25.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 275/1


RIALACHÁN (AE) 2022/2036 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Treoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le láimhseáil stuamachta institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo agus a bhfuil straitéis réitigh ilphointí iontrála acu mar aon le modhanna le haghaidh ionstraimí a shuibscríobh go hindíreach atá incháilithe chun an t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chomhlíonadh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), Rialachán (AE) 2019/877 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus Treoir (AE) 2019/879 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), leasaíodh creat an Aontais um réiteach i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta trí leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), faoi seach. Bhí gá leis na leasuithe sin chun an bhileog idirnáisiúnta “Bileog Téarmaí an Chumais Iomláin Ionsúcháin Caillteanais (TLAC)”, arna foilsiú ag an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais an 9 Samhain 2015 (“an caighdeán TLAC”) a chur chun feidhme san Aontas, le haghaidh bainc a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo, dá dtagraítear i gcreat an Aontais mar institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo (G-SIInna), agus chun cur i bhfeidhm an íoscheanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI) a fheabhsú le haghaidh gach bainc. Le creat athbhreithnithe an Aontais um réiteach banc, ba cheart a áirithiú ar bhealach níos fearr go dtarlaíonn ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliú banc trí mheáin phríobháideacha nuair nach bhfuil na bainc sin inmharthana ó thaobh airgeadais de a thuilleadh agus nuair a chuirtear faoi réiteach ansin iad.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 12a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le G-SIInna ag a bhfuil straitéis réitigh faoina bhféadfaí níos mó ná eintiteas grúpa amháin a réiteach (“straitéis réitigh ilphointí iontrála” nó “straitéis réitigh MPE”) go bhfuil na grúpaí institiúidí sin lena gceanglas bunaithe ar phriacal maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a ríomh ar an toimhde theoiriciúil nach réiteofaí ach aon eintiteas amháin den ghrúpa, agus go n-aistreofaí riachtanais chaillteanas agus athchaipitlithe aon fhochuideachta de chuid an ghrúpa sin chuig an eintiteas réitigh (“straitéis réitigh an phointe iontrála aonair” nó “straitéis réitigh SPE”). Foráiltear do cheanglas comhchosúil in Airteagal 45d(4) de Threoir 2014/59/AE, maidir leis an gceanglas breise maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a d’fhéadfadh údaráis réitigh a fhorchur de bhun mhír 3 den Airteagal sin. I gcomhréir le caighdeán TLAC, ba cheart a áireamh sna ríomhanna sin na heintitis tríú tír uile atá mar chuid de G-SII a bheadh ina n-eintitis réitigh dá mbeidís bunaithe san Aontas.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 45h(2), an tríú fomhír, de Threoir 2014/59/AE, agus i gcomhréir le caighdeán TLAC, níl suim na gceanglas iarbhír maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe atá ag G-SII ag a bhfuil straitéis réitigh MPE le bheith níos ísle ná ceanglas teoiriciúil an ghrúpa sin faoi straitéis réitigh SPE. Chun forálacha Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a ailíniú le forálacha Threoir 2014/59/AE agus chun a áirithiú leo go ngníomhaíonn na húdaráis réitigh i gcomhréir leis an Treoir sin i gcónaí agus go gcuireann siad san áireamh na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus aon cheanglas breise maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 45d de Threoir 2014/59/AE, ba cheart Airteagal 12a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú agus ba cheart Airteagal 92a(3) den Rialachán sin a scriosadh. Níor cheart sin a bheith ina bhac ar na húdaráis réitigh a chinneadh gur mhíchuí nó gurbh ar neamhréir le straitéis réitigh G-SII aon choigeartú chun an difríocht a laghdú nó a mhaolú idir suim na gceanglas iarbhír maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a bhaineann le G-SII a bhfuil straitéis réitigh MPE aige, agus ceanglas teoiriciúil an ghrúpa sin faoi straitéis réitigh SPE, i gcás inarb airde suim na gceanglas iarbhír ná an ceanglas teoiriciúil. Chun comhsheasmhacht a áirithiú idir Airteagal 12a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Airteagal 45h(2) de Threoir 2014/59/AE, ba cheart a chur san áireamh freisin sa ríomh dá dtagraítear in Airteagal 45h(2) den Treoir sin gach eintiteas tríú tír atá mar chuid de G-SII agus ar eintitis iad a bheadh ina n-eintitis réitigh dá mbeidís bunaithe san Aontas.

