8.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 233/18


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1478 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Meán Fómhair 2022

lena leathnaítear an dleacht frithchúitimh chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776, maidir le hallmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte chun allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe a choinsínítear ón Tuirc a chumhdach, dearbhaítear gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná dearbhaítear

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint in aghaidh allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 23 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Bearta atá ann cheana

(1)

I mí an Mheithimh 2020, d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe (“GFF”) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (“Daon-Phoblacht na Síne” nó “an tSín”) agus na hÉigipte trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776 ón gCoimisiún (2). Rinneadh na bearta frith-fhóirdheontais i bhfoirm dleacht ad valorem idir 17 % agus 30,7 % le haghaidh allmhairí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus dleacht ad valorem 10,9 % le haghaidh allmhairí de thionscnamh na hÉigipte (“na bearta tosaigh”). An t-imscrúdú (“an t-imscrúdú tosaigh”) as ar eascair na dleachtanna sin, tionscnaíodh an 16 Bealtaine 2019 é (3).

1.2.   Iarraidh

(2)

Fuair an Coimisiún iarraidh de bhun Airteagail 23(4) agus 24(5) den bhun-Rialachán chun imscrúdú a dhéanamh ar imchéimniú féideartha na mbeart frithchúitimh arna bhforchur ar allmhairí GFF de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte trí allmhairí GFF a choinsínítear ón Tuirc, dearbhaítear gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná dearbhaítear, agus na hallmhairí sin a chur faoi réir a gcláraithe.

(3)

Is é TECH-FAB Europe e.V, comhlachas de tháirgeoirí GFF de chuid an Aontais (“an t-iarratasóir”) a chuir an iarraidh isteach an 3 Samhain 2021.

(4)

Bhí fianaise leordhóthanach san iarraidh gur tháinig athrú ar phatrún na trádála a bhaineann le honnmhairí ón tSín, ón Éigipt agus ón Tuirc go dtí an tAontas, ar athrú é a tharla i ndiaidh bearta a fhorchur ar GFF de thionscnamh na Síne agus na hÉigipte. Is cosúil gur eascair an t-athrú ar phatrún na trádála as cleachtas, próiseas nó obair nach bhfuil údar maith dóthanach ná bonn cirt eacnamaíoch leis, seachas forchur na dleachta, eadhon coinsíneacht GFF ón Tuirc go dtí an tAontas tar éis roinnt oibríochtaí cóimeála nó críochnaithe a bheith déanta air nó gan sin a bheith déanta air sa Tuirc, go háirithe ag cuideachta darb ainm Turkiz Composite Materials Technology Üretim Sanayi ve Ticaret Anonim Şirketi (“Turkiz Composite” anseo feasta) (4), cuideachta atá lonnaithe i saorchrios Eorpach ASB in Marmara, an Tuirc.

(5)

Thairis sin, bhí fianaise leordhóthanach san iarraidh a léirigh go raibh an cleachtas, an próiseas nó an obair ag baint an bhoinn d'éifeachtaí ceartaitheacha na mbeart frithchúitimh atá ann cheana ó thaobh cainníochtaí agus praghsanna de. Is cosúil gur tháinig líon suntasach allmhairí den táirge atá faoi imscrúdú isteach i margadh an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, bhí fianaise leordhóthanach ann gur ar phraghsanna díobhálacha a rinneadh allmhairí GFF.

(6)

Ar deireadh, bhí fianaise leordhóthanach san iarraidh maidir le GFF a choinsínítear ón Tuirc, gur leanadh den tairbhiú de fhóirdheontais chun GFF a tháirgeadh agus a dhíol faoi na bearta atá ann cheana. Go deimhin, maidir leis na cuideachtaí sa tSín agus san Éigipt a tháirgeann GFF agus na páirteanna de agus a dhéanann iad a onnmhairiú chuig an Tuirc, suíodh go bhfaigheann na cuideachtaí sin fóirdheontais in-fhrithchúitithe chun GFF a tháirgeadh agus a dhíol faoi na bearta atá ann cheana.

1.3.   An táirge lena mbaineann agus an táirge atá faoi imscrúdú

(7)

Is é atá sa táirge lena mbaineann fabraicí de chaisirníní snáithíní gloine filiméad leanúnach fite agus/nó fuaite agus/nó snáthanna a bhfuil eilimintí eile iontu nó nach bhfuil, gan táirgí atá tuilithe nó réamhthuilithe a áireamh, agus gan fabraicí mogaill oscailte a áireamh ina bhfuil cealla oscailte is faide ná 1,8 mm agus is leithne ná 1,8 mm araon agus a bhfuil meáchan is mó ná 35 g/m2 iontu, arna n-aicmiú ar dháta theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776 faoi chóid AC ex 7019 39 00, ex 7019 40 00, ex 7019 59 00 agus ex 7019 90 00 (cóid TARIC 7019390080, 7019400080, 7019590080 agus 7019900080) agus de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte (“an táirge lena mbaineann”). Is é sin an táirge a bhfuil feidhm ag na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair maidir leis.

(8)

Is ionann an táirge faoi athbhreithniú agus an táirge a shainmhínítear san aithris roimhe, ach a choinsínítear ón Tuirc, dearbhaítear gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná dearbhaítear (arna n-aicmiú ar dháta theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2230 ón gCoimisiún (5) faoi chóid TARIC 7019390083, 7019400083, 7019590083 agus 7019900083 (“an táirge faoi athbhreithniú”).

(9)

Léirigh an t-imscrúdú go bhfuil na buntréithe fisiceacha agus ceimiceacha céanna, mar aon leis na húsáidí céanna, ag GFF a onnmhairítear ón tSín agus ón Éigipt go dtí an tAontas agus atá ag GFF a choinsínítear ón Tuirc, bíodh siad de thionscnamh na Tuirce nó ná bíodh, agus dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad de réir bhrí Airteagal 2, pointe (c), den bhun-Rialachán.

1.4.   Tionscnamh

(10)

Tar éis don Choimisiún a chinneadh, tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas, go raibh fianaise leordhóthanach ann chun imscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 23 den bhun-Rialachán, thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú agus chuir sé allmhairí GFF a choinsínítear ón Tuirc, dearbhaítear gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná dearbhaítear, faoi réir a gcláraithe, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2229 ón gCoimisiún (6) (“an Rialachán tionscnaimh”).

1.5.   Barúlacha maidir le tionscnamh

(11)

D’áitigh LM Wind Power, monaróir lann gaoithe atá bunaithe san Aontas, nach raibh bonn cirt le tionscnamh an imscrúdaithe mar gheall ar easpa fianaise leordhóthanaí, agus dá bhrí sin gur cheart an t-imscrúdú a fhoirceannadh láithreach.

(12)

D’áitigh sé nár tharla an t-imchéimniú toisc nach bhfuil athrú ar bith ar phatrún na trádála idir an Tuirc agus an tAontas ar thaobh amháin, ná idir an tSín agus an Éigipt, agus an tAontas ar an taobh eile, lena léireofaí cleachtas imchéimnithe. D’áitigh sé freisin nár tháinig an cleachtas, próiseas nó obair a bhí ar siúl sa Tuirc faoi aon cheann de na catagóirí in Airteagal 23(3), an dara fomhír, den bhun-Rialachán. Go háirithe, ní raibh aon fhianaise dheimhneach san iarraidh gur tharla coinsíniú GFF de thionscnamh na Síne nó na hÉigipte ón Tuirc go dtí an tAontas. Thairis sin, ní féidir an cleachtas, próiseas nó obair a cháiliú mar mhodhnú beag, ós rud é gur táirge iartheachtach é an táirge faoi imscrúdú agus, dá réir sin, gur táirge nach ionann é agus a ábhair ionchuir (caisirníní snáithíní gloine go príomha), ná mar oibríocht cóimeála, go háirithe ós rud é nach n-aicmítear an táirge faoi imscrúdú agus caisirníní snáithíní gloine faoi na ceannteidil taraife chéanna.

(13)

Mhaígh sé freisin go raibh údar maith dóthanach agus bonn cirt eacnamaíoch de réir bhrí Airteagal 23(3) den bhun-Rialachán, leis an gcleachtas, próiseas nó obair a bhí ar siúl sa Tuirc trí mhonarcha táirgthe GFF a bhunú sa Tuirc. Bhí éileamh suntasach ar GFF sa Tuirc, arbh é earnáil an fhuinnimh gaoithe ba chúis go príomha leis, agus thart faoi 20 000-25 000 tona ag teastáil in 2020. Bhí an t-éileamh ag dul i méid, rud a taispeánadh in 2018 agus saoráid táirgthe snáithíní gloine nua curtha ar bun ag cuideachta de chuid na Tuirce sa Tuirc ag a bhfuil acmhainneacht táirgeachta bhliantúil bhreise de 70 000 tona. Ar deireadh, mhaígh sé go raibh éileamh ar GFF ag dul i méid i réigiúin chomharsanacha freisin, cóngarach don Tuirc, amhail an Meánoirthear agus an Afraic agus gur bonn cirt na fíorais sin freisin le monarcha táirgthe a bhunú sa Tuirc.

(14)

Cuireadh barúlacha comhchosúla isteach ó mhonaróir lann gaoithe eile de chuid na hEorpa atá bunaithe san Aontas, i.e. Vestas Wind Systems A/S agus ó tháirgeoir onnmhairiúcháin amháin de chuid na Tuirce a tháirgeann GFF, Turkiz Composite, atá lonnaithe i saorchrios Eorpach ASB in Marmara, an Tuirc, mar a dtairbhíonn sé de dhíolúintí cánach agus CBL.

(15)

Maidir leis an mbonn cirt eacnamaíoch lena bhunú sa Tuirc, d’áitigh Turkiz Composite freisin go ndearna bord stiúrthóirí a mháthairchuideachta de chuid na Síne an cinneadh an chuideachta a bhunú sa Tuirc an 24 Aibreán 2018 cheana féin, i.e. sular thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tosaigh, dá dtagraítear in aithris (1).

(16)

Mhaígh údaráis na hÉigipte gur tarraingíodh an Éigipt isteach san imscrúdú reatha go héagórach toisc nár tharla aon chleachtas imchéimnithe lena raibh baint ag an Éigipt. D’áitigh siad freisin, cosúil leis na maímh a rinne LM Wind Power, go raibh easpa fianaise ann chun an t-imchéimniú a chruthú i bhfoirm oibríochtaí cóimeála sa Tuirc lenar bhain na honnmhairí caisirníní snáithíní gloine ón Éigipt nó trasloingsiú idir an Tuirc agus an tAontas lena raibh baint ag GFF ón tSín agus ón Éigipt.

(17)

Chuir údaráis na Tuirce béim air go bhfuil acmhainneacht agus táirgeadh suntasach GFF suiteáilte sa Tuirc, agus chreid siad maidir le táirgeoirí intíre de chuid na Tuirce a chomhlíonann na coinníollacha ábhartha, gur cheart iad a dhíolmhú ó leathnú na mbeart.

(18)

Ar deireadh, d’áitigh Amiblu Holding GmbH, soláthróir de chórais agus de réitigh le haghaidh píobáin phlaisteacha threisithe de shnáithín gloine san Aontas, go bhfuil sé chun leasa an Aontais gníomhú in aghaidh cleachtais imchéimnithe a shaobhann an margadh i ndáil le hallmhairí GFF ó thríú tíortha, lena n-áirítear an Tuirc. Go háirithe, d’áitigh sé toisc nach bhfuil a iomaitheoirí de chuid na Tuirce faoi réir bearta frithchúitimh agus frithdhumpála ar allmhairí caisirníní snáithíní gloine, go ndearnadh dochar do staid iomaíoch na dtionscal de chuid an Aontais. Thathantaigh sé ar an gCoimisiún freisin scrúdú córasach a dhéanamh ar shásraí imchéimnithe i dtríú tíortha, lena n-áirítear an Tuirc.

