|
21.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 273/5 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1989 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Deireadh Fómhair 2022
lena n-athnuaitear maolú ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfad íosta ón gcósta agus doimhneacht íosta na mara le haghaidh saighní báid a dhéanann iascaireacht ar an mac siobháin trédhearcach (Aphia minuta) in uiscí teorann áirithe de chuid na hIodáile (Manfredonia)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistíochta i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir (1), agus go háirithe Airteagal 13(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006, cuirtear toirmeasc ar úsáid trealamh iascaireachta tarraingthe laistigh de 3 mhuirmhíle amach ón gcósta nó laistigh den iseabat 50 m i gcás ina mbaintear amach an doimhneacht sin níos giorra don chósta. |
|
(2) |
Arna iarraidh sin do Bhallstát, féadfaidh an Coimisiún maolú ar Airteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 a cheadú, ar choinníoll go gcomhlíonfar roinnt coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13(5) agus (9). |
|
(3) |
An 2 Márta 2018, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/317 (2) lena mbunaítear maolú ar Airteagal 13(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 i gcomhréir leis an nós imeachta faoi Airteagal 13(5) de, a mhéid a bhaineann leis an bhfad íosta ón gcósta agus doimhneacht íosta na mara le haghaidh saighní báid a dhéanann iascaireacht ar an mac siobháin trédhearcach (Aphia minuta) in uiscí teorann áirithe de chuid na hIodáile (Manfredonia), ar maolú é a chuaigh in éag an 8 Márta 2021. |
|
(4) |
An 10 Márta 2021, fuair an Coimisiún iarraidh ón Iodáil ar shíneadh leis an maolú sin. |
|
(5) |
Sholáthair an Iodáil réasúnaithe eolaíocha agus teicniúla a bhí cothrom le dáta chun an maolú sin a athnuachan. |
|
(6) |
Ghlac an Iodáil an plean bainistíochta le Foraithne (3) i gcomhréir le hAirteagal 19(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 (“Plean bainistíochta na hIodáile”) an 11 Feabhra 2022. Cuirtear an plean bainistíochta arna ghlacadh ar bun chun gabháil le fad iomlán an mhaolaithe. |
|
(7) |
Baineann an iarraidh le gníomhaíochtaí iascaireachta atá údaraithe cheana ag an Iodáil agus cumhdaítear léi soithí atá cláraithe i Stiúrthóireacht mhuirí Manfredonia a bhfuil cuntas teiste níos mó ná 5 bliana acu san iascach agus a fheidhmíonn faoi phlean bainistíochta na hIodáile lena rialaítear saighní báid a dhéanann iascaireacht ar an mac siobháin trédhearcach (Aphia minuta) i gceantar iascaireachta Manfredonia. |
|
(8) |
Leis an maolú arna iarraidh ag an Iodáil, cumhdaítear 60 soitheach ar an iomlán, as na 100 soitheach a údaraíodh in 2018, agus údaraítear uasmhéid de 30 soitheach gach lá, trí shásra athraithe. Cabhlach Manfredonia a dhíríonn ar an mac siobháin trédhearcach (Aphia minuta), tá sé níos lú ná 15 m ar a fhad iomlán. Eisiatar aon mhéadú ar an iarracht iascaireachta sa todhchaí ó phlean bainistíochta na hIodáile, mar a cheanglaítear in Airteagal 13(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006. Féadfar a dhéanamh amach dá bhrí sin nach ndéanann an maolú difear ach do líon teoranta soithí. |
|
(9) |
Áirítear na soithí sin ar liosta a cuireadh in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 13(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006. |
|
(10) |
Rinne an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) measúnú ar an síneadh leis an maolú arna iarraidh ag an Iodáil agus ar an bplean bainistíochta a bhaineann leis an maolú sin ag na seisiúin Iomlánacha a bhí aige i mí an Mhárta (4) agus i mí Iúil (5) 2021. Le linn na seisiún sin, thug STECF dá aire go raibh gnéithe teicniúla éagsúla i bplean bainistíochta na hIodáile a bhí fós le soiléiriú. I mí an Mhárta 2021, chuir STECF i dtábhacht an gá atá le soiléirithe maidir le leibhéil tagartha, sonraí iascaigh, suíomhanna oibríochtaí iascaireachta agus sonraíochtaí trealaimh teicniúla. I mí Iúil 2021, tar éis plean bainistíochta athbhreithnithe a chur i láthair, chuir STECF i dtábhacht go raibh gá fós le sonraíochtaí maidir le sonraí socheacnamaíocha, foghabhálacha, dearadh an trealaimh agus leibhéil tagartha an phointe truicir. Chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, chomhaontaigh údaráis na hIodáile an plean bainistíochta a bhaineann leis na gnéithe sin a thabhairt cothrom le dáta. |
|
(11) |