(4)

In Airteagal 92b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, leagtar amach go bhféadfar an ceanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chomhlíonadh i gcás fochuideachtaí ábhartha G-SIInna neamh-AE agus nach eintitis réitigh iad, inter alia, trí bhíthin ionstraimí dliteanas incháilithe. I gcás na gcritéar maidir le hionstraimí dliteanas incháilithe a leagtar síos in Airteagal 72b(2), pointí (c), (k), (l) agus (m), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, áfach, glactar leis gur eintiteas réitigh é an t-eintiteas eisiúna. Ba cheart a áirithiú go bhfuil ar chumas na bhfochuideachtaí ábhartha sin ionstraimí fiachais a eisiúint lena gcomhlíonfar na critéir incháilitheachta uile, mar a bhí beartaithe ag an tús.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 72e(4), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, maidir le G-SII a bhfuil straitéis réitigh MPE aige, is féidir leis na húdaráis réitigh cead a thabhairt dó sealúchais áirithe de chistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe a bhaineann lena fhochuideachtaí nach cuid den ghrúpa réitigh céanna iad a asbhaint trí mhéid coigeartaithe, níos ísle a asbhaint, méid arna shonrú ag an údarás réitigh. Éilítear le hAirteagal 72e(4), an dara fomhír, den Rialachán sin, i gcásanna mar sin go ndéanfaí an difríocht idir an méid coigeartaithe agus an méid bunaidh a asbhaint d’acmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus athchaipitlithe na bhfochuideachtaí lena mbaineann. I gcomhréir le caighdeán TLAC, ba cheart a chur san áireamh leis an gcur chuige sin, na ceanglais ar an bhfochuideachta lena mbaineann, ceanglais atá bunaithe ar phriacal agus ceanglais nach bhfuil bunaithe ar phriacal araon, maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe. Thairis sin, ba cheart an cur chuige sin a bheith infheidhme maidir leis na fochuideachtaí tríú tír uile atá mar chuid den G-SII sin, fad is go bhfuil na fochuideachtaí sin faoi réir córas réitigh atá, de réir an údaráis réitigh ábhartha san Aontas, in-fhorfheidhmithe le dlí agus a chuireann chun feidhme caighdeáin a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta, go sonrach, doiciméad an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais dar teideal “Príomhthréithe Córas Éifeachtach Imréitigh do Bhonneagair Margaidh Airgeadais”, arna fhoilsiú i mí Dheireadh Fómhair 2011, agus caighdeán TLAC.

(6)

Leasaíodh Treoir 2014/59/AE le Treoir (AE) 2019/879 chun rialacha sonracha maidir le suibscríobh indíreach acmhainní incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach a thabhairt isteach, is iad sin cistí dílse agus dliteanais lena gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 45f(2) de Threoir 2014/59/AE, laistigh de ghrúpaí réitigh. Chun na rialacha sin a chur i ngníomh agus chun a áirithiú go ndéantar an suibscríobh indíreach sin ar bhealach fónta ó thaobh na stuamachta de, tugadh sainordú don Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), faoi Airteagal 45f(6) de Threoir 2014/59/AE chun dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun modhanna a shonrú maidir le hacmhainní incháilithe a shuibscríobh go hindíreach mar sin. De réir mar a thug ÚBE chun suntais ina litir chuig an gCoimisiún dar dáta an 25 Eanáir 2021, áfach, bhí roinnt mhaith neamhréireanna idir na ceanglais maidir leis an tarmligean arna leagan síos i dTreoir 2014/59/AE agus na rialacha stuamachta reatha arna leagan síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a bhí ina mbac ar chur i bhfeidhm na láimhseála stuamachta a bhí riachtanach chun an sainordú a chomhlíonadh de réir mar a bhí beartaithe ag an tús. Lena chur níos beaichte, thug ÚBE dá aire nár cumasaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 acmhainní incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach a asbhaint agus, ina dhiaidh sin, ualú priacail iomchuí a chur i bhfeidhm sna cásanna uile atá ábhartha maidir leis an sainordú faoi Threoir 2014/59/AE. Rinneadh fadhbanna cosúla a shainaithint i réimse an cheanglais maidir le cóimheas luamhánaithe a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. I bhfianaise na srianta dlíthiúla sin, ba cheart na modhanna arna bhforbairt ag ÚBE a ionchorprú go díreach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Dá bharr sin, ba cheart Airteagal 45f(6) de Threoir 2014/59/AE a scriosadh.

