|
12.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 235/19 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1504 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Aibreán 2022
lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le lárchóras leictreonach faisnéise íocaíochta (CESOP) a chruthú chun calaois CBL a chomhrac
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le comhar riaracháin agus an comhrac in aghaidh na calaoise i réimse na cánach breisluacha (1), agus go háirithe Airteagal 24e de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Treoir 2006/112/CE ón gComhairle (2), arna leasú le Treoir (AE) 2020/284 (3), tugtar isteach oibleagáidí tuairiscithe le haghaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta ón 1 Eanáir 2024. As sin amach, tá na soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá bunaithe san Aontas Eorpach nó a sholáthraíonn seirbhísí íocaíochta ann le taifid áirithe a choimeád ar íocaíochtaí trasteorann de thionscnamh íocóirí laistigh de na Ballstáit agus ar fhaisnéis áirithe faoi na híocaithe, agus tá na soláthraithe leis na taifid sin a tharchur chuig na Ballstáit le haghaidh an chomhraic in aghaidh na calaoise cánach breisluacha (CBL). |
|
(2) |
De bhun Rialachán (AE) Uimh. 904/2010, arna leasú le Rialachán (AE) 2020/283 (4), tá na taifid sin le tarchur ag na Ballstáit chuig lárchóras leictreonach faisnéise íocaíochta (“CESOP”), córas atá le forbairt, le coinneáil ar bun, le hóstáil agus le bainistiú go teicniúil ag an gCoimisiún. |
|
(3) |
Chun feidhmiú cuí CESOP a áirithiú, agus de bhun Airteagal 24e, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010, is gá na bearta teicniúla a ghlacadh chun CESOP a bhunú. Leis na bearta sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis na feidhmiúlachtaí CESOP is gá chun cumais CESOP a fhorbairt mar a thuairiscítear in Airteagal 24c de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010. Ba cheart do na bearta ardleibhéal soláimhsitheachta a áirithiú freisin trí uirlisí cuardaigh agus léirshamhlaithe a sholáthar in CESOP. Anuas air sin, ba cheart do CESOP malartuithe faisnéise idir oifigigh idirchaidrimh Eurofisc a éascú trína chur ar a gcumas dóibh faisnéis faoin gcalaois CBL a mhalartú go díreach in CESOP ar bhealach tapa sábháilte. Na bearta ba cheart don Choimisiún a dhéanamh chun CESOP a choinneáil ar bun tar éis dó dul i mbun feidhme, ba cheart na bearta sin a leagan síos chun caighdeáin cáilíochta oibríochtúla bhonneagar TF CESOP agus a fheidhmiúlachtaí a áirithiú agus chun a áirithiú go ndéantar na nuashonruithe is gá nuair is gá chun teagmhais an chórais idir an Coimisiún agus na Ballstáit a láimhseáil. |
|
(4) |
Cé gurb iad na Ballstáit, mar rialaitheoirí CESOP, atá freagrach as a bhainistíocht, tá sraith freagrachtaí ar an gCoimisiún a theorannaítear do bhainistíocht theicniúil CESOP toisc gurb é a óstach agus a phróiseálaí é, de bhun Airteagal 24e, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010. Ba cheart a áireamh leo sin na cúraimí teicniúla is gá le haghaidh riarachán laethúil CESOP, amhail taifid a choimeád ar an oifigeach idirchaidrimh Eurofisc a fhaigheann rochtain ar CESOP, taifid a choimeád ar na soláthraithe seirbhísí íocaíochta a tharchuir sonraí chuig na Ballstáit, bearta iomchuí eagraíochtúla slándála a leagan síos le haghaidh CESOP, mar aon leis an oiliúint agus an tacaíocht is gá a sholáthar d’oifigigh idirchaidrimh Eurofisc chun go mbeidh siad in ann CESOP a úsáid go héifeachtach. |
