4.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 256/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1845 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Iúil 2022

lena gceartaítear leaganacha áirithe teanga d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle i ndáil leis na hearnálacha torthaí agus glasraí agus torthaí agus glasraí próiseáilte

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 75(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá earráidí i gCuid B.1, Roinn VI.D, pointe (b) d’Iarscríbhinn I agus i gCuid B.6, Roinn VI.D, pointe (b) d’Iarscríbhinn I, sna leaganacha Eastóinise, Gearmáinise, Iodáilise, Sualainnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 ón gCoimisiún (2), a mhéid a bhaineann leis na sonraíochtaí tráchtála atá le húsáid chun méid na n-úlla agus na bpiorraí a mharcáil faoi seach. Déanann na hearráidí sin difear do shubstaint na bhforálacha sin.

(2)

Cé go bhfuil an earráid chéanna sa leagan Slóivéinise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011, is i gCuid B.6, Roinn VI.D, pointe (b), d’Iarscríbhinn I amháin atá sí, áfach.

(3)

Sa leagan Gearmáinise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 tá earráid i gCuid B.9, Roinn V.B, an ceathrú mír d’Iarscríbhinn I, a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le pacáistiú le haghaidh fíonchaora boird. Déanann an earráid sin difear do shubstaint na forála sin.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart na leaganacha Eastóinise, Gearmáinise, Iodáilise, Slóivéinise, Sualainnise agus Ungáirise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge.)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle i ndáil leis na hearnálacha torthaí agus glasraí agus torthaí agus glasraí próiseáilte (IO L 157, 15.6.2011, lch. 1).