(7)

I gcomhthéacs acmhainní incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach a bheith á suibscríobh go hindíreach ag eintitis réitigh de bhun chreat athbhreithnithe an Aontais um réiteach banc, ba cheart ceangal a chur ar eintitis idirmheánacha an sealúchas iomlán acmhainní incháilithe i dtaca le ICDI inmheánacha arna n-eisiúint ag eintitis nach eintitis réitigh iad féin agus a bhaineann leis an ngrúpa réitigh céanna a asbhaint. Áirithítear leis sin feidhmiú ceart na sásraí inmheánacha ionsúcháin caillteanais agus athchaipitlithe laistigh de ghrúpa agus seachnaítear leis comhaireamh dúbailte acmhainní incháilithe na n-eintiteas sin i dtaca le ICDI inmheánach ionas gur féidir leis an eintiteas idirmheánach a ICDI inmheánach féin a chomhlíonadh. Gan na hasbhaintí sin, d’fhéadfaí cur isteach ar chur chun feidhme ceart na straitéise réitigh a roghnaíodh, mar go bhféadfadh an t-eintiteas idirmheánach, ní hamháin a acmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus a acmhainneacht athchaipitlithe féin a ídiú go hiomlán, ach freisin acmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus acmhainneancht athchaipitlithe eintiteas eile nach eintitis réitigh iad féin agus a bhaineann leis an ngrúpa réitigh céanna, roimh an bpointe nach inmharthanach a thuilleadh é an t-eintiteas idirmheánach nó na heintitis eile sin. Chun a áirithiú go mbeidh an oibleagáid maidir le hasbhaint ailínithe le raon feidhme na n-eintiteas a d’fhéadfadh an t-eintiteas réitigh a úsáid le hacmhainní incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach a shuibscríobh go hindíreach, agus chun arbatráiste rialála a sheachaint, ba cheart d’eintitis idirmheánacha a sealúchais d’acmhainní incháilithe i dtaca le ICDI inmheánacha arna n-eisiúint ag na heintitis go léir a bhaineann leis an ngrúpa réitigh céanna agus a d’fhéadfadh a bheith faoi réir chomhlíonadh ICDI inmheánach, seachas sealúchais acmhainní arna n-eisiúint ag a bhfochuideachtaí amháin a asbhaint. Ba cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí céanna i gcás eisiúint indíreach acmhainní atá incháilithe chun an ceanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chomhlíonadh le haghaidh fochuideachtaí ábhartha G-SIInna neamh-AE a leagtar síos in Airteagal 92b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcás inarb ábhartha.

(8)

Chun a áirithiú go leanfaidh an córas asbhainte de bheith comhréireach, ba cheart d’eintitis idirmheánacha a bheith in ann an meascán ionstraimí a roghnú, ina bhfuil cistí dílse nó dliteanais incháilithe, lena gcistítear úinéireacht a fháil ar acmhainní incháilithe i dtaca le ICDI inmheánacha. D’fhágfadh sé sin go bhféadfadh na heintitis idirmheánacha aon asbhaintí a bhaineann le cistí dílse a sheachaint go hiomlán fad is a bheadh dliteanais incháilithe leordhóthanacha eisithe acu. Ba cheart, dá bhrí sin, na hasbhaintí a fheidhmiú i dtús báire maidir le hítimí dliteanas incháilithe na n-eintiteas idirmheánach. I gcás ina gceanglaítear ar an eintiteas idirmheánach ICDI inmheánach a chomhlíonadh de bhun Threoir 2014/59/AE ar bhonn aonair, ba cheart na hasbhaintí a chur i bhfeidhm ar na dliteanais incháilithe lena gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 45f(2) den Treoir sin. I gcás inar airde an méid atá le hasbhaint ná méid ítimí dliteanas incháilithe na n-eintiteas idirmheánach, níor mhór an méid atá fágtha a bhaint dá n-ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal Breise 1 agus Leibhéal Breise 2, ag tosú le hítimí Leibhéal 2 i gcomhréir le hAirteagal 66, pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. I gcás den sórt sin, is gá na hasbhaintí lena gcomhfhreagraítear don mhéid atá fágtha a chur i bhfeidhm freisin agus cistí dílse á ríomh chun críoch na gceanglas a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i dTreoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Seachas sin, féadfar róshuíomh a dhéanamh ar chóimheasa sócmhainneachta na n-eintiteas idirmheánach a d’eisigh cistí dílse, seachas dliteanais incháilithe, chun éadáil acmhainní incháilithe i dtaca le ICDI inmheánacha a chistiú. Ina theannta sin, trí láimhseáil sealúchas acmhainní ICDI inmheánacha is incháilithe a choinneáil ailínithe chun críoch stuamachta agus réitigh, seachnaítear méadú míchuí castachta, ós rud é go mbeadh institiúidí in ann leanúint d’aon sraith amháin a ríomh, a thuairisciú agus a nochtadh, de mhéid iomlán an risíochta ar phriacal agus de thomhas iomlán risíochta ar phriacal, chun críoch stuamachta agus réitigh. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 49(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú dá réir sin.

