithe orgánaileipteacha olaí olóige íona a chinneadh, chun íonacht agus cáilíocht na dtáirgí lena mbaineann a ráthú.

(5)

Ionas nach gcuirfí tomhaltóirí amú agus ionas nach gcruthófaí iomaíocht éagórach i margadh na hola olóige, níor cheart go gceadófaí ach na catagóirí ola olóige, a cheadaítear a dhíol leis an tomhaltóir deiridh, a mheascadh le holaí plandúla eile nó a ionchorprú i mbia-ábhair. Chun na himthosca éagsúla sna Ballstáit a chur san áireamh, ba cheart go gceadófaí dóibh toirmeasc a chur ar tháirgeadh cumasc den sórt sin ar a gcríoch.

(6)

Chun barántúlacht na hola olóige a dhíoltar a ráthú ba cheart an pacáistiú le haghaidh na trádála miondíola a bheith beag agus ba cheart córas dúnta leormhaith a bheith ann. Mar sin féin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit pacáistiú níos mó a údarú le haghaidh bunaíochtaí comhchoiteanna.

(7)

Chun cuidiú leis an tomhaltóir táirgí a roghnú, tá sé ríthábhachtach, maidir leis na sonraí sainordaitheacha a luaitear ar an lipéad, go mbeidh siad soléite. Ba cheart rialacha a leagan síos dá bharr sin maidir le hinléiteacht agus comhchruinniú na faisnéise sainordaithí sa phríomhréimse radhairc.

(8)

Ba cheart ainmneacha na gcatagóirí ola olóige a bheith i gcomhréir leis na tuairiscí ar an ola olóige a mhargaítear laistigh de gach Ballstát, sa trádáil laistigh den Aontas agus sa trádáil le tríú tíortha mar a leagtar amach i gCuid VIII d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(9)

Tá sé léirithe i roinnt mhaith staidéar eolaíoch go ndéanann solas agus teas dochar do cháilíocht ola olóige. Ba cheart, dá bharr sin, dálaí stórála sonracha a léiriú go soiléir ar an lipéad chun a áirithiú go bhfuil eolas maith ag an tomhaltóir faoi na dálaí stórála is fearr.

(10)

De thoradh traidisiúin talmhaíochta agus cleachtais eastósctha agus cumaisc áitiúla d’fhéadfadh blas agus cáilíocht atá an-éagsúil a bheith ar olaí olóige íona atá indíolta go díreach ag brath ar a n-áit tionscnaimh. D’fhéadfadh difríochtaí praghsanna a bheith ann dá dheasca sin laistigh den chatagóir chéanna, rud a chuirfeadh isteach ar an margadh. Níl aon nasc idir difríochtaí substaintiúla agus tionscnamh i gcatagóirí eile d’ola olóige inite agus, dá dheasca sin, má luaitear an áit tionscnaimh ar phacáistiú ola den sórt sin d’fhéadfadh sé go gcreidfeadh tomhaltóirí nach ann do dhifríochtaí cáilíochta. Ionas nach ndéanfar saobhadh ar an margadh in ola olóige inite, ba cheart córas éigeantach Aontais a bhunú dá bharr sin chun an áit tionscnaimh a lipéadú, ar cheart é a theorannú d’olaí olóige úríona agus d’olaí olóige íona a chomhlíonann coinníollacha beachta.

(11)

San Aontas, tá sciar nach beag de na holaí olóige úríon agus na holaí olóige íona comhdhéanta de chumaisc olaí de thionscnamh Ballstát éagsúil agus tríú tíortha. Ba cheart forálacha a leagan síos maidir le lipéadú thionscnamh na gcumasc sin.

(12)

Féadfar sonrúchán tionscnaimh réigiúnach a chumhdach le sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint (STFC) nó le tásc geografach faoi chosaint (TGFC) i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Ba cheart sonrúcháin lena léirítear tionscnamh réigiúnach a fhorchoimeád le haghaidh STFCanna nó TGFCanna chun mearbhall ar thomhaltóirí a sheachaint, rud a d’fhéadfadh suaitheadh sa mhargadh a bheith mar thoradh air. I gcás ola olóige allmhairithe, ba cheart na rialacha maidir le tionscnamh neamhfhabhair dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a chomhlíonadh.

(13)

Ba cheart go bhféadfaí leanúint d’úsáid a bhaint as trádmharcanna atá ann cheana a n-áirítear tagairtí geografacha iontu ar choinníoll gur cláraíodh go hoifigiúil iad roimhe sin i gcomhréir le Treoir 89/104/CEE ón gComhairle (7) nó Rialachán (CE) Uimh. 40/94 ón gComhairle (8).

(14)

Má thagraíonn áit tionscnaimh ola olóige úríne nó ola olóige íne don Aontas nó do Bhallstát, léirítear leis sin ní hamháin an áit inar buanadh na hológa ach na teicnící agus na cleachtais eastósctha a mbíonn tionchar acu ar cháilíocht agus ar bhlas na hola freisin. Ar an gcaoi sin, leis an áit tionscnaimh, ba cheart tagairt don limistéar geografach ina bhfuarthas an ola olóige, arb é atá ann go ginearálta an limistéar inar eastóscadh an ola as na hológa. Mar sin féin, i gcásanna áirithe déantar an ola a eastóscadh in áit nach ionann í agus an áit inar buanadh na hológa agus ba cheart an fhaisnéis sin a lua ar an bpacáistiú nó ar na lipéid atá ceangailte den phacáistíocht lena áirithiú nach gcuirfear tomhaltóirí amú agus nach ndéanfar an margadh in ola olóige a shuaitheadh.

(15)

Nuair a fhormheastar monarchana pacáistithe ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2105 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha maidir le seiceálacha comhréireachta ar chaighdeáin mhargaíochta le haghaidh ola olóige agus modhanna anailíse ar shaintréithe ola olóige (9), ba cheart an tsainaithint alfa-uimhriúil a shanntar don mhonarcha pacáistithe a áireamh ar lipéad na hola olóige, chun gurbh ann d’inrianaitheacht níos fearr agus gurbh fhearr a d’fhéadfaí tomhaltóirí a chosaint.

(16)

I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), níl na tásca a léirítear ar an lipéad ann chun an ceannaitheoir a chur amú, maidir le saintréithe na hola olóige lena mbaineann go háirithe, nó trí airíonna nach mbaineann léi a chur síos dí, nó trína thabhairt le tuiscint go mbaineann saintréithe ar leith léi nuair is é rud é i bhfírinne go baineann na hairíonna sin leis an gcuid is mó de na holaí. Maidir le tásca roghnacha áirithe a úsáidtear go coitianta a bhaineann go sonrach leis an ola olóige, tá rialacha comhchuibhithe de dhíth chun maíomh den chineál sin a shainmhíniú go beacht agus chun a áirithiú gur féidir a gcruinneas a fhíorú. I bhfianaise tásc áirithe atá á n-úsáid go forleathan agus a dtábhachta ó thaobh an gheilleagair de, ba cheart critéir oibiachtúla maidir lena n-úsáid a bhunú chun soiléireacht a thabhairt isteach i margadh na hola olóige.