Rinne STECF measúnú ar an síneadh leis an maolú arna iarraidh ag an Iodáil agus ar phlean bainistíochta na hIodáile a bhaineann leis ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí na Samhna 2021 (6). An measúnú foriomlán a rinne STECF, tá sé dearfach agus tá na príomhghnéithe is gá sa dréachtphlean bainistíochta chun tacú leis an iarraidh. Measann STECF go bhfuil feabhas mór tagtha ar an bplean bainistíochta athbhreithnithe, agus go mbunaítear leis pointí truicir níos réamhchúramaí agus gníomhaíochtaí feabhais i gcás bithmhais íseal. Is é conclúid STECF freisin go bhfuil na bearta nua a tugadh isteach le plean bainistíochta na hIodáile níos sriantaí ná sa phlean roimhe sin. Mar sin féin, thug STECF dá aire gur cheart tuairisc shoiléir a thabhairt ar na sonraí ar fad a bhfuil coinne lena mbailiú faoi phlean bainistíochta na hIodáile (gabháil na speiceas go léir, comhdhéanaimh na méideanna, ábhar muirí aischurtha agus sonraí socheacnamaíocha) agus gur cheart na sonraí a bhailiú, a anailísiú agus a thuairisciú chun faireachán leormhaith a dhéanamh ar éifeachtacht an phlean bainistíochta. Chomhaontaigh an Iodáil faireachán níos dlúithe ar oibríochtaí iascaireachta an chabhlaigh a chuimsiú sa phlean. |
|
(12) |
Comhlíonann an maolú arna iarraidh ag an Iodáil na coinníollacha a leagadh síos in Airteagal 13(5) agus (9) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006. |
|
(13) |
Go háirithe, tá bacainní sonracha geografacha ann i bhfianaise mhéid teoranta na scairbhe ilchríochaí agus dháileadh spásúil na spriocspeiceas araon, atá teoranta go heisiach do chriosanna áirithe sna limistéir chósta ag doimhneacht níos lú ná 50m. Dá bhrí sin, tá teorainn leis na meánna. |
|
(14) |
Ní bhíonn aon tionchar suntasach ag an iascaireacht le saighní báid ar an timpeallacht mhuirí agus bíonn sí an-roghnaíoch ós rud é go ndéantar na saighní a tharraingt sa cholún uisce agus nach mbíonn siad i dteagmháil le grinneall na farraige toisc, le bailiú ábhair ó ghrinneall na farraige, go ndéanfaí damáiste don spriocspeiceas agus go mbeadh sé beagnach dodhéanta na speicis a iasctar a roghnú mar gheall ar a méid an-bheag. |
|
(15) |
Déantar iascaireacht le saighní báid gar don chladach i ndoimhneachtaí éadoimhne. Mar gheall ar chineál an iascaigh sin ní féidir é a dhéanamh le trealaimh ar bith eile. |
|
(16) |
Comhlíonann na gníomhaíochtaí iascaireachta lena mbaineann ceanglais Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006, ós rud é go dtoirmeasctar go sainráite i bplean bainistíochta na Iodáile iascaireacht a dhéanamh os cionn gnáthóga faoi chosaint. |
|
(17) |
Maidir leis an gceanglas méideanna íosta an mhogaill a chomhlíonadh, d’údaraigh an Iodáil roimhe sin maolú ar mhéid íosta an mhogaill a bunaíodh in Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ar bhonn chomhlíonadh cheanglais Airteagal 9(7) den Rialachán sin i bhfianaise chineál an-roghnaíoch na n-iascach lena mbaineann, i bhfianaise na héifeachta diomaibhsí atá aige sin ar an muirthimpeallacht agus i bhfianaise nach ndéanann forálacha Airteagal 4(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 difear dó. |
|
(18) |
Le hIarscríbhinn IX, Cuid B, pointe 4 a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) ceadaítear cur i bhfeidhm leanúnach maoluithe ar mhéideanna íosta an mhogaill a eisíodh faoi chuimsiú Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2019/1241. |
|
(19) |
Rinne an Coimisiún measúnú ar an síneadh sin ar an maolú a d’iarr an Iodáil agus tháinig sé ar an gconclúid go gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 15(5) de Rialachán (AE) 2019/1241 agus in Iarscríbhinn IX, Cuid B, pointe 4, a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241, toisc nach dtagann meath ar na caighdeáin roghnaíochta de dheasca an tsínidh sin, go háirithe i dtéarmaí méadú ar ghabhálacha iasc óg, a bhí ann an 14 Lúnasa 2019, agus dírítear leis ar na cuspóirí agus na spriocanna a leagtar amach in Airteagail 3 agus 4 den Rialachán sin a bhaint amach. |
|
(20) |
Bíonn na gníomhaíochtaí iascaireachta lena mbaineann ar siúl ag fad an-ghearr ón gcósta in uiscí éadoimhne laistigh den líne 3 mhuirmhíle agus, dá bhrí sin, ní chuireann siad isteach ar ghníomhaíochtaí ná ar threalaimh soithí eile seachas tráil, saighní nó líonta tarraingthe dá samhail. |
|
(21) |
Déantar gníomhaíocht na saighní báid a rialú i bplean bainistíochta na hIodáile lena áirithiú gur fíorbheag iad gabhálacha na speiceas a luaitear in Iarscríbhinn IX, Cuid A a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241, a tháinig isteach in ionad Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006. Thairis sin, de réir chaibidil 5.1.2 de phlean bainistíochta na hIodáile, tá an iascaireacht ar an mac siobháin trédhearcach (Aphia minuta) teoranta do shéasúr iascaireachta ón 1 Samhain go dtí an 31 Bealtaine gach bliain agus tá gach séasúr iascaireachta teoranta do 60 lá ar a mhéad in aghaidh an bháid. |
