31.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 281/53


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2095 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Deireadh Fómhair 2022

lena suitear bearta chun tabhairt isteach, bunú agus leathadh Anoplophora chinensis (Forster) laistigh de chríoch an Aontais a chosc agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2012/138/AE

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 28(1) agus (2) agus Airteagal 41(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/138/AE ón gCoimisiún (2) déantar foráil maidir le bearta chun leathadh Anoplophora chinensis (Forster) (“an lotnaid shonraithe”) laistigh den Aontas a chosc, maille lena thabhairt isteach san Aontas.

(2)

Maidir le ráigeanna na lotnaide sonraithe a tharla le déanaí i roinnt Ballstát agus an taithí a fuarthas le linn chur i bhfeidhm Chinneadh Cur Chun Feidhme 2012/138/AE, is léir gur gá na bearta sin a thabhairt cothrom le dáta chun cur chuige níos spriocdhírithe a bheith acu chun faireachas i ndáil le rialú a dhéanamh ar an lotnaid shonraithe i gcríoch an Aontais.

(3)

Áirítear in Airteagal 1, pointe (a), de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2012/138/AE liosta de phlandaí sonraithe, óstaigh na lotnaide sonraithe ar tuairiscíodh an lotnaid sin ina leith i gcríoch an Aontais. Tá na plandaí sonraithe sin faoi réir ceanglais maidir le tabhairt isteach, gluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais, agus díothú nó imshrianadh na lotnaide sin.

(4)

Tá na plandaí sonraithe sin fós ina n-ábhar imní fíteashláintíochta. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo freisin maidir le liosta den sórt sin de phlandaí sonraithe, faoi réir na mbeart faoi seach. Tar éis an lotnaid shonraithe a aimsiú ar phlandaí Vaccinium corymbosum, Melia spp., Ostrya spp. agus Photinia spp. agus ós rud é gur plandaí óstacha den lotnaid shonraithe iad na plandaí sin, ba cheart iad a chur leis an liosta sin.

(5)

Na plandaí óstacha atá i ann i gcríoch an Aontais, is é sin plandaí de Acer spp., Aesculus hippocastanum, Alnus spp., Betula spp., Carpinus spp., Chaenomeles spp., Citrus spp., Cornus spp., Corylus spp., Cotoneaster spp., Crataegus spp., Cryptomeria spp., Fagus spp., Ficus spp., Hibiscus spp., Lagerstroemia spp., Malus spp., Melia spp., Morus spp., Ostrya spp., Parrotia spp., Photinia spp., Platanus spp., Populus spp., Prunus laurocerasus, Pyrus spp., Rosa spp., Salix spp. agus Ulmus spp. agus Vaccinium corymbosum, ba cheart iad a bheith faoi réir faireachas bliantúil chun a áirithiú go bhfuil a liosta cothrom le dáta agus bunaithe ar na forbairtí teicniúla agus eolaíocha.

(6)

Chun forléargas níos fearr ar láithreacht na lotnaide sonraithe a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit na suirbhéanna bliantúla maidir leis an láithreacht sin a threisiú agus modhanna a úsáid i gcomhréir leis an bhfaisnéis eolaíoch agus theicniúil is déanaí.

(7)

Chun an lotnaid shonraithe a dhíothú agus chun a leathadh ar chríoch an Aontais a chosc, ba cheart do na Ballstáit limistéir chríochaithe a bhunú ina mbeidh crios inmhíolaithe agus crios maolánach agus ba cheart dóibh bearta díothaithe a chur i bhfeidhm. 2 km ar leithead ba cheart a bheith sa chrios mhaolánach, mar is iomchuí sin agus cumas na lotnaide sonraithe sin í féin a leathadh á chur san áireamh.

(8)

I gcásanna aonraithe den lotnaid shonraithe, áfach, níor cheart é a bheith riachtanach limistéar críochaithe a bhunú más féidir an lotnaid shonraithe a dhíothú i ndáil leis na plandaí sin, agus má tá fianaise ann gur inmhíolaíodh na plandaí sin sular tugadh isteach sa limistéar iad, nó gur cás aonraithe a aimsíodh é sin, nach bhfuil coinne leis go mbunófar an lotnaid dá bharr. Is é sin an cur chuige is comhréirí, a fhad is a dheimhníonn na suirbhéanna a dhéantar sa limistéar lena mbaineann nach ann don lotnaid shonraithe.

(9)

I limistéir áirithe de chríoch an Aontais, ní féidir an lotnaid shonraithe a dhíothú a thuilleadh. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit lena mbaineann bearta a chur i bhfeidhm chun an lotnaid sin a imshrianadh laistigh de na limistéir sin, seachas iad a dhíothú. Níor cheart na bearta sin a bheith chomh dian céanna leis na bearta díothaithe, ach ba cheart cur chuige suirbhé dícheallach a áirithiú leo mar aon le níos mó gníomhaíochtaí réamhchúraim, go príomha sna criosanna maolánacha faoi seach, chun leathadh na lotnaide sonraithe chuig an gcuid eile de chríoch an Aontais a chosc.

(10)

Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir le gach limistéar críochaithe le haghaidh imshrianadh a bhfuil sé beartaithe acu é a ainmniú nó a mhodhnú, ionas go bhféadfaidh an Coimisiún forléargas a fháil ar leathadh na lotnaide sonraithe i gcríoch an Aontais, agus ionas go mbeidh siad in ann athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo agus an limistéar sin a áireamh i liosta de limistéir chríochaithe le haghaidh imshrianadh.

(11)

Chun a áirithiú go mbainfear láithreach na plandaí inmhíolaithe agus go gcuirfear cosc ar leathadh breise na lotnaide sonraithe chuig an gcuid eile de chríoch an Aontais, ba cheart na suirbhéanna ar na criosanna maolánacha a dhéanamh go bliantúil ag an tráth is iomchuí den bhliain agus ba cheart iad a dhéanamh le déine leordhóthanach, ag cur san áireamh go bhféadfadh na húdaráis inniúla faireachán breise a dhéanamh ar na plandaí óstacha sna criosanna inmhíolaithe le haghaidh imshrianadh.

(12)

Maidir le speicis phlandaí arb eol go bhfuil siad soghabhálach i leith na lotnaide sonraithe a braitheadh sa limistéar críochaithe agus a fásadh ar feadh cuid dá saol ar a laghad sa limistéar críochaithe sin nó a aistríodh tríd an limistéar sin, bheadh sé níos dóchúla go mbeadh siad inmhíolaithe leis an lotnaid shonraithe. Dá bhrí sin, tá bonn cirt le ceanglais speisialta a shuí maidir le gluaiseacht na bplandaí sonraithe laistigh de chríoch an Aontais.

(13)

Chun trádáil a éascú agus sláinte plandaí a chosaint an tráth céanna, ba cheart deimhniú fíteashláintíochta a bheith ag gabháil le plandaí óstacha de thionscnamh tríú tír nach bhfuil an lotnaid sin inti, nuair a thugtar isteach i gcríoch an Aontais iad, lena n-áirítear dearbhú breise ina luaitear go bhfuil an tír sin saor ón lotnaid shonraithe.

(14)

Chun a áirithiú go mbeidh plandaí óstacha a thugtar isteach i gcríoch an Aontais ó limistéir de thríú tíortha arb eol go bhfuil an lotnaid shonraithe iontu saor ón lotnaid shonraithe, ba cheart na ceanglais maidir lena dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais a bheith comhchosúil leis na ceanglais a leagtar amach maidir le gluaiseacht plandaí sonraithe de thionscnamh limistéar críochaithe.

(15)

I bhfianaise na fianaise eolaíche agus teicniúla is déanaí, agus maidir leis na gníomhaíochtaí suirbhéireachta a dhéanann tríú tíortha chun a dheimhniú nach ann don lotnaid shonraithe i limistéir ina gcríoch nó i láithreáin táirgthe atá údaraithe i ndáil le honnmhairiú chuig críoch an Aontais, ba cheart na gníomhaíochtaí sin a ghéarú.