(17)

Dá réir sin, ba cheart an coincheap “céadfháscadh fuar” agus an coincheap “eastóscadh fuar” a bheith ag freagairt do mhodh táirgthe traidisiúnta atá sainithe go teicniúil.

(18)

Rinneadh téarmaí áirithe lena dtugtar tuairisc ar na saintréithe orgánaileipteacha a thagraíonn do bhlas nó do bholadh olaí olóige úríona nó olaí olóige íona a shainmhíniú in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Ionas nach gcuirfí tomhaltóirí amú, níor cheart aon téarma eile lena dtugtar tuairisc ar shaintréithe orgánaileipteacha olaí olóige úríona nó olaí olóige íona a úsáid chun tuairisc a thabhairt ar na holaí sin. Ba cheart úsáid na dtéarmaí sin ar lipéad olaí olóige úríona agus olaí olóige íona a fhorchoimeád le haghaidh olaí a bhfuil sé fíoraithe ina leith, tríd mhodh anailíse comhfhreagrach Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg, go dtéann na saintréithe sin leo.

(19)

Má dhéantar tagairt don aigéadacht aisti féin tugtar le fios go mícheart gurb ann do dhearbhscála cáilíochta rud a chuirfeadh tomhaltóirí amú toisc nach bhfuil sa toisc sin ach luach cainníochtúil a bhaineann le paraiméadair fhisiceimiceacha eile (luach sárocsaíde, cion céarach agus ionsú ultraivialait). Dá bharr sin, nuair a dhéantar tagairt d’aigéadacht ar lipéad, ba cheart na paraiméadair sin a lua freisin.

(20)

Ionas nach gcuirfí tomhaltóirí amú, nuair a léireofaí paraiméadair fhisiceimiceacha den sórt sin ar an lipéad, ba cheart gurbh é a bheadh iontu sin an luach uasta a d’fhéadfadh na paraiméadair sin a bhaint amach faoin dáta marthanachta íosta.

(21)

Chun faisnéis a chur ar fáil do thomhaltóirí maidir le haois an táirge ba cheart cead a bheith ag oibreoirí bliain a mbuainte a lua ar lipéad olaí olóige úríona agus olaí olóige íona ach níor cheart sin a dhéanamh ach amháin i gcás ina dtagann 100 % den ola sa choimeádán ó bhuain aon bhliana agus sa chás sin amháin. Ós rud é go gcuirtear tús leis an mbuain olóige de ghnáth i rith an fhómhair agus go gcuirtear críoch léi faoi earrach na bliana dár gcionn, is iomchuí an bealach leis an mbliain buainte a lipéadú.

(22)

Chun faisnéis maidir le haois olóige a chur ar fáil do thomhaltóirí, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit tásc na bliana buainte a dhéanamh éigeantach. Mar sin féin, d’fhonn suaitheadh ar fheidhmiú an mhargaidh a sheachaint, ba cheart an tásc éigeantach sin a theorannú dá dtáirgeadh intíre a fhaightear ó ológa a bhuaintear ar a gcríoch agus atá beartaithe iad a chur ar an margadh náisiúnta amháin. Chun é a chur ar a chumas don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm cinnidh náisiúnta den sórt sin agus athbhreithniú a dhéanamh ar fhoráil fholuiteach an Aontais, i bhfianaise aon fhorbartha ábhartha ar fheidhmiú an mhargaidh aonair, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt faoina gcinneadh i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 (11).

(23)

Ba cheart beart a dhéanamh chun a áirithiú nach gcuirfidh bia-ábhair ina bhfuil ola olóige tomhaltóirí amú trí aird a tharraingt ar chlú ola olóige gan comhdhéanamh iarbhír an táirge a shonrú. Ba cheart dá bharr sin an céatadán ola olóige agus tásca áirithe a bhaineann go sonrach le táirgí nach bhfuil iontu ach cumasc d’olaí plandúla a thaispeáint go soiléir ar an lipéadú. Ina theannta sin, na forálacha speisialta maidir le bia-ábhair sholadacha a leasaítear go heisiach in ola olóige a leagtar síos i rialacháin shonracha, maidir le sairdíní, tuinníní agus tuinníní beaga go háirithe, ba cheart aird chuí a thabhairt orthu.

(24)

Ar mhaithe le simpliú, maidir le táirgí a leasaítear go heisiach in ola olóige, níor cheart ceanglas a bheith ann an céatadán ola a chuirtear isteach i gcoibhneas le meáchan iomlán an bhia-ábhair a lua ar an lipéad,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

maidir le saintréithe na n-olaí olóige dá dtagraítear i gCuid VIII, pointí 1 go 6 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(b)

maidir le caighdeáin mhargaíochta le haghaidh olaí olóige dá dtagraítear i gCuid VIII, pointí 1(a) agus (b) agus pointí 3 go 6, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nuair a dhíoltar iad leis an gcustaiméir deiridh agus iad curtha i láthair sa staid nádúrtha nó i mbia-ábhar.

Airteagal 2

Catagóirí ola olóige

1.   Olaí olóige a chomhlíonann na saintréithe a leagtar amach:

(a)

i bpointe 1 de Tháblaí A agus B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, measfar gurb é atá iontu ola olóige úríon de réir bhrí Chuid VIII, pointe 1(a), d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(b)

i bpointe 2 de Tháblaí A agus B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, measfar gurb é atá iontu ola olóige íon de réir bhrí Chuid VIII, pointe 1(b), d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(c)

i bpointe 3 de Tháblaí A agus B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, measfar gurb é atá iontu ola olóige lampante de réir bhrí Chuid VIII, pointe 1(c), d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(d)

i bpointe 4 de Tháblaí A agus B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, measfar gurb é atá iontu ola olóige scagtha de réir bhrí Chuid VIII, pointe 2, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(e)

i bpointe 5 de Tháblaí A agus B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, measfar gurb é atá iontu ola olóige a chomhdhéantar d’olaí olóige scagtha agus olaí olóige íona de réir bhrí Chuid VIII, pointe 3, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(f)

i bpointe 6 de Tháblaí A agus B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, measfar gurb é atá iontu amhola phrabhaite olóige de réir bhrí Chuid VIII, pointe 4, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(g)

i bpointe 7 de Tháblaí A agus B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, measfar gurb é atá iontu ola phrabhaite olóige scagtha de réir bhrí Chuid VIII, pointe 5, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(h)

i bpointe 8 de Tháblaí A agus B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, measfar gurb é atá iontu ola phrabhaite olóige de réir bhrí Chuid VIII, pointe 6, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

2.   Saintréithe olaí olóige a leagtar síos in Iarscríbhinn I, déanfar iad a chinneadh i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2105 ón gCoimisiún.

