30.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 252/4


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1671 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Meitheamh 2022

lena gcuirtear síneadh leis an idirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 89(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (1), agus go háirithe Airteagal 85(2), an tríú fomhír de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 89(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nach mbeidh feidhm ag an oibleagáid imréitigh a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán sin, go dtí an 18 Meitheamh 2021, maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar is féidir a thomhas go hoibiachtúil mar chonarthaí a laghdaíonn rioscaí infheistíochta a bhaineann go díreach le sócmhainneacht airgeadais na socruithe scéimeanna pinsean, agus le heintitis a bunaíodh chun cúiteamh a sholáthar do chomhaltaí socruithe scéimeanna pinsean i gcás mainneachtana. Tugadh an idirthréimhse sin isteach chun go bhféadfaí réitigh theicniúla inmharthana a fhorbairt chun comhthaobhacht airgid agus neamhairgid a aistriú trí shocruithe scéimeanna pinsin mar chorrlach athrúcháin, agus ar an gcaoi sin aon éifeacht dhíobhálach ar shochair scoir pinsinéirí a bheidh ann amach anseo a sheachaint, ar éifeachtaí iad a tharlódh mar gheall ar an oibleagáid imréitigh a chur i bhfeidhm láithreach maidir leis na conarthaí díorthach thar an gcuntar sin.

(2)

Le hAirteagal 85(2), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, tugtar de chumhacht don Choimisiún síneadh a chur faoi dhó leis an idirthréimhse a leagtar síos in Airteagal 89(1) den Rialachán sin, síneadh bliana gach uair, sa chás go gcinnfeadh an Coimisiún nár forbraíodh aon réiteach teicniúil inmharthana chun comhthaobhacht airgid agus neamhairgid a aistriú trí shocruithe scéimeanna pinsean mar chorrlaigh athrúcháin agus nár tháinig aon athrú ar na héifeachtaí díobhálacha ar shochair scoir pinsinéirí a bheidh ann amach anseo mar gheall ar chonarthaí díorthach a imréiteach go lárnach. Chun na críche sin, le hAirteagal 85(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascálacha bliantúla a ullmhú, go dtí síneadh deiridh na hidirthréimhse, chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a forbraíodh nó nár forbraíodh réitigh theicniúla inmharthana den sórt sin agus cé acu an gá nó nach gá aon bheart a ghlacadh chun na réitigh theicniúla inmharthana sin a éascú.

(3)

Ghlac an Coimisiún dhá thuarascáil bhliantúla an 23 Meán Fómhair 2020 (2) agus an 6 Bealtaine 2021 (3) faoi seach. Sna tuarascálacha sin, thug an Coimisiún faoi deara go bhfuil iarrachtaí déanta ag rannpháirtithe sa mhargadh thar na blianta réitigh theicniúla iomchuí a fhorbairt lena n-áirítear claochlú comhthaobhachta ag comhaltaí imréitigh nó trí mhargaí athcheannaigh imréitithe. Thug an Coimisiún dá aire freisin go bhfuil tús curtha ag roinnt socruithe scéimeanna pinsean le cuid dá bpunanna díorthach a imréiteach go lárnach ar bhonn deonach. Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil gurbh é an príomhdhúshlán a bhí fós ann maidir le socruithe scéimeanna pinsean rochtain a fháil, i ndálaí anáis sa mhargadh, ar leachtacht chun an corrlach athrúcháin a bhreacadh, toisc go méadófaí go tapa agus go mór leis an gceanglas sin an riosca go n-ídeofaí leithdháiltí airgid na socruithe scéimeanna pinsean.

(4)

Le hAirteagal 85(2), an dara fomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ceanglaítear ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA), i gcomhar leis an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde, leis an Údarás Baincéireachta Eorpach agus leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach, ceanglaítear orthu tuarascálacha bliantúla a chur faoi bhráid an Choimisiúin, tuarascálacha ina measúnófar cé acu a rinne nó nach ndearna contrapháirtithe lárnacha, comhaltaí imréitigh agus socruithe scéimeanna pinsean iarracht iomchuí agus cé acu a d’fhorbair nó nár fhorbair siad réitigh theicniúla inmharthana lena n-éascaítear rannpháirtíocht na socruithe sin in imréiteach lárnach trí chomhthaobhacht airgid agus neamhairgid a bhreacadh mar chorrlaigh athrúcháin, lena n-áirítear impleachtaí na réiteach sin ar leachtacht an mhargaidh agus ar an gcomh-thimthriallacht agus ar na himpleachtaí dlíthiúla nó na himpleachtaí eile a d’fhéadfadh a bheith acu.

