|
8.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 233/36 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1479 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Meán Fómhair 2022
lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an sainmhíniú ar tháirgí iascaigh
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú (1), agus go háirithe Airteagal 12(5) agus Airteagal 52 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 maidir le táirgí iascaigh mar atá sainmhínithe in Airteagal 2 de. In Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin liostaítear na táirgí atá eisiata ón sainmhíniú ar tháirgí iascaigh. Féadfar an liosta de tháirgí eisiata a athbhreithniú gach bliain agus ba cheart é a leasú ar bhonn faisnéis nua arna bailiú faoin gcomhar riaracháin le tríú tíortha dá bhforáiltear in Airteagal 20(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008. |
|
(2) |
Ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 a leasú dá réir sin. |
|
(3) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Iascach agus Dobharshaothrú. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN I
Liosta na dtáirgí nach dtagann faoin sainmhíniú ar ‘táirgí iascaigh’ a leagtar amach i bpointe 8 d’Airteagal 2
|
ex Caibidil 3 ex 1604 ex 1605 |
Táirgí dobharshaothraithe a fuarthas ó éisc óga nó larbhaí |
|
0302 91 00 ex 0302 99 00 0303 91 10 0303 91 90 ex 0303 99 00 0305 20 00 0305 72 00 ex 0305 79 00 ex 1604 |
Aenna, eochraí, lábáin, eití, (seachas eití éisc den aicme Chondrichthyes), cinn, eireabaill, lamhnáin snámha agus scairteach éisc inite eile |
|
0301 11 00 0301 19 00 |
Éisc ornáideacha, beo |
|
ex 0301 91 |
Bric (Salmo trutta, Oncorhynchus mykiss, Oncorhynchus clarki, Oncorhynchus aguabonita, Oncorhynchus gilae, Oncorhynchus apache agus Oncorhynchus chrysogaster), beo, arna ngabháil i bhfionnuisce |
|
ex 0301 92 |
Eascanna (Anguilla spp.), beo, arna ngabháil i bhfionnuisce |
|
0301 93 00 |
Carbáin (Cyprinus spp., Carassius spp., Ctenopharyngodon idellus, Hypophthalmichthys spp., Cirrhinus spp., Mylopharyngodon piceus, Catla catla, Labeo spp., Osteochilus hasselti, Leptobarbus hoeveni, Megalobrama spp.), beo |
|
ex 0301 99 11 |
Bradáin an Aigéin Chiúin (Oncorhynchus nerka, Oncorhynchus gorbuscha, Oncorhynchus keta, Oncorhynchus tschawytscha, Oncorhynchus kisutch, Oncorhynchus masou agus Oncorhynchus rhodurus), bradáin Atlantacha (Salmo salar) agus bradáin na Danóibe (Hucho hucho), beo, arna ngabháil i bhfionnuisce |
|
0301 99 17 |
Éisc fionnuisce eile, beo |
|
ex 0302 11 |
Bric (Salmo trutta, Oncorhynchus mykiss, Oncorhynchus clarki, Oncorhynchus aguabonita, Oncorhynchus gilae, Oncorhynchus apache agus Oncorhynchus chrysogaster), iad úr nó fuaraithe, gan filléid éisc agus feoil eile éisc atá faoi cheannteideal 0304 a áireamh, arna ngabháil i bhfionnuisce |
|
ex 0302 13 00 |
Bradáin an Aigéin Chiúin (Oncorhynchus nerka, Oncorhynchus gorbuscha, Oncorhynchus keta, Oncorhynchus tschawytscha, Oncorhynchus kisutch, Oncorhynchus masou agus Oncorhynchus rhodurus), iad úr nó fuaraithe, gan filléid éisc agus feoil eile éisc atá faoi cheannteideal 0304 a áireamh, arna ngabháil i bhfionnuisce |