|
(5) |
De bhun Airteagal 24b(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010, tá na Ballstáit le sonraí a chur chuig CESOP i bhformáid choiteann. Na heilimintí sonraí atá le tuairisciú ag na soláthraithe seirbhísí íocaíochta i bhformáid doiciméid XML, ba cheart iad a leagan amach. Chun inoibritheacht fhoriomlán idir na córais leictreonacha náisiúnta agus CESOP de bhun Airteagal 24b(3) de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a sheiceáil go n-áirítear leis na sonraí a tharchuireann na soláthraithe seirbhísí íocaíochta na heilimintí sonraí atá éigeantach agus ceart go comhréireach de bhun Airteagal 243d de Threoir 2006/112/CE, toisc nach féidir le CESOP oibriú ach amháin má logáiltear na sonraí sainordaitheacha go ceart in CESOP. |
|
(6) |
Ba cheart do na Ballstáit na hoifigigh idirchaidrimh Eurofisc ag a mbeidh rochtain ar CESOP a ainmniú agus an Coimisiún a chur ar an eolas faoina gcinneadh. Maidir leis sin, ba cheart don Choimisiún aitheantóir uathúil chun rochtain a fháil ar CESOP a sholáthar do na hoifigigh sin agus liosta de na hoifigigh idirchaidrimh Eurofisc uile ag a bhfuil rochtain ar CESOP a choinneáil ar bun bunaithe ar an bhfaisnéis a fhaightear ó na Ballstáit. |
|
(7) |
De bhun Airteagal 24e, pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010, tá an Coimisiún le nósanna imeachta a leagan síos chun a áirithiú go bhfuil na bearta iomchuí eagraíochtúla agus teicniúla slándála i bhfeidhm le haghaidh CESOP a fhorbairt agus a oibriú. Braitheann roinnt gnéithe slándála de chomhpháirteanna lárnacha CESOP ar chur chun feidhme na mbeart náisiúnta slándála, amhail bearta chun sábháilteacht na sonraí a tharchuirtear a rialú agus bearta chun a áirithiú nach féidir ach le hoifigeach idirchaidrimh Eurofisc ag a bhfuil aitheantóir uathúil bailí rochtain a fháil ar CESOP. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit faisnéis faoina mbearta slándála féin a sholáthar don Choimisiún. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún a chéile a choinneáil ar an eolas maidir leis na bearta slándála a dhéantar agus maidir leis an ngá le huasghrádú a dhéanamh ar na bearta sin. |
|
(8) |
An phróiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo mar aon le freagrachtaí na mBallstát agus an Choimisiúin, tá siad faoi réir na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus i Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). De bhun Airteagal 24e, pointe (h), de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010, ba cheart róil agus freagrachtaí na mBallstát agus an Choimisiúin maidir le rialú CESOP a leagan síos. Ba cheart na Ballstáit a mheas mar chomhrialaitheoirí CESOP mar go gcinneann siad modh próiseáilte agus úsáidte na sonraí in CESOP. Ba cheart an Coimisiún a mheas mar phróiseálaí mar go ngníomhaíonn sé thar ceann na mBallstát agus é i mbun a chúraimí uile. |
|
(9) |
Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ach ón 1 Eanáir 2024 chun é a ailíniú le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2020/283 agus Threoir (AE) 2020/284. |
|
(10) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim an 2 Feabhra 2022. |
|
(11) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Chomhar Riaracháin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na bearta teicniúla chun CESOP a bhunú agus a choinneáil ar bun
1. Forbróidh an Coimisiún bearta teicniúla chun CESOP a bhunú ag a mbeidh na feidhmiúlachtaí seo a leanas:
|
(a) |
sonraí íocaíochta a tharchuireann na Ballstáit a fháil; |
