12.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 265/67


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1926 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Deireadh Fómhair 2022

lena ndéantar asbhaintí ó chuótaí iascaireachta atá ar fáil le haghaidh stoic áirithe in 2022 de dheasca na ró-iascaireachta sna blianta roimhe sin

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 105(1), (2) agus (3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos cuótaí iascaireachta le haghaidh na bliana 2021 le Rialacháin (AE) 2020/1579 (2), (AE) 2021/90 (3), (AE) 2021/91 (4) agus (AE) 2021/92 (5) ón gComhairle.

(2)

Leagtar síos cuótaí iascaireachta le haghaidh 2022 le Rialachán (AE) 2021/91, (AE) 2021/1888 (6), (AE) 2022/109 (7) agus (AE) 2022/110 (8) ón gComhairle.

(3)

De bhun Airteagal 105(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, nuair a shuíonn an Coimisiún gur sháraigh Ballstát na cuótaí iascaireachta a leithdháileadh air, tá an Coimisiún le hasbhaintí a dhéanamh ó chuótaí iascaireachta a leithdháilfear ar an mBallstát sin amach anseo.

(4)

Le hAirteagal 105(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, déantar foráil go bhfuil na hasbhaintí sin le déanamh an bhliain ina dhiaidh sin nó na blianta ina dhiaidh sin trí na fachtóirí iolraithe faoi seach a chur i bhfeidhm de réir mar a leagtar amach ann.

(5)

Sháraigh Ballstáit áirithe a gcuótaí iascaireachta le haghaidh 2021. Dá bhrí sin, ba cheart asbhaintí a dhéanamh ó na cuótaí iascaireachta a leithdháiltear orthu in 2022 agus, i gcás inarb ábhartha, sna blianta ina dhiaidh sin, maidir leis na stoic a ndearnadh ró-iascaireacht orthu.

(6)

D’fhéadfadh sé go ndéanfaí tuilleadh nuashonruithe nó ceartúchán, i gcás na hasbhainte atá á déanamh faoi láthair nó i gcás asbhaint a rinneadh cheana, má bhraitear earráidí, easnaimh nó míthuairisciú maidir leis na figiúirí gabhála a dhearbhaíonn na Ballstáit de bhun Airteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

(7)

Ós rud é go sloinntear cuótaí i dtonaí, níor cheart ró-iascaireacht a bhaineann le cainníochtaí is lú ná tona amháin a bhreithniú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Laghdófar na cuótaí iascaireachta a shocraítear le haghaidh 2022 i Rialacháin (AE) 2021/91, (AE) 2021/1888, (AE) 2022/109 agus (AE) 2022/110 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2020/1579 ón gComhairle an 29 Deireadh Fómhair 2020 lena socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/123 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile (IO L 362, 30.10.2020, lch. 3).

(3)  Rialachán (AE) 2021/90 ón gComhairle an 28 Eanáir 2021 lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2021 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L 31, 29.1.2021, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2021/91 ón gComhairle an 28 Eanáir 2021 lena socraítear, le haghaidh na mblianta 2021 agus 2022, na deiseanna iascaireachta le haghaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais maidir le stoic éisc dhomhainfharraige áirithe (IO L 31, 29.1.2021, lch. 20).

(5)  Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle an 28 Eanáir 2021 lena socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 31, 29.1.2021 lch. 31).

(6)  Rialachán (AE) 2021/1888 ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2021 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/92 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile (IO L 384, 29.10.2021, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 21, 31.1.2022, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2022/110 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2022 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L 21, 31.1.2022, lch. 165).


IARSCRÍBHINN

ASBHAINTÍ Ó CHUÓTAÍ IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH 2022 I LEITH STOIC A nDEARNADH RÓ-IASCAIREACHT ORTHU

Ballstát

Cód an speicis

Cód an limistéir

Ainm an speicis

Ainm an limistéir

Cuóta tosaigh 2021 (i gcileagraim)

Gabhálacha arna gceadú 2021 (Cainníocht iomlán arna hoiriúnú i gcileagraim)  (1)

Gabhálacha iomlána 2021 (cainníocht i gcileagraim)

Ídiú cuóta i gcomparáid leis na gabhálacha arna gceadú (in %)

Ró-iascaireacht i gcomparáid leis na gabhálacha arna gceadú (cainníocht i gcileagraim)

Fachtóir iolraithe (2)

Fachtóir iolraithe breise  (3) ,  (4)

Asbhaintí nach ndearnadh ó bhliain/bhlianta roimhe (5) (cainníocht i gcileagraim)

Asbhaintí le cur i bhfeidhm in 2022 (cainníocht i gcileagraim)

CYP

SWO

MED

An colgán

An Mheánmhuir

52 230

52 230

55 703

106,65

3 473

/

C (6)

/

3 473

DEU

HER

4AB.

An scadán

Uiscí na Ríochta Aontaithe, uiscí an Aontais agus uiscí na hIorua in 4 lastuaidh de 53°30′ T

33 852 000

17 152 318

18 844 967

109,87

1 692 649

/

A (6)

/

1 692 649

DNK

COD

03AN.

An trosc

Skagerrak

1 515 000

1 556 000

1 598 949

102,76

42 949

/

C (6)

/

42 949

DNK

HER

4AB.

