14.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 268/16


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1942 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí Jasminum polyanthum Franchet áirithe le haghaidh plandú de thionscnamh Uganda, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta i ndáil leis na plandaí sin le haghaidh plandú a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta i ndáil le plandaí áirithe Jasminum polyanthum Franchet le haghaidh plandú de thionscnamh Iosrael a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe an tríú fomhír d’Airteagal 42(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is éard a bhunaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (2), ar bhonn réamh-mheasúnú riosca, liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2018 ón gCoimisiún (3) leagtar síos rialacha sonracha maidir leis an nós imeachta atá le leanúint chun an measúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 42(4) de Rialachán (AE) 2016/2031 a dhéanamh ar na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a mbaineann ardriosca leo.

(3)

Tar éis réamh-mheasúnú a dhéanamh, áiríodh 34 ghéineas agus speiceas amháin de phlandaí le haghaidh plandú, de thionscnamh gach ceann de na tríú tíortha, san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo. Áirítear san Iarscríbhinn sin an géineas Jasminum L.

(4)

Déantar foráil i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún (4) maidir le liosta na bplandaí, na dtáirgí plandaí nó na réad eile, a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 agus nach féidir a thabhairt isteach nó a aistriú laistigh de chríoch an Aontais ach amháin má chomhlíontar ceanglais speisialta.

(5)

An 4 Nollaig 2019, chuir Uganda iarratas faoi bhráid an Choimisiúin maidir le gearrthóga neamhfhréamhaithe de Jasminum polynathum Franchet a onnmhairiú chuig an Aontas. Cuireadh an sainchomhad teicniúil ábhartha isteach leis an iarraidh sin.

(6)

An 31 Márta 2022, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) tuairim eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar ghearrthóga neamhfhréamhaithe de Jasminum polyanthum Franchet ó Uganda (5). Shainaithin an tÚdarás Bemisia tabaci (pobail neamh-AE), Coccus viridis, Diaphania indica, Pulvinaria psidii, Scirtothrips dorsalis agus Selenaspidus articulatus mar lotnaidí atá ábhartha maidir leis na plandaí sin le haghaidh plandú.

(7)

Rinne an tÚdarás meastóireacht ar na bearta maolaithe riosca a bhfuil tuairisc orthu sa sainchomhad i dtaca le Bemisia tabaci (pobail neamh-AE), Coccus viridis, Diaphania indica, Pulvinaria psidii, Scirtothrips dorsalis agus Selenaspidus articulatus agus rinne sé meastachán ar an dóchúlacht atá ann go mbeadh an tráchtearra sin saor ó na lotnaidí sin.

(8)

Ar bhonn na tuairime sin, meastar go bhfuil an riosca fíteashláintíochta ó thabhairt isteach i gcríoch an Aontais laghdaithe go leibhéal inghlactha i dtaca le gearrthóga neamhfhréamhaithe de Jasminum polyanthum Franchet, de thionscnamh Uganda, ar choinníoll go gcuirtear i bhfeidhm bearta maolaithe iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar an riosca lotnaidí a bhaineann leis na plandaí sin le haghaidh plandú. Dá thoradh sin, níor cheart gearrthóga neamhfhréamhaithe de Jasminum polyanthum Franchet de thionscnamh Uganda a mheas a thuilleadh mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a leasú dá réir.

(10)

Meastar gur leor na bearta a bhfuil tuairisc orthu tugtha ag Uganda sa sainchomhad chun an riosca ó thabhairt isteach an tráchtearra i gcríoch an Aontais a laghdú go leibhéal inghlactha. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta sin a glacadh mar cheanglais allmhairiúcháin fíteashláintíochta chun cosaint fíteashláintíochta chríoch an Aontais ar thabhairt isteach an tráchtearra sin inti a áirithiú.

(11)

Liostaítear Bemisia tabaci (pobail neamh-AE) agus Scirtothrips dorsalis mar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (6). Níl Coccus viridis, Pulvinaria psidiiSelenaspidus articulatus san áireamh go fóill i liosta na lotnaidí coraintín de chuid an Aontais, ach d’fhéadfadh na lotnaidí sin na coinníollacha a chomhlíonadh le bheith san áireamh nuair a bheidh measúnú riosca iomlán déanta.

(12)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a leasú dá réir.

(13)

Tugtar le fios i dtuairim an Údaráis nach bhfuil aon taifead ar fáil go dtí seo ar Diaphania indica lena mbaineann Jasminum polyanthum Franchet mar óstach. Ar an gcúis sin, ní gá aon cheanglas allmhairiúcháin maidir leis an lotnaid sin.

