|
14.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 237/12 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1525 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Meán Fómhair 2022
maidir le monaihidreaclóiríd L-lisín agus sulfáit L-lisín arna dtáirgeadh trí choipeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 14498 a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, déantar foráil maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le monaihidreaclóiríd L-lisín agus sulfáit L-lisín a údarú. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) den Rialachán sin ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(3) |
Baineann an t-iarratas le monaihidreaclóiríd L-lisín agus sulfáit L-lisín arna dtáirgeadh trí choipeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 14498 a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, breiseáin atá le haicmiú sa chatagóir breiseán “breiseáin chothaitheacha” agus san fheidhmghrúpa “aimíonaigéid, a salainn agus analóga”. |
|
(4) |
Sa tuairim ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) an 10 Samhain 2021 (2), tháinig sé ar an gconclúid nach bhfuil éifeacht dhíobhálach ag monaihidreaclóiríd L-lisín ná sulfáit L-lisín arna dtáirgeadh ag Corynebacterium glutamicum CGMCC 14498 ar shláinte ainmhithe, ar shábháilteacht an tomhaltóra ná ar an gcomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe agus aistí bia á bhforlíonadh le méideanna iomchuí díobh. Maidir le sábháilteacht úsáideoir na mbreiseán sin, ní fhéadfadh an tÚdarás teacht ar chonclúid go bhféadfadh monaihidreaclóiríd L-lísín a bheith tocsaineach trí ionanálú ná go bhféadfadh monaihidreaclóiríd L-lísín ná sulfáit L-lísín a bheith greannach don chraiceann ná do na súile, ná go bhféadfaidís a bheith ina n-íogróir deirmeach. Ina theannta sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go meastar gur foinse éifeachtúil den aimíonaigéad riachtanach L-lisín iad na breiseáin le haghaidh cothú ainmhithe, agus gur cheart na breiseáin a chosaint ar dhíghrádú sa chogansach ionas go mbeidh sé éifeachtúil i gcás na n-athchogantach. Ní mheasann an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. D’fhíoraigh sé freisin na tuarascálacha ar an modh anailíse a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar na breiseáin bheathaithe in ábhar beatha, tuarascálacha arna gcur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(5) |
I bhfianaise na tuairime ón Údarás, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáideoirí na mbreiseán. |
|
(6) |
Léirítear leis an measúnú ar mhonaihidreaclóiríd L-lisín agus sulfáit L-lisín arna dtáirgeadh ag Corynebacterium glutamicum CGMCC 14498 go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú, dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substaintí sin a údarú mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
|
(7) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na substaintí a shonraítear san Iarscríbhinn, substaint a bhaineann leis an gcatagóir breiseán “breiseáin chothaitheacha” agus leis an bhfeidhmghrúpa “aimíonaigéid, a salainn agus analóga”, údaraítear iad mar bhreiseáin bheathaithe i gcothú ainmhithe faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(12):6980.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||
|
mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||||
|
Catagóir breiseán cothaitheach. Feidhmghrúpa: aimíonaigéid, a salainn agus analóga |
|||||||||||||||||
|
3c322iii |
- |
Monaihidreaclóiríd L-lísín |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid monaihidreaclóiríde L-lísín ina bhfuil íoschion L-lísín 78,8 % agus cion taise ≤ 1 % I bhfoirm phúdair |
Gach speiceas |
- |
- |
- |
|
4.10.2032 |
||||||||
|
Tréithriú na substainte gníomhaí Monaihidreaclóiríd L-lísín arna táirgeadh trí choipeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 14498 Foirmle cheimiceach: C6H15ClN2O2 Uimhir CAS: 657-27-2 Modhanna anailíse (1) Maidir le monaihidreaclóiríd L-lísín sa bhreiseán beathaithe a shainaithint:
Maidir le lísín sa bhreiseán beathaithe agus i réamh-mheascáin ina bhfuil níos mó ná 10 % lísín a chainníochtú:
Maidir le lísín i réamh-mheascáin, i mbeatha chumaisc agus in ábhair bheatha a chainníochtú:
Maidir le lísín in uisce a chainníochtú:
|
|||||||||||||||||
|
3c328 |
|
Sulfáit L-lísín |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid sulfáite L-lísín ina bhfuil íoschion L-lísín 73,0 % (L-lísín ≥ 55,0 % agus aimíonaigéid eile ≥ 10 %) I bhfoirm phúdair |
Gach speiceas |
- |
- |
10 000 |
|
4.10.2032 |
||||||||
|
Tréithriú na substainte gníomhaí Sulfáit L-lísín arna táirgeadh trí choipeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 14498 Foirmle cheimiceach: [C6H14N2O2]2 SO4 Uimhir CAS: 60343-69-3 |
|||||||||||||||||
|
Modhanna anailíse (1) Maidir le lísín sa bhreiseán beathaithe agus i réamh-mheascáin ina bhfuil níos mó ná 10 % lísín a chainníochtú:
Maidir le sulfáit sa bhreiseán beathaithe a shainaithint:
Maidir le lísín i réamh-mheascáin, i mbeatha chumaisc agus in ábhair bheatha a chainníochtú:
|
|||||||||||||||||
(1) Tá sonraí na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en