|
ex 0302 14 00 |
Bradáin Atlantacha (Salmo salar) agus bradáin na Danóibe (Hucho hucho), iad úr nó fuaraithe, gan filléid éisc agus feoil eile éisc atá faoi cheannteideal 0304 a áireamh, arna ngabháil i bhfionnuisce |
|
ex 0302 19 00 |
Salmainidí eile, iad úr nó fuaraithe, gan filléid éisc agus feoil eile éisc atá faoi cheannteideal 0304 a áireamh, arna ngabháil i bhfionnuisce |
|
0302 71 00 |
Tioláipianna (Oreochromis spp.), iad úr nó fuaraithe, gan filléid éisc agus feoil eile éisc atá faoi cheannteideal 0304 a áireamh |
|
0302 72 00 |
Cait mhara (Pangasius spp., Silurus spp., Clarias spp., Ictalurus spp.), iad úr nó fuaraithe, gan filléid éisc agus feoil eile éisc atá faoi cheannteideal 0304 a áireamh |
|
0302 73 00 |
Carbáin (Cyprinus spp., Carassius spp., Ctenopharyngodon idellus, Hypophthalmichthys spp., Cirrhinus spp., Mylopharyngodon piceus, Catla catla, Labeo spp., Osteochilus hasselti, Leptobarbus hoeveni, Megalobrama spp.), iad úr nó fuaraithe, gan filléid éisc agus feoil eile éisc atá faoi cheannteideal 0304 a áireamh |
|
ex 0302 74 00 |
Eascanna (Anguilla spp.), iad úr nó fuaraithe, gan filléid éisc agus feoil eile éisc atá faoi cheannteideal 0304 a áireamh, arna ngabháil i bhfionnuisce |
|
0302 79 00 |
Péirsí Níleacha (Lates niloticus) agus cinn nathrach (Channa spp.), iad úr nó fuaraithe, gan filléid éisc agus feoil eile éisc atá faoi cheannteideal 0304 a áireamh |
|
0302 89 10 |
Éisc fionnuisce eile, iad úr nó fuaraithe, gan filléid éisc agus feoil eile éisc atá faoi cheannteideal 0304 a áireamh |
|
ex 0303 11 00 |
Bradáin dhearga (Oncorhynchus nerka), iad reoite, gan filléid éisc agus feoil eile éisc atá faoi cheannteideal 0304 a áireamh, arna ngabháil i bhfionnuisce |
|
ex 0303 12 00 |
Bradáin eile an Aigéin Chiúin (Oncorhynchus gorbuscha, Oncorhynchus keta, Oncorhynchus tschawytscha, Oncorhynchus kisutch, Oncorhynchus masou agus Oncorhynchus rhodurus), iad reoite, gan filléid éisc agus feoil eile éisc atá faoi cheannteideal 0304 a áireamh, arna ngabháil i bhfionnuisce |
|
ex 0303 13 00 |
Bradáin Atlantacha (Salmo salar) agus bradáin na Danóibe (Hucho hucho), iad reoite, gan filléid éisc agus feoil eile éisc atá faoi cheannteideal 0304 a áireamh, arna ngabháil i bhfionnuisce |
|
ex 0303 14 |
Bric (Salmo trutta, Oncorhynchus mykiss, Oncorhynchus clarki, Oncorhynchus aguabonita, Oncorhynchus gilae, Oncorhynchus apache agus Oncorhynchus chrysogaster), iad reoite, gan filléid éisc agus feoil eile éisc atá faoi cheannteideal 0304 a áireamh, arna ngabháil i bhfionnuisce |
|
ex 0303 19 00 |
Salmainidí eile, iad reoite, gan filléid éisc agus feoil eile éisc atá faoi cheannteideal 0304 a áireamh, arna ngabháil i bhfionnuisce |
|
0303 23 00 |
Tioláipianna (Oreochromis spp.), iad reoite, gan filléid éisc agus feoil eile éisc atá faoi cheannteideal 0304 a áireamh |
|
0303 24 00 |
Cait mhara (Pangasius spp., Silurus spp., Clarias spp., Ictalurus spp.), iad reoite, gan filléid éisc agus feoil eile éisc atá faoi cheannteideal 0304 a áireamh |
|
0303 25 00 |