(16)

Is iomchuí rialacha a shuí maidir le seiceálacha oifigiúla ar ghluaiseachtaí plandaí sonraithe amach as na limistéir chríochaithe go dtí an chuid eile de chríoch an Aontais, agus rialacha maidir le tabhairt isteach plandaí óstacha ó thríú tíortha i gcríoch an Aontais.

(17)

Ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/138/AE a aisghairm.

(18)

A mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí suirbhéireachta a dhéantar i limistéir de chríoch an Aontais arb eol nach ann don lotnaid shonraithe iontu nó i limistéir nó láithreáin táirgthe tríú tíortha, is iomchuí am leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit agus do thríú tíortha na gníomhaíochtaí sin a dhearadh ionas go mbeidh leibhéal leordhóthanach muiníne staidrimh ag dul leo. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí suirbhéireachta sin ón 1 Eanáir 2025.

(19)

Na forálacha a bhaineann le suirbhéanna a dhéanamh i limistéir chríochaithe ar bhonn threoirlínte ginearálta an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) do shuirbhéanna ar lotnaidí plandaí atá fónta ó thaobh staidrimh de agus atá bunaithe ar riosca (3), ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha sin ón 1 Eanáir 2025 chun am leordhóthanach a thabhairt do na húdaráis inniúla acmhainní leordhóthanacha a phleanáil, a ullmhú agus a leithdháileadh le haghaidh suirbhéanna den sórt sin.

(20)

Ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha a bhaineann leis na pleananna teagmhais ón 1 Lúnasa 2023 chun am leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit na pleananna sin a ullmhú.

(21)

Na ceanglais maidir le tabhairt isteach plandaí sonraithe i gcríoch an Aontais ó thríú tíortha, ba cheart feidhm a bheith acu ón 1 Iúil 2024 chun am leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit, do na tríú tíortha agus do na hoibreoirí gairmiúla lena mbaineann iad féin ullmhú chun na ceanglais sin a chur chun feidhme.

(22)

Ní mór measúnú breise a dhéanamh ar riosca fíteashláintíochta na lotnaide sonraithe maidir le críoch an Aontais, ós rud é go bhfuil raon iomlán na bplandaí óstacha fós le cinneadh ar bhonn a leata laistigh de chríoch an Aontais agus ar bhonn aon fhianaise theicniúil agus eolaíoch a bhailítear ón gcuid eile den domhan. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo go dtí an 31 Nollaig 2029 chun go bhféadfar measúnú breise a dhéanamh agus ansin chun athbhreithniú a dhéanamh ar an measúnú sin.

(23)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar amach sa Rialachán seo bearta chun cosc a chur le tabhairt isteach, bunú agus leathadh Anoplophora chinensis (Forster), i gcríoch an Aontais, agus bearta maidir lena dhíothú nó a imshrianadh má aimsítear an lotnaid sin sa chríoch sin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “lotnaid shonraithe”Anoplophora chinensis (Forster),

(2)

ciallaíonn “plandaí sonraithe” plandaí le haghaidh plandú a bhfuil trastomhas an ghais nó trastomhas choiléar na bhfréamhacha 1 cm nó níos mó ná sin ag a bpointe is tibhe, is é sin plandaí Acer spp., Aesculus hippocastanum, Alnus spp., Betula spp., Carpinus spp., Citrus spp., Cornus spp., Corylus spp., Cotoneaster spp., Crataegus spp., Fagus spp., Lagerstroemia spp., Malus spp., Melia spp., Ostrya spp., Photinia spp., Platanus spp., Populus spp., Prunus laurocerasus, Pyrus spp., Rosa spp., Salix spp., Ulmus spp. agus Vaccinium corymbosum,

(3)

ciallaíonn “láthair táirgthe” láthair táirgthe mar a shainmhínítear i gCaighdeán Idirnáisiúnta FAO maidir le Bearta Fíteashláintíochta (“CIBF”) Uimh. 5 (4),

(4)

ciallaíonn “plandaí óstacha” plandaí le haghaidh plandú a bhfuil trastomhas an ghais nó trastomhas choiléar na bhfréamhacha 1 cm nó níos mó ná sin acu ag an bpointe is tibhe, is é sin plandaí Acer spp., Aesculus hippocastanum, Alnus spp., Betula spp., Carpinus spp., Chaenomeles spp., Citrus spp., Cornus spp., Corylus spp., Cotoneaster spp., Crataegus spp., Cryptomeria spp., Fagus spp., Ficus spp., Hibiscus spp., Lagerstroemia spp., Malus spp., Melia spp., Morus spp., Ostrya spp., Parrotia spp., Photinia spp., Platanus spp., Populus spp., Prunus laurocerasus, Pyrus spp., Rosa spp., Salix spp., Ulmus spp. agus Vaccinium corymbosum,

(5)

ciallaíonn “plandaí táscacha” plandaí sonraithe atá plandaithe go sonrach chun tacú le luathbhrath na lotnaide sonraithe agus a úsáidtear chun faireachas a dhéanamh.

CAIBIDIL II

SUIRBHÉANNA BLIANTÚLA MAIDIR LEIS AN LOTNAID SHONRAITHE A BHEITH ANN AGUS NA PLEANANNA TEAGMHAIS

Airteagal 3

Suirbhéanna ar na plandaí óstacha sna Ballstáit

1.   Déanfaidh údaráis inniúla suirbhéanna rioscabhunaithe bliantúla ar na plandaí óstacha i limistéir a gcríoch nach eol go bhfuil an lotnaid shonraithe ann chun a fháil amach an ann don lotnaid shonraithe.

Le scéim deartha agus samplála na suirbhéanna sin, beifear in ann leibhéal íseal láithreachta plandaí inmhíolaithe a bhrath laistigh den Bhallstát lena mbaineann le leibhéal leordhóthanach muiníne. Beidh na suirbhéanna bunaithe ar threoirlínte ginearálta an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) do shuirbhéanna ar lotnaidí plandaí atá fónta ó thaobh staidrimh de agus atá bunaithe ar riosca.

2.   Déanfar na suirbhéanna:

(a)

ar bhonn leibhéal an riosca fíteashláintíochta faoi seach,

(b)

faoi aer, agus i bplandlanna, ionaid gharraíodóireachta, ionaid trádála, limistéir nádúrtha agus uirbeacha agus láithreáin ábhartha eile de réir mar is iomchuí,

(c)

ag tráthanna iomchuí den bhliain maidir leis an bhféidearthacht an lotnaid shonraithe a bhrath, agus bitheolaíocht na lotnaide sin, láithreacht agus bitheolaíocht na bplandaí óstacha, agus an fhaisnéis eolaíoch agus theicniúil dá dtagraítear i gCárta Suirbhé Lotnaidí an Údaráis ar Anoplophora chinensis (5) á gcur san áireamh.

3.   Is éard a bheidh sna suirbhéanna:

(a)

scrúdú amhairc ar phlandaí óstacha, agus

(b)

i gcás inarb iomchuí, samplaí a bhailiú agus plandaí le haghaidh plandú a thástáil.