(19)

A mhéid a bhaineann leis na maímh maidir le tionscnamh an imscrúdaithe, mheabhraigh an Coimisiún gur tionscnaíodh an t-imscrúdú ar bhonn na fianaise a soláthraíodh san iarraidh. Cé nárbh fhéidir leis an imscrúdú a dheimhniú gur ann don trasloingsiú gan oibríochtaí cóimeála, d'aimsigh sé fianaise go ndearnadh oibríochtaí cóimeála nó críochnaithe. I ndáil leis sin, mheabhraigh an Coimisiún go n-úsáidtear an fhoclaíocht “inter alia” go sainráite in Airteagal 23(3), an dara fomhír, den bhun-Rialachán, rud lena gcumhdaítear cleachtais imchéimnithe dá bhrí sin, amhail oibríochtaí cóimeála, nach liostaítear go sainráite san Airteagal. Leis an iarraidh cuireadh fianaise leordhóthanach ar fáil (7) go raibh oibríochtaí cóimeála ann agus go ndearnadh na hoibríochtaí cóimeála sin trí úsáid a bhaint as caisirníní snáithíní gloine ón tSín agus ón Éigipt (8). Ní bhaineann aicmiú taraife an táirge atá faoi imscrúdú ná a phríomhábhair ionchuir le hábhar chun a chinneadh an bhfuil imchéimniú i gceist le hoibríocht cóimeála.

(20)

Ina theannta sin, soláthraíodh fianaise leordhóthanach leis an iarraidh freisin maidir le heaspa an bhoinn chirt eacnamaíoch seachas forchur na ndleachtanna, amhail an tagairt a rinneadh san iarraidh do thuarascáil bhliantúil 2018 ó China Hengshi Foundation Company Limited (9). De réir na hiarrata, maidir leis na rioscaí oibriúcháin a sainaithníodh i dtuarascáil bhliantúil 2018 a bhain le leathnú oibríochtaí China National Building Materials Group chuig an Tuirc, b’amhlaidh gur “rioscaí iad a bhí bainteach leis na dleachtanna frithdhumpála d’fhorchuir an tAontas Eorpach ár dtáirgí agus leis na heasaontais trádála idir an tSín agus na Stáit Aontaithe” (10). An t-imscrúdú frithdhumpála ar leithligh dá dtagraítear go sainráite, tionscnaíodh thart faoi 3 mhí roimh thionscnamh an imscrúdaithe tosaigh é, rud as ar eascair forchur na ndleachtanna frithchúitimh. Dá bhrí sin, léirítear leis an ráiteas sin go raibh sé beartaithe na dleachtanna a d’eascair as imscrúdú an Choimisiúin a imchéimniú.

(21)

Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh nach raibh fianaise leordhóthanach san iarraidh chun go mbeadh údar leis an imscrúdú a thionscnamh. Thug an Coimisiún na ráitis ó Amiblu Holding GmbH agus ó údaráis na Tuirce dá aire.

1.6.   Tréimhse imscrúdúcháin agus tréimhse thuairiscithe

(22)

Leis an tréimhse imscrúdúcháin cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2021 (“an tréimhse imscrúdúcháin” nó “IP”). Bailíodh sonraí ar feadh na tréimhse imscrúdúcháin chun imscrúdú a dhéanamh, inter alia, ar an athrú líomhnaithe ar phatrún na trádála tar éis fhorchur na mbeart ar an táirge lena mbaineann, agus chun féachaint arbh ann do chleachtas, próiseas nó obair nach raibh údar maith dóthanach ná bonn cirt eacnamaíoch leis seachas forchur na dleachta. Bailíodh sonraí níos mionsonraithe ar feadh na tréimhse ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021 (“an tréimhse thuairiscithe” nó “RP”) chun scrúdú a dhéanamh chun fáil amach an raibh allmhairí ag baint an bhoinn d’éifeacht cheartaitheach na mbeart atá i bhfeidhm ó thaobh praghsanna agus/nó cainníochtaí de agus arbh ann don dumpáil.

1.7.   Imscrúdú

(23)

Chuir an Coimisiún údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne, na hÉigipte agus na Tuirce ar an eolas go hoifigiúil maidir le tionscnamh an imscrúdaithe, mar aon leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin arbh eol sna tíortha sin, an tionscal de chuid an Aontais agus an Chomhairle Comhlachais idir an tAontas agus an Tuirc.

(24)

Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean na Tuirce go dtí an tAontas Eorpach ainmneacha agus seoltaí táirgeoirí onnmhairiúcháin agus/nó comhlachas ionadaíochta a sholáthar dó, ar táirgeoirí agus comhlachais iad a bhféadfadh suim a bheith acu i rannpháirtíocht san imscrúdú i dteannta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Tuirce, a bhí sainaitheanta san iarraidh ag an iarratasóir.

(25)

Cuireadh foirmeacha éilimh ar dhíolúine ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála do na táirgeoirí/na honnmhaireoirí sa Tuirc, mar aon le ceistneoirí le haghaidh na dtáirgeoirí/na n-onnmhaireoirí sa tSín agus san Éigipt, agus le haghaidh allmhaireoirí san Aontas.

(26)

As measc na sé tháirgeoir onnmhairiúcháin arbh eol, chuir ceithre tháirgeoir díobh foirmeacha éilimh ar dhíolúine isteach. Ba iad sin:

Saertex Turkey Tekstil Ltd. Şti.;

Sonmez Asf Iplik Dokuma Ve Boya San Tic A. Ş.;

Telateks Tekstil Ürünleri Sanayi ve Ticaret Anonim Şirketi, agus Telateks Dış Ticaret ve Kompozit Sanayi Anonim Şirketi, ar leis an ngrúpa “Metyx Composites” é (rannán de Telateks A.S);

Turkiz Composite.

(27)

Ina theannta sin, chuir sé chuideachta de chuid na Síne agus na hÉigipte, a bhfuil gaol acu uile le Turkiz Composite, isteach freagraí ar an gceistneoir.

(28)

Thairis sin, an chuideachta de chuid na hUngáire Metyx Hungary Korlátolt Felelősségű Társaság (allmhaireoir gaolmhar GFF a tháirgeann Telateks Tekstil Ürünleri Sanayi ve Ticaret Anonim Şirketi) agus an chuideachta de chuid na Gearmáine Saertex GmbH & Co. KG (máthairchuideachta agus allmhaireoir GFF a tháirgeann Saertex Turkey Teksil Ltd. Şti.), chuir siad freagraí ar an gceistneoir isteach.

(29)

Tugadh an deis do pháirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus éisteacht a iarraidh laistigh den teorainn ama a leagtar amach sa Rialachán tionscnaimh. Cuireadh na páirtithe uile ar an eolas go bhféadfaí Airteagal 28 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm mura gcuirfí an fhaisnéis ábhartha uile isteach nó dá gcuirfí faisnéis neamhiomlán, bhréagach nó mhíthreorach isteach agus go bhféadfaí torthaí a bhunú ar na fíorais a bheadh ar fáil.

(30)

Tionóladh éisteacht an 4 Feabhra 2022 le LM Wind Power. Tar éis an nochta, tionóladh éisteacht an 12 Iúil in éineacht le Turkiz Composite.

2.   TORTHAÍ AN IMSCRÚDAITHE

2.1.   Breithnithe ginearálta

(31)

I gcomhréir le hAirteagal 23(3) den bhun-Rialachán, ba cheart anailís a dhéanamh ar na heilimintí seo a leanas chun measúnú a dhéanamh ar imchéimniú féideartha:

an raibh athrú ar phatrún na trádála idir Daon-Phoblacht na Síne/an Éigipt/an Tuirc agus an tAontas,

más amhlaidh gur eascair an t-athrú sin as cleachtas, próiseas nó obair nach raibh údar maith dóthanach ná bonn cirt eacnamaíoch leis seachas forchur na mbeart atá i bhfeidhm,

má tá fianaise maidir le díobháil ann nó go raibh an bonn á bhaint d’éifeachtaí ceartaitheacha na mbeart atá i bhfeidhm ó thaobh phraghsanna agus/nó chainníochtaí an táirge faoi imscrúdú de, agus

ar thairbhigh an táirge comhchosúil allmhairithe agus/nó páirteanna de den fhóirdheontas fós.

(32)

Líomhnaíodh trasloingsiú san iarraidh, agus go háirithe coinsíniú GFF ón Tuirc go dtí an tAontas tar éis roinnt oibríochtaí cóimeála nó críochnaithe a bheith déanta air nó gan sin a bheith déanta air sa Tuirc (féach aithris (4)).

(33)

I ndáil le trasloingsiú, níor nochtadh leis an imscrúdú aon fhianaise go raibh ceachtar de na ceithre tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha páirteach i gcleachtais den sórt sin. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir an líomhain sin a dheimhniú leis an imscrúdú sin.

(34)

A mhéid a bhaineann le hoibríochtaí cóimeála/críochnaithe, Airteagal 23(3), an dara fomhír, den bhun-Rialachán ní liostaítear iad go sonrach mar chleachtas, próiseas nó obair lena bhfuil imchéimniú i gceist. Mar sin féin, úsáidtear an fhoclaíocht “inter alia” go sainráite in Airteagal 23(3), an dara fomhír, den bhun-Rialachán, rud a chiallaíonn go soláthraíonn sé liosta neamh-uileghabhálach de chleachtais imchéimnithe a d’fhéadfadh a bheith ann. Dá thoradh sin, cumhdaítear cleachtais imchéimnithe eile leis freisin, cleachtais nach liostaítear go sainráite san Airteagal atá i gceist, amhail oibríochtaí cóimeála/críochnaithe. Dá bhrí sin, ós rud é gur tharraing an fhianaise a sholáthair an t-iarratasóir san iarraidh aird ar oibríochtaí cóimeála/críochnaithe sa Tuirc, rinne an Coimisiún anailís freisin, de réir analaí, ar chomhlíonadh na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán frithdhumpála, go háirithe:

ar cuireadh tús leis an oibríocht chóimeála/chríochnaithe nó ar tháinig méadú mór uirthi, ón tráth a tionscnaíodh an t-imscrúdú frith-fhóirdheontais, nó díreach roimhe, agus an ón tír atá faoi réir na mbeart iad na páirteanna lena mbaineann; agus

an 60 % nó níos mó de luach iomlán pháirteanna an táirge chóimeáilte iad na páirteanna agus ar lú ná 25 % den chostas monaraíochta breisluach na bpáirteanna a tugadh isteach, le linn na hoibríochta cóimeála nó críochnaithe.

2.2.   Comhar

(35)

Mar a shonraítear in aithris (26), d’iarr ceithre tháirgeoir onnmhairiúcháin sa Tuirc go ndéanfaí iad a dhíolmhú ó na bearta, dá ndéanfaí iad a leathnú chun an Tuirc a chumhdach. Chomhoibrigh siad le linn na n-imeachtaí ar fad trí fhoirmeacha éilimh ar dhíolúine a chur isteach agus freagraí a sholáthar ar litreacha easnaimh. B’ard an leibhéal comhair ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Tuirce, toisc gurbh é iomlán mhéid na n-allmhairí ón Tuirc le linn na tréimhse tuairiscithe a bhí i méid na n-onnmhairí tuairiscithe comhiomlánaithe GFF go dtí an tAontas dá gcuid sna foirmeacha éilimh ar dhíolúine a chuir siad isteach, mar a tuairiscíodh i staitisticí allmhairiúcháin Eurostat.