Carbáin (Cyprinus spp., Carassius spp., Ctenopharyngodon idellus, Hypophthalmichthys spp., Cirrhinus spp., Mylopharyngodon piceus, Catla catla, Labeo spp., Osteochilus hasselti, Leptobarbus hoeveni, Megalobrama spp.), iad reoite, gan filléid éisc agus feoil eile éisc atá faoi cheannteideal 0304 a áireamh |
|
ex 0303 26 00 |
Eascanna (Anguilla spp.), iad reoite, gan filléid éisc agus feoil eile éisc atá faoi cheannteideal 0304 a áireamh, arna ngabháil i bhfionnuisce |
|
0303 29 00 |
Péirsí Níleacha (Lates niloticus) agus cinn nathrach (Channa spp.), iad reoite, gan filléid éisc agus feoil eile éisc atá faoi cheannteideal 0304 a áireamh |
|
0303 89 10 |
Éisc fionnuisce eile, iad reoite, gan filléid éisc agus feoil eile éisc atá faoi cheannteideal 0304 a áireamh |
|
0304 31 00 |
Filléid úra nó fhuaraithe tioláipianna (Oreochromis spp.) |
|
0304 32 00 |
Filléid úra nó fhuaraithe cat mara (Pangasius spp., Silurus spp., Clarias spp., Ictalurus spp.) |
|
0304 33 00 |
Filléid úra nó fhuaraithe péirsí Níleacha (Lates niloticus) |
|
ex 0304 39 00 |
Filléid úra nó fhuaraithe carbán (Cyprinus spp., Carassius spp., Ctenopharyngodon idellus, Hypophthalmichthys spp., Cirrhinus spp., Mylopharyngodon piceus, Catla catla, Labeo spp., Osteochilus hasselti, Leptobarbus hoeveni, Megalobrama spp.), eascanna (Anguilla spp.), arna ngabháil i bhfionnuisce, agus cinn nathrach (Channa spp.) |
|
ex 0304 41 00 |
Filléid úra nó fhuaraithe bhradáin an Aigéin Chiúin (Oncorhynchus nerka, Oncorhynchus gorbuscha, Oncorhynchus keta, Oncorhynchus tschawytscha, Oncorhynchus kisutch, Oncorhynchus masou agus Oncorhynchus rhodurus), bradáin Atlantacha (Salmo salar) agus bradáin na Danóibe (Hucho hucho), arna ngabháil i bhfionnuisce |
|
ex 0304 42 |
Filléid úra nó fhuaraithe breac (Salmo trutta, Oncorhynchus mykiss, Oncorhynchus clarki, Oncorhynchus aguabonita, Oncorhynchus gilae, Oncorhynchus apache agus Oncorhynchus chrysogaster), arna ngabháil i bhfionnuisce |
|
0304 49 10 |
Filléid úra nó fhuaraithe iasc fionnuisce eile |
|
ex 0304 51 00 |
Feoil éisc (bíodh sí mionaithe nó ná bíodh) seachas filléid, iad úr nó fuaraithe, de thioláipianna (Oreochromis spp.), de chait mhara(Pangasius spp., Silurus spp., Clarias spp., Ictalurus spp.), carbáin (Cyprinus spp., Carassius spp., Ctenopharyngodon idellus, Hypophthalmichthys spp., Cirrhinus spp., Mylopharyngodon piceus, Catla catla, Labeo spp., Osteochilus hasselti, Leptobarbus hoeveni, Megalobrama spp.), d’eascanna (Anguilla spp.), arna ngabháil i bhfionnuisce, de phéirsí Níleacha (Lates niloticus) agus de chinn nathrach (Channa spp.) |
|
ex 0304 52 00 |
Feoil éisc (bíodh sí mionaithe nó ná bíodh) seachas filléid úra nó fhuaraithe salmainidí, arna gabháil i bhfionnuisce |
|
0304 59 10 |
Feoil éisc (bíodh sí mionaithe nó ná bíodh) seachas filléid úra nó fhuaraithe iasc fionnuisce eile |
|
0304 61 00 |
Filléid reoite tioláipianna (Oreochromis spp.) |
|
0304 62 00 |
Filléid reoite cat mara (Pangasius spp., Silurus spp., Clarias spp., Ictalurus spp.) |
|
0304 63 00 |
Filléid reoite péirsí Níleacha (Lates niloticus) |
|
ex 0304 69 00 |