D’fhonn comhlánú a dhéanamh ar scrúduithe amhairc, féadfar madraí bolaíochta atá oilte go sonrach a úsáid, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 4

Pleananna teagmhais

1.   Suífidh gach Ballstát, i dteannta na n-oibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2016/2031, plean teagmhasach ina leagfar amach na gníomhaíochtaí atá le déanamh ar a chríoch maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an lotnaid shonraithe a dhíothú, mar a leagtar amach in Airteagal 8,

(b)

gluaiseachtaí plandaí sonraithe laistigh de chríoch an Aontais, mar a leagtar amach in Airteagal 10,

(c)

na cigireachtaí oifigiúla atá le déanamh ar ghluaiseachtaí plandaí sonraithe laistigh de chríoch an Aontais agus ar ghluaiseachtaí plandaí óstacha isteach i gcríoch an Aontais, mar a leagtar amach in Airteagail 10 agus 11,

(d)

na hacmhainní íosta atá le cur ar fáil agus na nósanna imeachta chun na hacmhainní breise sin a chur ar fáil i gcás ina bhfuil amhras ann gur ann don lotnaid shonraithe nó i gcás ina ndeimhneofar gur ann di,

(e)

rialacha ina sonraítear na nósanna imeachta chun úinéirí na bplandaí atá le baint a shainaithint, fógra faoin ordú um baint a thabhairt agus rochtain a fháil ar mhaoin phríobháideach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit a bpleananna teagmhais a thabhairt cothrom le dáta, de réir mar is iomchuí, faoin 31 Nollaig gach bliain.

CAIBIDIL III

LIMISTÉIR CHRÍOCHAITHE

Airteagal 5

Limistéir chríochaithe a bhunú

1.   I gcás ina ndeimhnítear go hoifigiúil gur ann don lotnaid shonraithe, bunóidh an Ballstát lena mbaineann limistéar críochaithe gan mhoill arb é a bheidh ann:

(a)

crios ina bhfuil na plandaí inmhíolaithe agus na plandaí sonraithe uile a d’fhéadfadh a bheith inmhíolaithe laistigh de gha 100 m timpeall ar phlandaí inmhíolaithe (“crios inmhíolaithe”),

(b)

crios maolánach atá 2 km ar a laghad ar leithead thar theorainn an limistéir inmhíolaithe.

2.   Beidh teorannú an limistéir chríochaithe bunaithe ar phrionsabail eolaíocha, ar bhitheolaíocht na lotnaide sonraithe, ar leibhéal an inmhíolaithe, ar dháileadh sonrach na bplandaí óstacha sa limistéar lena mbaineann agus ar an bhfianaise gur ann don lotnaid shonraithe.

3.   Chun bearta díothaithe dá dtagraítear in Airteagal 8 a dhéanamh agus i gcás ina measann an t-údarás inniúil gur féidir an lotnaid shonraithe a dhíothú, agus cúinsí na ráige á gcur san áireamh, amhail a méid agus a suíomh, leibhéal an inmhíolaithe nó líon agus dáileadh na bplandaí óstacha, féadfar leithead an chreasa mhaolánaigh a laghdú go leithead nach lú ná 1 km.

4.   Chun na bearta imshrianta dá dtagraítear in Airteagal 9 a ghlacadh, is crios maolánach ar leithead 4 km ar a laghad a bheidh ann.

Féadfar leithead an chreasa mhaolánaigh a laghdú go 2 km ar a laghad, agus imthosca na ráige á gcur san áireamh, amhail méid agus láthair na ráige, leibhéal an inmhíolaithe nó líon agus dáileadh na bplandaí óstacha.

5.   I gcás inar deimhníodh go hoifigiúil gur ann don lotnaid shonraithe i gcrios maolánach limistéir chríochaithe le haghaidh imshrianadh, beidh feidhm ag Airteagail 17 agus 18 de Rialachán (AE) 2016/2031.

Airteagal 6

Maoluithe ar limistéir chríochaithe a bhunú

1.   De mhaolú ar Airteagal 5, féadfaidh na húdaráis inniúla rogha a dhéanamh gan limistéar críochaithe a bhunú má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá fianaise ann gur tugadh an lotnaid shonraithe isteach sa limistéar leis na plandaí ar ar aimsíodh í agus go raibh na plandaí sin inmhíolaithe sular tugadh isteach sa limistéar atá i gceist iad, nó gur cás aonraithe a aimsíodh é sin, nach bhfuil coinne leis go mbunófar an lotnaid dá bharr, agus

(b)

faightear nach bhfuil an lotnaid shonraithe bunaithe agus nach féidir an lotnaid shonraithe a leathadh agus a phórú ar bhealach rathúil de bharr a bitheolaíochta, ar bhonn torthaí imscrúdaithe shonraigh agus ar bhonn bearta díothaithe a rinneadh.

2.   I gcás ina n-úsáideann an t-údarás inniúil an maolú dá bhforáiltear i mír 1, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

bearta a ghlacadh láithreach chun díothú pras na lotnaide sonraithe a áirithiú agus chun an fhéidearthacht go scaipfí í a chur as an áireamh,

(b)

le linn saolré amháin ar a laghad den lotnaid shonraithe móide bliain bhreise amháin, agus ceithre bliana as a chéile ar a laghad, déanfaidh sé faireachán ar leithead 1 km ar a laghad timpeall ar na plandaí inmhíolaithe nó ar an áit inar aimsíodh an lotnaid shonraithe, go rialta agus go dian le linn na chéad bhliana ar a laghad,

(c)

aon ábhar plandaí inmhíolaithe a scriosadh,

(d)

tionscnamh an inmhíolaithe agus na bplandaí a bhaineann leis an inmhíolú a rianú siar a mhéid is féidir agus scrúdú a dhéanamh ar na plandaí sin le haghaidh aon chomhartha inmhíolaithe, lena n-áirítear trí shampláil scriosach spriocdhírithe,

(e)

feasacht an phobail a ardú maidir leis an mbagairt a bhaineann leis an lotnaid shonraithe, agus

(f)

aon bheart eile a dhéanamh a d’fhéadfadh cuidiú leis an lotnaid shonraithe a dhíothú, agus aird á tabhairt ar CIBF Uimh. 9 (6) agus cur chuige comhtháite á chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in CIBF Uimh. 14 (7).

Airteagal 7

Deireadh a chur leis an gcríochú

1.   Féadfar deireadh a chur leis an gcríochú más rud é, bunaithe ar na suirbhéanna dá dtagraítear in Airteagal 8(1), pointe (h), nach mbraitear an lotnaid shonraithe i limistéar críochaithe ar feadh saolré amháin ar a laghad den lotnaid shonraithe móide bliain amháin sa bhreis, san iomlán is é sin tréimhse nach lú ná ceithre bliana as a chéile.

Chun críocha na chéad fhomhíre, beidh fad beacht shaolré na lotnaide sonraithe ag brath ar fhianaise atá ar fáil maidir leis an limistéar lena mbaineann nó le crios aeráide comhchosúil.

2.   Féadfar deireadh a chur leis an gcríochú freisin i gcásanna ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 6(1).

CAIBIDIL IV

BEARTA DÍOTHAITHE AGUS IMSHRIANTA

Airteagal 8

Bearta díothaithe

1.   Sna limistéir chríochaithe a bhfuil díothú le déanamh iontu, déanfaidh na húdaráis inniúla na bearta uile seo a leanas:

(a)

plandaí agus plandaí inmhíolaithe a bhfuil amhras ann go bhfuil siad inmhíolaithe a leagan láithreach, agus a bhfréamhacha a bhaint go hiomlán,

(b)

na plandaí sonraithe uile a leagan láithreach agus a bhfréamhacha a bhaint laistigh de gha 100 m timpeall ar phlandaí inmhíolaithe, agus scrúdú a dhéanamh ar na plandaí sonraithe sin le haghaidh aon chomhartha inmhíolaithe, ach amháin i gcásanna inar aimsíodh na plandaí inmhíolaithe lasmuigh de thréimhse eitilte na lotnaide sonraithe, nuair a dhéanfar an leagan agus an bhaint in am roimh thús na chéad tréimhse eitilte eile,

(c)

plandaí a leagadh i gcomhréir le pointí (a) agus (b) agus a bhfréamhacha a bhaint, a scrúdú agus a dhiúscairt go sábháilte, agus gach réamhchúram is gá a dhéanamh chun leathadh na lotnaide sonraithe a sheachaint le linn an leagain agus dá éis,

