|
7.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 262/34 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1856 ÓN GCOIMISIÚN
an 10 Meitheamh 2022
lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 151/2013 tríd an nós imeachta chun mionsonraí na ndíorthach a rochtain chomh maith leis na socruithe teicniúla agus oibríochtúla maidir lena rochtain a shonrú a thuilleadh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (1), agus go háirithe Airteagal 81(5), an ceathrú fomhír, i gcomhar le hAirteagal 81(5), an chéad fhomhír, pointe (d), de sin,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Chun comparáid agus comhiomlánú éifeachtach agus éifeachtúil a dhéanamh ar shonraí, ba cheart do stórtha trádála úsáid a bhaint as teimpléid i bhformáid XML agus as teachtaireachtaí XML arna bhforbairt i gcomhréir le modheolaíocht ISO 20022 maidir le rochtain a dheonú ar mhionsonraí na ndíorthach agus chun cumarsáid a dhéanamh leis na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 81(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Níor cheart dó sin cosc a chur ar stórtha trádála agus ar eintitis ábhartha ó aontú formáidí seachas XML a úsáid chun rochtain ar mhionsonraí na ndíorthach a chur in iúl nó a sholáthar. |
|
(2) |
Na mionsonraí sna díorthaigh a thuairiscítear arna gcur ar fáil ag stórtha trádála i dteimpléid fhormáid XML arna bhforbairt i gcomhréir le ISO 20022 do na heintitis atá liostaithe in Airteagal 81(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ba cheart an fhaisnéis chéanna a bheith iontu leis an bhfaisnéis arna soláthar ag na contrapháirtithe, na heintitis atá freagrach as tuairisciú agus ag eintitis a chuireann tuarascáil isteach, de réir mar is infheidhme. |
|
(3) |
Maidir leis an bhfaisnéis ar cheart d’eintitis atá liostaithe in Airteagal 81(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a bheith in ann a rochtain, ba cheart a áireamh san fhaisnéis sin mionsonraí na ndíorthach arna ndiúltú ag na stórtha trádála nó mionsonraí na ndíorthach ar ghlac siad leo, ach ar eisigh siad rabhadh ina leith chomh maith leis na mionsonraí tar éis an próiseas réitigh le haghaidh díorthach a chur i gcrích, díorthaigh dá dtagraítear in Airteagal 19 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 150/2013 ón gCoimisiún (2). |
|
(4) |
I gcás inar ghlac an Coimisiún le gníomh cur chun feidhme lena gcinntear go gcomhlíonann creat dlíthiúil tríú tír na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 76a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ba cheart do stór trádála rochtain a dheonú ar na sonraí d’údarás ábhartha an tríú tír sin, agus sainordú agus freagrachtaí údarás an tríú tír á gcur san áireamh. |
|
(5) |
Chun cur chuige caighdeánaithe agus comhchuibhithe a áirithiú maidir le mionsonraí na ndíorthach a rochtain agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú ar na heintitis atá liostaithe in Airteagal 81(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus ar na stórtha trádála araon, is iomchuí cúraimí na stórtha trádála maidir le rochtain a dheonú ar mhionsonraí na ndíorthach a shonrú a thuilleadh. Ba cheart do na stórtha trádála duine a ainmniú a bheidh freagrach as teagmháil a dhéanamh leis na heintitis atá liostaithe in Airteagal 81(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Ba cheart dóibh freisin na treoracha do na heintitis sin a chur ar fáil ar a suíomh gréasáin, agus míniú a thabhairt ar conas rochtain ar na sonraí arna sealbhú ag an stór trádála a iarraidh. Ina theannta sin, chun iarrataí ó na heintitis sin ar rochtain ar na sonraí ábhartha a éascú, ba cheart do stórtha trádála foirm chaighdeánaithe a ullmhú a chuideodh leis na heintitis sin an fhaisnéis a sholáthar do na stórtha trádála a thabharfadh caoi dóibh na ceanglais maidir le rochtain ar na sonraí a shuí. Ar deireadh, ba cheart do na stórtha trádála na socruithe teicniúla is gá a bhunú d’eintitis atá liostaithe in Airteagal 81(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 chun mionsonraí na ndíorthach arna dtuairisciú a rochtain. |
|
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh 151/2013 (3) ón gCoimisiún a leasú dá réir sin. |
|
(7) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCóras Eorpach Banc Ceannais. |
|
(8) |
Reáchtáil ESMA comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara féideartha agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). |
|
(9) |
Chun dóthain ama a thabhairt do chontrapháirtithe agus do stórtha trádála chun dul in oiriúint do na ceanglais nua faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1860 ón gCoimisiún (5), ba cheart dáta chur i bhfeidhm na bhforálacha a bhaineann leis na réimsí nua sonraí a chur siar, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 151/2013