Airteagal 3

Cumaisc agus ola olóige i mbia-ábhair eile

1.   Is olaí dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), agus iad sin amháin, a fhéadfaidh a bheith ina gcuid de chumaisc ola olóige agus olaí plandúla eile.

2.   Is olaí dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), agus iad sin amháin, a fhéadfar a ionchorprú i mbia-ábhair eile.

3.   Féadfaidh na Ballstáit toirmeasc a chur ar chumaisc ola olóige agus olaí plandúla eile dá dtagraítear i mír 1 a tháirgeadh ar a gcríoch lena dtomhailt go hinmheánach. Ní fhéadfaidh na Ballstáit áfach toirmeasc a chur ar chumaisc den sórt sin de thionscnamh tíortha eile a chur ar an margadh ar a gcríoch agus ní fhéadfaidh siad toirmeasc a chur ar chumaisc den sórt sin a tháirgeadh ar a gcríoch lena gcur ar an margadh i mBallstát eile nó lena n-onnmhairiú.

Airteagal 4

Pacáistiú

1.   Cuirfear olaí dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), i láthair an tomhaltóra deiridh i bpacáistiú a bhfuil uastoilleadh 5 lítear ann. Beidh pacáistiú den chineál sin feistithe le córas oscailte nach féidir a shéalú a thuilleadh tar éis a oscailte den chéad uair agus déanfar é a lipéadú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   I gcás olaí dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), atá beartaithe lena dtomhailt i mbialanna, ospidéil, ceaintíní agus i mbunaíochtaí comhchoiteanna comhchosúla, féadfaidh na Ballstáit uastoilleadh a shocrú ar mó é ná 5 lítear le haghaidh pacáistithe, ag brath ar an gcineál bunaíochta lena mbaineann.

Airteagal 5

Lipéadú

1.   An lipéadú sonraí dá dtagraítear in Airteagail 6 go 9, beidh sé sainordaitheach.

2.   Déanfar an t-ainm dlíthiúil dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus, i gcás inarb infheidhme an áit tionscnaimh dá dtagraítear in Airteagal 8(1), a ghrúpáil le chéile laistigh den phríomhréimse radhairc mar a shainítear in Airteagal 2(2), pointe (l), de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, ar an lipéad céanna nó ar roinnt lipéad atá greamaithe den choimeádán céanna, nó go díreach ar an gcoimeádán céanna. Taispeánfar na sonraí sin ina n-iomláine agus i gcorp téacs atá aonchineálach.

3.   An lipéadú sonraí dá dtagraítear in Airteagail 10, 11 agus 12, beidh sé deonach.

Airteagal 6

Ainm dlíthiúil agus lipéadú na catagóire olaí

1.   An tuairisc ar na holaí dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), measfar gurb é atá inti a n-ainm dlíthiúil de réir bhrí Airteagal 2(2), pointe (n), de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.

2.   Taispeánfar ar lipéid na n-olaí sin an fhaisnéis seo a leanas faoin gcatagóir ola, i marcáil shoiléir dhoscriosta, in éineacht leis an tuairisc dá dtagraítear i mír 1, ach ní gá iad a bheith gar dá chéile:

(a)

ola olóige úríon:

“ola olóige de chatagóir uachtarach a fhaightear ó ológa agus trí mhodhanna meicniúla amháin”;

(b)

ola olóige íon:

“ola olóige a fhaightear ó ológa agus trí mhodhanna meicniúla amháin”;

(c)

ola olóige a chomhdhéantar d’olaí olóige scagtha agus olaí olóige íona:

“ola nach bhfuil inti ach olaí olóige a ndearnadh scagadh orthu agus olaí a fhaightear go díreach ó ológa”;

(d)

ola phrabhaite olóige:

(i)

“ola nach bhfuil inti ach olaí a fhaightear trí chóireáil a dhéanamh ar an táirge a fhaightear tar éis eastóscadh na hola agus olaí a fhaightear go díreach ó ológa”; nó

(ii)

“ola nach bhfuil inti ach olaí a fhaightear trí phrabhait olóige a phróiseáil agus olaí a fhaightear go díreach ó ológa”.

Airteagal 7

Dálaí stórála speisialta

Beidh faisnéis faoi na dálaí stórála speisialta le haghaidh olaí dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 1, is é sin nach mór iad a stóráil ar shiúl ón solas agus ón teas, ar na coimeádáin nó ar na lipéid atá greamaithe díobh.

Airteagal 8

Áit tionscnaimh

1.   I dtaca le hola olóige úríon agus ola olóige íon, dá dtagraítear i gCuid VIII, pointí 1(a) agus (b), d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, beidh an áit tionscnaimh ar an lipéad.

2.   I dtaca leis na holaí dá dtagraítear i gCuid VIII, pointí 3 agus 6, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ní chuirfear aon áit tionscnaimh ar taispeáint ar an lipéad.

3.   Is é a bheidh san áit tionscnaimh dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas amháin:

(a)

i gcás olaí olóige de thionscnamh Ballstáit amháin nó tríú tír, i gcomhréir le míreanna 6 agus 7, tagairt don Bhallstát sin, don Aontas nó don tríú tír, de réir mar is iomchuí; nó

(b)

i gcás cumasc d’olaí olóige de thionscnamh níos mó ná Ballstát amháin nó tríú tír, i gcomhréir le míreanna 6 agus 7, ceann amháin de na tásca seo a leanas, de réir mar is iomchuí:

(i)

“cumasc d’olaí olóige de thionscnamh an Aontais Eorpaigh” nó tagairt don Aontas;

(ii)

“cumasc d’olaí olóige nach de thionscnamh an Aontais Eorpaigh iad” nó tagairt d’áit tionscnaimh lasmuigh den Aontas;

(iii)

“cumasc d’olaí olóige de thionscnamh an Aontais Eorpaigh agus nach de thionscnamh an Aontais Eorpaigh iad” nó tagairt d’áit tionscnaimh laistigh den Aontas Eorpach agus lasmuigh den Aontas; nó

(c)

sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

4.   Maidir le hainmneacha brandaí nó gnólachtaí a ndearnadh iarratas ar chlárú ina leith faoin 31 Nollaig 1998 i gcomhréir le Treoir 89/104/CEE nó faoin 31 Bealtaine 2002 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 40/94 ón gComhairle, ní mheasfar gurb é atá iontu an áit tionscnaimh a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

5.   I gcás allmhairiúchán ó thríú tír, déanfar an áit tionscnaimh a chinneadh i gcomhréir le hAirteagail 59 go 63 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

6.   Comhfhreagróidh an áit tionscnaimh ina luaitear Ballstát nó an tAontas don limistéar geografach inar buanadh na hológa agus ina bhfuil an muileann inar eastóscadh an ola ó na hológa suite.