(d)

toirmeasc ar aon ábhar a d’fhéadfadh a bheith inmhíolaithe a aistriú amach as an limistéar críochaithe,

(e)

imscrúdú ar thionscnamh an inmhíolaithe trí na plandaí a rianú siar a mhéid is féidir agus scrúdú ar na plandaí sin le haghaidh aon chomhartha inmhíolaithe, lena n-áirítear trí shampláil scriosach spriocdhírithe,

(f)

speicis plandaí neamh-shoghabhálacha eile a chur in ionad plandaí sonraithe, i gcás inarb iomchuí,

(g)

toirmeasc ar phlandaí sonraithe nua a phlandáil taobh amuigh den limistéar dá dtagraítear i bpointe (b), seachas na láithreacha táirgthe dá dtagraítear in Airteagal 10(1),

(h)

suirbhéanna arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 3(2) agus (3), ar na plandaí óstacha sa limistéar críochaithe, ag díriú go sonrach ar an gcrios maolánach, chun teacht ar an lotnaid shonraithe agus lena n-áirítear, nuair is iomchuí, sampláil scriosach spriocdhírithe arna ndéanamh ag an údarás inniúil agus an líon samplaí sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 13(1) a chur in iúl,

(i)

i gcásanna plandaí táscacha, beidh na plandaí sin faoi réir cigireachtaí uair amháin sa mhí ar a laghad agus déanfar iad a scriosadh agus a scrúdú tar éis dhá bhliain ar a dhéanaí,

(j)

feasacht an phobail a ardú maidir le bagairt na lotnaide sonraithe agus maidir leis na bearta arna nglacadh chun tabhairt isteach na lotnaide sin agus a leathadh laistigh de chríoch an Aontais a chosc, lena n-áirítear na coinníollacha maidir le gluaiseacht plandaí sonraithe ón limistéar críochaithe,

(k)

i gcás inar gá, bearta sonracha chun aghaidh a thabhairt ar aon sainiúlacht nó castacht a bhféadfaí coinne a bheith leis le réasún go gcuirfeadh sé cosc, bac nó moill ar dhíothú, go háirithe na bearta sin a bhaineann le hinrochtaineacht agus díothú leordhóthanach na bplandaí uile atá inmhíolaithe nó a bhfuil amhras ann go bhfuil siad inmhíolaithe, gan beann ar a suíomh, ar úinéireacht phoiblí nó phríobháideach ná ar an duine á ar an eintiteas atá freagrach astu,

(l)

aon bheart eile a d’fhéadfadh cuidiú leis an lotnaid shonraithe a dhíothú, i gcomhréir le Caighdeán Idirnáisiúnta maidir le Bearta Fíteashláintíochta Uimh. 9 (8) agus le cur chuige córas a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in CIBF Uimh. 14 (9).

I gcás na chéad fhomhíre, pointe (a), nuair nach féidir stumpaí agus fréamhacha dromchla atá fréamhaithe go domhain a bhaint, cuirfear sa talamh iad go pointe 40 cm ar a laghad faoi bhun leibhéal an dromchla, nó beidh siad clúdaithe le hábhar feithid-díonach.

Treiseofar na suirbhéanna dá dtagraítear i mír (1), pointe (h), i gcomparáid leis na suirbhéanna dá dtagraítear in Airteagal 3.

Beidh na suirbhéanna sa chrios maolánach bunaithe ar threoirlínte ginearálta an Údaráis do shuirbhéanna ar lotnaidí plandaí atá fónta ó thaobh staidrimh de agus atá bunaithe ar riosca agus, le dearadh na suirbhéanna agus an scéim samplála a úsáidtear sa chrios maolánach, beifear in ann leibhéal láithreachta plandaí inmhíolaithe 1 % ar a laghad a shainaithint le leibhéal 95 % muiníne ar a laghad.

2.   De mhaolú ar mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (b), i gcás ina dtagann údarás inniúil ar an gconclúid nach bhfuil an leagan iomchuí do líon teoranta plandaí aonair, mar gheall ar an luach sóisialta, cultúrtha nó comhshaoil ar leith atá acu, beidh na plandaí aonair sin faoi réir scrúdú aonair míosúil i leith aon chomhartha inmhíolaithe agus i leith bearta malartacha ar leagan lena n-áiritheofaí ardleibhéal cosanta chun cosc a chur ar leathadh féideartha na lotnaide sonraithe ó na plandaí sin.

Déanfar na cúiseanna leis an gconclúid sin agus na bearta arna nglacadh dá thoradh a chur in iúl don Choimisiún sa tuarascáil faoi Airteagal 13.

Airteagal 9

Bearta imshrianta

1.   Nuair a dheimhnítear le torthaí na suirbhéanna dá dtagraítear in Airteagal 8(1), pointe (h), gur ann don lotnaid shonraithe i limistéar ar feadh níos mó ná ceithre bliana as a chéile agus go bhfuil fianaise ann nach féidir an lotnaid shonraithe a dhíothú a thuilleadh, féadfaidh na húdaráis inniúla na bearta a theorannú d’imshrianadh na lotnaide sonraithe.

Sna limistéir chríochaithe le haghaidh imshrianadh, déanfaidh na húdaráis inniúla na bearta seo a leanas:

(a)

cuirfear tús láithreach le leagan plandaí inmhíolaithe agus plandaí a bhfuil siomptóim orthu a bhfuil an lotnaid shonraithe ina cúis leo, agus bainfear a bhfréamhacha go hiomlán, cuirfear na gníomhaíochtaí uile i gcrích in am roimh thús na chéad tréimhse eitilte eile,

(b)

plandaí a leagadh agus a bhfréamhacha a bhaint, a scrúdú agus a dhiúscairt, agus gach réamhchúram is gá a dhéanamh chun leathadh na lotnaide sonraithe a sheachaint le linn an leagain agus dá éis,

(c)

toirmeasc ar aon ábhar a d’fhéadfadh a bheith inmhíolaithe a aistriú amach as an limistéar críochaithe,

(d)

i gcás inarb iomchuí, plandaí neamh-shoghabhálacha eile a chur in ionad plandaí sonraithe,

(e)

toirmeasc ar phlandaí sonraithe nua a phlandáil faoin aer sa chrios inmhíolaithe, seachas sna láithreacha táirgthe dá dtagraítear in Airteagal 10(1),

(f)

suirbhéanna arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 3(2) agus (3), ar na plandaí óstacha sa chrios maolánach ar láithreacht na lotnaide sonraithe, ag tráthanna iomchuí agus lena n-áirítear, nuair is iomchuí, sampláil scriosach spriocdhírithe,

(g)

i gcásanna ina n-úsáidtear plandaí táscacha, beidh na plandaí sin faoi réir cigireachtaí uair amháin sa mhí ar a laghad agus déanfar iad a scriosadh agus a scrúdú tar éis dhá bhliain ar a dhéanaí,

(h)

feasacht an phobail a ardú maidir le bagairt na lotnaide sonraithe agus maidir leis na bearta arna nglacadh chun tabhairt isteach na lotnaide sin agus a leathadh laistigh de chríoch an Aontais a chosc, lena n-áirítear na coinníollacha maidir le gluaiseacht plandaí sonraithe amach as an limistéar críochaithe arna bhunú de bhun Airteagal 5,

(i)

i gcás inar gá, bearta sonracha chun aghaidh a thabhairt ar aon sainiúlacht nó castacht a bhféadfaí coinne a bheith leis le réasún go gcuirfeadh sé cosc, bac nó moill ar imshrianadh, go háirithe na bearta sin a bhaineann le hinrochtaineacht agus leagan agus scriosadh leordhóthanach na bplandaí uile atá inmhíolaithe nó a bhfuil amhras ann go bhfuil siad inmhíolaithe, gan beann ar a suíomh, ar a núinéireacht ná ar an duine ná ar an eintiteas atá freagrach astu,

(j)

aon bheart eile a d’fhéadfadh cuidiú leis an lotnaid shonraithe a imshrianadh.

