10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 263/3


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1916 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí Juglans regia L. áirithe le haghaidh plandú de thionscnamh na Moldóive

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 42(4), an chéad fhomhír de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is éard a bhunaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (2), ar bhonn réamh-mheasúnú riosca, liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2018 ón gCoimisiún (3) leagtar síos rialacha sonracha maidir leis an nós imeachta atá le leanúint chun an measúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 42(4) de Rialachán (AE) 2016/2031 a dhéanamh ar na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a mbaineann ardriosca leo.

(3)

Tar éis réamh-mheasúnú riosca a dhéanamh, áiríodh 34 ghéineas agus speiceas amháin de phlandaí le haghaidh plandú, de thionscnamh na dtríú tíortha ar fad, san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo, agus tá an géineas Juglans L. ar cheann acu.

(4)

An 4 Márta 2020, chuir an Mholdóiv iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin chun plandaí beangaithe le haghaidh plandú agus fréamhstoic Juglans regia L. atá aon bhliain amháin nó dhá bhliain d’aois agus atá fréamhlom, suanach agus gan duilleoga orthu a onnmhairiú chuig an Aontas. Cuireadh an sainchomhad teicniúil ábhartha isteach leis an iarraidh.

(5)

An 25 Márta 2021, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) tuairim eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Juglans regia. le haghaidh plandú, plandaí ar de thionscnamh na Moldóive iad (4). Níor shainaithin an tÚdarás aon lotnaid a bheadh ábhartha maidir leis na plandaí sin le haghaidh plandú.

(6)

An 23 Meitheamh 2022, leasaigh an tÚdarás an tuairim eolaíoch chun Xiphinema rivesi (pobail neamh-AE) mar lotnaid atá ábhartha maidir leis na plandaí sin le haghaidh plandú, rinne sé meastóireacht ar na bearta maolaithe riosca faoina ndéantar tuairisc sa sainchomhad i dtaca leis an lotnaid sin agus rinne sé meastachán ar an dóchúlacht atá ann go mbeadh na plandaí le haghaidh plandú sin saor ón lotnaid sin. Liostaítear Xiphinema rivesi (pobail neamh-AE) i gCuid A, Roinn 4, d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (5) mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais nach eol a bheith i gcríoch an Aontais.

(7)

Ar bhonn na tuairime sin, meastar gur inghlactha atá an riosca fíteashláintíochta ó thabhairt isteach san Aontas plandaí beangaithe le haghaidh plandú agus fréamhstoc Juglans regia L. atá suas le dhá bhliain d’aois agus atá fréamhlom, suanach agus gan duilleoga orthu, de thionscnamh na Moldóive, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais allmhairiúcháin ábhartha arna leagan amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072.

(8)

Dá thoradh sin, níor cheart a mheas a thuilleadh gur plandaí a mbaineann ardriosca leo iad plandaí beangaithe le haghaidh plandú agus fréamhstoic Juglans regia L. atá suas le dhá bliana d’aois agus atá fréamhlom, suanach agus gan duilleoga orthu, de thionscnamh na Moldóive.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a leasú dá réir.

(10)

Chun oibleagáidí an Aontais a eascraíonn as comhaontú na hEagraíochta Trádála Domhanda maidir le cur i bhfeidhm beart sláintíochta agus fíteashláintíochta (6) a chomhlíonadh, ba cheart allmhairiú na dtráchtearraí sin a atosú a luaithe is féidir. Dá bhrí sin, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 317, 23.11.2016, Lch. 4.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena mbunaítear liosta sealadach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo de réir bhrí Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus liosta plandaí nach bhfuil deimhnithe fíteashláintíochta ag teastáil ina leith lena dtabhairt isteach san Aontas, de réir bhrí Airteagal 73 den Rialachán sin (IO L 323, 19.12.2018, Lch. 10).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2018 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir leis an nós imeachta atá le leanúint chun an measúnú riosca a dhéanamh ar phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile a mbaineann ardriosca leo de réir bhrí Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 323, 19.12.2018, Lch. 7).

(4)  Painéal EFSA PLH (Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí), 2021. Scientific Opinion on the commodity risk assessment of Juglans regia plants from Moldova [Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Juglans regia ón Moldóiv]. Iris EFSA 2021;19(5):6570, 27 Lch. https://doi. org/10.2903/j.efsa.2021.6570.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, Lch. 1).

(6)  Comhaontú maidir le Bearta Sláintíochta agus Fíteashláintíochta a Chur i bhFeidhm (Comhaontú SPS) (arna ghlacadh an 15 Aibreán 1994, arna theacht i bhfeidhm an 1 Eanáir 1995; Imleabhar 1867 UNTS, Lch. 493); an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, https://www.wto.org/english/tratop_e/sps_e/spsagr_e.htm.


IARSCRÍBHINN

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019

I bpointe 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019, sa dara colún den tábla “Tuairisc”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs na hiontrála maidir le Juglans L.:

Juglans L., seachas:

plandaí Juglans regia L. le haghaidh plandú atá suas le 2 bhliain d’aois agus atá fréamhlom, gan duilleoga orthu agus le trastomhas uasta 2 cm ag bonn an ghais, de thionscnamh na Moldóive; agus

plandaí beangaithe le haghaidh plandú agus fréamhstoic Juglans regia L. atá suas le 2 bhliain d’aois agus atá fréamhlom, suanach agus gan duilleoga orthu, de thionscnamh na Moldóive”.