7.   Más rud é gur buanadh na hológa i mBallstát nó i dtríú tír seachas an Ballstát nó an tríú tír ina bhfuil an muileann inar eastóscadh an ola ó na hológa suite, beidh an fhoclaíocht seo a leanas san áit tionscnaimh: “ola olóige (úr)íon a fuarthas i (an tAontas, ainm an Bhallstáit nó an tríú tír lena mbaineann) ó ológa a buanadh i (an tAontas, ainm an Bhallstáit nó an tríú tír lena mbaineann)”.

Airteagal 9

Uimhir monarchan pacáistithe

I ndáil le holaí dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), beidh ar an lipéad, i gcás inarb infheidhme, sainaithint alfa-uimhriúil na monarchan pacáistíochta arna formheas i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2105 ón gCoimisiún.

Airteagal 10

Téarmaí roghnacha forchoimeádta

Beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas maidir le húsáid téarmaí roghnacha forchoimeádta de réir bhrí Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, a fhéadfaidh a bheith ar lipéad olaí dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), den Rialachán seo:

(a)

féadfaidh an tásc “céadfháscadh fuar” a bheith ar olaí olóige úríona nó olaí olóige íona, agus orthu sin amháin, a fhaightear ag teocht faoi bhun 27 °C ón gcéadfháscadh meicniúil ar an taos olóige le córas eastósctha ina n-úsáidtear faisceáin hiodrálacha;

(b)

féadfaidh an tásc “eastóscadh fuar” a bheith ar olaí olóige úríona nó olaí olóige íona, agus orthu sin amháin, a fhaightear ag teocht faoi bhun 27 °C tríd an taos olóige a shíothlú nó a lártheifneoiriú;

(c)

ní bheidh tásca ar shaintréithe orgánaileipteacha ann a thagraíonn do bhlas nó do bholadh ach amháin i gcás olaí olóige úríona agus olaí olóige íona. Is iad na saintréithe orgánaileipteacha mar a shainítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus iad sin amháin, a fhéadfaidh a bheith ar an lipéad agus má bhíonn siad bunaithe, agus sa chás sin amháin, ar mheasúnú a dhéantar de réir an mhodha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointe 5 a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2105 ón gCoimisiún. Leagtar amach na sainmhínithe agus na raonta torthaí, lenar féidir na saintréithe orgánaileipteacha a chur in iúl, in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;

(d)

ní fheadfaidh an tásc ar an aigéadacht uasta a bhfuil coinne léi faoin dáta íosmharthanachta dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe(f), de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 a bheith ann ach amháin má tá tásc ag gabháil leis, i bhfoirm marcála den toise céanna agus sa réimse radhairc céanna, ar na huasluachanna maidir leis an gcion céarach sárocsaíde agus le hionsú ultraivialait, atá le cinneadh i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2105ón gCoimisiún, a mbeidh coinne leo faoin dáta sin.

Airteagal 11

Tásc ar an mbliain buainte

1.   Maidir leis an ola olóige úríon agus an ola olóige íon, dá dtagraítear i gCuid VIII, pointí 1(a) agus (b), d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus maidir leis sin amháin, is féidir tásc na bliana buainte a chur.

2.   Ní fhéadfar an bhliain buainte a thaispeáint ach amháin más rud é gur ón mbuaint sin a thagann 100 % d’ábhar an choimeádáin, agus luafar é ar an lipéad i bhfoirm na bliana margaíochta ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 6, pointe (f), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nó i bhfoirm mhí agus bhliain na buainte san ord sin. Comhfhreagróidh an mhí do mhí eastósctha na hola ó na hológa.

3.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go luafar an bhliain buainte dá dtagraítear i mír 1 ar lipéad olaí olóige dá dtagraítear sa mhír sin, de chuid a dtáirgthe intíre, a fhaightear ó ológa a bhuaintear ar a gcríoch agus atá beartaithe lena ndíol ar a margaí náisiúnta amháin.

4.   Ní chuirfear cosc, leis an gcinneadh dá dtagraítear i mír 3, ar olaí olóige a lipéadaítear roimh an dáta a thiocfaidh an cinneadh sin i bhfeidhm a chur ar an margadh go dtí go n-ídeofar na stoic.

5.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin gcinneadh dá dtagraítear i mír 3 i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183.

Airteagal 12

Tásc faoi ola olóige a bheith i láthair lasmuigh de liosta na gcomhábhar i gcumaisc agus i mbia-ábhair

1.   I gcás ina n-aibhsítear go bhfuil na holaí dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), i gcumasc le holaí plandúla ar an lipéad in áit eile seachas ar liosta na gcomhábhar, trí úsáid a bhaint as focail, íomhánna nó grafaicí, beidh an tuairisc thrádála seo a leanas ar an gcumasc lena mbaineann: “Cumasc d’olaí plandúla (nó ainm sonrach na n-olaí plandúla lena mbaineann) agus ola olóige” agus céatadán na n-olaí sin sa chumasc díreach ina dhiaidh sin.

2.   Maidir leis na holaí dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe(b), ní féidir iad a aibhsiú le híomhánna nó grafaicí ar lipéad cumaisc dá dtagraítear i mír 1 ach amháin i gcás inar mó iad na 50 % den chumasc lena mbaineann.

3.   Cé is moite de bhia-ábhair sholadacha a leasaítear go heisiach in ola olóige, go háirithe na táirgí dá dtagraítear i Rialachán (CEE) Uimh. 2136/89 ón gComhairle (12) agus i Rialachán (CEE) Uimh. 1536/92 ón gComhairle (13), agus i gcás ina luaitear gurb ann d’olaí dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), den Rialachán seo ar an lipéad in áit eile seachas ar liosta na gcomhábhar, trí úsáid a bhaint as focail, íomhánna nó grafaicí, tiocfaidh an céatadán ola i gcoibhneas le glanmheáchan an bhia-ábhair díreach tar éis ainm an bhia.

4.   Féadfar an céatadán ola breise i gcoibhneas leis an meáchan iomlán saillte, agus na focail “céatadán saillte” á gcur leis, a chur in ionad an chéatadáin olaí dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), i gcoibhneas le meáchan iomlán na mbia-ábhar dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

5.   Is féidir na focail “ola olóige” a chur in ionad na dtuairiscí dá dtagraítear in Airteagal 6(1) ar lipéad na dtáirgí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo.

Mar sin féin, i gcás inarb ann d’ola phrabhaite olóige cuirfear na focail “ola phrabhaite olóige” in ionad na bhfocal “ola olóige”.

6.   Nuair a chuirtear bia-ábhair eile le holaí dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), ní bheidh aon cheann de na hainmneacha dlíthiúla dá dtagraítear in Airteagal 6 ar an mbia-ábhar a thagann as sin.

Airteagal 13

Aisghairmeacha

Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2568/91 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 29/2012.