I gcás an dara fomhír, pointe (a), nuair nach féidir stumpaí agus fréamhacha dromchla atá fréamhaithe go domhain a bhaint, cuirfear sa talamh iad go pointe 40 cm ar a laghad faoi bhun leibhéal an dromchla, nó beidh siad clúdaithe le hábhar feithid-díonach.

Treiseofar na suirbhéanna dá dtagraítear sa dara fomhír, pointe (f) i gcomparáid leis na suirbhéanna dá dtagraítear in Airteagal 3.

Beidh na suirbhéanna sin bunaithe ar threoirlínte ginearálta an Údaráis do shuirbhéanna ar lotnaidí plandaí atá fónta ó thaobh staidrimh de agus atá bunaithe ar riosca agus, le dearadh na suirbhéanna agus an scéim samplála a úsáidtear, beifear in ann leibhéal láithreachta plandaí inmhíolaithe 1 % ar a laghad a shainaithint le leibhéal 95 % muiníne ar a laghad.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir le gach limistéar críochaithe le haghaidh imshrianadh a bhfuil sé beartaithe acu a ainmniú nó a mhodhnú.

CAIBIDIL V

GLUAISEACHTAÍ LAISTIGH DE CHRÍOCH AN AONTAIS

Airteagal 10

Gluaiseachtaí laistigh de chríoch an Aontais

1.   Plandaí sonraithe de thionscnamh limistéar críochaithe arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 5, ní fhéadfar iad a aistriú amach as na limistéir chríochaithe ná amach as na criosanna inmhíolaithe isteach sna criosanna maolánacha ach amháin má ghabhann pas plandaí leo arna ullmhú agus arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagail 78 go 95 de Rialachán (AE) 2016/2031, agus má fásadh iad ar feadh dhá bhliain ar a laghad roimh an ngluaiseacht, nó i gcás plandaí atá níos óige ná dhá bhliain d’aois, ar feadh a saoil, i láthair táirgthe a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas ar fad:

(a)

cláraítear é i gcomhréir le hAirteagal 65 de Rialachán (AE) 2016/2031,

(b)

rinneadh dhá chigireacht oifigiúla ar a laghad uirthi gach bliain le haghaidh aon chomhartha den lotnaid shonraithe, agus sin déanta ag tráthanna iomchuí, agus níor aimsíodh aon chomhartha den sórt sin,

(c)

tá sí suite i limistéar críochaithe ina ndearnadh suirbhéanna oifigiúla maidir le láithreacht nó comharthaí na lotnaide sonraithe gach bliain laistigh de leithead 1 km ar a laghad timpeall an láithreáin ag tráthanna iomchuí agus níor aimsíodh aon lotnaid shonraithe nó comharthaí inti agus i gcás inar fásadh na plandaí i suíomh:

(i)

lena mbaineann cosaint fhisiceach ar thabhairt isteach na lotnaide sonraithe,

(ii)

ina bhfuil cóireálacha coisctheacha iomchuí curtha i bhfeidhm, nó

(iii)

ina ndéantar sampláil scriosach spriocdhírithe ar gach lota plandaí sonraithe roimh a ghluaiseacht.

Cuimseofar sna cigireachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), sampláil scriosach spriocdhírithe ar fhréamhacha agus ar ghais plandaí. Beidh méid an tsampla a bhfuil cigireacht le déanamh air leordhóthanach chun leibhéal inmhíolaithe 1 % ar a laghad a aimsiú ar leibhéal muiníne 99 %.

Déanfar an tsampláil scriosach spriocdhírithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), ar an leibhéal a leagtar amach sa tábla in Iarscríbhinn II.

Beidh na suirbhéanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c) bunaithe ar threoirlínte ginearálta an Údaráis do shuirbhéanna ar lotnaidí plandaí atá fónta ó thaobh staidrimh de agus atá bunaithe ar riosca agus, le dearadh na suirbhéanna agus an scéim samplála a úsáidtear, beifear in ann leibhéal láithreachta plandaí inmhíolaithe 1 % ar a laghad a shainaithint le leibhéal 95 % muiníne ar a laghad.

Fréamhstoic a fhástar i láthair táirgthe agus a chomhlíonann ceanglais uile na chéad fhomhíre, féadfar iad a bheangú le beangáin nár fásadh faoi na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ach nach bhfuil níos mó ná 1 cm ar trastomhas ag a bpointe is tibhe.

2.   Plandaí sonraithe nach de thionscnamh limistéar críochaithe iad, ach a thugtar isteach i láthair táirgthe sna limistéir sin, ní fhéadfar iad a aistriú laistigh de chríoch an Aontais ach amháin má chomhlíonann an láthair táirgthe sin na ceanglais atá leagtha amach i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (c), agus ní fhéadfar sin a dhéanamh ach amháin má tá pas plandaí dá dtagraítear i mír 1 ag gabháil leis na plandaí sin.

3.   Plandaí sonraithe a allmhairítear ó thríú tíortha, áit arb eol an lotnaid shonraithe a bheith ann, i gcomhréir le Caibidil VI, ní fhéadfar iad a aistriú laistigh de chríoch an Aontais ach amháin má tá an pas plandaí dá dtagraítear i mír 1 ag gabháil leo.

CAIBIDIL VI

PLANDAÍ SONRAITHE DE THIONSCNAMH TRÍÚ TÍR A THABHAIRT ISTEACH I gCRÍOCH AN AONTAIS

Airteagal 11

Plandaí de thionscnamh tríú tír arb eol nach ann don lotnaid shonraithe inti

Plandaí sonraithe de thionscnamh tríú tír, áit arb eol nach ann don lotnaid shonraithe inti, ní fhéadfar iad a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

chuir eagraíocht náisiúnta cosanta plandaí an tríú tír lena mbaineann in iúl i scríbhinn don Choimisiún gurb eol nach ann don lotnaid shonraithe sa tír sin, agus

(b)

tá deimhniú fíteashláintíochta ag gabháil leis na plandaí óstacha ina luaitear, faoin rúibric “Dearbhú Breise” nach ann don lotnaid shonraithe sa tríú tír lena mbaineann.

Airteagal 12

Plandaí sonraithe de thionscnamh tríú tíortha arb eol gur ann don lotnaid shonraithe iontu

1.   Plandaí sonraithe de thionscnamh tríú tíortha arb eol gur ann an lotnaid shonraithe iontu, beidh deimhniú fíteashláintíochta ag gabháil leo ina léireofar faoin rúibric “Dearbhú Breise” ceann díobh seo a leanas:

(a)

fásadh na plandaí ar feadh a saoil i láthair táirgthe atá cláraithe agus faoi mhaoirseacht na heagraíochta náisiúnta cosanta plandaí sa tír thionscnaimh agus atá suite i limistéar saor ó lotnaidí arna bhunú ag an eagraíocht sin i gcomhréir le Caighdeáin Idirnáisiúnta ábhartha maidir le Bearta Fíteashláintíochta agus ar bhonn suirbhéanna oifigiúla,

(b)

fásadh na plandaí ar feadh tréimhse dhá bhliain ar a laghad roimh a n-onnmhairiú nó i gcás plandaí atá níos óige ná dhá bhliain, fásadh iad ar feadh a saoil i láthair táirgthe:

(i)

inar suíodh go bhfuil sí saor ó lotnaidí sonraithe i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta maidir le Bearta Fíteashláintíochta,

(ii)

atá cláraithe agus faoi mhaoirseacht ag an eagraíocht náisiúnta cosanta plandaí sa tír thionscnaimh,

(iii)

ar a ndearnadh dhá chigireacht oifigiúla ar a laghad gach bliain le haghaidh aon chomhartha den lotnaid shonraithe, agus sin déanta ag tráthanna iomchuí, agus nár aimsíodh aon chomhartha den lotnaid inti, agus

