8.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 233/43


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1480 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Meán Fómhair 2022

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 2-feinilfeanól (lena n-áirítear a shalainn amhail salann sóidiam), 8-hiodrocsacuineoilín, aimídeasulfúrón, beansulfúrón, défheanocs, clóirmeacuat, clóratolúrón, clóifeintisín, clómasón, daimínisíd, deiltemheitrin, díceamba, défheanaconasól, défhluifeineacan, démhéiteaclór, eisfeanvailéaráit, eatafeanprocs, feanocsapróp-P, feanpróipidín, feinpiorasaimín, fluidhé-ocsainil, fluifeanaicéat, fluimeitrilin, foistiasáit, leanacail, MCPA, MCPB, niceasulfúrón, olaí pairifín, ola phairifín, peanconasól, pioclóram, próiheicseaidé-ón, própacuiseafop, prósulfacarb, cuisileafop-P-eitil, cuisileafop-P-teafuiril, 5-nítreaguaidheacóláit sóidiam, o-nítrifeanóláit sóidiam, p-nítrifeanóláit sóidiam, sulfar, teabúifeinpiorad, teitreaconasól, trí-alláit, trífhlusulfúrón agus tríteasulfúrón

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17, an chéad mhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (2) na substaintí gníomhacha a mheastar a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, agus leagtar amach i gCuid B den Iarscríbhinn sin na substaintí gníomhacha a fhormheastar faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus i gCuid E leagtar amach na substaintí gníomhacha a fhormheastar faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 mar shubstaintí atá le hionadú.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1449 ón gCoimisiún (3), cuireadh síneadh le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha clóratolúrón, clómasón, daimínisíd, deiltemheitrin, fluidhé-ocsainil, fluifeanaicéat, foistiasáit, MCPA, MCPB agus prósulfacarb go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022, cuireadh síneadh le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha clóirmeacuat, própacuiseafop, cuisileafop-P-eitil, cuisileafop-P-teafuiril, tríteasulfúrón go dtí 30 Samhain 2022 agus cuireadh síneadh le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 2-feinilfeanól, 8-hiodrocsacuineoilín, aimídeasulfúrón, défheanocs, clóifeintisín, díceamba, défheanaconasól, défhluifeineacan, démhéiteaclór, eatafeanprocs, feanocsapróp-P, feanpróipidín, leanacail, niceasulfúrón, olaí pairifín, ola phairifín, peanconasól, pioclóram, sulfar, teitreaconasól, trí-alláit agus trífhlusulfúrón go dtí an 31 Nollaig 2022. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/555 ón gCoimisiún (4), cuireadh síneadh le tréimhse formheasa na substaintí gníomhacha beansulfúrón, 5-nítreaguaidheacóláit sóidiam, o-nítrifeanóláit sóidiam, p-nítrifeanóláit sóidiam agus teabúifeinpiorad go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/291 ón gCoimisiún (5), cuireadh síneadh le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí próiheicseaidé-ón go dtí an 31 Nollaig 2022.

(3)

Tá formheas na substainte gníomhaí eisfeanvailéaráit le dul in éag an 31 Nollaig 2022 i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2047 ón gCoimisiún (6).

(4)

Tá formheas na substainte gníomhaí feinpiorasaimín le dul in éag an 31 Nollaig 2022 i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 595/2012 ón gCoimisiún (7).

(5)

Tá formheas na substainte gníomhaí fluimeitrilin le dul in éag an 11 Nollaig 2022 i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2105 ón gCoimisiún (8).

(6)

Cuireadh isteach iarratais ar athnuachan fhormheas na substaintí gníomhacha sin i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (9). Cé gur aisghaireadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún (10), chun formheas na substaintí gníomhacha sin a athnuachan, tá feidhm ag forálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 go fóill de bhun Airteagal 17 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740.

(7)

Ós rud é gur cuireadh moill ar mheasúnú na substaintí gníomhacha sin ar chúiseanna nach bhfuil neart ag na hiarratasóirí orthu, is dócha go rachaidh na formheasanna atá ag na substaintí gníomhacha sin in éag sula mbeidh cinneadh déanta maidir lena n-athnuachan. Dá bhrí sin, is gá síneadh a chur lena dtréimhsí formheasa chun an t-am is gá chun an measúnú a chríochnú a chur ar fáil.

