5.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 257/1


RIALACHÁN (AE) 2022/1848 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 692/2014 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar an ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus Sevastopol

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh 2014/386/CBES an 23 Meitheamh 2014 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar an ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus Sevastopol (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 23 Meitheamh 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/386/CBES agus Rialachán (AE) Uimh. 692/2014 (2) a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar an ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus Sevastopol.

(2)

Maidir le seoltaí na suíomhanna gréasáin le haghaidh faisnéis maidir le húdaráis inniúla na mBallstát agus an seoladh agus sonraí teagmhála eile le haghaidh fógraí chuig an gCoimisiún a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 692/2014, ós rud é gur féidir leo athrú le himeacht ama, agus chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Cur Chun Feidhme Rialachán (AE) Uimh. 692/2014 ón gComhairle, ba cheart de cumhacht a thabhairt don Choimisiún Iarscríbhinn I a ghabhann leis a leasú.

(3)

Ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 692/2014 a ionadú, ós rud é gur cheart an fhaisnéis atá ann a thabhairt cothrom le dáta.

(4)

Tagann na leasuithe sin faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 692/2014 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 692/2014 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, pointe (e), cuirtear na focail “an Iarscríbhinn” in ionad “Iarscríbhinn I”;

(2)

in Airteagal 9(1) agus (3),cuirtear na focail “Iarscríbhinn I” in ionad na bhfocal “an Iarscríbhinn”;

(3)

in Airteagal 9, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“4.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún Iarscríbhinn I a leasú ar bhonn na faisnéise a sholáthróidh na Ballstáit.”

(4)

Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a chur in ionad Iarscríbhinn I.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 4 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. STANJURA


(1)   IO L 183, 24.6.2014, lch. 70.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 692/2014 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2014 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar an ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus Sevastopol (IO L 183, 24.6.2014, lch. 9).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 692/2014:

“IARSCRÍBHINN I

Suíomhanna gréasáin le haghaidh faisnéis maidir leis na húdaráis inniúla agus an seoladh le haghaidh fógraí chuig an gCoimisiún

AN BHEILG

https://diplomatie.belgium.be/en/policy/policy-areas/peace-and-security/sanctions/belgian-authorities-in-charge-implementation-restrictive-measures-eu

AN BHULGÁIR

https://www.mfa.bg/en/EU-sanctions

AN tSEICIA

www.financnianalytickyurad.cz/mezinarodni-sankce.html

AN DANMHAIRG

http://um.dk/da/Udenrigspolitik/folkeretten/sanktioner/

AN GHEARMÁIN

https://www.bmwi.de/Redaktion/DE/Artikel/Aussenwirtschaft/embargos-aussenwirtschaftsrecht.html

AN EASTÓIN

https://vm.ee/sanktsioonid-ekspordi-ja-relvastuskontroll/rahvusvahelised-sanktsioonid

ÉIRE

https://www.dfa.ie/our-role-policies/ireland-in-the-eu/eu-restrictive-measures/

AN GHRÉIG

http://www.mfa.gr/en/foreign-policy/global-issues/international-sanctions.html

AN SPÁINN

https://www.exteriores.gob.es/es/PoliticaExterior/Paginas/SancionesInternacionales.aspx

AN FHRAINC

http://www.diplomatie.gouv.fr/fr/autorites-sanctions/

AN CHRÓIT

https://mvep.gov.hr/vanjska-politika/medjunarodne-mjere-ogranicavanja/22955

AN IODÁIL

https://www.esteri.it/it/politica-estera-e-cooperazione-allo-sviluppo/

AN CHIPIR

https://mfa.gov.cy/themes/

AN LAITVIA

http://www.mfa.gov.lv/en/security/4539

AN LIOTUÁIN

http://www.urm.lt/sanctions

LUCSAMBURG

https://maee.gouvernement.lu/fr/directions-du-ministere/affaires-europeennes/organisations-economiques-int/mesures-restrictives.html

AN UNGÁIR

https://kormany.hu/kulgazdasagi-es-kulugyminiszterium/ensz-eu-szankcios-tajekoztato

MÁLTA

https://foreignandeu.gov.mt/en/Government/SMB/Pages/SMB-Home.aspx

AN ÍSILTÍR

https://www.rijksoverheid.nl/onderwerpen/internationale-sancties

AN OSTAIR

https://www.bmeia.gv.at/themen/aussenpolitik/europa/eu-sanktionen-nationale-behoerden/

AN PHOLAINN

https://www.gov.pl/web/dyplomacja/sankcje-miedzynarodowe

https://www.gov.pl/web/diplomacy/international-sanctions

AN PHORTAINGÉIL

https://portaldiplomatico.mne.gov.pt/politica-externa/medidas-restritivas

AN RÓMÁIN

http://www.mae.ro/node/1548

AN tSLÓIVÉIN

http://www.mzz.gov.si/si/omejevalni_ukrepi

AN tSLÓVAIC

https://www.mzv.sk/europske_zalezitosti/europske_politiky-sankcie_eu

AN FHIONLAINN

https://um.fi/pakotteet

AN tSUALAINN

https://www.regeringen.se/sanktioner

Seoladh le haghaidh fógraí chuig an gCoimisiún Eorpach:

An Coimisiún Eorpach

An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil (AS FISMA)

Rue de Spa 2

1049 an Bhruiséil, an Bheilg

R-phost: relex-sanctions@ec.europa.eu

”.