(9)

Chun comhréireacht an chórais asbhainte a fheabhsú tuilleadh, níor cheart an córas sin a bheith infheidhme sna cásanna eisceachtúla sin ina gcuirtear, de bhun Airteagal 45f(1), an tríú fomhír, agus (4) de Threoir 2014/59/AE, ICDI inmheánach i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite agus ar bhonn comhdhlúite amháin, a mhéid a bhaineann le sealúchais acmhainní i dtaca le ICDI inmheánacha is incháilithe arna n-eisiúint ag eintitis a áirítear san imlíne chomhdhlúthaithe. Ba cheart feidhm a bheith ag an eisceacht chéanna nuair a chomhlíontar an ceanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe i gcás fochuideachtaí ábhartha de G-SIInna neamh-AE a leagtar síos in Airteagal 92b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn comhdhlúite, de bhun Airteagal 11(3a) den Rialachán sin.

(10)

Le suibscríobh indíreach acmhainní atá incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach, ba cheart a áirithiú, nuair a shroichfidh fochuideachta an pointe neamh-inmharthanachta, go gcuirfear na caillteanais ar aghaidh chuig an eintiteas réitigh, agus go ndéanfaidh an t-eintiteas réitigh an fhochuideachta lena mbaineann a athchaipitliú. Dá bhrí sin, níor cheart don eintiteas idirmheánach na caillteanais sin a ionsú, mar níl san eintiteas ach bealach chun na caillteanais sin a sheoladh ar aghaidh chuig an eintiteas réitigh. Dá bharr sin, agus lena áirithiú go bhfuil toradh an tsuibscríofa indírígh coibhéiseach leis an toradh ar shuibscríobh díreach iomlán mar a beartaíodh faoin sainordú a leagtar amach in Airteagal 45f(6) de Threoir 2014/59/AE, chun críocha méid iomlán na risíochta ar phriacal an eintitis idirmheánaigh a ríomh, níor cheart ualaí riosca a chur i bhfeidhm ar na risíochtaí a asbhaintear faoin gcóras asbhainte nua atá le tabhairt isteach in Airteagal 72e de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart na risíochtaí sin a eisiamh ó ríomh thomhas risíochta ar phriacal an eintitis idirmheánaigh. An láimhseáil gan ualaí riosca a chur i bhfeidhm agus na risíochtaí sin a eisiamh ó thomhas iomlán na risíochta, ba cheart í a theorannú go docht do risíochtaí a asbhaintear i gcomhréir leis an gcóras asbhainte nua atá le tabhairt isteach in Airteagal 72e den Rialachán sin ar mhaithe leis an gcur chuige maidir le suibscríobh indíreach acmhainní i dtaca le ICDI inmheánach is incháilithe a chur i ngníomh.

(11)

Na teimpléid chun faisnéis chomhchuibhithe a nochtadh don phobal maidir le ICDI agus maidir leis an gceanglas i ndáil le cistí dílse agus dliteanais incháilithe d’fhochuideachtaí ábhartha G-SIInna neamh-AE a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/763 ón gCoimisiún (12), ba cheart iad a leasú chun an córas asbhainte nua le haghaidh acmhainní incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach a léiriú. Ba cheart na teimpléid nochta a leasú freisin chun méid iomlán na risíochta ar phriacal agus tomhas iomlán na risíochta a bheadh ag eintitis idirmheánacha mura n-eisiafaí na risíochtaí arna n-asbhaint faoin gcóras asbhainte nua sin a chur san áireamh.

(12)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon an láimhseáil stuamachta ar shealúchais a dhéanann eintitis idirmheánacha ar acmhainní incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach eintiteas atá sa ghrúpa réitigh céanna a chomhchuibhiú agus na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe le haghaidh G-SIInna agus le haghaidh fochuideachtaí ábhartha G-SIInna neamh-AE a athbhreithniú ar bhealach spriocdhírithe, agus gur fearr is féidir, mar gheall ar scála an ghnímh, iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach é in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(13)

Chun measúnú cuí a dhéanamh ar iarmhairtí neamhbheartaithe a d’fhéadfadh a bheith i gceist le suibscríobh indíreach acmhainní incháilithe i dtaca le ICDI inmheánacha lena n-áirítear an córas asbhainte nua, agus chun cóir chomhréireach agus cothrom na Féinne a áirithiú idir cineálacha éagsúla struchtúr grúpa baincéireachta, go háirithe institiúidí a bhfuil cuideachta oibriúcháin acu idir an chuideachta shealbhaíochta agus a fochuideachtaí, agus i gcás eintitis a bhforálann a bplean réitigh dá bhfoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta i gcás teipe, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh, a luaithe is féidir, ar an gcur chun feidhme a dhéantar ar acmhainní incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach a bheith á suibscríobh go hindíreach ag na cineálacha éagsúla struchtúr grúpa baincéireachta a luaithe is féidir. Ba cheart don Choimisiún measúnú cuí a dhéanamh ar réitigh struchtúracha a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le haon saincheisteanna a shainaithnítear amhail an fhéidearthacht a mhéadú d’eintitis nach eintitis réitigh iad féin na ICDI atá acu a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite. Sa togra reachtach tionlacain a fhéadfaidh an Coimisiún a ghlacadh, ba cheart breithniú cuí a dhéanamh ar dháta chur i bhfeidhm na láimhseála tiomnaithe le haghaidh suibscríobh indíreach acmhainní incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach, ionas gur féidir í a chur chun feidhme sula dtiocfaidh Airteagal 72e(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i bhfeidhm. B’fhearr gur thogra tiomnaithe a bheadh i dtogra reachtach den sórt sin.

