28.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 250/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1659 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Meán Fómhair 2022

maidir le ceanglais choibhéiseacha i ndáil le torthaí Citrus sinensis Pers. de thionscnamh Iosrael a thabhairt isteach san Aontas i bhfianaise na rioscaí a bhaineann le Thaumatotibia leucotreta

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 41(3), an dara fomhír, agus Airteagal 44(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (2), i gCuid A d’Iarscríbhinn II, leagtar síos liosta na lotnaidí coraintín de chuid an Aontais nach eol a bheith ann i gcríoch an Aontais. Féachtar le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 le cosc a chur ar theacht isteach, ar bhunú agus ar leathadh lotnaidí coraintín den sórt sin i gcríoch an Aontais trí cheanglais speisialta a leagan amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis maidir le plandaí áirithe, táirgí planda agus réada eile a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais.

(2)

Liostaítear Thaumatotibia leucotreta (Meyrick) (“an lotnaid shonraithe”) i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais, ar lotnaid í nach eol a bheith ann san Aontas. Liostaítear freisin í mar lotnaid tosaíochta san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1702 ón gCoimisiún (3).

(3)

Tá ceanglais speisialta ann maidir le roinnt torthaí a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais d’fhonn críoch an Aontais a chosaint ar an lotnaid shonraithe. Maidir le torthaí Citrus sinensis Pers. (“na torthaí sonraithe”), leagtar amach na ceanglais speisialta sin i bpointe 62.1(d) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 agus déantar foráil leo maidir leis an rogha cur chuige córas ina gcuirtear réimeanna sonracha cóireála fuaire i bhfeidhm.

(4)

D’iarr Iosrael ar an gCoimisiún aitheantas a thabhairt dá chur chuige córas i leith na dtorthaí sonraithe mar chóras atá coibhéiseach leis na ceanglais speisialta a leagtar síos i bpointe 62.1(d) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072.

(5)

An cur chuige córas sin agus é á úsáid maidir leis na torthaí sonraithe, cuimsíonn sé comhlíonadh na gceanglas a bhaineann leis na láithreáin táirgthe i leith faireachán agus rialú ar an lotnaid shonraithe, cigireacht ar na torthaí sonraithe sa láithreán táirgthe agus sna saoráidí pacála, ceanglais maidir le hinrianaitheacht agus cigireacht oifigiúil a dhéantar roimh an onnmhairiú. Cuimsíonn sé pointí criticiúla den nós imeachta cigireachta sna goirt, sna saoráidí pacála agus roimh an onnmhairiú, pointí a mbíonn mar thoradh orthu go gcuirtear an t-onnmhairiú ar fionraí nó go ndiúltaítear dó nuair nach mbaintear amach na tairsí ábhartha.

(6)

Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) measúnú riosca tráchtearraí ar thorthaí Citrus spp. a onnmhairítear ó Iosrael (4). Bhain an measúnú sin leis an dóchúlacht go mbeadh na torthaí saor ó lotnaidí a mhéid a bhaineann leis an lotnaid shonraithe. Thairis sin, rinneadh moltaí sa mheasúnú maidir le cur chuige córas Iosrael a fheabhsú. D’oiriúnaigh Iosrael a chur chuige córas agus na moltaí sin á gcur san áireamh aige.

(7)

Ar bhonn thoradh an mheasúnaithe riosca a rinne an tÚdarás, mar aon le comhlíontacht chomhsheasmhach na dtorthaí lena mbaineann le dlí an Aontais, tá údar maith ann le cur chuige oiriúnaithe córas Iosrael a ghlacadh mar chóras atá coibhéiseach leis na ceanglais speisialta a leagtar síos i bpointe 62.1(d) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072.

(8)

D’fhonn a laghad suaite is féidir a dhéanamh ar thrádáil, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe.

(9)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo go dtí an 31 Bealtaine 2025 ionas gur féidir athbhreithniú a dhéanamh air.

(10)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “lotnaid shonraithe”Thaumatotibia leucotreta (Meyrick);

(2)

ciallaíonn “torthaí sonraithe” torthaí Citrus sinensis Pers.

Airteagal 2

Ceanglais choibhéiseacha

Na ceanglais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo maidir leis na torthaí sonraithe de thionscnamh Iosrael a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, measfar iad a bheith coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar amach i bpointe 62.1(d) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072.

Airteagal 3

Deimhniú fíteashláintíochta

Nuair a thugtar na torthaí sonraithe de thionscnamh Iosrael isteach i gcríoch an Aontais ar bhonn na gceanglas coibhéiseach faoi mar a leagtar amach in Airteagal 2, beidh deimhniú fíteasláintíochta ag gabháil leo ina léirítear:

(a)

cóid na láithreán táirgthe; agus

(b)

faoin gceannteideal “Dearbhú Breise” an ráiteas “Comhlíonann an choinsíneacht Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1659 ón gCoimisiún”.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige go dtí an 31 Bealtaine 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1702 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí liosta na lotnaidí tosaíochta a bhunú (IO L 260, 11.10.2019, lch. 8).

(4)   Scientific Opinion on the commodity risk assessment of Citrus L. fruits from Israel for Thaumatotibia leucotreta under a systems approach [Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar thorthaí Citrus L. ó Iosrael i leith Thaumatotibia leucotreta faoi chur chuige córas]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021; 19(3):6427, lch. 36 https://doi.org/10.2903/j.efsa.2021, 6427.


IARSCRÍBHINN

Ceanglais maidir leis na torthaí sonraithe de thionscnamh Iosrael a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 2

A.   Ceanglais a bhaineann leis na láithreáin táirgthe

1.

