6.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 259/76


RIALACHÁN (AE) 2022/1905 ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle (2), tugtar éifeacht do bhearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES.

(2)

An 6 Deireadh Fómhair 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1907 (3) lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES, lenar tugadh isteach critéar breise maidir le liostú daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá faoi réir reo sócmhainní agus toirmeasc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine agus d’eintitis ainmnithe. Le Cinneadh (CBES) 2022/1907, tugadh isteach freisin maoluithe breise ar an reo sócmhainní agus an toirmeasc cistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil d’eintitis áirithe atá liostaithe, agus tugadh isteach leis forálacha breise maidir le hoibleagáidí na mBallstát a bhaineann le maoluithe a dheonú.

(3)

Tagann na leasuithe a dhéantar ar Chinneadh 2014/145/CBES trí Chinneadh (CBES) 2022/1907 faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(h)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a éascaíonn sáruithe ar an toirmeasc ar theacht timpeall fhorálacha an Rialacháin seo, de Rialacháin (AE) Uimh. 692/2014 (*1), (AE) Uimh. 833/2014 (*2) nó (AE) 2022/263 (*3) ón gComhairle, nó de Chinntí 2014/145/CBES (*4), 2014/386/CBES (*5), 2014/512/CBES (*6) nó, (CBES) 2022/266 (*7) ón gComhairle,

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 692/2014 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2014 maidir le bearta sriantacha mar fhreagairt ar an ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus Sevastopol (IO L 183, 24.6.2014, lch. 9)."

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 maidir le bearta sriantacha I bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1)."

(*3)  Rialachán (AE) 2022/263 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar aitheantas a thabhairt do na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus ar an ordú fórsaí armtha na Rúise a chur chun na limistéir sin (IO L 42 I 23.2.2022, lch. 77)."

(*4)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16)."

(*5)  Cinneadh 2014/386/CBES ón gComhairle an 23 Meitheamh 2014 maidir le bearta sriantacha mar fhreagairt ar an ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus Sevastopol (IO L 183, 24.6.2014, lch. 70)."

(*6)  Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13)."

(*7)  Cinneadh (CBES) 2022/266 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar aitheantas a thabhairt do na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus ar an ordú fórsaí armtha na Rúise a chur chun na limistéir sin (IO L 42 I 23.2.2022, lch. 109).”;"

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6a:

“Airteagal 6a

1.   De mhaolú ar Airteagal 2(2), féadfaidh údaráis inniúla Ballstát íocaíochtaí a údarú do Chalafoirt na Crimé as seirbhísí arna gcur ar fáil ag calafoirt Chalafort Iascaigh Kerch, Port Tráchtála Yalta agus Calafort Tráchtála Evpatoria, agus as seirbhísí arna gcur ar fáil ag Gosgidrografiya agus ag brainsí Críochfoirt Chalafoirt na Crimé.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1, laistigh de 2 sheachtain ón údarú.”;

(3)

in Airteagal 6b, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“4.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit a údarú cistí reoite áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh ar leis an eintiteas a liostaítear faoin uimhir iontrála 91 in Iarscríbhinn I iad, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil don eintitis sin, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh na húdaráis inniúla a bheith iomchuí agus tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil cistí nó acmhainní eacnamaíocha den sórt sin riachtanach chun idirbhearta lena bhfuil fíorghá, a thabhairt i gcrích. faoin 31 Nollaig 2022, lena n-áirítear díolacháin, le haghaidh leachtú comhfhiontair nó le haghaidh comhshocrú dlítheanach comhchosúil a tugadh i gcrích roimh an 16 Márta 2022 agus lena raibh baint ag duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn XIX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014.

5.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit a údarú go scaoilfí cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a bhaineann leis an eintiteas a liostaítear faoi uimhir iontrála 101 in Iarscríbhinn I, nó go gcuirfí ar fáil cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe don eintiteas sin, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh na húdaráis inniúla a bheith iomchuí agus tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá leis na cistí nó acmhainní eacnamaíocha sin chun foirceannadh a dhéanamh faoin 7 Eanáir 2023, i gcás oibríochtaí, conarthaí nó comhaontuithe eile arna dtabhairt i gcrích leis an eintiteas sin, nó a bhaineann leis ar bhealach eile roimh an 3 Meitheamh 2022.

6.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin Airteagal seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  IO L 78, 17.3.2014, lch. 16.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine (IO L 78, 17.3.2014, lch. 6).

(3)  Cinneadh (CBES) 2022/1907 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (féach leathanach 98 den Iris Oifigiúil seo).