(14)

Chun a áirithiú go bhfuil dóthain ama ag na hinstitiúidí chun an láimhseáil thiomnaithe maidir le suibscríobh indíreach acmhainní incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach a chur chun feidhme, lena n-áirítear an córas nua asbhainte agus gur féidir leis na margaí eisiúintí breise acmhainní incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach a iompar, i gcás inar gá, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha lena leagtar síos an láimhseáil sin an 1 Eanáir 2024, i gcomhréir leis an spriocdháta chun ICDI a chomhlíonadh.

(15)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Treoir 2014/59/AE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 4(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(130a)

ciallaíonn ‘údarás ábhartha tríú tír’ údarás tríú tír mar a shonraítear in Airteagal 2(1), pointe (90), de Threoir 2014/59/AE;”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12a:

“Airteagal 12a

Ríomh comhdhlúite le haghaidh G-SIInna ag a bhfuil il-eintitis réitigh

I gcás inarb eintitis réitigh nó eintitis tríú tír iad dhá eintiteas G-SII ar a laghad agus an dá eintiteas sin mar chuid den G-SII céanna, agus i gcás inarb eintitis réitigh a bheadh iontu dá mbeidís bunaithe san Aontas, ríomhfaidh máthaireintiteas AE an G-SII sin an méid cistí dílse agus dliteanas incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 92a(1), pointe (a):

(a)

maidir le gach eintiteas réitigh nó eintiteas tríú tír a bheadh ina eintiteas réitigh dá mbeadh sé bunaithe san Aontas;

(b)

maidir le máthairinstitiúid AE amhail gurbh í an t-aon eintiteas réitigh de chuid an G-SII í.

Déanfar an ríomh dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír go heisiach ar bhonn chás comhdhlúite mháthairinstitiúid AE.

Gníomhóidh údaráis réitigh i gcomhréir le hAirteagail 45d(4) agus 45h(2) de Threoir 2014/59/AE.”;

(3)

in Airteagal 49(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir leis na hasbhaintí a leagtar amach in Airteagal 72e(5).”;

(4)

in Airteagal 72b(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Chun críocha Airteagal 92b, tuigfear tagairtí freisin don eintiteas réitigh i bpointí (c), (k), (l) agus (m) den chéad fhomhír den mhír seo mar thagairtí d’institiúid ar fochuideachta ábhartha í de G-SII neamh-AE é.”;

(5)

leasaítear Airteagal 72e mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   I gcás mháthairinstitiúid AE nó máthairinstitiúid i mBallstát atá faoi réir Airteagal 92a, ag a bhfuil sealúchais dhíreacha, indíreacha nó shintéiseacha d’ionstraimí cistí dílse nó d’ionstraimí dliteanas incháilithe a bhaineann le fochuideachta amháin nó níos mó nach bhfuil sa ghrúpa réitigh céanna ina bhfuil an mháthairinstitiúid sin, féadfaidh údarás réitigh na máthairinstitiúide sin, tar éis dó barúil na n-údarás réitigh nó na n-údarás réitigh tríú tír ábhartha a mheas mar is cuí, cead a thabhairt don mháthairinstitiúid na sealúchais sin a asbhaint trí mhéid níos lú a asbhaint, méid arna shonrú ag údarás réitigh na máthairinstitiúide sin. Beidh an méid coigeartaithe sin cothrom, ar a laghad, leis an méid (m) a ríomhfar mar a leanas:

 

mi = max{0; OPi + LPi – max{0; β · [Oi + Li – max{ri · aRWAi; wi · aLREi}]}}

nuair:

i

=

an t-innéacs lena gcuirtear an fhochuideachta in iúl;

OPi

=

an méid ionstraimí cistí dílse arna eisiúint ag fochuideachta i agus atá i seilbh na máthairinstitiúide;

LPi

=

an méid ionstraimí dliteanas incháilithe arna eisiúint ag fochuideachta i agus atá i seilbh na máthairinstitiúide;