(36)

Is ag áitreabh Turkiz Composite a rinne an Coimisiún cuairt fíorúcháin, de bhun Airteagal 26 den bhun-Rialachán. Murab ionann agus na trí tháirgeoir eile a tháinig chun tosaigh, d’allmhairigh an chuideachta sin a n-ábhair ionchuir ar fad beagnach agus go háirithe 100 % dá príomhábhar ionchuir (caisirníní snáithíní gloine) ó na cuideachtaí gaolmhara dá cuid sa tSín agus san Éigipt. Chomh maith leis sin, ba í an chuideachta sin an táirgeoir onnmhairiúcháin GFF ba mhó de chuid na Tuirce le linn na tréimhse tuairiscithe. D’onnmhairigh an chuideachta níos mó GFF go dtí an tAontas ná na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha eile de chuid na Tuirce le linn na tréimhse tuairiscithe, agus iad curtha le chéile.

2.3.   Athrú ar phatrún na trádála

2.3.1.   Allmhairí GFF

(37)

Léirítear i dTábla 1 thíos an fhorbairt atá tagtha ar allmhairí GFF ón tSín, ón Éigipt agus ón Tuirc sa tréimhse imscrúdúcháin.

Tábla 1

Allmhairí GFF go dtí an tAontas sa tréimhse imscrúdúcháin (i dtonaí)

 

2019

2020

Tréimhse thuairiscithe

Daon-Phoblacht na Síne

43 460

38 440

33 263

innéacs (bonn = 2019)

100

88

77

 

An Éigipt

11 349

6 935

3 608

innéacs (bonn = 2019)

100

61

32

 

An Tuirc

2 334

4 152

8 367

innéacs (bonn = 2019)

100

178

358

Foinse: Eurostat

(38)

Léirítear i dTábla 1 gur tháinig méadú ar allmhairí GFF ón Tuirc ó 2 334 thona in 2019 go 8 367 dtona sa tréimhse thuairiscithe. An méadú suntasach sa tréimhse thuairiscithe i gcomparáid le 2019, tharla sé sin san am céanna leis an méadú ar an táirgeadh ag Turkiz Composite, a chuir tús leis an táirgeadh ó mhí an Mhárta 2019 ar aghaidh.

(39)

Tháinig laghdú ar allmhairí GFF ón tSín ó 43 460 tona in 2019 go 33 263 thona sa tréimhse thuairiscithe, ach tháinig laghdú ar allmhairí GFF ón Éigipt ó 11 349 dtona in 2019 go 3 608 dtona.

2.3.2.   Méideanna na n-onnmhairí caisirníní snáithíní gloine ón tSín agus ón Éigipt chuig an Tuirc

(40)

Léirítear i dTábla 2 thíos an fhorbairt a tháinig ar allmhairí caisirníní snáithíní gloine ón tSín agus ón Éigipt chuig an Tuirc ar bhonn staitisticí allmhairiúcháin na Tuirce ó bhunachar sonraí GTA.

Tábla 2

Allmhairí caisirníní snáithíní gloine ón tSín agus ón Éigipt chuig an Tuirc sa tréimhse imscrúdúcháin (i dtonaí)

 

2019

2020

RP

Daon-Phoblacht na Síne

7019 12 Caisirníní snáithíní gloine

6 996

15 970

19 201

 

An Éigipt

7019 12 Caisirníní snáithíní gloine

9 142

20 565

30 149

Foinse: GTA

(41)

Is iad caisirníní snáithíní gloine an príomhábhar ionchuir chun GFF a tháirgeadh. Déantar tuilleadh próiseála ar an ábhar ionchuir sin ansin chun GFF a tháirgeadh. Léirigh an fhianaise a bhí ar fáil don Choimisiún gur de chaisirníní snáithíní gloine go príomha a táirgeadh GFF a onnmhairíodh go dtí an tAontas ón Tuirc.

(42)

Léirítear i dTábla 2 gur tháinig méadú mór ar allmhairí na gcaisirníní snáithíní gloine ón tSín chuig an Tuirc ó 6 996 thona in 2019 go 19 201 tona sa tréimhse thuairiscithe. Tháinig méadú suntasach freisin ar allmhairí na gcaisirníní snáithíní gloine ón Éigipt isteach sa Tuirc freisin ó 9 142 thona in 2019 go 30 149 dtona sa tréimhse thuairiscithe. Is allmhairí ón tSín agus ón Éigipt araon thart ar 70 % d’allmhairí iomlána na gcaisirníní snáithíní gloine chuig an Tuirc i gcás 2020 agus na tréimhse tuairiscithe araon. Thairis sin, tharla an méadú suntasach ar allmhairí caisirníní snáithíní gloine ón tSín agus ón Éigipt chuig an Tuirc san am céanna freisin agus a thosaigh Turkiz Composite ar sholáthairtí a sheoladh chuig an gcustaiméir Eorpach ba mhó dá chuid ó mhí na Bealtaine 2020 ar aghaidh, rud nach raibh á dhéanamh aige roimhe agus as ar eascair ídiú méadaithe caisirníní snáithíní gloine chun GFF a tháirgeadh.

(43)

D’áitigh Turkiz Composite gur ón tSín agus ón Éigipt, go háirithe ó na cuideachtaí gaolmhara dá chuid sa tSín agus san Éigipt, a ceannaíodh na caisirníní snáithíní gloine uile a d’úsáid sé chun GFF a tháirgeadh. D’allmhairigh sé na caisirníní sin faoi chód HS 7019 12. Is iad allmhairí faoin gcód sin a léirigh an méadú ba shuntasaí ar allmhairí ón tSín agus ón Éigipt chuig an Tuirc.

(44)

Léirigh an méadú suntasach ar mhéid na n-allmhairí caisirníní snáithíní gloine ón tSín agus ón Éigipt chuig an Tuirc go raibh méadú ag teacht ar an éileamh ar na hábhair ionchuir sin sa Tuirc, rud lena bhféadfaí páirt de a mhíniú, ar a laghad, leis an méadú a tháinig ar tháirgeadh agus ar onnmhairí GFF ón Tuirc le linn na tréimhse tuairiscithe. An fhaisnéis a sholáthair Turkiz Composite, chomhdhearbhaigh sí an méid sin freisin.

2.3.3.   Conclúid maidir leis an athrú ar phatrún na trádála

(45)

De réir bhrí Airteagal 23 den bhun-Rialachán, is athrú ar phatrún na trádála idir an Tuirc agus an tAontas é an méadú ar onnmhairí GFF ón Tuirc go dtí an tAontas ar thaobh amháin, agus an laghdú ar onnmhairí GFF ón tSín agus ón Éigipt go dtí an tAontas ar an taobh eile, in éineacht leis an méadú suntasach le linn na tréimhse tuairiscithe i gcomparáid le 2019 ar onnmhairí caisirníní snáithíní gloine de chuid na Síne agus na hÉigipte isteach sa Tuirc, mar a léirítear i dtábla 2.

2.4.   Gan údar maith dóthanach ná bonn cirt eacnamaíoch leis seachas forchur na dleachta frithchúitimh

(46)

Ceanglaítear le hAirteagal 23(3) den bhun-Rialachán go n-eascróidh an t-athrú ar phatrún na trádála as cleachtas, próiseas nó obair nach bhfuil údar maith dóthanach ná bonn cirt eacnamaíoch leis seachas forchur na dleachta.

(47)

Mheabhraigh an Coimisiún go n-áirítear leis an gcleachtas, próiseas nó obair cóimeáil páirteanna/oibríochtaí críochnaithe i dtríú tír, mar a mhínítear in aithris (19).

(48)

Mhaígh Turkiz Composite go raibh údar maith dóthanach agus bonn cirt eacnamaíoch lena bhunú. Mhaígh sé gur cuireadh ar bun sa Tuirc é mar gheall ar an éileamh suntasach ar GFF sa Tuirc agus ar an éileamh méadaithe ar GFF i dtíortha comharsanacha na Tuirce, seachas an tAontas (an Éigipt, an Iordáin, an Iaráin go príomha agus an Araib Shádach go pointe áirithe), mar aon leis an méadú a bhí ag teacht ar an éileamh suntasach ar chaisirníní snáithíní gloine sa Tuirc.

(49)

Nochtadh leis an imscrúdú gur chinn Turkiz Composite cuideachta a bhunú sa Tuirc sular tionscnaíodh an t-imscrúdú tosaigh. Cuireadh an chuideachta ar bun an 1 Meitheamh 2018, ach níor tosaíodh ar an táirgeadh ach i mí an Mhárta 2019, toisc nár mhór áitreabh a lorg fós, agus na hinnill GFF uile dá chuid a cheannach, a aistriú, a shuiteáil agus a thástáil. Tharla dáta tosaithe an táirgthe san am céanna le dáta tionscanta (11) an imscrúdaithe frithdhumpála tosaigh ar allmhairí GFF ón tSín agus ón Éigipt, imscrúdú a tháinig thart ar 3 mhí roimh thionscnamh an imscrúdaithe tosaigh.

(50)

Thairis sin, le hAirteagal 23(3) den bhun-Rialachán suitear nasc idir an cleachtas, próiseas nó obair atá i gceist agus an t-athrú ar phatrún na trádála toisc nach foláir nó “go n-eascróidh” an trádáil as an athrú. Is é an cleachtas, próiseas nó obair as a n-eascraíonn an t-athrú ar phatrún na trádála, dá bhrí sin, nach mór údar maith dóthanach agus bonn cirt eacnamaíoch a bheith leis seachas forchur na dleachta, chun nach measfar gur imchéimniú de réir bhrí Airteagal 23(3) den bhun-Rialachán atá ann.

(51)

I bhfianaise an mhéid thuasluaite, is neamhábhartha an argóint gur cuireadh an chuideachta ar bun chun freastal ar na margaí intíre agus ar mhargaí na hAfraice agus an Mheánoirthir toisc nach é cur ar bun na cuideachta é an cleachtas, próiseas nó obair as a n-eascraíonn an t-athrú ar phatrún na trádála. Is é an cleachtas as a n-eascraíonn an t-athrú sin na hoibríochtaí cóimeála/críochnaithe sa Tuirc as a n-eascraíonn méadú suntasach ar onnmhairí GFF (an táirge cóimeáilte) go dtí an tAontas. Tháinig méadú mór ar dhíolacháin onnmhairí GFF Turkiz Composite go dtí an tAontas nuair a thosaigh sé ar a sholáthar chuig an gcustaiméir Eorpach ba mhó dá chuid a mhéadú de réir a chéile ó mhí na Bealtaine 2020 ar aghaidh (féach aithris (42)), rud a tharla san am céanna le dáta fhorchur na mbeart tosaigh (féach aithris (1)(1)).

(52)

Thairis sin, an fíoras gurb amhlaidh maidir le cuideachta a líomhnaítear gur cuireadh ar bun í chun freastal ar na margaí intíre agus ar mhargaí na hAfraice agus an Mheánoirthir, tar éis thionscnamh an cháis frithdhumpála, go bhfreastalaíonn an chuideachta ar an margadh intíre agus ar mhargadh an Aontais ina áit sin le fírinne (12), is fianaise bhreise é sin lena dtugtar le fios gur forbraíodh a gníomhaíochtaí cóimeála mar fhreagairt ar an imscrúdú agus gur méadaíodh a thuilleadh iad mar fhreagairt ar fhorchur na ndleachtannna.

(53)

Tar éis an nochta, mhaígh Turkiz Ilchodach agus LM Wind Power go raibh bearna i réasúnú na hanailíse dlíthiúla a rinne an Coimisiún ar an mbonn cirt eacnamaíoch, ós rud é gur theip air measúnú a dhéanamh ar an raibh bonn cirt eacnamaíoch nó údar maith dóthanach leis an gcleachtas, próiseas nó obair. Dúirt siad freisin gur chuir an Coimisiún an tástáil ama mhícheart i bhfeidhm, toisc gur theip air a aithint nár mhór gurb é “forchur na ndleachtanna” — agus ní oscailt imscrúdaithe — an chúis leis an gcleachtas, próiseas nó obair. Ar deireadh, mhaígh siad, dá mba rud é gur chuir an Coimisiún na tástálacha dlíthiúla cearta i bhfeidhm, gurbh é a chonclúid go raibh údar maith dóthanach agus bonn cirt eacnamaíoch le bunú Turkiz Composite. Mhaígh siad gur chun freastal ar mhargadh intíre na Tuirce an phríomhchúis le cur ar bun na monarchan sa Tuirc.