(8)

Thairis sin, is gá síneadh a chur leis an tréimhse formheasa i gcás na substaintí gníomhacha aimídeasulfúrón, clómasón, daimínisíd, défheanaconasól, défhluifeineacan, feanocsapróp-P, fluidhé-ocsainil, fluifeanaicéat, agus tríteasulfúrón chun an t-am is gá a chur ar fáil chun measúnú a dhéanamh i ndáil le hairíonna suaite inchríneach na substaintí gníomhacha sin i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagail 13 agus 14 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012.

(9)

A mhéid a bhaineann le cásanna ina bhfuil an Coimisiún le Rialachán a ghlacadh lena bhforálfar nach ndéanfar formheas substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a athnuachan toisc nach gcomhlíontar na critéir formheasa, is é an dáta atá le socrú ag an gCoimisiún mar dháta éaga an dáta céanna sin a bhí ann roimh an Rialachán seo nó dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin lena bhforáiltear nach ndéanfar formheas na substainte gníomhaí a athnuachan, cibé dáta acu sin is déanaí. A mhéid a bhaineann le cásanna ina bhfuil an Coimisiún le Rialachán a ghlacadh lena bhforálfar maidir le hathnuachan substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, féachfaidh an Coimisiún leis an dáta cur i bhfeidhm is luaithe is féidir a shocrú, de réir mar is iomchuí sna himthosca.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1449 ón gCoimisiún an 3 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 2-feinilfeanól (lena n-áirítear a shalainn amhail salann sóidiam), 8-hiodrocsacuineoilín, aimídeasulfúrón, défheanocs, clóirmeacuat, clóratolúrón, clóifeintisín, clómasón, cipirmeitrin, daimínisíd, deiltemheitrin, díceamba, défheanaconasól, défhluifeineacan, démhéiteaclór, eatafeanprocs, feanocsapróp-P, feanpróipidín, fluidhé-ocsainil, fluifeanaicéat, foistiasáit, iondocsacarb, leanacail, MCPA, MCPB, niceasulfúrón, olaí pairifín, ola phairifín, peanconasól, pioclóram, própacuiseafop, prósulfacarb, cuisileafop-P-eitil, cuisileafop-P-teafuiril, sulfar, teitreaconasól, trí-alláit, trífhlusulfúrón agus tríteasulfúrón (IO L 313, 6.9.2021, lch. 20).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/555 ón gCoimisiún an 24 Márta 2017 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa roinnt substaintí gníomhacha a liostaítear i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 686/2012 (clár athnuachana AIR IV) (IO L 80, 25.3.2017, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/291 ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2019 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 1-naiftiolaicéataimíd, aigéad 1-naiftiolaicéiteach, aicrinitrin, asocsastróibin, fluasafop-p, fluarocsaipir, iomasailil, creasocsaim-meitil, ocsafluairfein, próclóras, próiheicseaidé-ón, spiorocsaimín, teafluitrin agus tríbhúitiolaisín (IO L 48, 20.2.2019, lch. 17).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2047 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2015 maidir le hathnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí eisfeanvailéaráit, mar shubstaint atá le hionadú, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún. (IO L 300, 17.11.2015, lch. 8).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 595/2012 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2012 lena ndéantar feinpiorasaimín a fhormheas, i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 176, 6.7.2012, lch. 46).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2105 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2015 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach fluimeitrilin, mar shubstaint atá le hionadú, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún. (IO L 305, 21.11.2015, lch. 31).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).

(10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana le haghaidh substaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (IO L 392, 23.11.2020, lch. 20).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 mar a leanas:

(a)

leasaítear Cuid A mar a leanas:

(1)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 40, Deiltemheitrin, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2023” in ionad an dáta;

(2)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 65, Fluifeanaicéat, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2023” in ionad an dáta;

(3)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 69, Foistiasáit, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2023” in ionad an dáta;

(4)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 102, Clóratolúrón, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2023” in ionad an dáta;

(5)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 104, Daimínisíd, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2023” in ionad an dáta;

(6)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 107, MCPA, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2023” in ionad an dáta;

(7)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 108, MCPB, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2023” in ionad an dáta;