(iv)

inar fásadh na pandaí i láithreán:

lena mbaineann cosaint fhisiceach ar thabhairt isteach na lotnaide sonraithe, nó

inar cuireadh i bhfeidhm cóireálacha coiscthe iomchuí agus a bhfuil crios maolánach a bhfuil leithead 1 km ar a laghad aige timpeall air ina ndéantar suirbhéanna oifigiúla go bliantúil ag tráthanna iomchuí chun a fháil amach an ann don lotnaid shonraithe, agus

(v)

ina raibh na coinsíneachtaí plandaí, díreach sula ndearnadh onnmhairiú, faoi réir cigireacht oifigiúil chun an lotnaid shonraithe a aimsiú, go háirithe ar fhréamhacha agus ar ghais, lena n-áirítear sampláil scriosach, nó

(c)

fásadh na plandaí ó fhréamhstoic a chomhlíonann ceanglais phointe (b), nó atá beangaithe le beangáin a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)

tráth an onnmhairithe, ní mó ná 1 cm ar trastomhas na beangáin bheangaithe ag a bpointe is tibhe, agus

(ii)

iniúchadh na plandaí beangaithe i gcomhréir le pointe (b)(iii).

Luafar ainm an limistéir saor ó lotnaidí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), faoin rúibric “láthair tionscnaimh”.

Na suirbhéanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), bhí siad bunaithe ar threoirlínte ginearálta an Údaráis do shuirbhéanna ar lotnaidí plandaí atá fónta ó thaobh staidrimh de agus atá bunaithe ar riosca agus le dearadh na suirbhéanna agus an scéim samplála a úsáideadh bhíothas in ann leibhéal íseal láithreachta plandaí inmhíolaithe a shainaithint ar leibhéal muiníne leordhóthanach.

Na suirbhéanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b)(iv), an dara fleasc, bhí siad bunaithe ar threoirlínte ginearálta an Údaráis do shuirbhéanna ar lotnaidí plandaí atá fónta ó thaobh staidrimh de agus atá bunaithe ar riosca agus, le dearadh na suirbhéanna agus an scéim samplála a úsáidtear, bhíothas in ann leibhéal láithreachta plandaí inmhíolaithe 1 % ar a laghad a shainaithint le leibhéal 95 % muiníne ar a laghad. I gcás inar aimsíodh comharthaí gur ann don lotnaid shonraithe, rinneadh bearta díothaithe láithreach chun an crios maolánach a fhágáil saor ón lotnaid.

Beidh méid an tsampla a bhfuil an chigireacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b)(v) le déanamh air leordhóthanach chun leibhéal inmhíolaithe 1 % ar a laghad a aimsiú ar leibhéal muiníne 99 %.

2.   Maidir le plandaí sonraithe arna dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais i gcomhréir le mír 1, déanfar cigireacht orthu ag an bpointe iontrála nó ag na pointí rialaithe formheasta.

Beidh sé d’aidhm ag na modhanna iniúchta a chuirfear i bhfeidhm aon chomhartha den lotnaid shonraithe a bhrath, go háirithe i bhfréamhacha agus i ngais, agus cuimseoidh na modhanna sin sampláil scriosach spriocdhírithe. Beidh méid an tsampla a bhfuil cigireacht le déanamh air leordhóthanach chun leibhéal inmhíolaithe 1 % ar a laghad a aimsiú ar leibhéal muiníne 99 %, agus aird á tabhairt ar CIBF Uimh. 31 (10).

3.   Déanfar an tsampláil scriosach spriocdhírithe dá dtagraítear san Airteagal seo ar an leibhéal a leagtar amach sa tábla in Iarscríbhinn II.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 13

Tuairisciú ar bhearta

Faoin 30 Aibreán gach bliain, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát eile maidir leis na bearta a glacadh le linn na bliana roimhe sin de bhun an Rialacháin seo agus maidir le torthaí na mbeart dá bhforáiltear in Airteagail 3 go 9.

Cuirfear torthaí na suirbhéanna a dhéanfar de bhun Airteagail 8 agus 9 faoi bhráid an Choimisiúin trí bhíthin ceann de na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 14

Comhlíontacht

De réir mar is gá chun an Rialachán seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit na bearta a ghlac siad chun a gcríoch a chosaint ar thabhairt isteach agus leathadh na lotnaide sonraithe a aisghairm nó a leasú. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi aisghairm nó leasú na mbeart sin.

Airteagal 15

Aisghairm

Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/138/AE, cé is moite d’Airteagail 2 agus 3 agus d’Iarscríbhinn I a aisghairtear le héifeacht ón 1 Eanáir 2024.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagail 11 agus 12, cé is moite d’Airteagal 12(1), an tríú agus an ceathrú fomhír, ón 1 Eanáir 2024.

Beidh feidhm ag Airteagal 4 ón 1 Lúnasa 2023.

Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas ón 1 Eanáir 2025:

(a)

Airteagal 3(1), an dara fomhír,

(b)

Airteagal 8(1), an ceathrú fomhír,

(c)

Airteagal 9(1), an cúigiú fomhír,

(d)

Airteagal 10(1), an ceathrú fomhír,

(e)

Airteagal 12(1), an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo go dtí an 31 Nollaig 2029.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/138/AE ón gCoimisiún an 1 Márta 2012 a mhéid a bhaineann le bearta éigeandála chun leathadh Anoplophora chinensis (Forster) laistigh den Aontas a chosc, maille lena thabhairt isteach san Aontas (IO L 64, 3.3.2012, lch. 38).

(3)  EFSA, Treoirlínte ginearálta maidir le suirbhéanna ar lotnaidí plandaí atá fónta ó thaobh staidrimh de agus bunaithe ar riosca, 8 Meán Fómhair 2020, DOI:10.2903/sp.efsa.2020.EN-1919.

(4)  Caighdeáin arna nglacadh (CIBFanna) - An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta Cosanta Plandaí (ippc.int).

(5)  EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2020. Léarscáil staire maidir leis an suirbhé ar Anoplophora chinensis [Story map for survey of Anoplophora chinensis]. Foilseachán tacaíochta EFSA 2020:EN-1825. Le fáil ar líne: https://arcg.is/19HTyn. An nuashonrú is nuaí: an 24 Márta 2020.

(6)  Guidelines for pest eradication programmes — Caighdeán Tagartha CIBF Uimh. 9 de chuid Rúnaíocht an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta Cosanta Plandaí, an Róimh.

(7)  The use of integrated measures in a systems approach for pest risk management — Caighdeán Tagartha CIBF Uimh. 14 de chuid Rúnaíocht an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta Cosanta Plandaí, an Róimh.

(8)  Guidelines for pest eradication programmes — Caighdeán Tagartha CIBF Uimh. 9 de chuid Rúnaíocht an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta Cosanta Plandaí, an Róimh. Arna bhfoilsiú an 15 Nollaig 2011.

(9)  The use of integrated measures in a systems approach for pest risk management — Caighdeán Tagartha CIBF Uimh. 14 de chuid Rúnaíocht an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta Cosanta Plandaí, an Róimh. Arna fhoilsiú an 8 Eanáir 2014.

(10)  Methodologies for sampling of consignments — Caighdeán Tagartha CIBF Uimh. 31 de chuid Rúnaíocht an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta Cosanta Plandaí, an Róimh.


IARSCRÍBHINN I

Teimpléid chun tuairisciú a dhéanamh ar thorthaí na suirbhéanna bliantúla sna limistéir chríochaithe a dhéantar de bhun Airteagail 8 agus 9

Cuid A

1.   Teimpléad chun tuairisciú a dhéanamh ar thorthaí na suirbhéanna bliantúla

Image 1

2.   Treoracha maidir le conas an teimpléad a líonadh isteach

Má líontar isteach an teimpléad seo, níl an teimpléad i gCuid B den Iarscríbhinn seo le líonadh isteach.