(54)

Dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin. Ar an gcéad dul síos, níor theip ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an raibh bonn cirt eacnamaíoch nó údar maith dóthanach leis an gcleachtas, próiseas nó obair nó nach raibh. Rinneadh an measúnú sin, mar a mhínítear go sainráite in aithrisí (49) agus (50) thuas. Shainaithin an Coimisiún go soiléir an cleachtas, próiseas nó obair as ar eascair an t-athrú ar phatrún na trádála agus rinne anailís ansin ar bhoinn chirt fhéideartha leis an gcleachtas sin. I gcodarsnacht leis an méid a mhaígh na páirtithe leasmhara, agus mar a mhínítear in aithris (51), ní hé bunú Turkiz Composite, ná a dhíolacháin intíre, an cleachtas, próiseas nó obair atá i gceist, toisc nach n-eascraíonn an t-athrú ar phatrún na trádála, a phléitear faoi phointe 2.3 thuas, astu sin.

(55)

Ar an dara dul síos, níor chuir an Coimisiún an tástáil ama mhícheart i bhfeidhm. Rinne sé tagairt in aithris (49) don fhíoras gur tharla dáta tosaithe an táirgthe san am céanna le dáta tionscanta an imscrúdaithe bunaidh. Bhí an toradh sin, a bhí bunaithe ar fhaisnéis fhíoraithe a sholáthair Turkiz Composite, ábhartha ó thaobh an dlí de, toisc gur ceann de choinníollacha Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán frithdhumpála (13) is ea gur “[...] cuireadh tús leis an oibríocht, nó tháinig méadú mór uirthi, ón tráth a cuireadh tús leis an imscrúdú frithdhumpála, nó díreach roimhe [...]”. Sainmhínítear an t-imchéimniú in Airteagal 23(3) den bhun-Rialachán agus dírítear leis sin ar fhorchur na dleachta, ós rud é nach féidir imchéimniú a bheith ann gan dleacht a bheith á forchur. Ní choisctear leis sin maidir le tús a chur le cleachtas, próiseas nó obair tar éis imscrúdú a bheith tionscanta, go measfar gur fianaise é sin gurbh é forchur na dleachta dá éis sin (agus lena raibh coinne go réasúnta) an bonn cirt leis an gcleachtas atá i gceist. Ní hamháin maidir leis an léamh ar Airteagal 23(3) atá á mholadh ag an bpáirtí leasmhar, go mbeadh sé neamhoiriúnach le focail Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán frithdhumpála, a luaitear thuas, ach leis an léamh sin, bhainfí cleachtais imchéimnithe, a gcuirtear tús leo idir tionscnamh imscrúdaithe agus forchur na ndleachtanna, as raon feidhme Airteagal 23(3) go héifeachtach. Rachadh sé sin glan in aghaidh bhunchuspóir Airteagal 13 den bhun-Rialachán frithdhumpála (agus de réir analaí Airteagal 23 den bhun-Rialachán), arna shainmhíniú ag an gCúirt (14).

(56)

I leith an mhaímh gur chun freastal ar mhargadh intíre na Tuirce an phríomhchúis leis an monarcha sa Tuirc a chur ar bun, thug an Coimisiún dá aire go ndearna Turkiz Composite athrú beag ar a réasúnaíocht le linn na n-imeachtaí seo, toisc gur mhaígh an chuideachta roimh an nochtadh gur chun freastal ar na margaí intíre agus ar mhargaí na hAfraice agus an Mheánoirthir an chúis leis sin. Mar a luaitear in aithris (52), d’fhreastail Turkiz Composite ar an margadh intíre agus ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. I gcás ar bith, tháinig méadú mór ar oibríochtaí Turkiz Composite le linn na tréimhse imscrúdúcháin mar a léirítear leis na torthaí seo a leanas:

Bhí 1 láithreán monaraíochta ar cíos in 2018, ceann eile in 2019, agus na láithreáin eile a bhí fágtha in 2020,

As measc na meaisíní GFF uile a bhí in úsáid le linn na tréimhse tuairiscithe, bhí líon ní ba lú ná seacht meaisín in úsáid den chéad uair in 2019, ach cuireadh breis agus seacht meaisín eile ina dteannta siúd in úsáid den chéad uair in 2020 agus le linn an chéad leatha de 2021,

Ba é Turkiz Composite a cheannaigh na meaisíní GFF sin go príomha ó na cuideachtaí gaolmhara dá cuid sa tSín agus san Éigipt. Leis an méadú suntasach ar acmhainneacht táirgeachta Turkiz Composite le linn na tréimhse imscrúdúcháin, léiríodh go soiléir go raibh athrú ar straitéis China National Building Materials Group, ar chuid de Turkiz Composite, mar fhreagairt ar thionscnamh an imscrúdaithe bunaidh,

Ní hamháin gur tháinig méadú suntasach ar an acmhainneacht táirgeachta le linn na tréimhse imscrúdúcháin, tháinig méadú ar a tháirgeacht iarbhír freisin, mar a tháinig ar an líon foirne. Bhí an acmhainneacht táirgeachta a thrí oiread níos airde sa tréimhse thuairiscithe i gcomparáid le bliain 2019, ach bhí an táirgeacht iarbhír 60 oiread níos airde sa tréimhse thuairiscithe i gcomparáid le bliain 2019. Thairis sin, bhí an líon foirne thart faoi sé oiread níos airde sa tréimhse thuairiscithe i gcomparáid le bliain 2019,

Ar deireadh, tháinig fás as cuimse ar na díolacháin onnmhairí ag Turkiz Composite chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin (féach aithris (60)) tar éis thionscnamh an imscrúdaithe bunaidh.

(57)

I bhfianaise an mhéid thuas, níor nochtadh leis an imscrúdú údar maith dóthanach ná bonn cirt eacnamaíoch leis an méadú suntasach ar onnmhairí an táirge chóimeáilte ag Turkiz Composite chuig an Aontas seachas chun íoc na ndleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair a sheachaint.

2.5.   Tús a chur le hoibríochtaí nó méadú mór orthu

(58)

Ceanglaítear le hAirteagal 13(2) den bhun-Rialachán frithdhumpála go mbeidh tús curtha leis an oibríocht chóimeála nó méadú mór a bheith tagtha uirthi, ón tráth a cuireadh tús leis an imscrúdú frithdhumpála, nó go díreach roimhe, agus gur ón tír atá faoi réir na mbeart frithdhumpála iad na páirteanna ábhartha. Dá dtagraítear in aithris (19), is féidir na caighdeáin dhlíthiúla atá in Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán frithdhumpála a úsáid de réir analaí agus measúnú á dhéanamh ar an gcás frith-fhóirdheontais i gcomhthéacs Airteagal 23(3) den bhun-Rialachán.

(59)

Tionscnaíodh an t-imscrúdú bunaidh an 16 Bealtaine 2019 agus forchuireadh dleachtanna cinntitheacha frithchúitimh an 15 Meitheamh 2020. Bunaíodh Turkiz Composite go hoifigiúil an 1 Meitheamh 2018 agus cuireadh tús leis an táirgeadh ó mhí an Mhárta 2019 ar aghaidh. Dá bhrí sin, tharla dáta tosaithe an táirgthe san am céanna le dáta tionscanta an imscrúdaithe frithdhumpála tosaigh ar allmhairí GFF ón tSín agus ón Éigipt, imscrúdú a tháinig thart ar 3 mhí roimh thionscnamh an imscrúdaithe tosaigh.

(60)

Thairis sin, rinne Turkiz Composite méadú mór ar a dhíolacháin onnmhairí in 2020 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gcomparáid le 2019. Tharla an méadú mór sin ar an oibríocht chóimeála nó chríochnaithe san am céanna le dáta fhorchur na ndleachtanna frithchúitimh cinntitheacha, i.e. an 15 Meitheamh 2020 (féach an aithris roimhe). Thairis sin, is ó na cuideachtaí gaolmhara dá chuid sa tSín agus san Éigipt a ceannaíodh beagnach na príomhábhair ionchuir uile agus go háirithe 100 % dá phríomhábhar ionchuir (caisirníní snáithíní gloine den chuid is mó).

(61)

Dá bhrí sin, ba é conclúid an Choimisiúin gur cuireadh tús leis an oibríocht chóimeála nó chríochnaithe nó tháinig méadú mór uirthi ón tráth a tionscnaíodh an t-imscrúdú bunaidh.

2.6.   Luach na bpáirteanna agus an breisluach

2.6.1.   Luach na bpáirteanna

(62)

A mhéid a bhaineann sé le hoibríochtaí cóimeála, sonraítear in Airteagal 13(2), pointe (b), den bhun-Rialachán frithdhumpála gur coinníoll eile chun an t-imchéimniú a shuíomh is ea gur 60 % nó níos mó de luach iomlán pháirteanna an táirge chóimeáilte iad na páirteanna (de thionscnamh na Síne agus na hÉigipte, sa chás seo) agus gur lú ná 25 % den chostas monaraíochta é breisluach na bpáirteanna a thugtar isteach, le linn na hoibríochta cóimeála nó críochnaithe. Is féidir na caighdeáin dhlíthiúla atá in Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán frithdhumpála a úsáid de réir analaí agus measúnú á dhéanamh ar an gcás frith-fhóirdheontais i gcomhthéacs Airteagal 23(3) den bhun-Rialachán.

(63)

Caisirníní snáithíní gloine is ea an príomhábhar ionchuir chun GFF a tháirgeadh. Is ó chuideachtaí gaolmhara sa tSín agus san Éigipt a cheannaigh Turkiz Composite 100 % de na caisirníní snáithíní gloine a d’úsáid sé. Tríd an bpróiseas fuála-cniotála a rinneadh, ar oibríocht chríochnaithe sa Tuirc é, rinneadh na caisirníní snáithíní gloine sin a thrasfhoirmiú ina GFF. De réir na faisnéise fíoraithe a chuir Turkiz Composite isteach, is é an príomhábhar ionchuir, eadhon caisirníní snáithíní gloine, beagnach 100 % de luach iomlán pháirteanna an táirge chóimeáilte/chríochnaithe de réir bhrí Airteagal 13(2), pointe (b), den bhun-Rialachán frithdhumpála.

(64)

Tar éis an nochta, d’athdhearbhaigh Turkiz Composite agus LM Wind Power a maíomh nach “páirteanna a chóimeáil ag oibríocht chóimeála” é GFF a mhonarú de phríomh-amhábhar na gcaisirníní snáithíní gloine allmhairithe de réir bhrí Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán frithdhumpála, a chuirtear i bhfeidhm de réir analaí (féach aithris (62) thuas), agus nach páirteanna iad caisirníní snáithíní gloine ach ábhair de réir bhrí Nóta Míniúcháin (VII) den dara cuid de Riail Ghinearálta 2(a) maidir le léirmhíniú an Chórais Chomhchuibhithe, ar choinníoll maidir le páirteanna atá á gcóimeáil “nach ndéanfar aon oibríocht saothraithe thairis sin orthu lena gcríochnú chun go mbeidh siad sa riocht chríochnaithe”. Sa chomhthéacs sin, mhaígh siad, nach “páirteanna” de GFF iad caisirníní snáithíní gloine agus nach ndéantar iad a “chóimeáil” ina GFF, ach go ndéantar iad a phróiseáil ina GFF trí chineálacha éagsúla caisirníní snáithíní gloine a fhí agus a fhuáil le chéile, mar aon le hábhair eile, trí innealra casta a úsáid. Fuarthas barúlacha comhchosúla freisin ó údaráis na hÉigipte.