Léireofar tagairtí do na Rialacháin aisghairthe mar thagairtí don Rialachán seo agus do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2105 ón gCoimisiún agus léifear é i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagraíocht margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcomhair táirgí áirithe talmhaíochta (an Rialachán maidir le CEM aonair) (IO L 299, 16.11.2007, lch. 1).

(3)  Rialachán (CEE) Uimh. 2568/91 ón gCoimisiún an 11 Iúil 1991 maidir le saintréithe ola olóige agus saintréithe ola d’iarmhar ológ agus na modhanna ábhartha anailíse (IO L 248, 5.9.1991, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 29/2012 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2012 maidir le caighdeáin mhargaíochta i leith ola olóige (IO L 12, 14.1.2012, lch. 14).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(7)  An Chéad Treoir 89/104/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna (IO L 40, 11.2.1989, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 40/94 ón gComhairle an 20 Nollaig 1993 maidir leis an trádmharc Comhphobail (IO L 11, 14.1.1994, lch. 1).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE)23 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha maidir le seiceálacha comhréireachta ar chaighdeáin mhargaíochta le haghaidh ola olóige agus modhanna anailíse ar shaintréithe ola olóige 2022/2105, Féach leathanach … den Iris Oifigiúil seo.

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).

(11)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena bhforlíontar Rialacháin (AE) Uimh. 1307/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fógraí a thabhairt don Choimisiún faoi fhaisnéis agus doiciméid (IO L 171, 4.7.2017, lch. 100).

(12)  Rialachán (CEE) Uimh. 2136/89 ón gComhairle an 21 Meitheamh 1989 lena leagtar síos comhchaighdeáin mhargaíochta maidir le sairdíní leasaithe (IO L 212, 22.7.1989, lch. 79).

(13)  Rialachán (CEE) Uimh. 1536/92 ón gComhairle an 9 Meitheamh 1992 lena leagtar síos comhchaighdeáin mhargaíochta maidir le tuinníní agus boiníotó leasaithe (IO L 163, 17.6.1992, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

SAINTRÉITHE OLA OLÓIGE

A.   Saintréithe cáilíochta

Catagóir

Aigéadacht

(%)(*)

Luach sárocsaíde

(mEq O2/kg)

K232

K268270

ΔΚ

Saintréithe orgánaileipteacha

eistir eitile d’aigéad sailleach

(mg/kg)

Airmheán an fhabht (Md)(*)  (1)

Airmheán torthaíoch  (2)

1.

Ola olóige úríon

≤ 0,80

≤ 20,0

≤ 2,50

≤ 0,22

≤ 0,01

Md = 0,0

Mf > 0,0

≤ 35

2.

Ola olóige íon

≤ 2,0

≤ 20,0

≤ 2,60

≤ 0,25

≤ 0,01

Md ≤ 3,5

Mf > 0,0

3.

Ola olóige lampante

> 2,0

Md > 3,5  (3)

4.

Ola olóige scagtha

≤ 0,30

≤ 5,0

≤ 1,25

≤ 0,16

 

5.

Ola olóige a chomhdhéantar d’olaí olóige scagtha agus d’olaí olóige íona

≤ 1,00

≤ 15,0

≤ 1,15

≤ 0,15

 

6.

Amhola phrabhaite olóige

 

7.

Ola phrabhaite olóige scagtha

≤ 0,30

≤ 5,0

≤ 2,00

≤ 0,20

 

8.

Ola phrabhaite olóige

≤ 1,00

≤ 15,0

≤ 1,70

≤ 0,18

 

B.   Saintréithe íonachta

Catagóir

Comhdhéanamh aigéid shailligh  (4)

Iomlán isiméirí trasoiléacha

(%)

Iomlán tras líonoiléach + isiméirí tras líonoiléacha

(%)

Stiogmastaidé-éiní

(mg/kg)  (6)

ΔΕCN42

Monaphailmíotáit 2-ghlicril

(%)

Miristeach

(%)

Líonóiléineach

(%)

Araicise

(%)

Iciseanóch

(%)

Behéineach

(%)

Lignichéireach

(%)

1.

Ola olóige úríon

≤ 0,03

≤ 1,00  (5)

≤ 0,60

≤ 0,50

≤ 0,20

≤ 0,20

≤ 0,05

≤ 0,05

≤ 0,05

≤ |0,20 |

≤ 0,9 más rud é go bhfuil iomlán an aigéid phailmíteach ≤ 14,00  %

≤ 1,0 más rud é go bhfuil iomlán an aigéid phailmíteach > 14,00  %

2.

Ola olóige íon

≤ 0,03

≤ 1,00  (5)

≤ 0,60

≤ 0,50

≤ 0,20

≤ 0,20

≤ 0,05

≤ 0,05

≤ 0,05

≤ |0,20 |

≤ 0,9 más rud é go bhfuil iomlán an aigéid phailmíteach ≤ 14,00  %

≤ 1,0 más rud é go bhfuil iomlán an aigéid phailmíteach > 14,00  %

3.

Ola olóige lampante

≤ 0,03

≤ 1,00

≤ 0,60

≤ 0,50

≤ 0,20

≤ 0,20

≤ 0,10

≤ 0,10

≤ 0,50

≤ |0,30 |

≤ 0,9 más rud é go bhfuil iomlán an aigéid phailmíteach ≤ 14,00  %

≤ 1,1 más rud é go bhfuil iomlán an aigéid phailmíteach > 14,00  %

4.

Ola olóige scagtha

≤ 0,03

≤ 1,00

≤ 0,60

≤ 0,50

≤ 0,20

≤ 0,20

≤ 0,20

≤ 0,30

≤ |0,30 |

≤ 0,9 más rud é go bhfuil iomlán an aigéid phailmíteach ≤ 14,00  %

≤ 1,1 más rud é go bhfuil iomlán an aigéid phailmíteach > 14,00  %

5.

Ola olóige a chomhdhéantar d’olaí olóige scagtha agus d’olaí olóige íona

≤ 0,03

≤ 1,00

≤ 0,60

≤ 0,50

≤ 0,20

≤ 0,20

≤ 0,20

≤ 0,30

≤ |0,30 |

≤ 0,9 más rud é go bhfuil iomlán an aigéid phailmíteach ≤ 14,00  %

≤ 1,0 más rud é go bhfuil iomlán an aigéid phailmíteach > 14,00  %

6.

Amhola phrabhaite olóige

≤ 0,03

≤ 1,00

≤ 0,60

≤ 0,50

≤ 0,30

≤ 0,20

≤ 0,20

≤ 0,10

≤ |0,60 |

≤ 1,4

7.

Ola phrabhaite olóige scagtha

≤ 0,03

≤ 1,00

≤ 0,60

≤ 0,50

≤ 0,30

≤ 0,20

≤ 0,40

≤ 0,35

≤ |0,50 |

≤ 1,4

8.