Chláraigh agus d’fhormheas Eagraíocht Oifigiúil Náisiúnta Cosanta Plandaí Iosrael (“NPPO”) na láithreáin táirgthe.

2.

Chuir NPPO an liosta de chóid na láithreán táirgthe formheasta in iúl, i scríbhinn, don Choimisiún sular onnmhairíodh na torthaí sonraithe.

3.

Rinneadh faireachán ar an lotnaid shonraithe sa láithreán táirgthe trí bhíthin gaistí fearamóin, agus bhí ar a laghad gaiste amháin ann in aghaidh gach 2,5 heicteár agus ar a laghad dhá ghaiste i ngach láithreán táirgthe i gás nach bhfuil na láithreáin táirgthe in aice a chéile.

4.

Cuireadh táirgí bactha cúplála i gcoinne na lotnaide sonraithe i bhfeidhm i dtréimhsí iomchuí, ar a laghad ar na láithreáin táirgthe inar deimhníodh gurbh ann don lotnaid sonraithe sna séasúir fáis roimhe sin. I gcás inar theip ar an mbacadh cúplála, cuireadh cóireálacha íceacha i gcoinne na lotnaide sonraithe i bhfeidhm.

5.

Cloíodh le cleachtais sláintíochta lena bhféachtar leis an lotnaid shonraithe a rialú. Ar na cleachtais sin áirítear ar a laghad go scartar ó na crainn agus go scriostar ar an toirt gach toradh a thit nó atá inmhíolaithe leis an lotnaid shonraithe, agus go mbaintear plandaí fiáine óstacha na lotnaide sonraithe ón láithreán táirgthe agus ó na limistéir máguaird. Baineadh fuílleach na dtorthaí sonraithe as na láithreáin táirgthe ag deireadh an tséasúir fáis.

6.

Rinne NPPO nó eagraíochtaí údaraithe eile Iosrael cigireachtaí oifigiúla ar na torthaí sonraithe ar na láithreáin táirgthe dhá uair sa mhí ar a laghad sa tréimhse ó Lúnasa go Deireadh Fómhair agus uair sa tseachtain ina dhiaidh sin go dtí go raibh deireadh le baint na dtorthaí sonraithe. Rinneadh cigireacht ar shampla ionadaíoch de na torthaí sonraithe, agus méid an láithreáin tairgthe curtha san áireamh. Mar chuid den chigireacht sin rinneadh sampláil scriosach ar gach toradh sonraithe a léirigh siomptóim.

I gcás ina bhfuarthas níos mó ná trí thoradh inmhíolaithe le linn cigireachta, cuireadh an t-onnmhairiú chuig an Aontas ón láithreán táirgthe sin ar fionraí le haghaidh 5 seachtaine, agus rinneadh bearta treisithe rialaithe maidir leis an lotnaid shonraithe ina dhiaidh sin. 5 seachtaine sular baineadh na torthaí agus as sin ar aghaidh, áfach, i gcás ina bhfuarthas toradh inmhíolaithe amháin nó níos mó le linn na cigireachta sin, dícháilíodh na torthaí sonraithe uile ón láithreán táirgthe sin i leith a n-onnmhairithe chuig an Aontas.

7.

Thug NPPO cead na torthaí sonraithe a bhaint ar láithreán táirgthe ar bhonn na faisnéise maidir le cigireacht agus faireachán a bailíodh le linn an tséasúir fáis.

B.   Ceanglais a bhaineann leis na saoráidí pacála

1.

Chláraigh agus d’fhormheas NPPO na saoráidí pacála.

2.

Iompraíodh na torthaí sonraithe chuig na saoráidí pacála sa phacáistiú iomchuí chun inmhíolú ón lotnaid shonraithe a sheachaint, agus iad saor ó ithir, ó fhuílligh eile agus ó dhuilliúr.

3.

Ar theacht chuig na saoráidí pacála do luchtóg de na torthaí sonraithe ó láithreán táirgthe, rinne pearsanra oilte na saoráidí pacála cigireacht ar na torthaí sonraithe féachaint arbh ann don lotnaid shonraithe, ar cigireachtaí iad de dhéine lena mbraitear ar a laghad leibhéal 1 % inmhíolaithe, le leibhéal muiníne 95 % i gcomhréir le Caighdeán Idirnáisiúnta maidir le Bearta Fíteashláintíochta CIBF 31(*). I gcás ina bhfuarthas toradh inmhíolaithe amháin nó níos mó le linn na cigireachta sin, dícháilíodh na torthaí sonraithe uile ón láithreán táirgthe sin i leith a n-onnmhairithe chuig an Aontas.

4.

Rinne pearsanra oilte ó na saoráidí pacála cigireacht ar 10 % ar a laghad de na torthaí sonraithe a bhí ceaptha lena n-onnmhairiú chuig an Aontas féachaint arbh ann don lotnaid shonraithe le linn do na torthaí sonraithe a bheith ag dul faoi na céimeanna éagsúla grádaithe agus pacála. Bhí sampláil scriosach ar gach toradh sonraithe a léirigh siomptóim na lotnaide sonraithe mar chuid den chigireacht sin.

C.   Inrianaitheacht agus iniúchtaí oifigiúla roimh an onnmhairiú

1.

Áirithíodh an inrianaitheacht go dtí an láithreán táirgthe agus go dtí na saoráidí pacála i gcónaí.

2.

Roimh an onnmhairiú, cuireadh 2 % de na torthaí sonraithe ón gcoinsíneacht faoi chigireachtaí oifigiúla féachaint arbh ann don lotnaid shonraithe, sampláil scriosach san áireamh i gcás ina raibh siomptóim ann, agus fuarthas go raibh siad saor ón lotnaid shonraithe.