25.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 275/57


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2047 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Deireadh Fómhair 2022

lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 a mhéid a bhaineann le húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe áirithe a aithint chun críche táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagail 48(3) agus 57(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 ón gCoimisiún (2), leagtar amach liosta na n-údarás rialaithe agus na gcomhlachtaí rialaithe a dhéantar a aithint chun críche coibhéise agus atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh agus deimhnithe a eisiúint i dtríú tíortha.

(2)

In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1235/2008 ón gCoimisiún (3) rinneadh “Ecocert SA” le haghaidh Bhairéin a aithint ar dtús a mhéid a bhaineann le catagóir táirgí D. An ró a bhain le Bairéin i gcás chatagóir táirgí D, in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 fágadh folamh go hearráideach é. Ní mór an earráid sin a cheartú.

(3)

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325, “Florida Certified Organic Growers and Consumers, Inc. (FOG), DBA as Quality Certification Services (QCS)” [Saothróirí agus Tomhaltóirí Orgánacha Deimhnithe Florida, Crp., DBA mar Sheirbhísí Deimhnithe Cáilíochta], liostaítear é go hearráideach mar chomhlacht aitheanta i gCósta Ríce le haghaidh chatagóir táirgí A. Ina theannta sin, níor chuir an comhlacht rialaithe sonraí ar fáil maidir leis an gcineál táirgí ba mhian leis a dheimhniú le haghaidh chatagóir táirgí D i gCósta Ríce, agus dá bhrí sin is go hearráideach a rinneadh é a aithint le haghaidh na catagóire táirgí sin. Ní mór an iontráil ábhartha a cheartú.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 a cheartú dá réir.

(5)

Rinneadh raon feidhme geografach an aitheantais a tugadh do “Ecocert SA” go hearráideach. Dá bhrí sin, an earráid sin a bhaineann le Bairéin i gcás chatagóir táirgí D, ba cheart í a cheartú go haisghníomhach ó dháta theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325. An t-aitheantas a tugadh do “Florida Certified Organic Growers and Consumers, Inc. (FOG), DBA as Quality Certification Services (QCS)” [Saothróirí agus Tomhaltóirí Orgánacha Deimhnithe Florida, Crp., DBA mar Sheirbhísí Deimhnithe Cáilíochta], is go hearráideach a rinneadh é a leathnú d’fhonn catagóirí táirgí A agus D a chumhdach i gCósta Ríce. Dá bhrí sin, ba cheart an earráid sin a cheartú go haisghníomhach ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Tháirgeadh Orgánach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceartaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2325 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2021 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an liosta de thríú tíortha agus an liosta d’údaráis rialaithe agus de chomhlachtaí rialaithe a rinneadh a aithint faoi Airteagal 33(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas (IO L 465, 29.12.2021, lch. 8).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1235/2008 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na socruithe le haghaidh allmhairí táirgí orgánacha ó thríú tíortha (IO L 334, 12.12.2008, lch. 25).


IARSCRÍBHINN

Ceartaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2325 mar a leanas:

(1)

i bpointe 3 den iontráil a bhaineann le “Ecocert SA”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró a bhaineann le Bairéin:

Códuimhir

Tríú tír

Catagóir táirgí

A

B

C

D

E

F

“BH-BIO-154

Bairéin

x

x

x

—”

(2)

i bpointe 3 den iontráil a bhaineann le “Florida Certified Organic Growers and Consumers, Inc. (FOG), DBA as Quality Certification Services (QCS)” [Saothróirí agus Tomhaltóirí Orgánacha Deimhnithe Florida, Crp., DBA mar Sheirbhísí Deimhnithe Cáilíochta], cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró a bhaineann le Cósta Ríce:

Códuimhir

Tríú tír

Catagóir táirgí

A

B

C

D

E

F

“CR-BIO-144

Cósta Ríce

x

—”