(65)

Dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin. An cleachtas ar a dtugtar tuairisc in aithris (63) thuas, is féidir cur síos a dhéanamh air mar oibríocht chríochnaithe a thagann faoi choincheap na n-oibríochtaí cóimeála faoi Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán frithdhumpála, dá dtagraítear in aithris (62) thuas freisin. Ina theannta sin, measadh eilimintí eile, mar a mhínítear thíos.

(66)

Ar dtús, an tagairt don Nóta Míniúcháin (VII) den dara cuid de Riail Ghinearálta 2(a) maidir le léirmhíniú an Chórais Chomhchuibhithe, ní bhaineann an tagairt sin le hábhar toisc gurb é Airteagal 23 den bhun-Rialachán an bunús dlí díreach seachas an dlí custaim, rud atá soiléirithe go sainráite ag an gCúirt Bhreithiúnais (15).

(67)

An dara pointe, agus Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán frithdhumpála á léirmhíniú, a chuirtear i bhfeidhm de réir analaí agus measúnú á dhéanamh ar an gcás frith-fhóirdheontais i gcomhthéacs Airteagal 23(3) den bhun-Rialachán, chuir an Chúirt Bhreithiúnais tús leis an léirmhíniú dá cuid trí mheabhrú gurb amhlaidh “de bhun an chásdlí shocraithe, agus foráil de dhlí an Aontais á léirmhíniú, gur gá ní hamháin foclaíocht na forála a mheas, ach an comhthéacs ina dtarlaíonn sí freisin mar aon leis na cuspóirí atá á saothrú leis na rialacha ar páirt díobh í an fhoráil sin” (16). Ní shainmhínítear leis an mbun-Rialachán frithdhumpála na téarmaí “oibríocht chóimeála” ná “oibríocht chríochnaithe”. Mar sin féin, an bealach a cumadh Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán frithdhumpála, tá sé i bhfabhar léirmhíniú ar an téarma “oibríocht chóimeála” mar, de réir Airteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán frithdhumpála, léirmhíniú a bhfuil sé i gceist leis “oibríocht chríochnaithe” a chuimsiú go sainráite freisin. Rud a leanann as sin is ea go bhfuil sé i gceist le “hoibríocht chóimeála” de réir bhrí Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán frithdhumpála go gcumhdófaí léi ní hamháin oibríochtaí lena gcuimsítear páirteanna de ní comhchodach a chóimeáil, ach oibríochtaí a bhféadfadh próiseáil bhreise a bheith i gceist leo i.e. bailchríoch a chur ar tháirge.

(68)

Ina theannta sin, de réir na Cúirte (17), is é cuspóir na n-imscrúduithe a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 23 den bhun-Rialachán go n-áiritheofar éifeachtacht na ndleachtanna frithdhumpála agus go gcoiscfear imchéimniú na ndleachtanna sin. Dá dheasca sin, is é cuspóir Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán frithdhumpála (a chuirtear i bhfeidhm de réir analaí agus measúnú á dhéanamh ar an gcás frith-fhóirdheontais i gcomhthéacs Airteagal 23(3) den bhun-Rialachán) go gcuimseofar na cleachtais, próisis nó oibreacha lena n-úsáidtear páirteanna ar páirteanna ón tír iad go príomha atá faoi réir na mbeart agus lena ndéantar na páirteanna sin a chóimeáil nó a chríochnú trí luach teoranta a chur leo.

(69)

Tar éis an nochta, d’easaontaigh Turkiz Composite, LM Wind Power agus údaráis na hÉigipte le cur chuige an Choimisiúin lenar carnadh luach na gcaisirníní snáithíní gloine ón Éigipt in éineacht le luach na gcaisirníní snáithíní gloine ón tSín chun a chinneadh an 60 % nó níos mó de luach iomlán “na bpáirteanna” líomhnaithe GFF é luach na gcaisirníní snáithíní gloine. Luaigh siad úsáid na foclaíochta “páirteanna ón tír atá faoi réir na mbeart” (tír aonair) in Airteagal 13(2), pointe (b), den bhun-Rialachán frithdhumpála.

(70)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin ar na cúiseanna seo a leanas. Ar dtús, dá dtagraítear in aithris (1), is go carnach a rinneadh measúnú ar allmhairí GFF ón tSín agus ón Éigipt san imscrúdú bunaidh. B’iomchuí dá bhrí sin an mhodheolaíocht chéanna a chur i bhfeidhm san imscrúdú frith-imchéimniúcháin sin d’fhonn na bearta bunaidh a leathnú.

(71)

An dara pointe, le hAirteagal 13 den bhun-Rialachán frithdhumpála — a chuirtear i bhfeidhm de réir analaí agus measúnú á dhéanamh ar an gcás frith-fhóirdheontais i gcomhthéacs Airteagal 23(3) den bhun-Rialachán — ní chuirtear bac ar an gCoimisiún anailís charnach den sórt sin a dhéanamh chun a sheiceáil ar comhlíonadh an critéar 60 % a leagadh amach in Airteagal 13(2), pointe (b), den bhun-Rialachán. Is amhlaidh a mhalairt áfach, dá ndéanfaí léirmhíniú ar fhoclaíocht Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán frithdhumpála “tír atá faoi réir na mbeart” ar bhealach nach gceadaítear luach na bpáirteanna a charnadh i gcás ina dtarlóidh na gníomhaíochtaí imchéimnithe i mbreis agus aon tír amháin, bheadh sé sin ag teacht salach ar chás-dlí an Aontais atá ann cheana. In Kolachi, thug an Chúirt Bhreithiúnais aghaidh ar chleachtas speisialta de ghníomhaíochtaí imchéimnithe (i gcás ina ndearnadh leathchóimeáil ar pháirteanna rothair i Srí Lanca ar dtús agus cóimeáil bhreise sa Phacastáin ansin orthu) agus dheimhnigh gur cumhdaíodh cleachtas sin na ngníomhaíochtaí imchéimnithe le hAirteagal 13(2) den bhun-Rialachán frithdhumpála, d’ainneoin focail chomhchosúla á n-úsáid san fhoráil sin. Chuir an Chúirt Bhreithiúnais (18) i dtábhacht freisin go gcuirfeadh aon léirmhíniú eile é ar a gcumas do tháirgeoirí onnmhairiúcháin an bonn a bhaint d’éifeachtacht na mbeart frith-imchéimniúcháin. Dá bhrí sin, tá feidhm ag an réasúnaíocht chéanna maidir le hiarrachtaí chun cur i bhfeidhm na rialacha frith-imchéimniúcháin a sheachaint trí amhábhair a fhoinsiú ó dhá thír atá faoi réir na mbeart araon.

(72)

An tríú pointe, agus réasúnaíocht Turkiz Composite á leanúint, i gcás ina ndéanfaí 50 % de na hábhair ionchuir a sholáthar ón tSín agus an 50 % eile ón Éigipt, ní tharlódh aon imchéimniú i staid ina ndéanfaí 100 % de na páirteanna a fhoinsiú ó thíortha atá faoi réir na mbeart. Ba léir go mbeadh toradh den sórt sin in aghaidh chuspóir Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán frithdhumpála, agus é á chur san áireamh freisin maidir leis an GFF uile a onnmhairítear go dtí an tAontas, gur páirteanna a foinsíodh sa tSín 100 % de, nó páirteanna a foinsíodh san Éigipt 100 % de.

(73)

Ba é conclúid an Choimisiúin dá bhrí sin gur comhlíonadh an critéar 60 %.

2.6.2.   Breisluach

(74)

Mhaígh Turkiz Composite go mbeadh a chostas breisluacha os cionn na tairsí maidir le 25 % den chostas monaraíochta iomlán. Sna príomh-mhíreanna i ríomh an bhreisluacha, áiríodh an costas dímheasa, an costas cíosa, costas ábhar na pacáistíochta, an costas saothair díreach agus indíreach, agus costais mhonaraíochta indíreacha eile, ar cuid iad de shonraí airgeadais na tréimhse tuairiscithe a chuir Turkiz Composite isteach ina fhoirm éilimh ar dhíolúine.

(75)

Rinne an Coimisiún anailís ar na míreanna costais uile sin agus mheasúnaigh nárbh fhéidir roinnt caiteachas arna dtabhú a aicmiú mar chuid den chostas monaraíochta nó go ndearnadh rómheastachán orthu:

Costas cíosa: Laghdaíodh an costas cíosa iomlán tríd an gcostas cíosa a eisiamh, ar é sin an costas cíosa a bhain leis an spás oifige, ar bhonn chion na méadar cearnach le haghaidh an spáis oifige de na méadair chearnacha iomlána, mar a chuir Turkiz Composite isteach,

Costas ábhar na pacáistíochta: Rinneadh costas ábhar na pacáistíochta iomlán a eisiamh ón gcostas breisluacha ós rud é gur mheasúnaigh an Coimisiún gur ábhar pacáistíochta tánaisteach a bhí san ábhar pacáistíochta sin (19). Is cuid é caiteachas ar ábhar pacáistíochta tánaisteach den sórt sin de na forchostais dáileacháin (caiteachas díola), agus ní cuid den chostas monaraíochta é,

Costais mhonaraíochta indíreacha eile: Rinneadh anailís ar an miondealú ar na costais sin agus suíodh maidir le roinnt míreanna (amhail caiteachais taistil agus caiteachais iompair phearsanra) gur caiteachais oibriúcháin iad, ar a dtugtar costais díola, ghinearálta agus riaracháin (“SG&A”) freisin. Ní cuid den chostas monaraíochta iad dá bhrí sin,

Caiteachais tuarastail (saothar indíreach): Bunaithe ar anailís ar na ráitis phárolla mhíosúla le linn na tréimhse tuairiscithe, áiríodh costais tuarastail dhá roinn (Acmhainní Daonna agus an rannán pacáistíochta) sa chostas saothair mhonaraíochta. Rinne an Coimisiún iad a athaicmiú mar SG&A — costais, nár chuid den chostas monaraíochta iad.

(76)

I bhfianaise an mhéid thuas, bhí an luach atá curtha leis na páirteanna a tógadh isteach, mar a ríomh an Coimisiún iad, cuid mhaith níos ísle ná an luach a ríomh Turkiz Composite.

(77)

Thairis sin, is ó chuideachtaí gaolmhara sa tSín agus san Éigipt a d’fhoinsigh Turkiz Composite beagnach na príomhábhair ionchuir uile dá chuid agus go háirithe 100 % dá phríomhábhar ionchuir (caisirníní snáithíní gloine). Níor chuir Turkiz Composite aon fhianaise dheimhneach i láthair lenar léiríodh gur praghsanna ar neamhthuilleamaí iad na praghsanna sin agus nach raibh siad faoi thionchair an chaidrimh seachas na bpraghsanna aistrithe idir cuideachtaí gaolmhara. Shuigh an Coimisiún, gurbh amhlaidh áfach, go raibh na praghsanna sin cuid mhaith níos ísle ná na praghsanna a d’íoc na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha eile le soláthróirí neamhghaolmhara le linn na tréimhse tuairiscithe.

(78)

Dá bhrí sin, chun teacht ar thoradh a bhí réasúnta cruinn, measadh go raibh na praghsanna a d’íoc Turkiz Composite ina bpraghsanna aistrithe idir cuideachtaí agus gur cuireadh na meánphraghsanna ualaithe a d’íoc na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha eile in ionad na bpraghsanna aistrithe sin.

(79)

Tar éis an nochta, líomhain Turkiz Composite agus LM Wind Power nárbh fhéidir leis an gCoimisiún na meánphraghsanna ualaithe a d’íoc na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha eile lena soláthróirí neamhghaolmhara le linn na tréimhse tuairiscithe a chur in ionad na bpraghsanna aistrithe. Líomhain siad nár ceadaíodh cur chuige den sórt sin, agus nárbh ann d’aon bhunús dlí dar leo chun Airteagal 2(5) den bhun-Rialachán frithdhumpála a chur i bhfeidhm de réir analaí. Mhaígh an dá pháirtí freisin gur theip ar an gCoimisiún an tástáil ar neamhthuilleamaí a dhéanamh i gceart, agus nár áirithigh an Coimisiún gur praghsanna inchomparáide ó thaobh na cainníochta de na praghsanna a cuireadh i gcomparáid agus gur áiríodh gach eilimint phraghais.