(14)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/419 (7) leasaíodh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 trína shonrú go bhfuil toirmeasc ar phlandaí Jasminum L. le haghaidh plandú, seachas gearrthóga neamhfhréamhaithe de phlandaí Jasminum polyanthum Franchet le haghaidh plandú de thionscnamh Iosrael, a thabhairt isteach san Aontas. Leasaíodh an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 chun na ceanglais allmhairiúcháin fíteashláintíochta is gá chun a áirithiú go bhfuil an riosca ó thabhairt isteach na bplandaí sin le haghaidh plandú san Aontas ó Iosrael inghlactha. Áiríodh go hearráideach sna ceanglais fíteashláintíochta sin bearta maidir le lotnaid choraintín de chuid an Aontais, is é sin Scirtothrips dorsalis. Ós rud é, de bhun Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2016/2031, go bhfuil toirmeasc ar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais a thabhairt isteach, a choinneáil inti, a iolrú nó a scaoileadh i gcríoch an Aontais, mar aon lena ngluaiseacht laistigh di, níor ghá aon bheart maidir le Scirtothrips dorsalis a áireamh san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213.

(15)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a cheartú dá réir.

(16)

Chun oibleagáidí an Aontais a eascraíonn as comhaontú na hEagraíochta Trádála Domhanda maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta a chur i bhfeidhm a chomhlíonadh (8), ba cheart leanúint ar aghaidh le hallmhairiú gearrthóg neamhfhréamhaithe de Jasminum polyanthum Franchet ó Uganda a luaithe is féidir. Dá bhrí sin, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(17)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Ceartaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena mbunaítear liosta sealadach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo de réir bhrí Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus liosta plandaí nach bhfuil deimhnithe fíteashláintíochta ag teastáil ina leith lena dtabhairt isteach san Aontas, de réir bhrí Airteagal 73 den Rialachán sin (IO L 323, 19.12.2018, lch. 10).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2018 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir leis an nós imeachta atá le leanúint chun an measúnú riosca a dhéanamh ar phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile a mbaineann ardriosca leo de réir bhrí Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 323, 19.12.2018, lch. 7).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2020 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta maidir le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a thabhairt isteach san Aontas, ar ábhair iad a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 (IO L 275, 24.8.2020, lch. 5).

(5)  Painéal EFSA PLH (Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí), 2022. Scientific Opinion on the commodity risk assessment of Jasminum polyanthum unrooted cuttings from Uganda [Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar ghearrthóga neamhfhréamhaithe de Jasminum polyanthum ó Uganda]. Iris EFSA 2022;20(5):7300, lch. 83 https://doi.org/10.2903/j.efsa.2022.7300.

(6)  OJ L 319, 10.12.2019, p. 1.

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/419 ón gCoimisiún an 9 Márta 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 maidir le plandaí áirithe a bhfuiltear lena gcur de Jasminum polyanthum Franchet de thionscnamh Iosrael agus lena n-oiriúnaítear cóid Ainmníochta Comhcheangailte le haghaidh Ullucus tuberosus agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta chun na plandaí sin a bhfuiltear lena gcur a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais (IO L 83, 10.3.2021, lch. 6).

(8)  The World Trade Organization Agreement on the Application of Sanitary and Phytosanitary Measures (SPS Agreement) [Comhaontú na hEagraíochta Trádála Domhanda maidir le Bearta Sláintíochta agus Fíteashláintíochta a Chur i bhFeidhm (Comhaontú SPS)], https://www.wto.org/english/tratop_e/sps_e/spsagr_e.htm.


IARSCRÍBHINN I

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019

I bpointe 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019, sa dara colún den tábla “Tuairisc”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála “Jasminum L., seachas gearrthóga neamhfhréamhaithe de phlandaí Jasminum polyanthum Franchet le haghaidh plandú de thionscnamh Iosrael”:

Jasminum L., seachas gearrthóga neamhfhréamhaithe de phlandaí Jasminum polyanthum Franchet le haghaidh plandú de thionscnamh Iosrael agus Uganda”.