Ola phrabhaite olóige

≤ 0,03

≤ 1,00

≤ 0,60

≤ 0,50

≤ 0,30

≤ 0,20

≤ 0,40

≤ 0,35

≤ |0,50 |

≤ 1,2

Tábla B ar leanúint

Catagóir

Comhdhéanamh stéaról

Iomlán stéaról

(mg/kg)

Eiritridé-ól agus uváól (%)(**)

Céaracha (mg/kg)(**)

Colai-stéaról (%)

Brassica-stéaról (%)

Campai-stéaról  (7) (%)

Stiogmastéaról (%)

β–sitea-stéaról  (8) (%)dealraitheach

Δ-7-stiogma-stéanól  (7) (%)

1.

Ola olóige úríon

≤ 0,5

≤ 0,1

≤ 4,0

< Campa.

≥ 93,0

≤ 0,5

≥ 1 000

≤ 4,5

C42 + C44 + C46 ≤ 150

2.

Ola olóige íon

≤ 0,5

≤ 0,1

≤ 4,0

< Campa.

≥ 93,0

≤ 0,5

≥ 1 000

≤ 4,5

C42 + C44 + C46 ≤ 150

3.

Ola olóige lampante

≤ 0,5

≤ 0,1

≤ 4,0

≥ 93,0

≤ 0,5

≥ 1 000

≤ 4,5  (9)

C40 + C42 + C44 + C46 ≤ 300 (9)

4.

Ola olóige scagtha

≤ 0,5

≤ 0,1

≤ 4,0

< Campa,

≥ 93,0

≤ 0,5

≥ 1 000

≤ 4,5  (10)

C40 + C42 + C44 + C46 ≤ 350

5.

Ola olóige a chomhdhéantar d’olaí olóige scagtha agus d’olaí olóige íona

≤ 0,5

≤ 0,1

≤ 4,0

< Campa.

≥ 93,0

≤ 0,5

≥ 1 000

≤ 4,5

C40 + C42 + C44 + C46 ≤ 350

6.

Amhola phrabhaite olóige

≤ 0,5

≤ 0,2

≤ 4,0

≥ 93,0

≤ 0,5

≥ 2 500

> 4,5  (11)

C40 + C42 + C44 + C46 > 350 (11)

7.

Ola phrabhaite olóige scagtha

≤ 0,5

≤ 0,2

≤ 4,0

< Campa.

≥ 93,0

≤ 0,5

≥ 1 800

> 4,5

C40 + C42 + C44 + C46 > 350

8.

Ola phrabhaite olóige

≤ 0,5

≤ 0,2

≤ 4,0

< Campa.

≥ 93,0

≤ 0,5

≥ 1 600

> 4,5

C40 + C42 + C44 + C46 > 350

Nótaí:

(a)

Ní mór torthaí na n-anailísí a shloinneadh ar an líon céanna deachúlacha a úsáidtear le haghaidh gach saintréithe. Ní mór an digit dheiridh a mhéadú le haonad amháin más mó ná 4 an digit a leanas.

(b)

Mura bhfuil oiread agus saintréith amháin ag teacht leis na luachanna atá luaite, athrófar catagóir na hola nó dearbhófar go bhfuil an ola neamhchomhlíontach chun críocha an Rialacháin.

(c)

I dtaca le hola ola olóige lampante féadfaidh an dá shaintréith cáilíochta a mharcáiltear le réiltín (*) a bheith éagsúil go comhuaineach ó na teorainneacha atá bunaithe don chatagóir sin.

(d)

Má mharcáiltear saintréith le dhá réiltín (**), ciallaíonn sin, i ndáil le hamhola phrabhaite olóige, gur féidir an dá theorainn ábhartha a bheith éagsúil ó na luachanna a luaitear ag an am céanna. I ndáil le hola prabhaite agus ola phrabhaite olóige scagtha féadfaidh ceann amháin de na teorainneacha ábhartha a bheith éagsúil leis na luachanna a luaitear.

Aguisín

Crainn chinnteoireachta

Crann cinnteoireachta campaistéaróil le haghaidh olaí olóige íona agus olaí olóige úríona:

Image 1

Beidh na paraiméadair eile i gcomhréir leis na teorainneacha a shocraítear sa Rialachán seo.

Crann cinnteoireachta Delta-7-stiogmastéaróil le haghaidh:

Olaí olóige úríona agus olaí ológa íona

Image 2

Beidh na paraiméadair eile i gcomhréir leis na teorainneacha a shocraítear sa Rialachán seo.

Olaí olóige lampante

Image 3

Beidh na paraiméadair eile i gcomhréir leis na teorainneacha a shocraítear sa Rialachán seo.

Olaí olóige scagtha agus olaí olóige a chomhdhéantar d’olaí olóige scagtha agus d’olaí olóige íona

Image 4

Beidh na paraiméadair eile i gcomhréir leis na teorainneacha a shocraítear sa Rialachán seo.

Amhola phrabhaite olóige, ola phrabhaite olóige scagtha agus ola phrabhaite olóige

Image 5

Beidh na paraiméadair eile i gcomhréir leis na teorainneacha a shocraítear sa Rialachán seo.


(1)  Sainmhínítear airmheán na bhfabht mar airmheán an fhabht a bhraitear leis an déine is mó.

(2)  Nuair is mó ná 5,0 airmheán na cáilíochta seirbhe/géire, tuairisceoidh ceannasaí an phainéil an méid sin.

(3)  D’fhéadfadh airmheán an fhabht a bheith níos lú ná nó cothrom le 3,5 nuair atá an t-idirmheán torthaíoch cothrom le 0,0.

(4)  Cion aigéad sailleach eile (%): pailmíteach: 7,00-20,00; pailmítoiléach: 0,30-3,50; heiptideacánóch: ≤ 0,40; heiptideacánóch ≤ 0,60; stéarach: 0,50-5,00; oiléach: 55,00- 85,00; líonoiléach: 2,50-21,00.

(5)  Nuair is mó an t-aigéad líonoiléach ná 1,00 ach is lú ná 1,40 é ní mór an coibhneas dealraitheach β-sitistéaróil/campaistéaróil a bheith níos mó ná 24 nó cothrom leis.

(6)  An t-iomlán isiméirí a d’fhéadfadh (nó nach bhféadfaí) a dheighilt le colún ribeach.

(7)  Féach an Aguisín a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(8)  Β-sitistéaról dealraitheach: Δ-5,23-siogmastaidé-eanól+cléiristéaról+ β-sitistéaról+sitisteanól+ Δ-5-aivinistéarol+ Δ-5,24-stiogmastadé-eanól.

(9)  Maidir le holaí ina bhfuil cion céarach idir 300 mg/kg agus 350 mg/kg, meastar gur ola olóige lampante atá iontu má tá an cion iomlán alcóil alafataigh níos lú ná nó cothrom le 350 mg/kg nó má tá an cion eiritridé-óil agus úváóil níos lú ná nó cothrom le 3,5 %.

