6.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 259/187


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1863 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 a mhéid a bhaineann le haistarraingtí torthaí agus glasraí ón margadh lena ndáileadh saor in aisce

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 38(h) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos in Airteagal 17 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 ón gCoimisiún (2) rialacha maidir leis na costais a bhaineann le sórtáil agus pacaistiú torthaí agus glasraí a aistarraingítear ón margadh agus a mbeartaítear iad a dháileadh saor in aisce. Leagtar síos méideanna cnapshuime do na costais sin in Iarscríbhinn V a ghabhann leis. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 (3), lena leagtar síos rialacha maidir leis an tacaíocht d’aistarraingt ón margadh den chineál sin, leagtar amach teorainn ar na costais a bhaineann le sórtáil agus pacáistiú torthaí agus glasraí a aistarraingítear ón margadh lena ndáileadh saor in aisce, chun róchúiteamh a sheachaint. Léiríonn taithí na mBallstát agus na n-eagraíochtaí táirgeoirí ar aistarraingtí a chur chun feidhme, maidir leis na na méideanna a leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 i ndáil le costais sórtála agus phacáistithe le haghaidh táirgí a aistarraingítear ón margadh lena ndáileadh saor in aisce in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, nár cheart iad a mheas mar chnapshuimeanna, ach mar uasmhéideanna nár cheart a shárú agus, chun róchúiteamh a sheachaint, nár cheart costais sórtála agus phacáistithe a bheith incháilithe má dhéantar torthaí agus glasraí a dháileadh saor in aisce tar éis na próiseála.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 a leasú dá réir.

(3)

Ar mhaithe le cóir chomhionann a áirithiú d’eagraíochtaí táirgeoirí a aistarraingíonn torthaí agus glasraí ón margadh lena ndáileadh saor in aisce le linn na bliana táirgthe 2022, ba cheart an tréimhse iomlán buainte a chumhdach leis an modh ríofa nua. Ós rud é go gcuirtear tús le péitseoga agus neachtairíní a bhaint ó mhí Aibreáin gach bliain, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Aibreán 2022.

(4)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892

In Airteagal 17 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Ceadófar faoi chláir oibríochtúla na costais a bhaineann le sórtáil agus pacáistiú torthaí agus glasraí a aistarraingítear ón margadh lena ndáileadh saor in aisce, ach amháin má dhéantar torthaí agus glasraí a dháileadh saor in aisce tar éis na próiseála. I gcás táirgí i bpacáistí ar lú ná 25 kg a nglanmheáchan, ní rachaidh na costais sin thar na méideanna a leagtar amach in Iarscríbhinn V.”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Aibreán 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 ón gCoimisiún an 13 Márta 2017 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte (IO L 138, 25.5.2017, lch. 57).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 ón gCoimisiún an 13 Márta 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pionóis atá le cur i bhfeidhm sna hearnálacha sin agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 ón gCoimisiún (IO L 138, 25.5.2017, lch. 4).