Filléid reoite carbán (Cyprinus spp., Carassius spp., Ctenopharyngodon idellus, Hypophthalmichthys spp., Cirrhinus spp., Mylopharyngodon piceus, Catla catla, Labeo spp., Osteochilus hasselti, Leptobarbus hoeveni, Megalobrama spp.), eascanna (Anguilla spp.), arna ngabháil i bhfionnuisce, agus cinn nathrach (Channa spp.) |
|
ex 0304 81 00 |
Filléid reoite bhradáin an Aigéin Chiúin (Oncorhynchus nerka, Oncorhynchus gorbuscha, Oncorhynchus keta, Oncorhynchus tschawytscha, Oncorhynchus kisutch, Oncorhynchus masou agus Oncorhynchus rhodurus), bradáin Atlantacha (Salmo salar) agus bradáin na Danóibe (Hucho hucho), arna ngabháil i bhfionnuisce |
|
ex 0304 82 |
Filléid reoite breac (Salmo trutta, Oncorhynchus mykiss, Oncorhynchus clarki, Oncorhynchus aguabonita, Oncorhynchus gilae, Oncorhynchus apache agus Oncorhynchus chrysogaster), arna ngabháil i bhfionnuisce |
|
0304 89 10 |
Filléid reoite iasc fionnuisce eile |
|
ex 0304 93 |
Feoil éisc (bíodh sí mionaithe nó ná bíodh) seachas filléid, iad reoite, de thioláipianna (Oreochromis spp.), de chait mhara (Pangasius spp., Silurus spp., Clarias spp., Ictalurus spp.), de charbáin (Cyprinus spp., Carassius spp., Ctenopharyngodon idellus, Hypophthalmichthys spp., Cirrhinus spp., Mylopharyngodon piceus, Catla catla, Labeo spp., Osteochilus hasselti, Leptobarbus hoeveni, Megalobrama spp.), d’eascanna (Anguilla spp.), arna ngabháil i bhfionnuisce, de phéirsí Níleacha (Lates niloticus) agus de chinn nathrach (Channa spp.) |
|
0304 99 21 |
Feoil éisc (bíodh sí mionaithe nó ná bíodh) seachas filléid reoite iasc fionnuisce eile |
|
ex 0305 31 00 |
Filléid éisc, iad triomaithe, saillte nó faoi sháile, ach gan bheith deataithe, de thioláipianna (Oreochromis spp.), de chait mhara (Pangasius spp., Silurus spp., Clarias spp., Ictalurus spp.), de charbáin (Cyprinus spp., Carassius spp., Ctenopharyngodon idellus, Hypophthalmichthys spp., Cirrhinus spp., Mylopharyngodon piceus, Catla catla, Labeo spp., Osteochilus hasselti, Leptobarbus hoeveni, Megalobrama spp.), d’eascanna (Anguilla spp.), arna ngabháil i bhfionnuisce, de phéirsí Níleacha (Lates niloticus) agus de chinn nathrach (Channa spp.) |
|
ex 0305 39 10 |
Filléid éisc, iad saillte nó faoi sháile, ach gan bheith deataithe, de bhradáin an Aigéin Chiúin (Oncorhynchus nerka, Oncorhynchus gorbuscha, Oncorhynchus keta, Oncorhynchus tschawytscha, Oncorhynchus kisutch, Oncorhynchus masou agus Oncorhynchus rhodurus), de bhradáin Atlantacha (Salmo salar) agus de bhradáin na Danóibe (Hucho hucho), arna ngabháil i bhfionnuisce |
|
ex 0305 39 90 |
Filléid éisc, iad triomaithe, saillte nó faoi sháile, ach gan a bheith deataithe, d’éisc fionnuisce eile |
|
ex 0305 41 00 |
Bradáin an Aigéin Chiúin (Oncorhynchus nerka, Oncorhynchus gorbuscha, Oncorhynchus keta, Oncorhynchus tschawytscha, Oncorhynchus kisutch, Oncorhynchus masou agus Oncorhynchus rhodurus), bradáin Atlantacha (Salmo salar) agus bradáin na Danóibe (Hucho hucho), iad deataithe, lena n-áirítear filléid, arna ngabháil i bhfionnuisce |
|
ex 0305 43 00 |