β

=

céatadán na n-ionstraimí cistí dílse agus na n-ionstraimí dliteanas incháilithe arna n-eisiúint ag fochuideachta i agus atá i seilbh an mháthaireintitis, arna ríomh mar seo a leanas:

Formula
;

Oi

=

méid chistí dílse fhochuideachta i, gan an asbhaint arna ríomh i gcomhréir leis an mír seo a chur san áireamh;

Li

=

méid dhliteanais incháilithe fhochuideachta i, gan an asbhaint arna ríomh i gcomhréir leis an mír seo a chur san áireamh;

ri

=

an cóimheas is infheidhme maidir le fochuideachta i ag leibhéal a grúpa réitigh i gcomhréir le hAirteagal 92a(1), pointe (a), den Rialachán seo agus le hAirteagal 45c(3), an chéad fhomhír, pointe (a), de Threoir 2014/59/AE nó, i gcás fochuideachtaí tríú tír, ceanglas maidir le réiteach coibhéiseach is infheidhme i dtaca le fochuideachta i sa tríú tír ina bhfuil a ceannoifig aici, a mhéid a chomhlíontar an ceanglas sin le hionstraimí a mheasfaí a bheith ina gcistí dílse nó ina ndliteanais incháilithe faoin Rialachán seo;

aRWAi

=

méid iomlán na risíochta ar phriacal an eintitis G-SII i arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3), agus na coigeartuithe a leagtar amach in Airteagal 12a á gcur san áireamh, nó, i gcás fochuideachtaí tríú tír, arna ríomh i gcomhréir leis na rialacháin áitiúla is infheidhme;

wi

=

an cóimheas is infheidhme maidir le fochuideachta i ar leibhéal a grúpa réitigh i gcomhréir le hAirteagal 92a(1), pointe (b), den Rialachán seo agus le hAirteagal 45c(3), an chéad fhomhír, pointe (b), de Threoir 2014/59/AE nó, i gcás fochuideachtaí tríú tír, ceanglas maidir le réiteach coibhéiseach is infheidhme i dtaca le fochuideachta i sa tríú tír ina bhfuil a ceannoifig aici, a mhéid a chomhlíontar an ceanglas sin le hionstraimí a mheasfaí a bheith ina gcistí dílse nó ina ndliteanais incháilithe faoin Rialachán seo;

aLREi

=

tomhas iomlán risíocht an eintitis G-SII i arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429(4) nó, i gcás fochuideachtaí tríú tír, arna ríomh i gcomhréir leis na rialacháin áitiúla is infheidhme.

I gcás ina bhfuil cead ag an máthairinstitiúid an méid coigeartaithe a asbhaint i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, asbhainfidh an fhochuideachta an difríocht idir méid shealúchais na n-ionstraimí cistí dílse agus na n-ionstraimí dliteanas incháilithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, agus an méid coigeartaithe sin.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“5.   Déanfaidh na hinstitiúidí agus na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) agus (d), de Threoir 2014/59/AE a sealúchais d’ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe a asbhaint ó ítimí dliteanas incháilithe i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a)

tá na hionstraimí cistí dílse agus na hionstraimí dliteanas incháilithe i seilbh institiúide nó eintitis nach eintiteas réitigh é féin ach ar fochuideachta d’eintiteas réitigh é nó d’eintiteas tríú tír a bheadh ina eintiteas réitigh dá mbeadh sé bunaithe san Aontas;

(b)

ceanglaítear ar an institiúid nó ar an eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 92b den Rialachán seo nó in Airteagal 45f de Threoir 2014/59/AE a chomhlíonadh;

(c)

d’eisigh institiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 92b(1) den Rialachán seo nó in Airteagal 45f(1) de Threoir 2014/59/AE nach eintiteas réitigh é féin na hionstraimí cistí dílse agus na hionstraimí dliteanas incháilithe atá i seilbh na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear i bpointe (a) agus atá sa ghrúpa réitigh céanna leis an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a).

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní asbhainfear sealúchais ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe i gcás ina gceanglaítear ar an institiúid nó ar an eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír an ceanglas dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite agus ina n-áirítear an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír i gcomhdhlúthú na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír i gcomhréir le Cuid a hAon, Teideal II, Caibidil 2.

Chun críocha na míre seo, tuigfear an tagairt d’ítimí dliteanas incháilithe mar thagairt do cheann ar bith de na nithe seo a leanas:

(a)

ítimí dliteanas incháilithe a chuirtear san áireamh chun an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 92b a chomhlíonadh;

(b)

dliteanais lena gcomhlíontar coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 45f(2), pointe (a), de Threoir 2014/59/AE.

