13.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 236/16 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1520 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Meitheamh 2022
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 658/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ráta boilscithe na méideanna táillí is iníoctha leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach a choigeartú chun gníomhaíochtaí cógas-aireachais a dhéanamh i ndáil le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 658/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le táillí is iníoctha leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach chun gníomhaíochtaí cógas-aireachais a dhéanamh i ndáil le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (1), agus go háirithe Airteagal 15(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 67(3) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), áirítear in ioncam na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí táillí a íocann gnóthais as údaruithe margaíochta an Aontais a fháil agus a chothabháil agus as seirbhísí eile a sholáthraíonn an Ghníomhaireacht, agus as seirbhísí a sholáthraíonn an grúpa comhordúcháin a mhéid a bhaineann le comhlíonadh a chuid cúraimí i gcomhréir le hAirteagail 107c, 107e, 107 g, 107k agus 107q de Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
(2) |
Coigeartú deireanach na dtáillí agus na méideanna luacha saothair a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 658/2014, rinneadh é in 2020 ar bhonn ráta boilscithe carnach 2018 agus 2019. Ba é an ráta boilscithe san Aontas, mar a fhoilsítear ag Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh, 0,3 % in 2020 agus 5,3 % in 2021 (4). Agus leibhéal na rátaí boilscithe le haghaidh na mblianta sin á chur san áireamh, meastar go bhfuil údar maith ann méideanna na dtáillí agus méideanna an luacha saothair le haghaidh na rapóirtéirí agus na gcomhrapóirtéirí dá dtagraítear i gCuid I go Cuid IV den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin a choigeartú, i gcomhréir le hAirteagal 15(6) de Rialachán (AE) Uimh. 658/2014. Dá bhrí sin, ba cheart coigeartú carnach ina gcuirtear san áireamh na rátaí boilscithe le haghaidh 2020 agus 2021 araon a chur i bhfeidhm. |
(3) |
Ar mhaithe le simplíocht, ba cheart na méideanna coigeartaithe a shlánú go dtí an EUR 10 is gaire, cé is moite den táille bhliantúil as córais teicneolaíochta faisnéise agus as faireachán ar litríocht i gcás inar cheart an leibhéal coigeartaithe a shlánú go dtí an EUR 1 is gaire. |
(4) |
Tá na táillí a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 658/2014 dlite ag tús an nós imeachta lena mbaineann nó, i gcás na táille bliantúla as córais teicneolaíochta faisnéise agus faireacháin ar litríocht, ar an 1 Iúil gach bliain. Dá bhrí sin, cinnfear an méid is infheidhme faoi dháta dlite na táille agus ní gá forálacha idirthréimhseacha sonracha a leagan síos le haghaidh nósanna imeachta atá ar feitheamh. |
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 15(6) de Rialachán (AE) Uimh. 658/2014, i gcás ina dtiocfaidh i bhfeidhm gníomh lena gcoigeartófar méideanna na dtáillí a leagtar síos i gCuid I go Cuid IV den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin roimh an 1 Iúil, beidh éifeacht ag na coigeartuithe amhail ón 1 Iúil, ach i gcás ina dtiocfaidh sé i bhfeidhm tar éis an 30 Meitheamh, beidh éifeacht ag na coigeartuithe ón dáta a dtiocfaidh an gníomh i bhfeidhm. Ba cheart dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a leagan síos i gcomhréir leis an bhforáil sin. |
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 658/2014 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 658/2014 mar a leanas:
(1) |
i gCuid I, leasaítear pointe 1 mar a leanas:
|
(2) |
i gCuid II, leasaítear pointe 1 mar a leanas:
|
(3) |
i gCuid III, leasaítear pointe 1 mar a leanas:
|
(4) |
i bpointe 1 de Chuid IV, cuirtear “EUR 75” in ionad “EUR 71”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 3 Deireadh Fómhair 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Meitheamh 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 189, 27.6.2014, lch. 112.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta an Aontais maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L 136, 30.4.2004, lch. 1).
(3) Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).
(4) Eurostat, táscairí euro 11/2022, arna fhoilsiú an 20 Eanáir 2022.