|
(b) |
na sonraí íocaíochta a stóráil go sábháilte ar feadh tréimhse 5 bliana ar a mhéad ó dheireadh na bliana féilire inar tharchuir an Ballstát an fhaisnéis chuige; |
|
(c) |
aimhrialtachtaí agus botúin sna sonraí íocaíochta a ghlanadh, lena n-áirítear cóipeanna den íocaíocht chéanna; |
|
(d) |
na sonraí íocaíochta i ndáil le gach íocaí a chomhbhailiú; |
|
(e) |
cuardaigh agus léirshamhlú ar na sonraí íocaíochta in CESOP a cheadú; |
|
(f) |
anailís agus cros-seiceálacha a dhéanamh ar na sonraí íocaíochta leis na sonraí a stóráiltear agus a mhalartaítear i gcomhréir le hAirteagal 17(1), pointí (a), (b), (d), (e) agus (f), agus Airteagal 33(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010: |
|
(g) |
anailísíocht uathoibríoch a dhéanamh agus íocaithe a bhfuiltear in amhras fúthu a mharcáil; |
|
(h) |
a chur ar a gcumas d’oifigigh idirchaidrimh Eurofisc rialuithe neamh-uathoibríocha agus anailís neamh-uathoibríoch a dhéanamh; |
|
(i) |
tuarascálacha a ghiniúint bunaithe ar thorthaí na hanailíse agus na rialuithe a dhéanann CESOP agus oifigigh idirchaidrimh Eurofisc; |
|
(j) |
bonneagar bainistíochta a sholáthar chun rochtain úsáideoirí a rialú le haghaidh oifigigh idirchaidrimh Eurofisc; |
|
(k) |
a chur ar a gcumas d’oifigigh idirchaidrimh Eurofisc faisnéis a mhalartú go díreach in CESOP, ar faisnéis í a bhaineann le calaois trasteorann CBL a imscrúdú agus a bhrath; |
|
(l) |
an bonneagar teicniúil a sholáthar chun go mbeidh na Ballstáit in ann cearta rochtana a n-oifigeach idirchaidrimh Eurofisc a bhainistiú. |
2. Déanfaidh an Coimisiún na cúraimí seo a leanas chun CESOP a choinneáil ar bun:
|
(a) |
a áirithiú go bhfuil CESOP agus a fheidhmiúlachtaí oibríochtúil); |
|
(b) |
cothabháil a dhéanamh lasmuigh d’uaireanta oibre; |
|
(c) |
na nuashonruithe teicniúla is gá a sholáthar le haghaidh fheidhmiú chuí CESOP agus chun CESOP a fheabhsú; |
|
(d) |
fadhbanna teicniúla a láimhseáil. |
Airteagal 2
Cúraimí an Choimisiúin maidir le CESOP a bhainistiú go teicniúil
Déanfaidh an Coimisiún na cúraimí seo a leanas chun CESOP a bhainistiú go teicniúil:
|
(a) |
liosta a choinneáil agus a nuashonrú d’oifigigh idirchaidrimh Eurofisc ag a bhfuil rochtain ar CESOP agus dá n-aitheantóir uathúil pearsanta úsáideora i gcomhréir le hAirteagal 5; |
|
(b) |
na bearta teicniúla agus eagraíochtúla slándála dá dtagraítear in Airteagal 6 a chur chun feidhme; |
|
(c) |
liosta a bhunú, a choimeád agus a choinneáil ar bun de na soláthraithe seirbhísí íocaíochta a thuairiscigh sonraí de bhun Airteagal 24b(1) de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010, i gcomhréir leis na sonraí a sholáthraíonn na Ballstáit; |
|
(d) |
maidir le hoifigigh idirchaidrimh Eurofisc ag a bhfuil rochtain ar CESOP, rochtain uathoibrithe a thabhairt dóibh ar an liosta a choinnítear ar bun de bhun phointe (c); |
|
(e) |
cúnamh teicniúil a sholáthar d’oifigigh idirchaidrimh Eurofisc agus CESOP á n-úsáid acu; |
|
(f) |
oiliúint a sholáthar d’oifigigh idirchaidrimh Eurofisc ar CESOP a úsáid. |
Airteagal 3
Nasc agus idir-inoibritheacht fhoriomlán idir CESOP agus na córais leictreonacha náisiúnta
1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú go bhfuil na córais leictreonacha náisiúnta le haghaidh faisnéis íocaíochta a bhailiú, córais a bunaíodh de bhun Airteagal 24b(2) de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010, go bhfuil siad feidhmiúil agus in ann an fhaisnéis íocaíochta a bhailiú de bhun Airteagal 24b(1) den Rialachán sin.