(80)

Dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin ar na cúiseanna seo a leanas. Ar dtús, níor thagair an Coimisiún sa doiciméad dá chuid maidir le nochtadh ginearálta a ghabhann le hAirteagal 2(5) den bhun-Rialachán frithdhumpála mar an bunús dlí leis an gcoigeartú sin. Chun luach na bpáirteanna a tógadh isteach ó na tíortha atá faoi réir na mbeart a chinneadh, mheas an Coimisiún focail agus cuspóir Airteagal 13(2), pointe (b), den bhun-Rialachán frithdhumpála (a chuirtear i bhfeidhm de réir analaí agus measúnú á dhéanamh ar an gcás frith-fhóirdheontais i gcomhthéacs Airteagal 23(3) den bhun-Rialachán). Le foclaíocht Airteagal 13(2), pointe (b), den bhun-Rialachán frithdhumpála, ní choisctear ar bhealach ar bith ar an gCoimisiún coigeartuithe áirithe a dhéanamh i bhfianaise luach na bpáirteanna a chinneadh, go háirithe i gcás nach gá go léirítear luach na bpáirteanna le costais chuideachta, rud a d’fhéadfadh a bheith amhlaidh agus páirteanna á gceannach ó chuideachtaí gaolmhara. Chun luach na bpáirteanna a chinneadh, ceadaíodh don Choimisiún, dá bhrí sin, na coigeartuithe ba ghá a dhéanamh, lena n-áirítear na praghsanna aistrithe idir na cuideachtaí gaolmhara a ionadú toisc gur suíodh nár phraghsanna ar neamhthuilleamaí iad na praghsanna sin. Tá cur chuige den sórt sin i gcomhréir le cuspóir Airteagal 23 den bhun-Rialachán freisin agus leis na himscrúduithe a rialaítear leis an Rialachán, rud a phléitear in aithris (68), toisc go gcoisctear leis ar chuideachtaí atá i mbun imchéimniúcháin páirteanna a tógadh isteach a mheas faoi bhun a luacha chun an luach atá curtha leis na páirteanna sin a rómheas.

(81)

An dara pointe, maidir leis an líomhain gur theip ar an gCoimisiún an tástáil ar neamhthuilleamaí a dhéanamh i gceart, ba cheart a mheabhrú gur cuid de China National Building Materials Group é Turkiz Composite, agus gur Grúpa atá faoi úinéireacht Stát na Síne é sin. Tá na cuideachtaí gaolmhara dá chuid de chuid na Síne agus na hÉigipte faoi réir na mbeart. Nochtadh leis an imscrúdú go raibh praghsanna na gcaisirníní snáithíní gloine a cheannaigh Turkiz Composite ó na cuideachtaí gaolmhara dá chuid de chuid na hÉigipte agus na Síne cuid mhaith níos ísle ná na praghsanna a d’íoc na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin eile de chuid na Tuirce. Dá bhrí sin, rinne sé comparáid idir na praghsanna idir cuideachtaí agus chuir na meánphraghsanna ualaithe a d’íoc na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin eile lena soláthróirí neamhghaolmhara le linn na tréimhse tuairiscithe in ionad na bpraghsanna idir cuideachtaí sin dá éis sin.

(82)

D’áirithigh an Coimisiún gur praghsanna inchomparáide ó thaobh na cainníochta iad na praghsanna a cuireadh i gcomparáid agus gur áiríodh gach eilimint phraghais. An chéad phointe, úsáideadh an tréimhse chéanna chun an chomparáid a dhéanamh, eadhon an tréimhse thuairiscithe. An dara pointe, cainníocht na gcaisirníní snáithíní gloine a cheannaigh na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin eile de chuid na Tuirce ó sholáthróirí neamhghaolmhara le linn na tréimhse tuairiscithe, bhí sé sách mór (idir 10 000 agus 25 000 tona) agus, dá réir sin, ionadaíoch go leor go n-úsáidfí mar phraghsanna iontaofa í lena cur in ionad phraghsanna aistrithe Turkiz Composite chun an breisluach a chinneadh i gceart. An tríú pointe, tháirg na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin eile de chuid na Tuirce GFF ar an mbealach céanna agus a rinne Turkiz Composite, ag tosú ó chaisirníní snáithíní gloine. Níor nochtadh leis an imscrúdú aon difríochtaí ó thaobh na cáilíochta de, toisc gur comhchosúil an próiseas táirgthe le haghaidh na gceithre tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha de chuid na Tuirce. An ceathrú pointe, cheannaigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin eile de chuid na Tuirce cainníochtaí móra caisirníní snáithíní gloine ar an margadh intíre, ach is ón Éigipt agus ón tSín go heisiach a cheannaigh Turkiz Composite caisirníní snáithíní gloine. Is praghsanna níos ísle seachas praghsanna níos airde a gheofaí de ghnáth dá gceannófaí cainníochtaí ionadaíocha ar an margadh intíre. An cúigiú pointe, rinneadh an chomparáid idir na ceithre tháirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Tuirce ar bhonn comhsheasmhach, eadhon ar bhonn chostas iomlán na gceannachán, mar a cuireadh isteach ina dtáblaí fíoraithe.

(83)

Tar éis an nochta, mhaígh Turkiz Composite go raibh a phraghas ceannaigh ó na cuideachtaí gaolmhara dá chuid de chuid na Síne níos airde ná praghsanna díola na gcuideachtaí gaolmhara dá chuid le custaiméirí neamhghaolmhara sa Tuirc. Dá bhrí sin, mhaígh sé gur cheart ceannacháin Turkiz Composite a mheas mar cheannacháin ar neamhthuilleamaí.

(84)

Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin. Bunaithe ar na táblaí C.3 R agus C.3.U a cuireadh isteach san fhreagra ar an gceistneoir ó Jushi Group Co., Ltd. (“Jushi Group (20)”), bhí a mheánphraghas díola aonaid ar chaisirníní snáithíní gloine le linn na tréimhse tuairiscithe lena chustaiméirí neamhghaolmhara sa Tuirc cuid mhaith níos airde ná an meánphraghas sin lena chustaiméir gaolmhar sa Tuirc, i.e. le Turkiz Composite. Rinne an Coimisiún anailís freisin ar phraghsanna cuideachta gaolmhaire eile de chuid na Síne ar le Turkiz Composite í, eadhon Tongxiang Hengxian Trading Company Limited (“Tongxian” (21)). Le linn na tréimhse tuairiscithe, dhíol Tongxian caisirníní snáithíní gloine le Turkiz Composite go heisiach, rud a d’fhág go raibh a mheánphraghas díola aonaid níos ísle freisin ná an meánphraghas díola aonaid a shonrasc Jushi Group lena chustaiméirí neamhghaolmhara sa Tuirc. Ina theannta sin, le linn na tréimhse tuairiscithe, cheannaigh Turkiz Composite breis agus 90 % dá chaisirníní snáithíní gloine iomlána ó Jushi Group agus ó Tongxian. I bhfianaise an mhéid thuas, ba é conclúid an Choimisiúin maidir leis an meánphraghas ceannaigh aonaid a bhí ag Turkiz Composite ó na cuideachtaí gaolmhara dá chuid de chuid na Síne Jushi Group agus Tongxian, go raibh an meánphraghas sin cuid mhaith níos ísle agus é sin go comhsheasmhach ná an meánphraghas ceannaigh aonaid neamhghaolmhar a d’íoc cuideachtaí eile de chuid na Tuirce le Jushi Group (22) agus cuid mhaith níos ísle agus é sin go comhsheasmhach freisin ná na praghsanna a d’íoc na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha eile de chuid na Tuirce, agus dá bhrí sin, nach ar neamhthuilleamaí a bhí sé.

(85)

Tar éis an nochta, mhaígh Turkiz Composite gur chuir an Coimisiún an fhoirmle mhícheart i bhfeidhm ina bhileog “Tástáil bhreisluacha” chun “% den chostas breisluacha a ríomh” (ró 54), toisc gur roinn an Coimisiún costas iomlán na monaraíochta (ró 50) ar na “páirteanna iomlána a tógadh isteach (san Éigipt, sa tSín agus ó fhoinsí eile)” go mícheart (ró 49), ach gur cheart dó “páirteanna iomlána a tugadh isteach ón Éigipt agus ón tSín” (ró 48) a úsáid ina áit sin, leis sin a dhéanamh i gceart.

(86)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin toisc nár sholáthair Turkiz Composite tionchar an ríofa sin de chuid an Choimisiúin. Fiú dá mba rud é go n-úsáidfeadh an Coimisiún an fhoirmle mhícheart, quod non, agus na modhanna a mhol Turkiz Composite a úsáid chun “% den chostas breisluacha” a ríomh, ní eascródh as sin ach difríocht neamhshuntasach sa “bhreisluach”, gan aon tionchar ar thoradh an Choimisiúin maidir leis an luach atá curtha leis an páirteanna a tógadh isteach, le linn na hoibríochta cóimeála nó críochnaithe, gur lú ná 25 % den chostas monaraíochta é.

(87)

Tar éis an nochta, líomhain Turkiz Ilchodach nárbh fhéidir leis an gCoimisiún fearais a eisiamh óna ríomhanna toisc gur cuid den táirge faoi imscrúdú iad fearais. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin ar na cúiseanna céanna mar a leagadh amach i ndoiciméad sonrach an nochta dá chuid chuig Turkiz Composite dar dáta an 5 Iúil 2022. Ar dtús, bhí táirgeadh agus díolacháin na bhfearas ina mionchuid de tháirgeacht agus de dhíolacháin iomlána na cuideachta san iomlán le linn na tréimhse tuairiscithe. Bhí na cainníochtaí GFF a onnmhairíodh go dtí an tAontas le linn na tréimhse tuairiscithe breis agus 170 oiread na gcainníochtaí fearas a onnmhairíodh go dtí an tAontas. An dara pointe, ní dhearna an chuideachta idirdhealú idir na costais a tabhaíodh le haghaidh na monarchana GFF agus na monarchan le haghaidh na bhfearas ar leibhéal an mhórleabhair ghinearálta, ach amháin gur cuireadh cuntais ar leithligh ar bun le haghaidh an chostais saothair sa cheardlann gearrtha. An tríú pointe, is ar an margadh intíre ba mhó a díoladh na fearais.

(88)

Thairis sin, ar bhonn na faisnéise a sholáthair Turkiz Composite, fiú dá mba rud é go mbeadh cinneadh déanta ag an gCoimisiún gan fearais a eisiamh ó na ríomhanna dá chuid, ní dhéanfadh “% den chostas breisluacha” athrú ar thoradh an Choimisiúin maidir leis an luach atá curtha leis an páirteanna a tógadh isteach, le linn na hoibríochta cóimeála nó críochnaithe, gur lú ná 25 % den chostas monaraíochta é, de thoradh tháirgeadh teoranta na bhfearas go príomha.

(89)

Tríd an gcostas monaraíochta tuairiscithe a choigeartú, agus praghsanna aistrithe tuairiscithe na gcaisirníní snáithíní gloine a ionadú, suíodh go raibh an meán-bhreisluach a suíodh ar an gcaoi sin le linn na tréimhse tuairiscithe faoi bhun na tairsí 25 %. Dá bhrí sin, ba é conclúid an Choimisiúin gur lú an luach atá curtha leis na páirteanna a tógadh isteach, le linn na hoibríochta cóimeála nó críochnaithe, ná 25 % den chostas monaraíochta.

2.7.   An bonn a bhaint d'éifeacht cheartaitheach na dleachta

(90)

I gcomhréir le hAirteagal 23(3) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún ar bhain allmhairí den táirge faoi imscrúdú, ó thaobh cainníochtaí agus praghsanna de araon, an bonn d’éifeachtaí ceartaitheacha na mbeart atá i bhfeidhm faoi láthair.

