|
21.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 244/70 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2022/1616 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le hábhair phlaisteacha athchúrsáilte agus earraí plaisteacha athchúrsáilte atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bianna, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 282/2008
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 243 an 20 Meán Fómhair 2022 )
Ar leathanach 32, Airteagal 31, mír 1:
in ionad:
|
“1. |
Ábhair phlaisteacha athchúrsáilte agus earraí plaisteacha athchúrsáilte a fuarthas trí phróiseas athchúrsála atá bunaithe ar theicneolaíocht athchúrsála oiriúnach a gceanglaítear leis an Rialachán seo údarú aonair a thabhairt ina leith do phróisis athchúrsála agus ar cuireadh iarratas bailí ina leith faoi bhráid an údaráis inniúil i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 282/2008, nó a gcuirtear isteach iarratas ina leith i gcomhréir le hAirteagal 17(1) nó le hAirteagal 22(1) den Rialachán seo ar a dhéanaí ar féadfar iad a chur ar an margadh go dtí go dtarraingeoidh an t-iarratasóir siar a iarratas, nó go dtí go ndéanfar an t-údarú a dhiúltú don Choimisiún.”, |
léitear:
|
“1. |
Ábhair phlaisteacha athchúrsáilte agus earraí plaisteacha athchúrsáilte a fuarthas trí phróiseas athchúrsála atá bunaithe ar theicneolaíocht athchúrsála oiriúnach a gceanglaítear leis an Rialachán seo údarú aonair a thabhairt ina leith do phróisis athchúrsála agus ar cuireadh iarratas bailí ina leith faoi bhráid an údaráis inniúil i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 282/2008, nó a gcuirtear isteach iarratas ina leith i gcomhréir le hAirteagal 17(1) nó le hAirteagal 22(1) den Rialachán seo ar a dhéanaí an 10 Iúil 2023, féadfar iad a chur ar an margadh go dtí go dtarraingeoidh an t-iarratasóir siar a iarratas, nó go dtí go ndéanfar an t-údarú a dhiúltú don Choimisiún.”. |