2. Ní tharchuirfidh na Ballstáit chuig CESOP ach an fhaisnéis íocaíochta lena ngabhann na réimsí sainordaitheacha uile de bhun Airteagal 243d de Threoir 2006/112/CE agus ar faisnéis í atá i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
3. Áiritheoidh an Coimisiún an idir-inoibritheacht idir CESOP agus na córais leictreonacha náisiúnta dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 4
An fhoirm chaighdeánach leictreonach
An fhoirm chaighdeánach leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 24b(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010, cuirfear isteach i bhformáid chaighdeánaithe XML í i gcomhréir leis an tábla sonraí san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 5
Socruithe praiticiúla maidir le hoifigigh idirchaidrimh Eurofisc ag a mbeidh rochtain ar CESOP
1. Ainmneoidh na Ballstáit na hoifigigh idirchaidrimh Eurofisc ag a mbeidh rochtain ar CESOP agus cuirfidh siad a n-ainm agus a seoladh ríomhphoist in iúl don Choimisiún.
2. Maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear faoi mhír 1, lena n-áirítear athruithe ar oifigigh idirchaidrimh Eurofisc ainmnithe, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon athrú uirthi go tráthúil agus tráth nach déanaí ná 30 lá féilire tar éis an athraithe.
3. Soláthróidh an Coimisiún aitheantas uathúil pearsanta úsáideora chun rochtain a fháil ar CESOP d’oifigigh idirchaidrimh Eurofisc dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 6
Nósanna imeachta um bearta eagraíochtúla agus teicniúla slándála chun CESOP a fhorbairt agus a oibriú
1. Soláthróidh na Ballstáit faisnéis don Choimisiún faoina mbearta slándála féin ar an leibhéal náisiúnta a chur i bhfeidhm agus faoi gach nuashonrú a dhéantar ar na bearta sin.
Áireofar leis an bhfaisnéis sin sonraí maidir leis na bearta a dhéantar chun a áirithiú nach mbeidh rochtain ach ag oifigigh idirchaidrimh Eurofisc dá dtagraítear in Airteagal 5 ar CESOP agus sonraí maidir leis na bearta a dhéantar chun criptiú na sonraí a tharchuireann na Ballstáit a áirithiú.
2. Faoin 30 Aibreán gach bliain ón mbliain tar éis dháta cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi na bearta a rinneadh ar mhaithe le slándáil CESOP.
Léireofar an méid seo a leanas, ar a laghad, leis an bhfaisnéis sin:
|
(a) |
na teagmhais slándála a tharla sa bhliain roimhe sin agus an chaoi ar réitíodh iad; |
|
(b) |
sonraí maidir leis na bearta slándála a rinneadh nó athruithe ar bhearta slándála a bhí ann cheana; |
|
(c) |
measúnú ar na bearta slándála atá ann cheana agus cé acu a mheasann an Coimisiún gur gá athruithe a dhéanamh ar na bearta sin nó nach measann. |
Airteagal 7
Róil agus freagrachtaí na rialaitheoirí agus an phróiseálaí
1. Beidh na Ballstáit ina gcomhrialaitheoirí, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (7), de Rialachán (AE) 2016/679, ar CESOP. Cinnfear freagrachtaí rialaitheoirí CESOP i gcomhaontú idir na rialaitheoirí, comhaontú ina leagfar amach na rialacha chun cearta an ábhair sonraí a fheidhmiú agus a ndualgais i ndáil le soláthar na faisnéise dá dtagraítear in Airteagail 13 agus 14 de Rialachán (AE) 2016/679.
Beidh na Ballstáit freagrach as na nithe seo a leanas:
|
(a) |
sonraíochtaí teicniúla CESOP a tharraingt suas, agus i gcás inar gá, iad a oiriúnú chun go mbeidh an Coimisiún in ann na nithe seo a leanas a dhéanamh:
|
|
(b) |
na rialacha agus na nósanna imeachta a leagan síos um oifigigh idirchaidrimh Eurofisc ag a mbeidh rochtain ar CESOP a roghnú; |
|
(c) |
iarrataí a fhreagairt ó ábhair sonraí maidir le feidhmiú na gceart a leagtar síos i gCaibidil III de Rialachán (AE) 2016/679. |
2. Beidh an Coimisiún ina phróiseálaí, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (12), de Rialachán (AE) 2018/1725, ar CESOP.
Déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas:
|
(a) |
próiseálfaidh sé sonraí pearsanta thar ceann na mBallstát maidir lena dtreoracha agus coimeádfaidh sé doiciméadacht le haghaidh na dtreoracha sin; |
|
(b) |
áiritheoidh sé rúndacht na sonraí pearsanta a phróiseálfar faoin Rialachán seo; |
|
(c) |
soláthróidh sé an bonneagar teicniúil is gá chun go mbeidh na Ballstáit in ann na hiarrataí dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), a fhreagairt; |
|
(d) |
tabharfaidh sé cúnamh do na Ballstáit na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 33 go 41 de Rialachán (AE) 2016/679 a chomhlíonadh; |
|
(e) |
áiritheoidh sé go scriosfar na sonraí pearsanta uile a stórálfar in CESOP i gcomhréir le hAirteagal 24c(2) de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010; |
|
(f) |
an fhaisnéis uile is gá chun comhlíontacht leis na hoibleagáidí a leagtar síos san Airteagal seo a léiriú, cuirfidh sé ar fáil do na Ballstáit í agus ceadóidh sé iniúchtaí, lena n-áirítear cigireachtaí, a dhéanann na Ballstáit nó iniúchóir eile arna shainordú ag na Ballstáit, agus lánurraim á tabhairt do Phrótacal (Uimh. 7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus rannchuideoidh sé leis na hiniúchtaí sin freisin. |
Airteagal 8
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Aibreán 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 12.10.2010, lch. 1.
(2) Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).
(3) Treoir (AE) 2020/284 ón gComhairle an 18 Feabhra 2020 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le ceanglais áirithe a thabhairt isteach le haghaidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta (IO L 62, 2.3.2020, lch. 7).
(4) Rialachán (AE) 2020/283 ón gComhairle an 18 Feabhra 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a mhéid a bhaineann le bearta chun comhar riaracháin a neartú ar mhaithe le calaois CBL a chomhrac (IO L 62, 2.3.2020, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(6) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
IARSCRÍBHINN
Foirm leictreonach chun sonraí a tharchur
|
Uimh. Bhosca |
Ainm na hEiliminte Sonraí |
Airteagal 243d |
Tuairisc |
Sampla formáide |
Sainordaitheach |
Seiceálacha a dhéantar tráth an tarchurtha chuig CESOP |
||||||
|
1 |
BIC/aitheantas an tsoláthraí seirbhísí íocaíochta is tuairisceoir |
(1), pointe (a) |
BIC mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (16), de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) nó aon chód aitheantóra gnó eile lena sainaithnítear gan débhrí an soláthraí seirbhísí íocaíochta a tharchuireann na sonraí. |
BIC an tsoláthraí seirbhísí íocaíochta a sholáthraíonn na sonraí. |
Tá |
Láithreacht, seiceáil comhréire ar BIC |
||||||
|
2 |
Ainm an íocaí |
(1), pointe (b) |
Tá ainm na n-íocaithe uile le fáil i dtaifid na soláthraithe seirbhísí íocaíochta, lena n-áirítear a n-ainm dlíthiúil agus ainm an ghnólachta. |
Ainm an ghlacadóra íocaíochtaí cártabhunaithe, ainm an Cheannaí, ainm an Chreidiúnaí. |
Tá |
Láithreacht |
||||||
|
3 |
Uimhir CBL/uimhir aitheantais chánach an íocaí |
(1), pointe (c) |
Uimhir aitheantais CBL agus/nó aon uimhir náisiúnta chánach eile atá ag an íocaí. |
|
Sainordaitheach Roghnach |
Seiceáil comhréire ar na huimhreacha CBL ó Bhallstáit an Aontais |
||||||
|
4 |
Aitheantas chuntas an íocaí |
(1), pointe (d) |