(91)

Maidir le cainníochtaí, bunaithe ar na táblaí fíoraithe a chuir Turkiz Composite isteach, d’onnmhairigh sé 0-300 tona in 2019 i gcomparáid le 6 000-8 000 tona le linn na tréimhse tuairiscithe. An tráth céanna, ba é meastachán an iarratasóra maidir le tomhaltas an Aontais le haghaidh na bliana 2020 agus 2021 gur thart ar 150 000 tona, agus 170 000 tona, faoi seach, a bhí ann. Ba bhreis agus 4 % an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí ón Tuirc le linn na tréimhse tuairiscithe.

(92)

Maidir le praghsanna, rinne an Coimisiún comparáid idir an meánphraghas neamhdhíobhálach mar a suíodh san imscrúdú tosaigh agus na meánphraghsanna ualaithe onnmhairiúcháin CAL a cinneadh ar bhonn na faisnéise a sholáthair Turkiz Composite, arna gcoigeartú go cuí chun costais iar-imréitigh a áireamh. Léirigh an chomparáid sin idir praghsanna gur díoladh na hallmhairí ó Turkiz Composite ar phraghas a bhí breis agus 10 % ní b’ísle na praghsanna an Aontais.

(93)

Ba é conclúid an Choimisiúin gur baineadh an bonn de na bearta atá ann cheana ó thaobh cainníochtaí agus praghsanna de leis na hallmhairí ón Tuirc a bhí faoi réir an imscrúdaithe sin.

2.8.   Fianaise maidir le fóirdheonú

(94)

I gcomhréir le hAirteagal 23(3) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún freisin an raibh an táirge comhchosúil allmhairithe nó páirteanna de ag tairbhiú de na fóirdheontais fós.

(95)

Mar a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776 (féach aithris (1)), suíodh go raibh táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne agus na hÉigipte ag tairbhiú de roinnt scéimeanna fóirdheontais de chuid Rialtas na Síne agus na hÉigipte. Ina leith sin, maidir leis na cuideachtaí gaolmhara de chuid na Síne agus na hÉigipte ar le China National Building Materials Group iad, suíodh go raibh siad ag tairbhiú de roinnt scéimeanna fóirdheontais freisin amhail deontais, maoiniú fabhrach agus ioncam arna tharscaoileadh. Cinneadh go raibh na fóirdheontais sin ag dul chun tairbhe do tháirgeacht iomlán na gcuideachtaí toisc nach raibh siad ceangailte le táirge sonrach.

(96)

Níor tháinig aon fhaisnéis nua chun bheith ar fáil san imscrúdú sin lena gcaithfí amhras ar an gconclúid ón imscrúdú tosaigh agus lena dtabharfaí le fios nach raibh na scéimeanna fóirdheontais sin bailí a thuilleadh.

(97)

Thairis sin, is ó na cuideachtaí gaolmhara dá chuid sa tSín agus san Éigipt a cheannaigh Turkiz Composite 100 % de na caisirníní snáithíní gloine a d’úsáid sé chun GFF a tháirgeadh. Mar a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/870 ón gCoimisiún (23) an 24 Meitheamh 2020 agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/328 ón gCoimisiún (24), thairbhigh na cuideachtaí gaolmhara de chuid Turkiz Composite d’fhóirdheontais chun caisirníní snáithíní gloine a tháirgeadh.

(98)

Níor cuireadh aon fhianaise i láthair le linn an imscrúdaithe a léirigh gur stop na caisirníní snáithíní gloine a tháirgeann cuideachtaí gaolmhara de chuid Turkiz Composite san Éigipt agus sa tSín de bheith ag tairbhiú den fhóirdheontas. Dá bhrí sin, ba é conclúid an Choimisiúin go raibh páirteanna den táirge comhchosúil allmhairithe ag tairbhiú den fhóirdheontas fós.

(99)

Thug an Coimisiún dá aire freisin, gur féidir a thoimhdiú go bhfuil fóirdheontais á gcur ar aghaidh idir cuideachtaí gaolmhara nach bhfuil ag oibriú ar neamhthuilleamaí (25), rud is dóichí fós agus táirge á chóimeáil agus á onnmhairiú go dtí an tAontas ag an gcuideachta iartheachtach. Dá bhrí sin, ba é conclúid an Choimisiúin go dtairbhíonn an táirge comhchosúil allmhairithe agus páirteanna den fhóirdheontas fós.

3.   BEARTA

(100)

Ar bhonn na dtorthaí thuas, ba é conclúid an Choimisiúin go raibh na bearta frithchúitimh cinntitheacha arna bhforchur ar allmhairí GFF de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte á n-imchéimniú maidir le hallmhairí den táirge faoi imscrúdú a bhí á choinsíniú ón Tuirc ag Turkiz Composite.

(101)

I bhfianaise ardleibhéal an chomhair agus go raibh na díolacháin onnmhairí tuairiscithe de chuid Turkiz Composite níos airde ná na díolacháin onnmhairí tuairiscithe de chuid na dtrí tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha eile agus iad curtha le chéile, agus nár tháinig cuideachta ar bith eile san Tuirce ar aghaidh chun díolúine a iarraidh, ba é conclúid an Choimisiúin gur cheart na torthaí maidir le cleachtais imchéimnithe i leith Turkiz Composite a leathnú chun na hallmhairí uile ón Tuirc a chumhdach.

(102)

Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 23(1) den bhun-Rialachán, ba cheart na bearta frith-fhóirdheontais atá i bhfeidhm ar allmhairí GFF de thionscnamh na Síne agus na hÉigipte a leathnú chun allmhairí den táirge atá faoi imscrúdú a chumhdach.

(103)

De bhun Airteagal 23(2) den bhun-Rialachán, an beart atá le leathnú, is é an rud ba cheart a bheith ann an beart a leagtar síos in Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776 i gcás “gach cuideachta eile”, ar dleacht frithchúitimh chinntitheach 30,7 % é is infheidhme maidir leis an nglanphraghas saor ag teorainn an Aontais, roimh an dleacht chustaim.

(104)

D’allmhairigh Turkiz Composite cuid dá gcaisirníní snáithíní gloine ón Éigipt agus cuid ó Dhaon-Phoblacht na Síne le linn na tréimhse tuairiscithe. Caisirníní snáithíní gloine ó na cuideachtaí gaolmhara dá chuid san Éigipt agus i nDaon-Phoblacht na Síne, rinne Turkiz Composite iad a chóimeáil ina GFF a onnmhairíodh go dtí an tAontas, ag imchéimniú an dá dhleachta arna bhforchur ar allmhairí GFF ón Éigipt (10,9 %) agus ar allmhairí GFF ó Dhaon-Phoblacht na Síne (30,7 %). Dá réir sin, chun éifeachtacht na mbeart atá i bhfeidhm a chaomhnú, tá bonn cirt leis an dleacht is airde den dá dhleacht a leathnú i.e. an dleacht i gcás “cuideachta eile” i nDaon-Phoblacht na Síne (30,7 %), mar a leagtar síos in Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776.

(105)

Tar éis an nochta, líomhain Turkiz Composite nárbh fhéidir leis an gCoimisiún na dleachtanna a leathnú chun allmhairí GFF ón tSín a chumhdach, toisc go bhfuil cion níos lú de luach iomlán na gcaisirníní snáithíní gloine a úsáideann Turkiz Composite chun GFF a tháirgeadh i gceist le luach na n-allmhairí de chaisirníní snáithíní gloine, agus, dá bhrí sin, nár chomhlíon an luach sin tástáil an 60 % d’Airteagal 13(2), pointe (b), den bhun-Rialachán frithdhumpála, a chuirtear i bhfeidhm de réir analaí agus measúnú á dhéanamh ar an gcás frith-fhóirdheontais i gcomhthéacs Airteagal 23(3) den bhun-Rialachán. Murach sin, le leathnú den sórt sin ar bhearta maidir le hallmhairí GFF ón tSín, shárófaí prionsabal na comhréireachta, mar a luaitear i mír 127 de Chás T-278/20, Zhejang Hantong v an Coimisiún.

(106)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin nárbh fhéidir leis na dleachtanna a leathnú chun allmhairí GFF ón tSín a chumhdach ar bhonn a argóintí i ndáil le carnadh na n-allmhairí mar a thuairiscítear in aithris (71). Chomh maith leis sin, mheabhraigh an Coimisiún gur é cuspóir an bhun-Rialacháin an tionscal de chuid an Aontais a chosaint ó allmhairí éagóracha, agus gur é cuspóir Airteagal 23 den bhun-Rialachán go háirithe imchéimniú na mbeart cosanta trádála a chosc. Mura leathnófaí na dleachtanna ach go leibhéal na ndleachtanna in aghaidh allmhairí ón Éigipt (10,9 %), thabharfaí neamhaird ar na bearta in aghaidh na Síne a bheith á n-imchéimniú freisin, agus bhainfí an bonn d’éifeachtacht na mbeart atá i bhfeidhm.

(107)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh freisin go sáródh leathnú den sórt sin ar bhearta maidir le hallmhairí GFF ón tSín prionsabal na comhréireachta. I bhfianaise na dtorthaí lenar suíodh gur imchéimníodh na bearta frithchúitimh bunaidh, a forchuireadh in aghaidh allmhairí ón tSín agus ón Éigipt araon, níor éirigh leis an gCoimisiún a fheiceáil cén fáth go mbeadh sé díréireach an dleacht is airde den dá dhleacht a leathnú, ar í sin an dleacht a bhí á himchéimniú. Dá réir sin, mar a luaitear in aithris (104) thuas, chun éifeachtacht na mbeart atá i bhfeidhm a chaomhnú, tá bonn cirt leis an dleacht is airde den dá dhleacht a leathnú i.e. an dleacht i gcás “cuideachta eile” i nDaon-Phoblacht na Síne (30.7 %), mar a leagtar síos in Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776.

(108)

Tar éis an nochta, shonraigh LM Wind Power maidir le leathnú na ndleachtanna ar allmhairí GFF ón Tuirc, go mbeadh éifeacht thromchúiseach aige ar ghnólachtaí allmhaireoirí GFF, rud a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar chumas an Aontais a spriocanna comhshaoil a shroicheadh de thoradh na bpraghsanna méadaithe GFF a bheadh ar tháirgeoirí tuirbíní gaoithe de chuid an Aontais a íoc.

(109)

Thug an Coimisiún na ráitis ó LM Wind Power dá aire, ach d’athdhearbhaigh gurbh é príomhchuspóir na n-imscrúduithe a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 23 den bhun-Rialachán éifeachtacht na dleachta frithchúitimh bunaidh a áirithiú agus imchéimniú na dleachta sin a chosc. San imscrúdú sin, shuigh an Coimisiún gur comhlíonadh na critéir a leagadh amach in Airteagal 23 den bhun-Rialachán, agus chinn sé dá bhrí sin na bearta frithchúitimh a leathnú chun an Tuirc a chumhdach. Mar sin féin, suíodh gur fíortháirgeoirí de chuid na Tuirce iad trí tháirgeoir as measc na gceithre tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha agus díolmhaíodh iad ó na bearta leathnaithe dá bhrí sin. Is féidir le húsáideoirí GFF foinsiú ó na táirgeoirí díolmhaithe dá bhrí sin, mar aon le táirgeoirí de chuid an Aontais agus/nó táirgeoirí tríú tír eile.

(110)

Ar deireadh, tar éis an nochta, shonraigh an t-iarratasóir gur chuir sé fáilte roimh rún an Choimisiúin na bearta a leathnú chun allmhairí GFF ón Tuirc a chumhdach, agus nach raibh barúlacha aige maidir leis an méid a nocht an Coimisiún.