(5)

I Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/962 ón gCoimisiún (4), tá síneadh curtha uair amháin ag an gCoimisiún leis an idirthréimhse a leagtar síos in Airteagal 89(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, go dtí an 18 Meitheamh 2022.

(6)

An 25 Eanáir 2022, chuir ESMA isteach an tuarascáil is déanaí uaidh maidir le cé acu a rinne nó nach ndearna contrapháirtithe lárnacha, comhaltaí imréitigh agus socruithe scéimeanna pinsean iarracht iomchuí agus cé acu a d’fhorbair nó nár fhorbair siad réitigh theicniúla inmharthana lena n-éascaítear rannpháirtíocht socruithe den sórt sin in imréiteach lárnach trí chomhthaobhacht airgid agus neamhairgid a bhreacadh mar chorrlaigh athrúcháin. Cé gur dhearbhaigh ESMA, den chuid is mó, na torthaí a bhí aige roimhe sin, ar torthaí iad a leagadh amach i dtuarascálacha a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin roimhe sin, dhírigh sé sa tuarascáil sin ar ullmhacht oibríochtúil na socruithe scéimeanna pinsean chun conarthaí díorthach thar an gcuntar a imréiteach. Cé go bhfuil conarthaí díorthach thar an gcuntar á n-imréiteach go deonach ag socruithe scéimeanna pinsean, ar socruithe scéimeanna pinsean iad a bhfuil a líon ag méadú go seasta, agus cé go bhfuil forbairt dhearfach ag teacht ar choinníollacha leachtachta, thángthas ar an gconclúid, freisin, i dtuarascáil ESMA go bhfuil méid leordhóthanach ama ag teastáil ó shocruithe scéimeanna pinsean agus ó rannpháirtithe ábhartha sa mhargadh chun bailchríoch a chur ar a gcuid socruithe imréitigh agus ar a gcuid socruithe maidir le bainistíocht comhthaobhachta. Dá bhrí sin, chuir ESMA in iúl gur gá síneadh breise bliana a chur leis an idirthréimhse a leagtar síos in Airteagal 89(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

(7)

Sa mheasúnú is déanaí ón gCoimisiún ar staid ullmhachta na socruithe scéimeanna pinsean chun a bpunanna díorthach a imréiteach go lárnach (5), tháinig an Coimisiún ar chonclúid atá cosúil le conclúid ESMA. De réir anailís an Choimisiúin, bhí coinníollacha leachtachta le haghaidh socruithe scéimeanna pinsean fós láidir, fiú le linn tréimhsí struis sa mhargadh a bhí ann le déanaí, agus tá coinne leis go leanfaidh siad de bheith ag forbairt go dearfach de réir mar a úsáidfidh na cistí samhlacha rochtana malartacha ar an margadh athcheannaigh. Mar thoradh ar ionchas dearfach maidir le rochtain ar leachtacht, thosaigh líon méadaitheach socruithe scéimeanna pinsean ag imréiteach ar a laghad cuid dá bpunann díorthach go deonach. Ní mór am chun teacht in aibíocht a thabhairt do na samhlacha malartacha chun rochtain a fháil ar leachtacht tríd an margadh athcheannaigh, áfach, agus ní mór do shocruithe scéimeanna pinsean feabhas a chur ar a gcleachtais inmheánacha maidir le leachtacht agus bainistíocht comhthaobhachta.

(8)

Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún, agus tuarascáil ESMA á cur san áireamh aige, gur gá bliain amháin eile a chur leis an idirthréimhse a leagtar síos in Airteagal 89(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, síneadh a chur leis an idirthréimhse a leagtar síos in Airteagal 89(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

(10)

Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne chun a áirithiú go gcuirfear síneadh leis an idirthréimhse sula rachaidh sí in éag,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear síneadh leis an idirthréimhse a leagtar síos in Airteagal 89(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 go dtí an 18 Meitheamh 2023.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 201, 27.7.2012, lch. 1.

(2)  COM(2020) 574 final.

(3)  COM(2021) 224 final.

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/962 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2021 lena gcuirtear síneadh leis an idirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 89(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 213, 16.6.2021, lch. 1).

(5)  COM(2022) 254.