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 151/2013 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: “Airteagal 2 Rochtain a dheonú ar mhionsonraí na ndíorthach 1. Cuirfidh stór trádála mionsonraí na ndíorthach ar fáil go díreach agus láithreach, i gcomhréir le hAirteagail 2 agus 3 den Rialachán seo, do na heintitis atá liostaithe in Airteagal 81(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, lena n-áirítear i gcás gurb ann do shocruithe tarmligthe faoi Airteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Chun críocha na chéad fomhíre, bainfidh an stór trádála úsáid as an bhformáid XML agus as an teimpléad a forbraíodh i gcomhréir le modheolaíocht ISO 20022. 2. Áiritheoidh stór trádála go mbeidh na sonraí seo a leanas ar áireamh sna mionsonraí ar shonraí idirbhirt maidir le díorthaigh arna ndéanamh inrochtana do na heintitis atá liostaithe in Airteagal 81(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i gcomhréir leis an Airteagal seo agus de bhun na n-amlínte a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5 den Rialachán seo:
3. Soláthróidh stór trádála do na heintitis ag a bhfuil roinnt freagrachtaí nó sainorduithe faoi Airteagal 81(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 pointe rochtana aonair ar na díorthaigh a chumhdaítear leis na freagrachtaí agus na sainorduithe sin. 4. Soláthróidh stór trádála rochtain don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) ar na sonraí idirbhirt uile maidir le díorthaigh chun inniúlachtaí a fheidhmiú i gcomhréir lena fhreagrachtaí agus lena shainorduithe. 5. Soláthróidh stór trádála rochtain don Údarás Baincéireachta Eorpach, don Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde agus don Bhord Eorpach um Riosca Sistéamach ar na sonraí idirbhirt uile maidir le díorthaigh. 6. Soláthróidh stór trádála rochtain don Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh ar na sonraí idirbhirt uile maidir le díorthaigh i gcás inar lamháltais fuinnimh nó astaíochta é an t-ábhar is bunús leis na díorthaigh. 7. Soláthróidh stór trádála rochtain d’údarás a mhaoirsíonn ionaid trádála ar na sonraí idirbhirt uile maidir le díorthaigh arna bhforghníomhú ar na hionaid trádála sin. 8. Soláthróidh stór trádála rochtain d’údarás maoirseachta arna ainmniú de bhun Airteagal 4 de Threoir 2004/25/CE ar na sonraí idirbhirt uile maidir le díorthaigh i gcás inar urrús é an t-ábhar is bunús leis na díorthaigh arna eisiúint ag cuideachta a chomhlíonann ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:
9. Soláthróidh stór trádála rochtain d’údarás, dá dtagraítear in Airteagal 81(3), pointe (j), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ar na sonraí ar fad maidir le hidirbhearta i ndáil le hionstraimí díorthacha i gcomhair margaí, conarthaí, sócmhainní foluiteacha, tagarmharcanna agus contrapháirtithe a thagann faoi dhualgais agus faoi shainorduithe maoirseachta an údaráis sin. 10. Soláthróidh stór trádála rochtain ar na sonraí a leanas don Bhanc Ceannais Eorpach (BCE) agus do chomhalta den Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC), arb é euro airgeadra an Bhallstáit:
11. Soláthróidh stór trádála rochtain d’údarás, a liostaítear in Airteagal 81(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus a dhéanann faireachán ar rioscaí sistéamacha ar chobhsaíocht airgeadais sa limistéar euro agus arb é euro airgeadra a Bhallstáit, lena n-áirítear BCE, ar na sonraí ar fad maidir le hidirbhearta i ndáil le hionstraimí díorthacha arna dtabhairt i gcrích i ndáil le hionaid trádála nó arna dtabhairt i gcrích ag contrapháirtithe lárnacha (CPLanna) agus contrapháirtithe a thagann faoi dhualgais agus faoi shainorduithe an údaráis sin agus faireachán á dhéanamh ar rioscaí sistéamacha ar chobhsaíocht airgeadais sa limistéar euro. 12. Soláthróidh stór trádála rochtain ar na sonraí a leanas do chomhalta den Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC), nach é euro airgeadra a Bhallstáit:
13. Soláthróidh stór trádála rochtain d’údarás, a liostaítear in Airteagal 81(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus a dhéanann faireachán ar rioscaí sistéamacha ar chobhsaíocht airgeadais, agus nach é euro airgeadra a Bhallstáit, ar na sonraí ar fad maidir le hidirbhearta i ndáil le hionstraimí díorthacha arna dtabhairt i gcrích i ndáil le hionaid trádála nó arna dtabhairt i gcrích ag CPLanna agus contrapháirtithe a thagann faoi dhualgais agus sainorduithe an údaráis sin agus faireachán á dhéanamh ar rioscaí sistéamacha ar chobhsaíocht airgeadais i mBallstát nach é euro a airgeadra. 14. Soláthróidh stór trádála rochtain do BCE, nuair a dhéanfaidh BCE a chuid cúraimí laistigh den sásra maoirseachta aonair faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 (*4) ón gComhairle, ar na sonraí ar fad maidir le hidirbhearta i ndáil le hionstraimí díorthacha arna dtabhairt i gcrích ag contrapháirtithe atá faoi réir mhaoirseacht BCE de bhun an Rialacháin sin laistigh den sásra maoirseachta aonair. 