Le haghaidh cholún 1

:

Sonraigh ainm an limistéir gheografaigh, uimhir na ráige nó aon fhaisnéis lenar féidir an limistéar críochaithe (LC) sin a shainaithint agus an dáta ar bunaíodh é.

Le haghaidh cholún 2

:

Sonraigh méid an LC roimh thús an tsuirbhé.

Le haghaidh cholún 3

:

Sonraigh méid an LC i ndiaidh an tsuirbhé.

Le haghaidh cholún 4

:

Sonraigh an cur chuige: Díothú nó imshrianadh. Cuir isteach an oiread rónna is gá, de réir an lín LCanna in aghaidh na lotnaide agus na gcineálacha cur chuige a bhfuil na limistéir seo faoina réir.

Le haghaidh cholún 5

:

Sonraigh crios an LC ina ndearnadh an suirbhé, agus cuir isteach an oiread rónna is gá: Crios inmhíolaithe (CI) nó crios maolánach (CM), agus sraitheanna ar leith á n-úsáid. #Nuair is infheidhme, sonraigh limistéar an CM ina ndearnadh an suirbhé (e.g. an 20 km deiridh in aice leis an CI, thart timpeall ar phlandlanna, etc.) i rónna éagsúla.

Le haghaidh cholún 6

:

Sonraigh uimhir na láithreán suirbhé agus tuairisc orthu, trí cheann amháin (nó níos mó ná sin) de na hiontrálacha seo a leanas a roghnú le haghaidh na tuairisce:

1.

Faoin aer (limistéar táirgthe):

1.1.

gort (arúil, féarach);

1.2.

úllord/fíonghort;

1.3.

plandlann;

1.4.

foraois;

2.

Faoin aer (eile):

2.1.

gairdín príobháideach;

2.2.

láithreáin phoiblí;

2.3.

limistéar caomhnaithe;

2.4.

plandaí fiáine i limistéir nach limistéir chaomhnaithe iad;

2.5.

eile, agus an cás áirithe sonraithe (e.g. ionad garraíodóireachta, láithreáin tráchtála ina n-úsáidtear ábhar pacáistíochta adhmaid, tionscal an adhmaid, bogaigh, gréasán uisciúcháin agus draenála, etc.);

3.

Dálaí atá dúnta go fisiciúil:

3.1.

teach gloine;

3.2.

láithreán príobháideach, seachas teach gloine;

3.3.

láithreán poiblí, seachas teach gloine;

3.4.

eile, agus an cás áirithe sonraithe (e.g. ionad garraíodóireachta, láithreáin tráchtála ina n-úsáidtear ábhar pacáistíochta adhmaid, tionscal an adhmaid).

Le haghaidh cholún 7

:

Sonraigh cé na limistéir riosca a sainaithníodh bunaithe ar bhitheolaíocht na lotnaide nó na lotnaidí, láithreacht plandaí óstacha, dálaí éicea-aeráide agus suíomhanna riosca.

Le haghaidh cholún 8

:

Sonraigh na limistéir riosca a áirítear sa suirbhé, ó na cinn sin a shainaithnítear i gcolún 7.

Le haghaidh cholún 9

:

Sonraigh plandaí, torthaí, síolta, ithir, ábhar pacáistíochta, adhmad, innealra, feithiclí, uisce, eile, agus sonraigh an cás áirithe.

Le haghaidh cholún 10

:

Sonraigh an liosta speiceas/géineas plandaí a ndearnadh suirbhé orthu, agus úsáid á baint as ró amháin in aghaidh an speicis/an ghéinis planda.

Le haghaidh cholún 11

:

Sonraigh na míonna den bhliain ina ndearnadh an suirbhé.

Le haghaidh cholún 12

:

Sonraigh sonraí an tsuirbhé, de réir na gceanglas dlíthiúil sonrach i leith gach lotnaide. Sonraigh le N/B an cás nach bhfuil an fhaisnéis i gcolún áirithe infheidhme.

I gcás cholúin 13 agus 14

:

Sonraigh torthaí na hanailíse, más infheidhme, agus soláthair sna colúin chomhfhreagracha an fhaisnéis atá ar fáil. Is éard is ‘neamhchinntithe’ ann na samplaí a ndearnadh anailís orthu agus nach bhfuarthas aon toradh ina leith mar gheall ar thosca éagsúla (e.g. faoi bhun an leibhéil braite, sampla neamhphróiseáilte - neamh-shainaitheanta, sean).

Le haghaidh cholún 15

:

Sonraigh na fógraí ráige don bhliain ina ndearnadh an suirbhé i leith torthaí sa CM. Ní gá uimhir fógartha ráige a chur san áireamh i gcás inar chinn an t-údarás inniúil go bhfuil an toradh ar cheann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 14(2), Airteagal 15(2) nó Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2016/2031. Sa chás sin, sonraigh an chúis nár soláthraíodh an fhaisnéis sin i gcolún 16 (‘Nótaí’).

CUID B

1.   Teimpléad chun tuairisciú a dhéanamh ar thorthaí na suirbhéanna bliantúla ar bhonn staidrimh

Image 2

2.   Treoracha maidir le conas an teimpléad a líonadh isteach

Má líontar isteach an teimpléad seo, níl an teimpléad i gCuid A den Iarscríbhinn seo le líonadh isteach.

Mínigh na toimhdí bunúsacha le haghaidh dhearadh an tsuirbhé in aghaidh na lotnaide. Déan achoimre orthu seo a leanas agus tabhair údar leo:

an spriocphobal, an t-aonad eipidéimeolaíoch agus na haonaid chigireachta;

an modh braite agus íogaireacht an mhodha;

an toisc riosca nó na tosca riosca, agus sonraigh na leibhéil riosca agus rioscaí coibhneasta comhfhreagracha agus cion coibhneasta comhfhreagrach an phobail plandaí óstacha.

Le haghaidh cholún 1

:

Sonraigh ainm an limistéir gheografaigh, uimhir na ráige nó aon fhaisnéis lenar féidir an limistéar críochaithe (LC) sin a shainaithint agus an dáta ar bunaíodh é.

Le haghaidh cholún 2

:

Sonraigh méid an LC roimh thús an tsuirbhé.

Le haghaidh cholún 3

:

Sonraigh méid an LC i ndiaidh an tsuirbhé.

Le haghaidh cholún 4

:

Sonraigh an cur chuige: Díothú nó imshrianadh. Cuir isteach an oiread rónna is gá, de réir an lín LCanna in aghaidh na lotnaide agus na gcineálacha cur chuige a bhfuil na limistéir seo faoina réir.

Le haghaidh cholún 5

:

Sonraigh crios an LC ina ndearnadh an suirbhé, agus cuir isteach an oiread rónna is gá: Crios inmhíolaithe (CI) nó crios maolánach (CM), agus sraitheanna ar leith á n-úsáid. I gcás inarb infheidhme, sonraigh limistéar an CM ina ndearnadh an suirbhé (e.g. i bhfoisceacht 20 km den CI, thart timpeall ar phlandlanna, etc.) ar rónna éagsúla.

Le haghaidh cholún 6

:

Sonraigh uimhir na láithreán suirbhé agus tuairisc orthu, trí cheann amháin (nó níos mó ná sin) de na hiontrálacha seo a leanas a roghnú le haghaidh na tuairisce:

1.

Faoin aer (limistéar táirgthe):

1.1

gort (arúil, féarach);

1.2.

úllord/fíonghort;

1.3.

plandlann;

1.4.

foraois;

2.

Faoin aer (eile):

2.1.

gairdín príobháideach;

2.2.

láithreáin phoiblí;

2.3.

limistéar caomhnaithe;

2.4.

plandaí fiáine i limistéir nach limistéir chaomhnaithe iad;

2.5.

eile, agus an cás áirithe sonraithe (e.g. ionad garraíodóireachta, láithreáin tráchtála ina n-úsáidtear ábhar pacáistíochta adhmaid, tionscal an adhmaid, bogaigh, gréasán uisciúcháin agus draenála, etc.);

3.

