|
3.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 283/1 |
RIALACHÁN (AE) 2022/2099 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Deireadh Fómhair 2022
lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh séaclaí móra dearga i bhfolimistéir gheografacha 8, 9, 10 agus 11 de CGIM le haghaidh soithí a bhfuil bratach na hIodáile ar foluain acu agus atá cothrom le 24 mhéadar nó níos faide ná sin
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leagtar síos le Rialachán (AE) 2022/110 ón gComhairle (2) deiseanna iascaireachta le haghaidh 2022. |
|
(2) |
An uasiarracht iascaireachta incheadaithe a bhaineann leis an séacla mór dearg i bhfolimistéir gheografacha 8, 9, 10 agus 11 den Choimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM) agus is infheidhme maidir le soithí a bhfuil bratach na hIodáile ar foluain acu nó atá cláraithe san Iodáil agus atá cothrom le 24 mhéadar nó níos faide ná sin, meastar gur baineadh amach í le haghaidh 2022 de réir na faisnéise a fuair an Coimisiún. |
|
(3) |
Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stocghrúpa sin. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ídiú iarrachta
An uasiarracht iascaireachta incheadaithe a leithdháileadh ar an Iodáil le haghaidh stocghrúpa an tséacla mhóir dheirg i bhfolimistéir gheografacha 8, 9, 10 agus 11 de CGIM le haghaidh 2022 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar í a bheith bainte amach ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Toirmisc
Gníomhaíochtaí iascaireachta le haghaidh an stocghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 1 a dhéanann soithí a bhfuil bratach na hIodáile ar foluain acu nó atá cláraithe san Iodáil agus atá cothrom le 24 mhéadar nó níos faide ná sin, toirmeascfar iad ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn. Go sonrach, beidh toirmeasc ar éisc ón stoc sin a ghabh na soithí sin a choinneáil ar bord, a athlonnú, a thrasloingsiú, nó a thabhairt i dtír tar éis an dáta sin.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Virginijus SINKEVIČIUS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2022/110 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2022 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L 21, 31.1.2022, lch. 165).
IARSCRÍBHINN
|
Uimh. |
08/TQ110 |
|
An Ballstát |
An Iodáil |
|
Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta |
EFF2/MED2_TR4 |
|
Stocghrúpa |
An séacla mór dearg in FLGanna 8, 9, 10 agus 11 |
|
Fad foriomlán na soithí lena mbaineann |
≥ 24 m |
|
Dáta deiridh |
31.7.2022 |