15. Soláthróidh stór trádála rochtain d’údarás inniúil, a liostaítear in Airteagal 81(3), pointí (o) agus (p), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ar na sonraí ar fad maidir le hidirbhearta i ndáil le hionstraimí díorthacha arna dtabhairt i gcrích ag contrapháirtithe a thagann faoi dhualgais agus faoi shainorduithe an údaráis sin. 16. Soláthróidh stór trádála rochtain d’údarás réitigh, dá dtagraítear in Airteagal 81(3), pointe (m), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ar na sonraí ar fad maidir le hidirbhearta i ndáil le hionstraimí díorthacha arna dtabhairt i gcrích ag contrapháirtithe a thagann faoi dhualgais agus faoi shainorduithe an údaráis sin. 17. Soláthróidh stór trádála rochtain don Bhord Réitigh Aonair (BRA), ar na sonraí ar fad maidir le hidirbhearta i ndáil le hionstraimí díorthacha arna dtabhairt i gcrích ag contrapháirtithe a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5). 18. Soláthróidh stór trádála rochtain d’údarás a dhéanann maoirseacht ar chontrapháirtí lárnach (CPL), agus don chomhalta ábhartha CEBC eile a dhéanann maoirseacht ar an gcontrapháirtí lárnach sin, i gcás inarb infheidhme, ar na sonraí ar fad maidir le hidirbhearta i ndáil le hionstraimí díorthacha arna n-imréiteach ag an gcontrapháirtí lárnach sin. (*1) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1855 ón gcoimisiún an 10 Meitheamh 2022 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin, formáidí, minicíocht agus modhanna agus socruithe maidir le tuairisciú (IO L 262, 7.10.2022, lch. 1)." (*2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1860 ón gcoimisiún an 10 Meitheamh 2022 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin, formáidí, minicíocht agus modhanna agus socruithe maidir le tuairisciú (IO L 262, 7.10.2022, lch. 68)." (*3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1858 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na nósanna imeachta chun sonraí idir stórtha trádála a réiteach agus na nósanna imeachta atá le cur i bhfeidhm ag an stór trádála le fíorú go bhfuil na ceanglais tuairiscithe á gcomhlíonadh ag an gcontrapháirtí a dhéanfaidh an tuairisciú nó ag an eintiteas a dhéanfaidh an cur isteach agus chun iomláine agus cruinneas na sonraí arna dtuairisciú a fhíorú (IO L 262, 7.10.2022, lch. 46)." (*4) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sainiúla don Bhanc Ceannais Eorpach i dtaca le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63)." (*5) Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).”;" |
|
(2) |
in Airteagal 3, cuirtear mír 3 seo a leanas leis: “3. I ndáil le húdarás ábhartha tríú tír ar ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ina leith a chinneann go gcomhlíonann an creat dlíthiúil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 76a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, soláthróidh stór trádála rochtain ar na sonraí, agus sainorduithe agus dualgais údarás an tríú tír á gcur san áireamh.”; |
|
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4: “Airteagal 4 Rochtain ar mhionsonraí na n-ionstraimí díorthacha a chur ar bun 1. Déanfaidh stór trádála na cúraimí seo a leanas:
2. Iarrfaidh an t-eintiteas a liostaítear in Airteagal 81(3) de Rialachán (AE) 648/2012 rochtain ar mhionsonraí na n-ionstraimí díorthacha ag úsáid foirm a d’fhorbair agus a chuir stór trádála ar fáil agus an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad á sonrú:
|
|
(4) |
Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
|
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 1(4), pointí (c) agus (d) ón 29 Aibreán 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Meitheamh 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 201, 27.7.2012, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 150/2013 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2012 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála i dtaca le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear mionsonraí an iarratais ar chlárú mar stór trádála Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE (IO L 52, 23.2.2013, lch. 25).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 151/2013 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2012 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála, i dtaca le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na sonraí atá le foilsiú agus le cur ar fáil ag na stórtha trádála agus na caighdeáin oibríochtúla maidir leis na sonraí a chomhiomlánú, comparáid a dhéanamh ar na sonraí agus iad a rochtain (IO L 52, 23.2.2013, lch. 33).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1860 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2022 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin, formáidí, minicíocht agus modhanna agus socruithe maidir le tuairisciú (Féach leathanach 68 den Iris Oifigiúil seo).