|
(22) |
Tá saighní báid an-roghnaíoch agus ní dhíríonn siad ar cheifileapóid. |
|
(23) |
Le plean bainistíochta na hIodáile, áirítear bearta maidir le faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, mar a fhoráiltear in Airteagal 13(9), an tríú fomhír, de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006. |
|
(24) |
Comhlíonann na gníomhaíochtaí iascaireachta lena mbaineann na ceanglais taifeadta a leagtar síos in Airteagail 14 agus 15 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (8). |
|
(25) |
Dá bhrí sin, ba cheart an síneadh leis an maolú a iarradh a dheonú ar feadh tréimhse 3 bliana. |
|
(26) |
Ba cheart don Iodáil tuairisciú don Choimisiún i dtráth cuí agus i gcomhréir leis an bplean faireacháin dá bhforáiltear i bplean bainistíochta na hIodáile. |
|
(27) |
Ba cheart teorannú a thabhairt isteach maidir le fad an mhaolaithe chun ligean do chur i bhfeidhm tapa bearta bainistíochta ceartaitheacha i gcás ina léirítear go bhfuil drochstádas caomhantais ag na stoic a shaothraítear sa tuarascáil chuig an gCoimisiún, agus an deis á soláthar le feabhas a chur ar an mbunús eolaíoch le plean bainistíochta feabhsaithe. |
|
(28) |
Ós rud é go ndeachaigh an maolú a deonaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/317 in éag an 8 Márta 2021 agus go gcuirtear tús leis an séasúr iascaireachta an 1 Samhain gach bliain, d’fhonn leanúnachas dlíthiúil a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo le héifeacht ón 1 Samhain 2021. |
|
(29) |
Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne. |
|
(30) |
Níor thug an Coiste um Iascach agus Dobharshaothrú tuairim laistigh den teorainn ama arna leagadh síos ag a chathaoirleach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maolú
1. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 13(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 in uiscí teorann na hIodáile atá cóngarach do chósta Mhurascaill Manfredonia maidir leis na saighní báid a úsáideann soithí chun iascaireacht a dhéanamh ar an mac siobháin trédhearcach (Aphia minuta).
2. Úsáidfidh na soithí seo a leanas na saighní báid dá dtagraítear i mír 1:
|
(a) |
soithí atá cláraithe i Stiúrthóireacht mhuirí Manfredonia; |
|
(b) |
soithí ag a bhfuil cuntas teiste san iascach ar feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana agus nach mbainfidh aon mhéadú leo sa todhchaí ar an iarracht iascaireachta a imlonnaíodh; agus |
|
(c) |
soithí a bhfuil údarú iascaireachta acu agus a fheidhmíonn faoin bplean bainistíochta a ghlac an Iodáil i gcomhréir le hAirteagal 19(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006. |
Airteagal 2
Plean agus tuarascáil faireacháin
Cuirfidh an Iodáil tuarascáil arna tarraingt suas i gcomhréir leis an bplean faireacháin a bunaíodh i plean bainistíochta na Iodáile dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (c), in iúl don Choimisiún laistigh de bhliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus tréimhse feidhme
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 3ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Samhain 2021 go dtí an 31 Bealtaine 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 409, 30.12.2006, leagan ceartaithe in IO L 36, 8.2.2007, lch. 6.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/317 ón gCoimisiún an 2 Márta 2018 lena mbunaítear maolú ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfad íosta ón gcósta agus doimhneacht íosta na mara le haghaidh saighní báid a dhéanann iascaireacht ar an mac siobháin trédhearcach (Aphia minuta) in uiscí teorann áirithe de chuid na hIodáile (IO L 62, 5.3.2018, lch. 1).
(3) Gazzetta Ufficiale della Repubblica Italiana 88, 14.04.2022, pag. 55.
(4) An Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach - an 66ú Tuarascáil Iomlánach (Plen-21-01). EUR 28359 EN, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2021, ar fáil anseo: https://stecf.jrc.ec.europa.eu/reports/plenary/-/asset_publisher/oS6k/document/id/2871668
(5) An Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach - an 67ú Tuarascáil Iomlánach (Plen-21-02). EUR 28359 EN, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2021, ar fáil anseo: https://stecf.jrc.ec.europa.eu/reports/plenary/-/asset_publisher/oS6k/document/id/10267322
(6) An Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach - an 68ú Tuarascáil Iomlánach (Plen-21-03). EUR 28359 EN, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2021, ar fáil anseo: https://stecf.jrc.ec.europa.eu/reports/plenary/-/asset_publisher/oS6k/document/id/15101327
(7) Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 105).
(8) Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).