IBAN mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (15), de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012, nó mura bhfuil sé le fáil, aon aitheantóir eile, lena sainaithnítear gan débhrí an t-íocaí a bhaineann leis an idirbheart agus lena dtugtar suíomh an íocaí sin. |
IBAN, aitheantas glacadóra íocaíochtaí cártabhunaithe, aitheantas an Cheannaí, aitheantas R-chuntais. |
Tá, i gcás go n-aistrítear na cistí chuig cuntas íocaíochta an íocaí |
Láithreacht, seiceáil comhréire ar an IBAN |
||||||
|
5 |
BIC/aitheantas sholáthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí |
(1), pointe (e) |
BIC nó aon chód aitheantóra gnó eile lena sainaithnítear gan débhrí an soláthraí seirbhísí íocaíochta a ghníomhaíonn thar ceann an íocaí, agus lena dtugtar a shuíomh i gcás ina bhfaigheann an t-íocaí cistí gan cuntas íocaíochta a bheith aige. |
BIC. |
Níl, ach amháin i gcás go bhfaigheann an t-íocaí cistí gan cuntas íocaíochta a bheith aige |
Láithreacht, seiceáil comhréire ar BIC |
||||||
|
6 |
Seoladh an Íocaí |
(1), pointe (f) |
Tá seoltaí uile an íocaí le fáil i dtaifid na soláthraithe seirbhísí íocaíochta (seoladh dlíthiúil, seoladh gnó, seoladh trádstórais). |
Sráid an ghlacadóra íocaíochtaí cártabhunaithe, seoladh an Cheannaí, seoladh an úinéara cuntais. |
Sainordaitheach Roghnach |
|
||||||
|
7 |
Aisíocaíocht |
(1), pointe (h) |
Aon tagairt don idirbheart a bheith ina aisíocaíocht agus nasc chuig an idirbheart a rinneadh roimhe sin agus a tuairiscíodh. |
|
Más infheidhme |
Láithreacht |
||||||
|
8 |
Dáta/am |
(2), pointe (a) |
Dáta agus am forghníomhaithe an idirbhirt íocaíochta nó na haisíocaíochta. |
An dáta ceannaigh, an dáta forghníomhaithe, dáta cruthaithe an idirbhirt. |
Tá |
Láithreacht, seiceáil comhréire |
||||||
|
9 |
Méid |
(2), pointe (b) |
Méid an idirbhirt íocaíochta nó na haisíocaíochta. |
|
Tá |
Láithreacht |
||||||
|
10 |
Airgeadra |
(2), pointe (b) |
Airgeadra an idirbhirt íocaíochta nó na haisíocaíochta. |
|
Tá |
Láithreacht, seiceáil comhréire ar an gcód airgeadra |
||||||
|
11 |
BS tionscnaimh na híocaíochta |
(2), pointe (c) |
Ballstát tionscnaimh na híocaíochta a fuair an t-íocaí. |
Cód na tíre is íocaí. |
Más íocaíocht an t-idirbheart |
Láithreacht, seiceáil comhréire ar an gcód tíre |
||||||
|
12 |
BS is ceann scríbe na haisíocaíochta |
(2), pointe (c) |
Ballstát is ceann scríbe na haisíocaíochta. |
Cód tíre thairbhí na haisíocaíochta. |
Más aisíocaíocht faoi bhosca 7 an t-idirbheart |
Láithreacht, seiceáil comhréire ar an gcód tíre |
||||||
|
13 |
Faisnéis faoi Shuíomh an Íocaí |
(2), pointe (c) |
Tásc ar an bhfaisnéis a úsáideadh chun áit tionscnaimh na híocaíochta nó ceann scríbe na haisíocaíochta a chinneadh. Ní tharchuirfear sonraí na faisnéise chun nach n-aithneofaí an t-íocaí. |
Léiríonn soláthraithe seirbhísí íocaíochta gur oibríodh an suíomh amach bunaithe ar
Níor cheart an t-aitheantas féin (uimhir IBAN, uimhir aitheantais bhainc, seoladh) a tharchur riamh. |
Tá |
Láithreacht |
||||||
|
14 |
Aitheantas an idirbhirt |
(2), pointe (d) |
Aon tagairt lena sainaithnítear gan débhrí an t-idirbheart íocaíochta. |
Tagairt an fhaighteora, aitheantas an idirbhirt. |
Tá |
Láithreacht |
||||||
|
15 |
Láithreacht fhisiceach |
(2), pointe (e) |
Aon tagairt lena léirítear go raibh an t-íocaí in áitreabh fisiceach an cheannaí nuair a thosaigh sé an íocaíocht. |
Modh iontrála ag an díolphointe |
Más infheidhme |
Láithreacht |
(1) Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (IO L 94, 30.3.2012, lch. 22).