(111)

De bhun Airteagail 23(3) agus 24(5) den bhun-Rialachán, lena bhforáiltear gur cheart feidhm a bheith ag aon bheart dá leathnaítear maidir le hallmhairí a tháinig isteach san Aontas faoi chlárú arna fhorchur leis an Rialachán tionscnaimh, tá dleachtanna le bailiú i leith na n-allmhairí cláraithe sin arb allmhairí den táirge atá faoi imscrúdú iad.

4.   IARRAIDH AR DHÍOLÚINE

(112)

Mar a thuairiscítear thuas, suíodh go raibh Turkiz Composite páirteach i gcleachtais imchéimnithe. Dá bhrí sin, ní féidir díolúine a dheonú don chuideachta sin de bhun Airteagal 23(6) den bhun-Rialachán.

(113)

De réir na hiarrata, bhí dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha eile ina bhfíortháirgeoirí móra GFF sa Tuirc, eadhon cuideachtaí ghrúpa “Metyx Composites” (féach aithris (26)) agus Saertex Turkey Tekstil Ltd. Şirketi, agus ní raibh siad páirteach i gcleachtais imchéimnithe (26). Go deimhin, deimhníodh leis an imscrúdú nár onnmhairigh an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin sin caisirníní snáithíní gloine ón tSín agus/nó ón Éigipt, nó gur ar éigean a d’onnmhairigh siad amhlaidh.

(114)

Ba tháirgeoir beag GFF an tríú táirgeoir comhoibríoch (Sonmez Asf Iplik Dokuma Ve Boya San Tic A. Ş. Bhí líon ba lú ná deichniúr á fhostú ag an táirgeoir, bhí líon ba lú ná cúig mheaisín GFF aige, agus ní dhearna sé ach dhá dhíolachán onnmhairí lenar bhain cainníochtaí cuíosach neamhshuntasach leis an Aontas le linn na tréimhse tuairiscithe. Bunaíodh in 1975 é, thosaigh sé ar GFF a tháirgeadh in 2011, agus níor onnmhairigh sé aon chaisirnín snáithíní gloine ón tSín nó ón Éigipt le linn na tréimhse tuairiscithe.

(115)

Dá bhrí sin, de bharr gurb amhlaidh gur fíortháirgeoirí iad na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin thuasluaite de chuid na Tuirce, nach mbíonn páirteach i dtrasloingsiú ná i gcleachtais imchéimnithe eile, amhail oibríochtaí cóimeála, beidh siad díolmhaithe ó leathnú na mbeart.

5.   NOCHTADH

(116)

An 5 Iúil 2022, nocht an Coimisiún na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha uile as ar eascair na conclúidí thuas do na páirtithe leasmhara uile agus d’iarr sé orthu a mbarúil a thabhairt.

(117)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, tá siad i gcomhréir le tuairim an Choiste a bunaíodh le hAirteagal 25(3) de Rialachán (AE) 2016/1037.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   An dleacht frithchúitimh chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776 an 12 Meitheamh 2020 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte, déantar leis seo an dleacht sin a leathnú chun allmhairí fabraicí caisirníní snáithíní gloine filiméad leanúnach fite agus/nó fuaite agus/nó snáthanna a bhfuil eilimintí eile iontu nó nach bhfuil a chumhdach, gan táirgí atá tuilithe nó réamhthuilithe a áireamh, agus gan fabraicí mogaill oscailte a áireamh ag a bhfuil cealla oscailte is faide agus is leithne ná 1,8 mm araon agus a bhfuil meáchan is mó ná 35 g/m2 iontu, agus a aicmítear faoi láthair faoi na cóid AC ex 7019 61 00, ex 7019 62 00, ex 7019 63 00, ex 7019 64 00, ex 7019 65 00, ex 7019 66 00, ex 7019 69 10, ex 7019 69 90 agus ex 7019 90 00 (na cóid TARIC 7019610081, 7019610084, 7019620081, 7019620084, 7019630081, 7019630084, 7019640081, 7019640084, 7019650081, 7019650084, 7019660081, 7019660084, 7019691081, 7019691084, 7019699081, 7019699084, 7019900081 agus 7019900084) a choinsínítear ón Tuirc, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná bíodh (na cóid TARIC 7019610083, 7019620083, 7019630083, 7019640083, 7019650083, 7019660083, 7019691083, 7019699083 agus 7019900083), cé is moite díobh sin a tháirgeann na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Tír

Cuideachta

Cód breise TARIC

An Tuirc

Saertex Turkey Tekstil Ltd. Şti.

C115

An Tuirc

Sonmez Asf Iplik Dokuma Ve Boya San Tic A. Ş.

C116

An Tuirc

Telateks Tekstil Ürünleri Sanayi ve Ticaret Anonim Şirketi

Telateks Dış Ticaret ve Kompozit Sanayi Anonim Şirketi

C117

2.   Is í an dleacht a leathnaítear an dleacht frithchúitimh 30,7 % is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile” i nDaon-Phoblacht na Síne.

3.   Baileofar an dleacht a leathnaítear le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i gcás allmhairí arna gclárú i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2229 agus Airteagail 23(4) agus 24(5) de Rialachán (AE) 2016/1037.

4.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

Ordaítear do na húdaráis chustaim scor de chlárú na n-allmhairí a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2229, ar clárú é a aisghairtear leis seo.

Airteagal 3

Diúltaítear don iarraidh ar dhíolúine a chuir Turkiz Composite Materials Technology Üretim Sanayi ve Ticaret Anonim Şirketi isteach.

Airteagal 4

1.   Iarrataí ar dhíolúine ón dleacht a leathnaítear le hAirteagal 1, déanfar i scríbhinn iad i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus ní mór do dhuine na hiarrataí a shíniú, ar é sin an duine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar an eintiteas atá ag iarraidh na díolúine. Ní mór an iarraidh a sheoladh chuig an seoladh seo a leanas:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na Trádála

Oifig Stiúrthóireacht G:

CHAR 04/39

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

2.   I gcomhréir le hAirteagal 23(6) de Rialachán (AE) 2016/1037, féadfaidh an Coimisiún a údarú, trí chinneadh, go ndíolmhófar allmhairí ó chuideachtaí nach n-imchéimníonn na bearta frithchúitimh arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776, ón dleacht a leathnaítear le hAirteagal 1.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 55.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2020 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte (IO L 189, 15.6.2020, lch. 1).

(3)  IO C 167, 16.5.2019, lch. 11.

(4)  Is é Hengshi Turkey an t-ainm a bhí ar an gcuideachta sin roimhe, arb é sin an t-ainm dá dtagraítear san iarraidh.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2230 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2021 lena dtionscnaítear imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 maidir le hallmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte trí allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe a choinsínítear ón Tuirc, dearbhaítear gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná dearbhaítear, agus lena gcuirtear na hallmhairí sin faoi réir a gcláraithe (IO L 448, 15.12.2021, lch. 58).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2229 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2021 lena dtionscnaítear imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithchúitimh a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776 maidir le hallmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte trí allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe a choinsínítear ón Tuirc, dearbhaítear gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná dearbhaítear, agus lena gcuirtear na hallmhairí sin faoi réir a gcláraithe (IO L 448, 15.12.2021, lch. 52).

(7)  Féach an iarraidh, leagan oscailte, pointí 40 go 42, leathanach 10.

(8)  Féach an iarraidh, leagan oscailte, pointe 29, leathanach 8 agus pointe 41, leathanach 9.

(9)  Is é China National Building Materials Group an Grúpa atá faoi úinéireacht na Síne, ar leis-sean an táirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Tuirce, Turkiz Composite agus ar leis-sean an chuideachta China Hengshi Foundation Company Limited.

(10)  Féach an iarraidh, leagan oscailte, pointe 27, leathanach 8.

(11)  IO C 68, 21.2.2019, lch. 29.

(12)  Léirigh an t-imscrúdú nach raibh i gceist le honnmhairí Turkiz Composite chuig tríú tíortha eile (lena n-áirítear margaí na hAfraice agus an Mheánoirthir b’fhéidir) ach codán an-bheag dá dhíolacháin iomlána le linn na tréimhse tuairiscithe.

(13)  Dá dtagraítear in aithris (19), is féidir na caighdeáin dhlíthiúla atá in Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán frithdhumpála a úsáid de réir analaí agus measúnú á dhéanamh ar an gcás frith-fhóirdheontais i gcomhthéacs Airteagal 23(3) den bhun-Rialachán.

(14)  Breithiúnas an 8 Meitheamh 2022, Guangxi Xin Fu Yuan Co. Ltd v an Coimisiún Eorpach, T-144/20, ECLI:EU:T:2022:346, mír 59 agus an cásdlí a luaitear.

(15)  Breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2019, An Coimisiún/Kolachi Raj Industrial, C-709/17 P, ECLI:EU:C:2019:717, mír 90 agus an cásdlí a luaitear.

(16)  Breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2019, An Coimisiún v Kolachi Raj Industrial, C-709/17 P, ECLI:EU:C:2019:717, mír 82 agus an cásdlí a luaitear.

(17)  Breithiúnas an 8 Meitheamh 2022, Guangxi Xin Fu Yuan Co. Ltd v an Coimisiún Eorpach, T-144/20, ECLI:EU:T:2022:346, mír 59 agus an cásdlí a luaitear.

(18)  Breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2019, An Coimisiún/Kolachi Raj Industrial, C-709/17 P, ECLI:EU:C:2019:717, mír, míreanna 97 agus 104.

(19)  Is le haghaidh cuspóir coincréiteach í an phacáistíocht thánaisteach. Déantar táirgí a eagrú nó a chobhsú leis an bpacáistíocht chun go mbeidh siad réidh le haghaidh na seilfeanna. Fágtar go mbíonn an stóráil níos éasca agus níos sábháilte leis an bpacáistíocht freisin, ionas gur féidir leat a bheith muiníneach, agus é in am do mhonaróir tuilleadh aonad a sheoladh, go sroichfidh siad tomhaltóirí agus iad slán, amhail bosca ina bhfuil an buidéal aspairín, nó an cás lena ndaingnítear na cannaí sóide, nó an clúdach plaisteach ar mhargadh péire ar leathphraghas. Samplaí is ea iad sin uile den phacáistíocht thánaisteach, lena gcoimeádtar aonaid aonair de tháirgí le chéile.

(20)  Ba é Jushi Group ceann de na cuideachtaí gaolmhara de chuid Turkiz Composite de chuid na Síne a chuaigh i gcomhar le linn an imscrúdaithe dá dtagraítear i in aithris (27).

(21)  Ba é Tongxian cuideachta ghaolmhar eile de chuid Turkiz Composite de chuid na Síne a chuaigh i gcomhar le linn an imscrúdaithe dá dtagraítear i in aithris (27).

(22)  Ar bhonn a fhreagra ar an gceistneoir, níor dhíol Tongxian caisirníní snáithíní gloine le custaiméirí neamhghaolmhara le linn na tréimhse tuairiscithe.

(23)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/870 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2020 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht frithchúitimh shealadach arna forchur ar tháirgí de shnáithín gloine filiméadach leanúnach de thionscnamh na hÉigipte, agus lena ndéantar an dleacht frithchúitimh chinntitheach a thobhach ar allmhairí cláraithe táirgí de shnáithín gloine filiméadach leanúnach de thionscnamh na hÉigipte (IO L 201, 25.6.2020, lch. 10).

(24)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/328 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí táirgí de shnáithín gloine filiméadach leanúnach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 65, 25.2.2021. lch. 1).

(25)  Tuarascáil ó Chomhlacht Achomhairc EDT, Na Stáit Aontaithe — Cinneadh Deiridh i leith Dleacht Frithchúitimh i ndáil le Bogadhmad Áirithe ó Cheanada, WT/DS257/AB/R, 19 Eanáir 2004, mír 143).

(26)  Féach an iarraidh, leagan oscailte, pointe 23, leathanach 7.