Chun críocha na míre seo, tuigfear gurb ionann an tagairt d’ionstraimí cistí dílse agus d’ionstraimí dliteanas incháilithe agus tagairt do cheann ar bith díobh seo a leanas:

(a)

ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe a chomhlíonann coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 92b(2) agus (3);

(b)

cistí dílse agus dliteanais lena gcomhlíontar coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 45f(2) de Threoir 2014/59/AE.”;

(6)

in Airteagal 92a, scriostar mír 3;

(7)

in Airteagal 113, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh, cuirfear ualaí priacal i bhfeidhm maidir le gach risíocht, seachas i gcás ina n-asbhaintear na risíochtaí sin de chistí dílse nó atá faoi réir na láimhseála a leagtar amach in Airteagal 72e(5), an chéad fhomhír, i gcomhréir le forálacha Roinn 2. Beidh cur i bhfeidhm na n-ualaí priacail bunaithe ar an aicme risíochta a bhfuil an risíocht sannta di agus, a mhéid a shonraítear i Roinn 2, ar a cáilíocht chreidmheasa. Féadfar cáilíocht chreidmheasa a chinneadh trí thagairt a dhéanamh do mheasúnuithe creidmheasa IMCSanna nó measúnuithe creidmheasa na ngníomhaireachtaí um chreidmheas onnmhairiúcháin i gcomhréir le Roinn 3.”;

(8)

in Airteagal 151, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Maidir le méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail le haghaidh priacal creidmheasa ar risíochtaí atá i gceann de na haicmí risíochta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointí (a) go (e) agus pointe (g), déanfar na risíochtaí sin a ríomh i gcomhréir le Foroinn 2, ach amháin i gcás ina n-asbhaintear na risíochtaí sin de chistí dílse nó atá faoi réir na láimhseála a leagtar amach in Airteagal 72e(5), an chéad fhomhír.”;

(9)

in Airteagal 429a(1) cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(q)

na risíochtaí atá faoi réir na láimhseála a leagtar amach in Airteagal 72e(5), an chéad fhomhír.”;

(10)

i gCuid a Deich, Teideal I, Caibidil 1, Roinn 3, cuirtear an fhoroinn seo a leanas isteach:

“Foroinn 3a

Asbhaintí as ítimí dliteanas incháilithe

Airteagal 477a

Asbhaintí as ítimí dliteanas incháilithe

1.   De mhaolú ar Airteagal 72e(4) agus go dtí an 31 Nollaig 2024, féadfaidh údarás réitigh máthairinstitiúide, tar éis dó tuairim na n-údarás réitigh nó na n-údarás ábhartha tríú tír ó aon fhochuideachtaí lena mbaineann a bhreithniú go cuí, a cheadú go ndéanfar an méid coigeartaithe mi a ríomh tríd an sainmhíniú seo a leanas ar ri, agus wi a úsáid:

ri

=

an ceanglas caipitil iomlán bunaithe ar phriacal is infheidhme maidir le fochuideachta i sa tríú tír ina bhfuil a ceannoifig aici, a mhéid a chomhlíontar an ceanglas sin le hionstraimí a mheasfaí a bheith ina gcistí dílse faoin Rialachán seo;

wi

=

an ceanglas caipitil iomlán Leibhéal 1 nach bhfuil bunaithe ar phriacal is infheidhme maidir le fochuideachta i sa tríú tír ina bhfuil a ceannoifig aici, a mhéid a chomhlíontar an ceanglas sin le hionstraimí a mheasfaí a bheith ina gcaipiteal Leibhéal 1 faoin Rialachán seo.

2.   Féadfaidh an t-údarás réitigh an cead dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt i gcás ina bhfuil an fhochuideachta bunaithe i dtríú tír nach bhfuil córas réitigh áitiúil is infheidhme i bhfeidhm aici go fóill má chomhlíontar ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

nach ann faoi láthair aon bhac ábharach, praiticiúil nó dlíthiúil ar shócmhainní a aistriú go pras ón bhfochuideachta chuig an máthairinstitiúid, nó nach síltear go dtiocfaidh bac mar sin le bheith ann;

(b)

gur thug údarás ábhartha tríú tír na fochuideachta tuairim d’údarás réitigh na máthairinstitiúide á rá go bhféadfaí sócmhainní atá comhionann leis an méid atá le hasbhaint ag an bhfochuideachta de réir Airteagal 72e(4), an dara fomhír, a aistriú ón bhfochuideachta chuig an máthairinstitiúid.”.

