30.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 252/1


RIALACHÁN (AE) 2022/1670 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Meán Fómhair 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/109 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle (1), socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad.

(2)

Le Rialachán (AE) 2022/109, arna leasú le Rialachán (AE) 2022/1091 ón gComhairle (2), socraítear gabháil iomlán incheadaithe shealadach (TAC) i gcomhair ainseabhaithe (Engraulis encrasicolus) i bhfolimistéir 9 agus 10 de chuid na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) agus in uiscí an Aontais den Choiste Iascaigh um an Atlantach Thoir Láir (CECAF) 34.1.1 le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2022 go dtí an 30 Meán Fómhair 2022, go dtí go bhfoilseofar an chomhairle eolaíoch arna soláthar ag ICES le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2023. Tar éis fhoilsiú na comhairle sin an 17 Meitheamh 2022, lena ligtear don iascach leanúint ar aghaidh, ba cheart an TAC cinntitheach le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2023 a shocrú. Ba cheart an TAC a shocrú ar leibhéal 15 777 dtona mar a léirítear sa chomhairle sin.

(3)

Le Rialachán (AE) 2022/109, bunaítear coinníoll speisialta maidir leis na cuótaí bolmán (Trachurus spp.) i bhfolimistéar 9 ICES. Ní bhunaítear le Rialachán (AE) 2022/109 an céatadán a bheidh faoi réir an choinníll speisialta sin, ag fanacht ar chomhairle eolaíoch nuashonraithe ó ICES a bheith ar fáil maidir le solúbthachtaí idirlimistéir idir folimistéar 9 agus roinn 8c ICES. An 18 Lúnasa 2022, d’fhoilsigh ICES Seirbhís Theicniúil maidir le solúbthachtaí idirlimistéir idir folimistéar 9 agus roinn 8c ICES. Is iomchuí don Aontas an céatadán atá faoi réir an choinníll speisialta sin a bhunú i gcomhréir leis an tSeirbhís Theicniúil sin ó ICES.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2022/109 a leasú dá réir sin.

(5)

Ba cheart feidhm a bheith ag an teorainn ghabhála le haghaidh ainseabhaithe i bhfolimistéir 9 agus 10 ICES agus in uiscí an Aontais de CECAF 34.1.1 ón 1 Iúil 2022. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcoinníoll speisialta maidir le cuótaí bolmán (Trachurus spp.) i bhfolimistéar 9 ICES ón 1 Eanáir 2022. Ní dhéanann an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin difear do phrionsabal na deimhneachta dlithiúla ná don phrionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint, ós rud é go méadaítear na deiseanna iascaireachta le haghaidh ainseabhaithe agus go dtugtar isteach solúbthacht idirlimistéir maidir leis na deiseanna iascaireachta le haghaidh bolmán. I bhfianaise a phráinne atá sé cur isteach ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a sheachaint, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán (AE) 2022/109

Leasaítear Rialachán (AE) 2022/109 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag na forálacha a bhaineann leis an mbolmán i bhfolimistéar 9 ICES ón 1 Eanáir 2022. Ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha a bhaineann le hainseabhaithe i bhfolimistéir 9 agus 10 ICES agus in uiscí an Aontais de CECAF 34.1.1 ón 1 Iúil 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)  Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 21, 31.1.2022, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) 2022/1091 ón gComhairle an 30 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/109 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 176, 1.7.2022, lch. 5).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Cuid A d’Iarscríbhinn IA a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/109 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara tábla:

“Speiceas:

An t-ainseabhaí

Engraulis encrasicolus

Limistéar:

9 agus 10; Uiscí an Aontais de CECAF 34.1.1

 

(ANE/9/3411)

An Spáinn

 

7 546

(1)

TAC réamhchúraim

An Phortaingéil

 

8 231

(1)

An tAontas

 

15 777

(1)

 

 

 

 

TAC

 

15 777

(1)

(1)

Ní fhéadfar an cuóta a ghabháil ach ón 1 Iúil 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2023.”.

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú tábla is fiche:

“Speiceas:

An bolmán

Trachurus spp.

Limistéar:

9

 

(JAX/09.)

An Spáinn

 

35 516

(1)

TAC anailíseach

Tá feidhm ag Airteagal 8(2) den Rialachán seo

An Phortaingéil

 

101 761

(1)

An tAontas

 

137 277

 

 

 

 

 

TAC

 

143 505

 

(1)

Coinníoll speisialta: féadfar suas le 3 % den chuóta seo a iascach in 8c (JAX/*08C).”.