Bric (Salmo trutta, Oncorhynchus mykiss, Oncorhynchus clarki, Oncorhynchus aguabonita, Oncorhynchus gilae, Oncorhynchus apache agus Oncorhynchus chrysogaster), iad deataithe, lena n-áirítear filléid, arna ngabháil i bhfionnuisce |
|
ex 0305 44 10 |
Eascanna (Anguilla spp.), iad deataithe, lena n-áirítear filléid, arna ngabháil i bhfionnuisce |
|
0305 44 90 |
Tioláipianna (Oreochromis spp.), cait mhara (Pangasius spp., Silurus spp., Clarias spp., Ictalurus spp.), carbáin (Cyprinus spp., Carassius spp., Ctenopharyngodon idellus, Hypophthalmichthys spp., Cirrhinus spp., Mylopharyngodon piceus, Catla catla, Labeo spp., Osteochilus hasselti, Leptobarbus hoeveni, Megalobrama spp.), péirsí Níleacha (Lates niloticus) agus cinn nathrach (Channa spp.), iad deataithe, lena n-áirítear filléid |
|
ex 0305 49 80 |
Éisc fionnuisce eile, iad deataithe, lena n-áirítear filléid |
|
ex 0305 52 00 |
Tioláipianna (Oreochromis spp.), cait mhara Pangasius spp., Silurus spp., Clarias spp., Ictalurus spp.), carbáin (Cyprinus spp., Carassius spp., Ctenopharyngodon idellus, Hypophthalmichthys spp., Cirrhinus spp., Mylopharyngodon piceus, Catla catla, Labeo spp., Osteochilus hasselti, Leptobarbus hoeveni, Megalobrama spp.), eascanna (Anguilla spp.), arna ngabháil i bhfionnuisce, péirsí Níleacha (Lates niloticus) aagus cinn nathrach (Channa spp.), iad triomaithe, bídís saillte nó ná bídís, ach gan a bheith deataithe |
|
ex 0305 59 85 |
Éisc triomaithe fionnuisce eile, bídís saillte nó ná bídís, ach gan a bheith deataithe |
|
ex 0305 64 00 |
Tioláipianna (Oreochromis spp.), cait mhara Pangasius spp., Silurus spp., Clarias spp., Ictalurus spp.), carbáin (Cyprinus spp., Carassius spp., Ctenopharyngodon idellus, Hypophthalmichthys spp., Cirrhinus spp., Mylopharyngodon piceus, Catla catla, Labeo spp., Osteochilus hasselti, Leptobarbus hoeveni, Megalobrama spp.), eascanna (Anguilla spp.), arna ngabháil i bhfionnuisce, péirsí Níleacha (Lates niloticus) aagus cinn nathrach (Channa spp.), iad saillte nó faoi sháile, ach gan a bheith triomaithe ná deataithe |
|
ex 0305 69 50 |
Bradáin an Aigéin Chiúin (Oncorhynchus nerka, Oncorhynchus gorbuscha, Oncorhynchus keta, Oncorhynchus tschawytscha, Oncorhynchus kisutch, Oncorhynchus masou agus Oncorhynchus rhodurus), bradáin Atlantacha (Salmo salar) agus bradáin na Danóibe (Hucho hucho), iad saillte nó faoi sháile, ach gan a bheith triomaithe ná deataithe, arna ngabháil i bhfionnuisce |
|
ex 0305 69 80 |
Éisc fionnuisce eile, iad saillte nó faoi sháile, ach gan a bheith triomaithe ná deataithe |
|
0306 19 10 |
Cráifisceanna fionnuisce, iad reoite |
|
ex 0306 31 00 |
Gliomaigh charraige agus piardóga mara eile (Palinurus spp., Panulirus spp., Jasus spp.), iad beo agus ornáideach |
|
ex 0306 32 10 |
Gliomaigh (Homarus spp.), iad beo agus ornáideach |
|
ex 0306 33 10 ex 0306 33 90 |
Portáin, iad beo agus ornáideach |
|
ex 0306 34 00 |
Gliomaigh na hIorua (Nephrops norvegicus), iad beo agus ornáideach |
|
ex 0306 35 50 ex 0306 35 90 |
Séaclaí fuaruisce agus cloicheáin fuaruisce (Pandalus spp., Crangon crangon), iad beo agus ornáideach |
|
ex 0306 36 10 |
Séaclaí den fhine Pandalidae, seachas iad siúd den ghéineas Pandalus, iad beo agus ornáideach |