IARSCRÍBHINN II

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213

Sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh “Jasminum polyanthum Franchet, iad ina ngearrthóga neamhfhréamhaithe de phlandaí le haghaidh plandú” de thionscnamh Iosrael:

Plandaí, táirgí plandaí nó réada eile

Cód AC

Tríú tíortha tionscnaimh

Bearta

“Jasminum polyanthum Franchet, iad ina ngearrthóga neamhfhréamhaithe de phlandaí le haghaidh plandú

ex 0602 10 90

Uganda

(a)

Ráiteas oifigiúil ina ndeirtear:

(i)

go bhfuil na plandaí saor ó Coccus viridis, Pulvinaria psidii agus Selenaspidus articulatus;

(ii)

gur fásadh na plandaí i láithreán a bhfuil cosaint fhisiceach aige ar thabhairt isteach Coccus viridis, Pulvinaria psidii agus Selenaspidus articulatus;

(iii)

go raibh an láithreán táirgthe faoi réir cigireacht oifigiúil uair sa mhí ar a laghad chun Coccus viridis, Pulvinaria psidii agus Selenaspidus articulatus a aimsiú, agus gur cinneadh go raibh sé saor ó na lotnaidí sin;

(iv)

go díreach sula ndearnadh onnmhairiú, go raibh na coinsíneachtaí plandaí faoi réir cigireacht oifigiúil chun Coccus viridis, Pulvinaria psidii agus Selenaspidus articulatus a aimsiú agus go raibh méid an tsampla leordhóthanach chun leibhéal inmhíolaithe 1 % ar a laghad a bhrath ar leibhéal muiníne 99 % maidir le gach lotnaid;

(b)

go n-áirítear i ndeimhnithe fíteashláintíochta na bplandaí sin faoin gceannteideal ‘Dearbhú Breise’:

(i)

an ráiteas seo a leanas: ‘Comhlíonann an choinsíneacht Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún’; agus

(ii)

sonraíocht na láithreán táirgthe cláraithe.”


IARSCRÍBHINN III

Ceartú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213

Sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála “Jasminum polyanthum Franchet, iad ina ngearrthóga neamhfhréamhaithe de phlandaí le haghaidh plandú” de thionscnamh Iosrael:

Plandaí, táirgí plandaí nó réada eile

Cód AC

Tríú tíortha tionscnaimh

Bearta

“Jasminum polyanthumFranchet, iad ina ngearrthóga neamhfhréamhaithe de phlandaí le haghaidh plandú

ex 0602 10 90

Iosrael

(a)

Ráiteas oifigiúil ina ndeirtear:

(i)

go bhfuil na plandaí saor ó Aonidiella orientalis, Milviscutulus mangiferae, Paracoccus marginatus, Pulvinaria psidii agus Colletotrichum siamense;

(ii)

gur fásadh na plandaí ar feadh a saoil i láthair tháirgthe atá cláraithe agus a bhfuil na láithreáin táirgthe atá ina gcuid di cláraithe agus faoi mhaoirseacht ag eagraíocht náisiúnta cosanta plandaí na tíre tionscnaimh;

(iii)

gur fásadh na plandaí i láithreán a bhfuil cosaint fhisiceach aige ar thabhairt isteach Aonidiella orientalis, Milviscutulus mangiferae, Paracoccus marginatus, Pulvinaria psidii;

(iv)

go raibh an láithreán táirgthe faoi réir cigireachtaí oifigiúla chun Aonidiella orientalis, Milviscutulus mangiferae, Paracoccus marginatus, Pulvinaria psidii, agus Colletotrichum siamense a aimsiú ann agus go ndearnadh na cigireachtaí sin gach 3 seachtaine agus nár aimsíodh na lotnaidí sin ann;

(v)

go díreach sula ndearnadh onnmhairiú, go raibh na coinsíneachtaí plandaí faoi réir cigireacht oifigiúil chun Aonidiella orientalis, Milviscutulus mangiferae, Paracoccus marginatus, agus Pulvinaria psidii a aimsiú agus go raibh an sampla ar a laghad ar mhéid leordhóthanach chun leibhéal inmhíolaithe 1 % a bhrath ar leibhéal muiníne 99 %, agus go raibh siad faoi réir cigireacht oifigiúil chun Colletotrichum siamense a aimsiú, lena n-airítear trí thástáil a dhéanamh ar phlandaí a raibh siomptóim orthu;

(b)

go n-áirítear i ndeimhnithe fíteashláintíochta na bplandaí sin faoin gceannteideal ‘Dearbhú Breise’:

(i)

an ráiteas seo a leanas: ‘Comhlíonann an choinsíneacht Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún’; agus

(ii)

sonraíocht na láithreán táirgthe cláraithe.”