(10)  Ní mór go mbeidh cion eiritridé-óil, nó is ionann agus 75 mg/kg, ag olaí a bhfuil cion eiritridé-óil + úváóil idir 4,5 % agus 6 %.

(11)  Maidir le holaí ina bhfuil cion céarach idir 300 mg/kg agus 350 mg/kg, meastar gur amhola phrabhaite olóige atá iontu má tá an cion iomlán alcóil alafataigh níos mó ná 350 mg/kg nó má tá an cion eiritridé-óil agus úváóil níos mó ná 3,5 %.


IARSCRÍBHINN II

Sainmhínithe téarmeolaíochta roghnaí ar shaintréithe orgánaileipteacha chun críocha lipéadaithe

Arna iarraidh sin, maidir le ceannaire an phainéil blaisithe arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2105 ón gCoimisiún. féadfaidh sé a dheimhniú go bhfuil na holaí a ndearnadh measúnú orthu i gcomhréir leis na sainmhínithe agus na raonta a fhreagraíonn go hiomlán do na téarmaí seo a leanas de réir dhéine agus bhraistint na gcáilíochtaí.

Cáilíochtaí deimhneacha (torthaíoch, searbh agus géar) de réir dhéine na braistinte:

Iomlán, nuair is mó ná 6,0 airmheán na cáilíochta.

Meánach, nuair is mó ná 3,0 airmheán na gcáilíochtaí agus nuair is lú é ná 6,0 nó cothrom leis.

Fíneálta, nuair is lú airmheán na cáilíochta ná 3,0 nó cothrom leis.

Blas torthaíoch: tacar de bhraistintí boltanacha a bhaineann go sonrach leis an ola a bhraitheann ar an gcineál olóige agus a thagann ó ológa slána úra nach bhfuil blas torthaíoch glas nó blas torthaíoch aibí in uachtar iontu. Braitear é go díreach agus/nó trí chúl na sróine.

Blas torthaíoch glas: tacar de bhraistintí boltanacha a bhaineann go sonrach leis an ola a chuirfeadh an toradh glas i gcuimhne, ag brath an gcineál olóige agus a thagann ó ológa slána úra. Braitear é go díreach agus/nó trí chúl na sróine.

Blas torthaíoch aibí: tacar de bhraistintí boltanacha a bhaineann go sonrach leis an ola a chuirfeadh an toradh aibí i gcuimhne, ag brath an gcineál olóige agus a thagann ó ológa slána úra. Braitear é go díreach agus/nó trí chúl na sróine.

Ola dhea-chothromaithe: ola nach bhfuil easpa cothromaíochta inti, rud a chiallaíonn nach bhfuil airmheán bhraistint bholtanach-bhlastach agus bhraistint thadhlach na cáilíochta seirbhe agus airmheán na cáilíochta géire níos mó ná 2,0 pointe os cionn airmheán an bhlais thorthaíoch.

Ola shéimh: ola a bhfuil airmheán na gcáilíochtaí seirbhe agus géire 2,0 nó níos lú ná sin.

Téarmaí atá faoi réir deimhnithe tástála orgánaileiptigh a thabhairt ar aird

Airmheán na cáilíochta

Blas torthaíoch

Blas torthaíoch aibí

Blas torthaíoch glas

Blas torthaíoch fíneálta

≤ 3,0

Blas torthaíoch meánach

3,0 < Me ≤ 6,0

Blas torthaíoch iomlán

> 6,0

Blas torthaíoch aibí fíneálta

≤ 3,0

Blas torthaíoch aibí meánach

3,0 < Me ≤ 6,0

Blas torthaíoch iomlán aibí

> 6,0

Blas torthaíoch glas fíneálta

≤ 3,0

Blas torthaíoch glas meánach

3,0 < Me ≤ 6,0

Blas torthaíoch iomlán glas

> 6,0

Blas searbh fíneálta

≤ 3,0

Blas searbhas meánach

3,0 < Me ≤ 6,0

Blas searbh iomlán

> 6,0

Blas géar fíneálta

≤ 3,0

Blas géar meánach

3,0 < Me ≤ 6,0

Blas géar iomlán

> 6,0

Ola dhea-chothromaithe

Níl airmheán na cáilíochta seirbhe agus airmheán na cáilíochta géire níos mó ná 2,0 pointe os cionn airmheán an bhlais thorthaíoch.

Ola shéimh

Tá airmheán na cáilíochta seirbhe agus airmheán na cáilíochta géire 2,0 nó níos lú ná sin.


IARSCRÍBHINN III

Tábla comhghaoil

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 29/2012

Rialachán (CEE) Uimh. 2568/91

An Rialachán seo

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2105 ón gCoimisiún.

-----

-----

Airteagal 1, pointe (a)

 

-----

-----

 

Airteagal 1

-----

-----

 

Airteagal 2(2)

Airteagal 1(1)

 

Airteagal 1, pointe (b), agus Airteagal 1(2)

 

Airteagal 1(2)

 

Airteagal 1, pointe (b)

 

Airteagal 2, an chéad mhír

 

Airteagal 4(1)

 

Airteagal 2, an dara mír

 

Airteagal 4(2)

 

Airteagal 3, an chéad mhír

 

Airteagal 6(1)

 

Airteagal 3, an dara mír, pointí (a) go (d)

 

Airteagal 6(2), pointí (a) go (d)

 

Airteagal 4(1), an chéad fhomhír

 

Airteagal 8(1)

 

Airteagal 4(1) an dara fomhír

 

Airteagal 8(2)

 

Airteagal 4(1), an tríú fomhír

 

-

 

Airteagal 4(2)

 

Airteagal 8(3)

 

Airteagal 4(3)

 

Airteagal 8(4)

 

Airteagal 4(4)

 

Airteagal 8(5)

 

Airteagal 4(5), an chéad fhomhír

 

Airteagal 8(6)

 

Airteagal 4(5) an dara fomhír

 

Airteagal 8(7)

 

Airteagal 4a

 

Airteagal 7

 

Airteagal 4b

 

Airteagal 5

 

Airteagal 5, an chéad mhír, pointí (a) go (d)

 

Airteagal 10, pointí (a) go (d)

 

Airteagal 5, an chéad mhír, pointe (e)

 

Airteagal 11(1) agus (2)

 

Airteagal 5, an dara mír

 

-

 

Airteagal 5a, an chéad mhír

 

Airteagal 11(3)

 

Airteagal 5a, an dara mír

 

Airteagal 11(4)

 

Airteagal 5a, an tríú mír

 

Airteagal 11(5)

 

Airteagal 6(1), an chéad fhomhír

 

Airteagal 12(1)

 

Airteagal 6(1) an dara fomhír

 

Airteagal 12(2)

 

Airteagal 6(1), an tríú fomhír

 

Airteagal 3(3)

 

Airteagal 6(2), an chéad fhomhír

 

Airteagal 12(3)