Airteagal 2

Leasuithe ar Threoir 2014/59/AE

Leasaítear Treoir 2014/59/AE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 45d, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Chun críocha Airteagal 45h(2), i gcás inar eintitis réitigh nó eintitis tríú tír a bheadh ina n-eintitis réitigh dá mbeidís bunaithe san Aontas iad níos mó ná eintiteas G-SII amháin atá mar chuid den G-SII céanna, ríomhfaidh na húdaráis réitigh ábhartha an méid dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo:

(a)

le haghaidh gach eintiteas réitigh nó eintiteas tríú tír a bheadh ina eintiteas réitigh dá mbeadh sé bunaithe san Aontas;

(b)

le haghaidh an mháthairghnóthais de chuid an Aontais amhail gurbh é an t-aon eintiteas réitigh de chuid G-SII é.”;

(2)

in Airteagal 45f, scriostar mír 6;

(3)

in Airteagal 45h, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   I gcás inar eintitis réitigh nó eintitis tríú tír a bheadh ina n-eintitis réitigh dá mbeidís bunaithe san Aontas iad níos mó ná G-SII amháin atá mar chuid den G-SII céanna, déanfaidh na húdaráis réitigh dá dtagraítear i mír 1 plé agus, i gcás ina bhfuil sé iomchuí agus comhsheasmhach le straitéis réitigh G-SII, comhaontóidh siad Airteagal 72e de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm mar aon le haon choigeartú a dhéanfar chun an difríocht idir suim na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 45d(4), pointe (a), den Treoir seo agus in Airteagal 12a, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le heintitis réitigh aonair nó eintitis tríú tír agus suim na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 45d(4), pointe (b), den Treoir seo agus in Airteagal 12a, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a íoslaghdú nó a dhíothú.

Féadfar coigeartú den chineál sin a chur i bhfeidhm faoi réir an mhéid seo a leanas:

(a)

féadfar an coigeartú a chur i bhfeidhm i dtaca leis na difríochtaí i ríomh méideanna na neamhchosanta iomláine ar riosca idir na Ballstáit nó na tríú tíortha ábhartha trí leibhéal an cheanglais a choigeartú;

(b)

ní chuirfear an coigeartú i bhfeidhm chun difríochtaí a eascraíonn as neamhchosaintí idir grúpaí réitigh a dhíothú.

Ní bheidh suim na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 45d(4), pointe (a), den Treoir seo agus in Airteagal 12a, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le heintitis réitigh aonair nó eintitis tríú tír a bheadh ina n-eintitis réitigh dá mbeidís bunaithe san Aontas níos lú ná suim na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 45d(4), pointe (b), den Treoir seo agus in Airteagal 12a, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.”;

(4)

in Airteagal 129, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“Faoin 31 Nollaig 2022, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar thionchar shuibscríobh indíreach ionstraimí atá incháilithe chun an t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chomhlíonadh ar chothrom na Féinne idir cineálacha éagsúla struchtúr grúpaí baincéireachta, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil cuideachta oibriúcháin ag grúpaí idir an chuideachta shealbhaíochta a shainaithnítear mar eintiteas réitigh agus a fochuideachtaí. Déanfaidh sé measúnú ar na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

an deis a thabhairt d’eintitis nach eintitis réitigh iad féin an t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite;

(b)

láimhseáil na n-eintiteas a bhforáiltear lena bplean réitigh go bhfuil siad le foirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta faoi na rialacha lena rialaítear an t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe;

(c)

a iomchuí atá sé teorainn a chur le méid na n-asbhaintí is gá de bhun Airteagal 72e(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ina thaobh sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, agus dáta chur i bhfeidhm Airteagal 72e(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 á chur san áireamh.”.

Airteagal 3

Trasuí

1.   Cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 2, pointí (1) agus (3), a chomhlíonadh, faoin 15 Samhain 2023. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Rialachán seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs na bpríomhbheart den dlí náisiúnta, arna nglacadh acu sa réimse a chumhdaítear le hAirteagal 2, pointí (1) agus (3), den Rialachán seo, a chur chuig an gCoimisiún.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 14 Samhain 2022.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (3), pointe (5)(b), agus pointí (7), (8) agus (9), ón 1 Eanáir 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 19 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  IO C 122, 17.3.2022, lch. 33.

(2)  IO C 152, 6.4.2022, lch. 111.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2022.

(4)  Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 150, 7.6.2019, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2019/877 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a mhéid a bhaineann le hacmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (IO L 150, 7.6.2019, lch. 226).

(6)  Treoir (AE) 2019/879 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Treoir 2014/59/AE maidir le hacmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus acmhainneacht athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus Treoir 98/26/CE (IO L 150, 7.6.2019, lch. 296).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).

(9)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach na n-institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a aisghairm (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(11)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(12)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/763 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2021 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tuairisciú maoirseachta agus nochtadh poiblí an íoscheanglais le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (IO L 168, 12.5.2021, lch. 1).