Dálaí atá dúnta go fisiciúil:

3.1.

teach gloine;

3.2.

láithreán príobháideach, seachas teach gloine;

3.3.

láithreán poiblí, seachas teach gloine;

3.4.

eile, agus an cás áirithe sonraithe (e.g. ionad garraíodóireachta, láithreáin tráchtála ina n-úsáidtear ábhar pacáistíochta adhmaid, tionscal an adhmaid).

Le haghaidh cholún 7

:

Sonraigh na míonna den bhliain ina ndearnadh na suirbhéanna.

Le haghaidh cholún 8

:

Sonraigh an spriocphobal a roghnaíodh agus soláthair dá réir liosta na speiceas/géineas agus an limistéar a cumhdaíodh. Sainmhínítear an spriocphobal mar iomlán na n-aonad cigireachta. Is iondúil go sainítear a mhéid ina heicteáir i gcás limistéir talmhaíochta, ach d’fhéadfadh sé gur lota, páirceanna, tithe gloine etc. a bheadh i gceist. Sonraigh údar leis an rogha a dhéantar sna toimhdí bunúsacha. Sonraigh na haonaid chigireachta a ndearnadh suirbhé orthu. Ciallaíonn ‘aonad cigireachta’ plandaí, codanna plandaí, tráchtearraí, ábhair, veicteoirí lotnaidí a ndearnadh grinnscrúdú orthu chun na lotnaidí a shainaithint agus a bhrath.

Le haghaidh cholún 9

:

Sonraigh na haonaid eipidéimeolaíocha a ndearnadh suirbhé orthu, lena n-áirítear tuairisc orthu agus a n-aonad tomhais. Ciallaíonn ‘aonad eipidéimeolaíoch’ limistéar aonchineálach ina mbeadh an eipidéimeolaíocht chéanna ina toradh ar na hidirghníomhaíochtaí idir an lotnaid, na plandaí óstacha agus na tosca agus na dálaí aibitheacha agus bitheacha, dá mba ann don lotnaid. Is fo-rannán den spriocphobal iad na haonaid eipidéimeolaíocha atá aonchineálach ó thaobh na heipidéimeolaíochta de le planda óstach amháin ar a laghad. I gcásanna áirithe, féadfar an pobal óstach iomlán i réigiún/limistéar/tír a shainiú mar aonad eipidéimeolaíoch. D’fhéadfadh sé gur réigiúin iad um aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (réigiúin NUTS), limistéir uirbeacha, foraoisí, gairdíní róis nó feirmeacha, nó heicteáir. Ní mór údar a thabhairt sna toimhdí bunúsacha le rogha na n-aonad eipidéimeolaíoch.

Le haghaidh cholún 10

:

Sonraigh na modhanna a úsáideadh le linn an tsuirbhé, lena n-áirítear an líon gníomhaíochtaí i ngach cás, de réir na gceanglas dlíthiúil sonrach i leith gach lotnaide. Sonraigh le N/B an cás nach bhfuil fáil ar an bhfaisnéis i gcolún áirithe.

Le haghaidh cholún 11

:

Sonraigh meastachán ar éifeachtacht na samplála. Ciallaíonn éifeachtacht na samplála an dóchúlacht go roghnófaí codanna plandaí ionfhabhtaithe ó phlanda ionfhabhtaithe. I gcás veicteoirí, is é atá inti éifeachtacht an mhodha chun veicteoir deimhneach a ghabháil nuair a bhíonn sé i láthair i limistéar an tsuirbhé. I gcás ithreach, is é atá inti an éifeachtacht a bhaineann le sampla ithreach ina bhfuil an lotnaid a roghnú nuair a bhíonn an lotnaid i láthair sa limistéar suirbhé.

Le haghaidh cholún 12

:

Ciallaíonn ‘íogaireacht an mhodha’ an dóchúlacht an mhodha chun láithreacht lotnaide a bhrath i gceart. Sainmhínítear íogaireacht an mhodha mar an dóchúlacht gur toradh deimhneach a bheidh ar thástáil ar óstach atá deimhneach i ndáiríre. Is é atá inti éifeachtacht na samplála (i.e. an dóchúlacht go roghnófar codanna plandaí ionfhabhtaithe ó phlanda ionfhabhtaithe) arna hiolrú faoin íogaireacht dhiagnóiseach (arna saintréithiú tríd an gcigireacht amhairc agus/nó an tástáil saotharlainne a úsáidtear sa phróiseas sainaitheantais).

Le haghaidh cholún 13

:

Cuir na tosca riosca i rónna éagsúla, agus úsáid á baint as an oiread rónna agus is gá. I gcás gach toisce riosca, sonraigh an leibhéal riosca agus riosca agus cion coibhneasta comhfhreagrach an phobail óstaigh.

Le haghaidh cholún B

:

Tabhair sonraí an tsuirbhé, de réir na gceanglas dlíthiúil sonrach i leith gach lotnaide. Sonraigh le N/B an cás nach bhfuil an fhaisnéis i gcolún áirithe infheidhme. Baineann an fhaisnéis atá le soláthar sna colúin seo leis an bhfaisnéis a áirítear i gcolún 10 ‘Modhanna braite’.

Le haghaidh cholún 18

:

Sonraigh an líon láithreán gaisteoireachta i gcás nach ionann an líon sin agus an líon gaistí (Colún 17) (e.g. úsáidtear an gaiste céanna in áiteanna éagsúla).

Le haghaidh cholún 21

:

Sonraigh an líon samplaí a fuarthas a bhí deimhneach, diúltach nó neamhchinntithe. Is éard is ‘neamhchinntithe’ ann na samplaí a ndearnadh anailís orthu agus nach bhfuarthas aon toradh ina leith mar gheall ar thosca éagsúla (e.g. faoi bhun an leibhéil braite, sampla neamhphróiseáilte - neamh-shainaitheanta, sean).

Le haghaidh cholún 22

:

Sonraigh na fógraí ráige don bhliain ina ndearnadh an suirbhé. Ní gá uimhir fógartha ráige a chur san áireamh i gcás inar chinn an t-údarás inniúil go bhfuil an toradh ar cheann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 14(2), Airteagal 15(2) nó Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2016/2031. Sa chás sin, sonraigh an chúis nár soláthraíodh an fhaisnéis sin i gcolún 25 (‘Nótaí’).

Le haghaidh cholún 23

:

Sonraigh íogaireacht an tsuirbhé, mar a shainmhínítear sa Chaighdeán Idirnáisiúnta maidir le Bearta Fíteashláintíochta (ISPM 31). An leibhéal muiníne sin maidir le saoirse ó lotnaidí a bhaintear amach, déantar an luach sin a ríomh bunaithe ar na scrúduithe (agus/nó ar na samplaí) a rinneadh i bhfianaise íogaireacht an mhodha agus leitheadúlacht an dearaidh.

Le haghaidh cholún 24

:

Sonraigh leitheadúlacht an dearaidh bunaithe ar mheastachán a rinneadh roimh an suirbhé ar leitheadúlacht dhóchúil iarbhír na lotnaide ar an láthair. Socraítear leitheadúlacht an dearaidh mar sprioc de chuid an tsuirbhé agus comhfhreagraíonn sí don chomhréiteach atá á dhéanamh ag na bainisteoirí riosca idir an riosca go mbeidh an lotnaid ann agus na hacmhainní atá ar fáil don suirbhé. De ghnáth, socraítear luach 1 % le haghaidh suirbhé braite.


IARSCRÍBHINN II

Leibhéil na samplála scriosaí

An líon plandaí sa lota

Leibhéal na samplála scriosaí (an líon plandaí atá le gearradh)

1 – 4 500

10 % de mhéid an lota

> 4 500

450