 

Airteagal 6(2) an dara fomhír

 

Airteagal 12(4)

 

Airteagal 6(3)

 

Airteagal 12(5)

 

-

-

Airteagal 12(6)

 

Airteagal 6(4)

 

-

 

Airteagal 7

 

 

Airteagal 5(2)

Airteagal 8(1)

 

 

Airteagal 2(3)

Airteagal 8(2)

 

 

Airteagal 4(3)

Airteagal 8(3)

 

 

Airteagal 4(2)

Airteagal 8(4)

 

 

Airteagal 4(3)

Airteagal 8a

 

 

Airteagail 2(1) agus 4(1)

Airteagal 9(1), an chéad fhomhír

 

 

Airteagal 13(1)

Airteagal 9(1) an dara fomhír

 

 

Airteagal 13(2)

Airteagal 9(1), an tríú fomhír

 

 

----

Airteagal 9(1), an ceathrú fomhír

 

 

----

Airteagal 9(1), an cúigiú fomhír

 

 

----

Airteagal 9(2), an chéad fhomhír

 

 

Airteagal 6(1)

Airteagal 9(2), an dara fomhír, pointí (a), (b) agus (c)

 

 

Airteagal 6(2), pointí (a), (b) agus (c)

Airteagal 9(2), an tríú fomhír

 

Airteagal 9

 

-----

 

 

Airteagal 6(3)

Airteagal 10, an chéad mhír, an abairt tosaigh

 

 

Airteagal 14

Airteagal 10, an chéad mhír, pointí (a) go (d), agus an dara mír

 

 

-----

Airteagal 10a

 

 

Airteagal 14

Iarscríbhinn I

 

-

 

Iarscríbhinn II

 

-

 

 

Airteagal 1(1)

Airteagail 2(1)(a) agus 2(1)(b)

 

 

Airteagal 1(2)

Airteagal 2(1)(c)

 

 

Airteagal 1(3)

Airteagal 2(1)(d)

 

 

Airteagal 1(4)

Airteagal 2(1)(e)

 

 

Airteagal 1(5)

Airteagal 2(1)(f)

 

 

Airteagal 1(6)

Airteagal 2(1)(g)

 

 

Airteagal 1(7)

Airteagal 2(1)(h)

 

------

-----

Airteagal 2(2)

 

------

-----

Airteagal 3(1) agus (2)

 

 

Airteagal 2(1)

 

Airteagal 7

 

Airteagal 2(1), pointe (a)

 

Iarscríbhinn I, pointe 1

 

Airteagal 2(1), pointe (b)

 

Iarscríbhinn I, pointe 2

 

Airteagal 2(1), pointe (c)

 

-----

 

Airteagal 2(1), pointe (d)

 

-----

 

Airteagal 2(1), pointe (e)

 

Iarscríbhinn I, pointe 3

 

Airteagal 2(1), pointe (f)

 

Iarscríbhinn I, pointe 4

 

Airteagal 2(1), pointe (g)

 

Iarscríbhinn I, pointe 5

 

Airteagal 2(1), pointe (h)

 

-----

 

Airteagal 2(1), pointe (i)

 

Iarscríbhinn I, pointe 6

 

Airteagal 2(1), pointe (j)

 

Iarscríbhinn I, pointe 7

 

Airteagal 2(1), pointe (k)

 

Iarscríbhinn I, pointe 8

 

Airteagal 2(1), pointe (l)

 

Iarscríbhinn I, pointe 9

 

Airteagal 2(1), pointe (m)

 

Iarscríbhinn I, pointe 10

 

Airteagal 2(2), an chéad fomhír agus cuid de phointe 9.4 d’Iarscríbhinn XII

 

Airteagal 10(1)

 

Airteagal 2(2) an dara fomhír

 

Airteagal 11(1)

 

Airteagal 2(2), an tríú fomhír

 

Airteagal 11(2)

 

-

 

Airteagal 11(3)

 

cuid de phointe 9.4 d’Iarscríbhinn XII

 

Airteagal 11(4)

 

Airteagal 2(3), an chéad fhomhír

 

Airteagal 3(1)

 

Airteagal 2(3) an dara fomhír

 

Airteagal 3(2)

 

Airteagal 2(4), an chéad fhomhír

 

Airteagal 9(2)

 

Airteagal 2(4) an dara fomhír

 

Airteagal 9(3)

 

Airteagal 2(4), an tríú fomhír

 

Airteagal 9(4)

 

Airteagal 2(5)

 

Airteagal 9(5)

 

Airteagal 2a(1)

 

Airteagal 3(1)

 

Airteagal 2a(2)

 

Airteagal 3(3)

 

Airteagal 2a(3)

 

Airteagal 3(4)

 

Airteagal 2a(4), an chéad fhomhír

 

Airteagal 3(5)

 

Airteagal 2a(4), an dara fomhír

 

Airteagal 3(2)

 

Airteagal 2a(5)

 

Airteagal 9(1)

 

Airteagal 3, an chéad mhír

 

Airteagal 13(1)

 

Airteagal 3, an dara mír

 

Airteagal 3(6)

 

Airteagal 4(1), an chéad fhomhír

 

Airteagal 10(1)

 

Airteagal 4(1) an dara fomhír

 

Airteagal 10(2)

 

Airteagal 4(1), an tríú fomhír

 

Airteagal 10(3)

 

Airteagal 4(2)

 

Airteagal 10(4)

 

Airteagal 4(3)

 

-

 

Airteagal 6(1)

 

Airteagal 12(1)

 

Airteagal 6(2)

 

Airteagal 12(2)

 

Airteagal 7

 

----

 

Airteagal 7a, an dara fomhír

 

Airteagal 2(2)

 

Airteagal 8(1)

 

-

 

Airteagal 8(2)

 

Airteagal 14

 

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

 

 

Iarscríbhinn XII, pointe 3,3

Iarscríbhinn II

 

 

Iarscríbhinn Ia, cé is moite de phointe 2,1

 

Iarscríbhinn II

 

Iarscríbhinn I, pointe 2,1

 

Airteagal 9(6)

 

Iarscríbhinn Ib

 

Iarscríbhinn III

 

Iarscríbhinn III

 

----

 

Iarscríbhinn IV

 

----

 

Iarscríbhinn VII

 

----

 

Iarscríbhinn IX

 

----

 

Iarscríbhinn X

 

----

 

Iarscríbhinn XI

 

----

 

Iarscríbhinn XII, cé is moite de phointe 3,3 agus cuid de phointe 9,4

 

----

 

Iarscríbhinn XV

 

Iarscríbhinn IV

 

Iarscríbhinn XVI

 

----

 

Iarscríbhinn XVII

 

----

 

Iarscríbhinn XVIII

 

----

 

Iarscríbhinn XIX

 

----

 

Iarscríbhinn XX

 

----

 

Iarscríbhinn XXI

 

Iarscríbhinn V