|
ex 0306 36 50 |
Séaclaí den ghéineas Crangon, seachas iad siúd den speiceas Crangon crangon, iad beo agus ornáideach |
|
ex 0306 36 90 |
Séaclaí agus cloicheáin eile, iad beo agus ornáideach |
|
0306 39 10 |
Cráifisceanna fionnuisce, iad beo agus úr nó fuaraithe |
|
ex 0306 39 90 |
Crústaigh eile, iad beo agus ornáideach; crústaigh arna ngabháil i bhfionnuisce |
|
0306 99 10 |
Cráifisceanna fionnuisce, iad triomaithe, saillte nó faoi sháile; iad deataithe, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó ná bídís |
|
0307 11 10 0307 11 90 0307 12 00 0307 19 00 |
Oisrí, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, iad beo, úr, fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile; oisrí deataithe, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó ná bídís |
|
0307 21 10 |
Muiríní, lena n-áirítear cluaisíní, de na géinis Pecten, Chlamys nó Placopecten, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, iad beo, úr nó fuaraithe |
|
0307 21 90 |
Muiríní eile agus moilisc eile den fhine Pectinidae, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, iad beo, úr nó fuaraithe |
|
0307 22 10 0307 22 90 |
Muiríní, lena n-áirítear cluaisíní, de na géinis Pecten, Chlamys nó Placopecten, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, iad reoite |
|
0307 22 95 |
Muiríní eile agus moilisc eile den fhine Pectinidae, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, iad reoite |
|
0307 29 10 |
Muiríní, lena n-áirítear cluaisíní, de na géinis Pecten, Chlamys nó Placopecten, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, iad triomaithe, saillte nó faoi sháile; iad deataithe, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó ná bídís |
|
0307 29 90 |
Muiríní eile agus moilisc eile den fhine Pectinidae, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, iad triomaithe, saillte nó faoi sháile; iad deataithe, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó ná bídís |
|
0307 31 10 0307 31 90 0307 32 10 0307 32 90 0307 39 20 0307 39 80 |
Diúilicíní (Mytilus spp., Perna spp.), bídís sa bhlaosc nó ná bídís, iad beo, úr, fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile; diúilicíní deataithe, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó ná bídís |
|
ex 0307 42 |
Cudail agus máithreacha súigh, iad beo agus ornáideach |
|
ex 0307 51 00 |
Ochtapais (Octopus spp.), iad beo agus ornáideach |
|
0307 60 00 |
Seilidí, seachas seilidí mara, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, iad beo, úr, fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile; seilidí deataithe, seachas seilidí mara, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó ná bídís |
|
0307 71 00 0307 72 10 0307 72 90 0307 79 00 |
Breallaigh, ruacain agus breallaigh na hÁirce (na finte Arcidae, Arcticidae, Cardiidae, Donacidae, Hiatellidae, Mactridae, Mesodesmatidae, Myidae, Semelidae, Solecurtidae, Solenidae, Tridacnidae agus Veneridae), bídís sa bhlaosc nó ná bídís, iad beo, úr, fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile; breallaigh dheataithe, seachas ruacain agus breallaigh na hÁirce, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó ná bídís |