An scadán

Uiscí na Ríochta Aontaithe, uiscí an Aontais agus uiscí na hIorua in 4 lastuaidh de 53°30′ T

49 993 000

49 711 223

51 805 988

104,21

2 094 765

/

/

/

2 094 765

ESP

COD

1/2B.

An trosc

1 agus 2b

11 331 000

8 580 172

8 604 667

100,29

24 495

/

A (6)

/

24 495

ESP

GHL

1N2AB.

An haileabó Graonlannach

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

/

6 000

43 778

729,63

37 778

1,00

A

/

56 667

ESP

HAD

1N2AB.

An chadóg

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

/

0

19 059

N/B

19 059

1,00

/

/

19 059

ESP

OTH

1N2AB.

Speiceas eile

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

/

0

27 571

N/B

27 571

1,00

A

/

41 357

EST

GHL

N3LMNO

An haileabó Graonlannach

NAFO 3LMNO

331 000

502 500

515 085

102,50

12 585

/

/

/

12 585

FRA

RED

51214S

Péirsí mara

Uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 5; uiscí idirnáisiúnta in 12 agus 14

0

0

3 516

N/B

3 516

1,00

/

/

3 516

GRC

BFT

AE45WM

An tuinnín gorm

An tAigéan Atlantach, lastoir de 45° I, agus an Mheánmhuir

314 030

314 030

322 640

102,74

8 610

/

C (6)

/

8 610

IRL

HER

6AS7BC

An scadán

6aS, 7b, 7c

1 236 000

1 513 457

1 605 894

106,11

92 437

/

/

/

92 437

IRL

RJC

07D.

An roc garbh

7d

/

0

1 741

N/B

1 741

1,00

/

/

1 741

LTU

HER

4AB.

An scadán

Uiscí na Ríochta Aontaithe, uiscí an Aontais agus uiscí na hIorua in 4 lastuaidh de 53°30′ T

/

452 600

466 192

103,00

13 592

/

/

/

13 592

LVA

SPR

3BCD-C

An salán

Uiscí an Aontais i bhforanna 22-32

30 845 000

28 709 205

29 084 587

101,31

375 382

/

C (6)

/

375 382

NLD

HER

4AB.

An scadán

Uiscí na Ríochta Aontaithe, uiscí an Aontais agus uiscí na hIorua in 4 lastuaidh de 53°30′ T

46 381 000

45 488 813

46 533 481

102,30

1 044 668

/

/

/

1 044 668

POL

MAC

2A34.

An ronnach

Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 2a, 3 agus 4

/

0

63 850

N/B

63 850

1,00

/

/

63 850

PRT

ALF

3X14-

Alfainsíní

Uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 3, 4, 5, 6, 7, 8, 9, 10, 12 agus 14

145 000

136 677

139 363

101,97

2 686

/

/

/

2 686

PRT

ANE

9/3411

An t-ainseabhaí

9 agus 10; Uiscí an Aontais in CECAF 34.1.1

7 829 000

8 752 733

10 863 270

124,11

2 110 537

1,40

/

/

2 954 752

PRT

ANF

8C3411

Láimhínigh

8c, 9 agus 10; Uiscí an Aontais in CECAF 34.1.1

584 000

648 238

657 235

101,39

8 997

/

C (6)

/

8 997

PRT

BFT

AE45WM

An tuinnín gorm

An tAigéan Atlantach, lastoir de 45° I, agus an Mheánmhuir

572 970

572 970

583 215

101,79

10 245

/

C (6)

/

10 245

PRT

HKE

8C3411

An colmóir

8c, 9 agus 10; Uiscí an Aontais in CECAF 34.1.1

2 483 000

2 093 417

2 207 568

105,45

114 151

/

C (6)

/

114 151

SWE

HER

03A.

An scadán

3a

9 498 000

13 085 112

13 223 209

101,06

138 097

/

/

/

138 097


(1)  Cuótaí atá ar fáil do Bhallstát de bhun na Rialachán ábhartha maidir le deiseanna iascaireachta tar éis malartuithe deiseanna iascaireachta a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22), aistrithe cuótaí ó 2020 go 2021 i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle lena dtugtar isteach coinníollacha breise le haghaidh bhainistíocht TACanna agus cuótaí ó bhliain go bliain (IO L 115, 9.5.1996, lch. 3) agus le hAirteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 nó athdháileadh agus asbhaint deiseanna iascaireachta i gcomhréir le hAirteagal 37 agus Airteagal 105 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

(2)  De réir mar a leagtar amach in Airteagal 105(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Beidh feidhm ag asbhaint atá comhionann leis an ró-iascaireacht * 1,00 i ngach cás inar cothrom le 100 tona nó níos lú ná sin an ró-iascaireacht.

(3)  De réir mar a leagtar amach in Airteagal 105(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus ar choinníoll gur mó an ró-iascaireacht ná 10 %.

(4)  Léiríonn an litir “A” gur cuireadh fachtóir iolraithe breise 1,5 i bhfeidhm de bharr go ndearnadh ró-iascaireacht leanúnach sna blianta 2019, 2020 agus 2021. Léiríonn an litir “C” gur cuireadh fachtóir iolraithe breise 1,5 i bhfeidhm de bharr go bhfuil an stoc faoi réir plean ilbhliantúil.

(5)  Cainníochtaí atá fágtha ó bhliain/bhlianta roimhe.

(6)  Níl an fachtóir iolraithe breise infheidhme toisc nach ndeachaigh an ró-iascaireacht thar 10 % de na gabhálacha arna gceadú.