14.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 268/7


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1936 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Deireadh Fómhair 2022

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1542 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2018 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Deireadh Fómhair 2018, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2018/1542.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2018/1542, d’athbhreithnigh an Chomhairle liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2 a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin. Ba cheart iontráil amháin ar an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1542 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1542 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 13 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. BLAŽEK


(1)  IO L 259, 16.10.2018, lch. 12.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an iontráil seo a leanas in ionad iontráil Uimh. 12 ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2, mar a leagtar amach é in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle faoin gceannteideal “A. Daoine nádúrtha”:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Forais ainmniúcháin

Dáta liostaithe

“12.

Sergei Ivanovich MENYAILO

(Сергей Иванович МЕНЯЙЛО)

Inscne: fireann;

Dáta breithe: an 22 Lúnasa 1960;

Áit bhreithe: Alagir;

Náisiúntacht: Rúiseach;

Teideal: Ceann North Ossetia-Alania.

Is é Sergei Menyailo Ceann North Ossetia-Alania. Bhí sé ina Ionadaí Lánchumhachtach d’Uachtarán an Russian Federation don Siberian Federal District idir 2016 agus mí Aibreáin 2021. Sa cháil sin, bhí sé freagrach as cur chun feidhme chumhachtaí bunreachtúla an Uachtaráin a áirithiú, lena n-áirítear beartas intíre agus eachtrach an Stáit a chur chun feidhme. Bhí Sergei Menyailo ina chomhalta den Security Council of the Russian Federation go dtí mí Lúnasa 2021.

Dhírigh gníomhaithe Stáit agus gníomhaithe breithiúnacha ciapadh agus diansmacht córasach ar Alexei Navalny i ngeall ar an ról tábhachtach a bhí aige sa fhreasúra polaitiúil.

Rinne údaráis Chónaidhm na Rúise dlúthfhaireachán ar ghníomhaíochtaí Alexei Navalny le linn a thurais go dtí an tSibéir i mí Lúnasa 2020. An 20 Lúnasa 2020, buaileadh go dona tinn é agus tugadh isteach in ospidéal é in Omsk i gCónaidhm na Rúise. An 22 Lúnasa 2020, tugadh go hospidéal é i mBeirlín na Gearmáine. Ina dhiaidh sin, d’aimsigh sainsaotharlann sa Ghearmáin fianaise shoiléir, lenar chomhthacaigh saotharlanna sa Fhrainc agus sa tSualainn freisin, gur nimhíodh Alexei Navalny le néar-oibreán tocsaineach de chuid an ghrúpa Novichok. Is ag údaráis Stáit i gCónaidhm na Rúise amháin atá rochtain ar an oibreán tocsaineach sin. Sna cúinsí sin, tá sé réasúnta a mheas nach bhféadfaí Alexei Navalny a nimhiú ach amháin le toiliú ó Oifig Feidhmiúcháin an Uachtaráin.

Dá bhrí sin, i bhfianaise a róil shinsearaigh cheannaireachta mar iar-ionadaí na hOifige sin sa Siberian Federal District, tá Sergei Menyailo freagrach as spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do na daoine a nimhigh Alexei Navalny nó a raibh baint acu lena nimhiú leis an néar-oibreán Novichok, agus is ionann sin agus arm ceimiceach a úsáid faoin gCoinbhinsiún maidir le hAirm Cheimiceacha.

15.10.2020”