(8)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 160, Prósulfacarb, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2023” in ionad an dáta;

(9)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 161, Fluidhé-ocsainil, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2023” in ionad an dáta;

(10)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 162, Clómasón, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2023” in ionad an dáta;

(11)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 169, Aimídeasulfúrón, cuirtear “31 Nollaig 2023” in ionad an dáta;

(12)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 170, Niceasulfúrón, cuirtear “31 Nollaig 2023” in ionad an dáta;

(13)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 171, Clóifeintisín, cuirtear “31 Nollaig 2023” in ionad an dáta;

(14)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 172, Díceamba, cuirtear “31 Nollaig 2023” in ionad an dáta;

(15)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 173, Défheanaconasól, cuirtear “31 Nollaig 2023” in ionad an dáta;

(16)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 176, Leanacail, cuirtear “31 Nollaig 2023” in ionad an dáta;

(17)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 178, Pioclóram, cuirtear “31 Nollaig 2023” in ionad an dáta;

(18)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 180, Défheanocs, cuirtear “31 Nollaig 2023” in ionad an dáta;

(19)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 181, Défhluifeineacan, cuirtear “31 Nollaig 2023” in ionad an dáta;

(20)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 182, Feanocsapróp-P, cuirtear “31 Nollaig 2023” in ionad an dáta;

(21)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 183, Feanpróipidín, cuirtear “31 Nollaig 2023” in ionad an dáta;

(22)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 186, Tríteasulfúrón, cuirtear “30 Samhain 2023” in ionad an dáta;

(23)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 271, Beansulfúrón, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2023” in ionad an dáta;

(24)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 272, 5-nítreaguaidheacóláit sóidiam, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2023” in ionad an dáta;

(25)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 273, O-nítrifeanóláit sóidiam, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2023” in ionad an dáta;

(26)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 274, P-nítrifeanóláit sóidiam, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2023” in ionad an dáta;

(27)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 275, Teabúifeinpiorad, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2023” in ionad an dáta;

(28)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 276, Clóirmeacuat, cuirtear “30 Samhain 2023” in ionad an dáta;

(29)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 278, Própacuiseafop, cuirtear “30 Samhain 2023” in ionad an dáta;

(30)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 279, Cuisileafop-P-eitil agus Cuisileafop-P-teafuiril, cuirtear “30 Samhain 2023” in ionad an dáta;

(31)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 284, Démhéiteaclór, cuirtear “31 Nollaig 2023” in ionad an dáta;

(32)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 285, Eatafeanprocs, cuirtear “31 Nollaig 2023” in ionad an dáta;

(33)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 287, Peanconasól, cuirtear “31 Nollaig 2023” in ionad an dáta;

(34)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 288, Trí-alláit, cuirtear “31 Nollaig 2023” in ionad an dáta;

(35)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 289, Trífhlusulfúrón, cuirtear “31 Nollaig 2023” in ionad an dáta;

(36)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 292, Sulfar, cuirtear “31 Nollaig 2023” in ionad an dáta;

(37)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 293, Teitreaconasól, cuirtear “31 Nollaig 2023” in ionad an dáta;

(38)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 294, Olaí pairifín, cuirtear “31 Nollaig 2023” in ionad an dáta;

(39)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 295, Ola phairifín, cuirtear “31 Nollaig 2023” in ionad an dáta;

(40)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 299, 2-feinilfeanól (lena n-áirítear a shalainn amhail salann sóidiam), cuirtear “31 Nollaig 2023” in ionad an dáta.

(b)

leasaítear Cuid B mar a leanas:

(1)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 6, Próiheicseaidé-ón, cuirtear “31 Nollaig 2023” in ionad an dáta;

(2)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 18, 8-hiodrocsacuineoilín, cuirtear “31 Nollaig 2023” in ionad an dáta;

(3)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 25, Feinpiorasaimín, cuirtear “31 Nollaig 2023” in ionad an dáta;

(c)

leasaítear Cuid E mar a leanas:

(1)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 1, Fluimeitrilin, cuirtear “11 Nollaig 2023” in ionad an dáta;

(2)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 2, Eisfeanvailéaráit, cuirtear “31 Nollaig 2023” in ionad an dáta.