12.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 235/4


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1502 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Meán Fómhair 2022

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(5) de Rialachán (AE) 2016/44 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 21(5) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Eanáir 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/44.

(2)

An 18 Iúil 2022, rinne Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a bunaíodh de bhun Rún 1970 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nuashonrú ar an bhfaisnéis a bhaineann le duine amháin atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)   IO L 12, 19.1.2016, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 6:

“6.

Ainm: 1: ABU 2: ZAYD 3: UMAR 4: DORDA

Teideal: n/b Ainmniú: a) Stiúrthóir, an Eagraíocht Slándála Seachtraí. b) Ceann na gníomhaireachta um fhaisnéis sheachtrach. Dáta Breithe: 4 Aibreán 1944 Áit Bhreithe: Alrhaybat Ainmneacha bréige láidre: a) Dorda Abuzed OE b) Abu Zayd Umar Hmeid Dorda Ainm bréige lag: n/b Náisiúntacht: n/b Uimhir an phas: an Libia, uimhir FK117RK0, a eisíodh an 25 Samhain 2018, eisithe i dTripilí (Dáta éaga: 24 Samhain 2026) Uimhir Aitheantais Náisiúnta: n/b Seoladh: an Libia (Stádas/suíomh measta: éagtha) A liostaíodh an: 26 Feabhra 2011 (leasaithe an 27 Meitheamh 2014, 1 Aibreán 2016, 25 Feabhra 2020, 18 Iúil 2022) Faisnéis eile: Liostaithe de bhun mhír 15 de rún 1970 (Toirmeasc Taistil). Liostaithe an 17 Márta 2011 de bhun mhír 17 de rún 1970 (Reo Sócmhainní).”