|
ex 0307 81 00 ex 0307 82 00 |
Cluasa mara (Haliotis spp.) agus sliogáin den ghéineas Strombus (Strombus spp.), iad beo agus ornáideach |
|
0307 91 00 0307 92 00 0307 99 00 |
Moilisc eile, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, iad beo, úr, fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile; moilisc dheataithe eile, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó ná bídís |
|
ex 0308 11 00 ex 0308 21 00 ex 0308 30 80 ex 0308 90 10 |
Inveirteabraigh uisceacha seachas crústaigh agus moilisc, iad beo agus ornáideach; inveirteabraigh uisceacha fionnuisce seachas crústaigh agus moilisc |
|
0308 30 50 0308 30 80 |
Smugairlí róin (Rhopilema spp.) |
|
0308 90 10 0308 90 50 0308 90 90 |
Inveirteabraigh uisceacha eile seachas crústaigh agus moilisc |
|
0309 10 00 0309 90 00 |
Plúir, min agus millíní, ó éisc, ó chrústaigh, ó mhoilisc agus ó inveirteabraigh eile uisce, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine |
|
ex 1604 11 00 |
Bradáin, arna ngabháil i bhfionnuisce, ullmhaithe nó leasaithe, iomlán nó i bpíosaí, ach nach bhfuil mionaithe |
|
ex 1604 17 00 |
Eascanna, arna ngabháil i bhfionnuisce, ullmhaithe nó leasaithe, iomlán nó i bpíosaí, ach nach bhfuil mionaithe |
|
ex 1604 19 10 |
Salmainidí, seachas bradáin, arna ngabháil i bhfionnuisce, ullmhaithe nó leasaithe, iomlán nó i bpíosaí, ach nach bhfuil mionaithe |
|
ex 1604 19 91 |
Filléid iasc fionnuisce, iad amh, gan iad cumhdaithe ach le fuidreamh nó le grabhróga aráin, bídís réamhfhriochta in ola nó ná bídís, reoite |
|
ex 1604 19 97 |
Éisc fionnuisce eile, ullmhaithe nó leasaithe, iomlán nó i bpíosaí, ach gan a bheith mionaithe, seachas filléid iasc, iad amh, gan iad cumhdaithe ach le fuidreamh nó le grabhróga aráin, bídís réamhfhriochta in ola nó ná bídís, reoite |
|
ex 1604 20 10 |
Bradáin, arna ngabháil i bhfionnuisce, ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile, (seachas iad atá iomlán nó i bpíosaí, ach nach bhfuil mionaithe) |
|
ex 1604 20 30 |
Salmainidí, arna ngabháil i bhfionnuisce, ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile, (seachas iad atá iomlán nó i bpíosaí, ach nach bhfuil mionaithe) |
|
ex 1604 20 90 |
Éisc fionnuisce eile, ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile, (seachas iad atá iomlán nó i bpíosaí, ach nach bhfuil mionaithe) |
|
1604 32 00 |
Ionadaigh chaibheáir |
|
ex 1605 40 00 |
Cráifisceanna fionnuisce, iad ullmhaithe nó leasaithe |
|
1605 51 00 |
Oisrí, iad ullmhaithe nó leasaithe |
|
1605 52 00 |
Muiríní, lena n-áirítear cluaisíní, iad ullmhaithe nó leasaithe |
|
1605 53 10 1605 53 90 |
Diúilicíní, iad ullmhaithe nó leasaithe |
|
1605 56 00 |
Breallaigh, ruacain agus breallaigh na hÁirce, iad ullmhaithe nó leasaithe |
|
1605 58 00 |
Seilidí, seachas seilidí mara, iad ullmhaithe nó leasaithe |
|
ex 1605 59 00 |
Moilisc eile (seachas sliogáin den ghéineas Strombus (Strombus spp.)), iad ullmhaithe nó leasaithe |
|
1605 63 00 |
Smugairlí róin, iad ullmhaithe nó leasaithe |
|
1605 69 00 |
Inveirteabraigh eile uisce, iad ullmhaithe nó leasaithe |