|
7.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 232/8 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1475 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Meán Fómhair 2022
lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le meastóireacht ar na Pleananna Straitéiseacha CBT agus a mhéid a bhaineann le faisnéis a sholáthar le haghaidh faireacháin agus meastóireachta
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus atá le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 133 agus Airteagal 143(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2021/2115, leagtar síos creat dlíthiúil nua maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta (CBT) chun feabhas a chur ar an gcaoi a mbaintear cuspóirí an Aontais amach leis, ar cuspóirí iad a leagtar amach sa Chonradh. Sa Rialachán sin sonraítear a thuilleadh cuspóirí sin an Aontais lena mbaint amach ag an gcomhbheartas talmhaíochta agus sainítear ann na cineálacha idirghabhála mar aon le ceanglais choiteanna an Aontais is infheidhme maidir leis na Ballstáit, agus solúbthacht á fágáil faoi na Ballstáit i gceapadh na n-idirghabhálacha atá le tabhairt ina bPleananna Straitéiseacha CBT. |
|
(2) |
Le hAirteagal 128 de Rialachán (AE) 2021/2115, déantar foráil go mbunófar creat feidhmíochta chun gur féidir tuairisciú, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar na Pleananna Straitéiseacha CBT. |
|
(3) |
Mar chuid den chreat feidhmíochta, de bhun Airteagal 140 de Rialachán (AE) 2021/2115, ní mór do na Ballstáit meastóireacht a dhéanamh ar a bPleananna Straitéiseacha CBT le linn a gcur chun feidhme agus ex post agus plean meastóireachta a tharraingt suas. Chun na críche sin, ní mór rialacha soiléire agus comhchoiteanna a leagan síos maidir le meastóireacht a dhéanamh ar Phleananna Straitéiseacha CBT agus maidir lena bhfuil sna pleananna meastóireachta. Ina theannta sin, ba cheart tacaíocht theicniúil a thabhairt do na Ballstáit agus do na páirtithe leasmhara ábhartha. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 124(3), pointe (d) agus Airteagal 124(4), pointe (c), de Rialachán (AE) 2021/2115, scrúdóidh an coiste faireacháin an dul chun cinn atá déanta maidir le meastóireachtaí a dhéanamh, sintéisí meastóireachtaí agus aon obair leantach a thagann as na torthaí mar go bhfuil sé chun a thuairim a thabhairt maidir leis an bplean meastóireachta agus maidir leis na leasuithe air. An fhaisnéis maidir le gníomhaíochtaí agus torthaí meastóireachta, lena n-áirítear torthaí an scrúdaithe ar an gcoiste faireacháin, is iomchuí a bhunú go roinneann na Ballstáit í leis an gCoimisiún, ós rud é sé go bhfuil sé riachtanach an fhaisnéis sin a chur in iúl chun a chumasú don Choimisiún faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar CBT dá dtagraítear in Airteagal 141 den Rialachán sin. |
|
(5) |
De bhun Airteagal 131 agus Airteagal 140(3) de Rialachán (AE) 2021/2115, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sonraí ar fáil chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh. Chuige sin, is gá roinnt rialacha comhchoiteanna a leagan síos. |
|
(6) |
De bhun Airteagal 143 de Rialachán (AE) 2021/2115, ní mór do na Ballstáit an fhaisnéis atá ar fáil a thabhairt don Choimisiún chun é a chur ar a chumas dó faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar CBT. Go háirithe, cuirfidh an fhaisnéis sin ar chumas an Choimisiúin faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme caighdeán maidir le dea-choinníollacha talmhaíochta agus comhshaoil talún (caighdeáin GEC) mar a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin, ar chur chun feidhme idirghabhálacha in earnálacha áirithe dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil III, den Rialachán sin, agus Grúpaí Gníomhaíochta Áitiúla (LAGanna) agus a ngníomhaíochtaí do LEADER mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (15), den Rialachán sin. Ina theannta sin, cuirfidh sé ar chumas an Choimisiúin meastóireachtaí a dhéanamh ar na Pleananna Straitéiseacha CBT. I dtaca le sonraí faoin gComhpháirtíocht Eorpach Nuálaíocht um tháirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta (CEN) dá dtagraítear in Airteagal 127(3) den Rialachán sin, feabhsóidh an fhaisnéis a bhaileofar líonrú idir tionscnóirí tionscadal agus scaipeadh na dtorthaí. Chun na críche sin, is gá rialacha soiléire agus comhchoiteanna a leagan síos maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le seoladh ag na Ballstáit. |
|
(7) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2290 ón gCoimisiún (2), leagtar síos rialacha maidir leis na modhanna chun na comhtháscairí aschuir agus toraidh a ríomh a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115. Ba cheart na rialacha sin a chur san áireamh chun sonraí imdhealaithe a thuairisciú de réir idirghabhála dá dtagraítear sa Rialachán seo. |
|
(8) |
Ós rud é gur gá do na Ballstáit rialacha a bheith acu maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le seoladh chuig an gCoimisiún chun na huirlisí TF iomchuí a fhorbairt agus na córais bailithe sonraí a bhunú sula gcuirfear tús le cur chun feidhme na bPleananna Straitéiseacha CBT an 1 Eanáir 2023, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ó Choiste an Chomhbheartais Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
TEIDEAL I
MEASTÓIREACHT AR PHLEANANNA STRAITÉISEACHA CBT
Airteagal 1
Meastóireacht ar na critéir mheastóireachta
1. Le linn do na Ballstáit meastóireacht a dhéanamh ar a bPleananna Straitéiseacha CBT, saineoidh siad ceisteanna meastóireachta agus tosca ratha chun measúnú a dhéanamh ar na critéir mheastóireachta maidir le héifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 140(1) de Rialachán (AE) 2021/2115.
2. Agus measúnú á dhéanamh ag na Ballstáit ar éifeachtacht a bPleananna Straitéiseacha CBT, úsáidfidh siad na príomheilimintí meastóireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo i gcomhréir le loighic idirghabhála na bPleananna Straitéiseacha CBT agus, i gcás inarb ábhartha dá bPleananna Straitéiseacha CBT, na tosca molta ratha a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.
3. Agus meastóireacht á déanamh ag na Ballstáit ar éifeachtúlacht a bPleananna Straitéiseacha CBT, déanfaidh siad anailís ar cé acu a baineadh amach éifeachtaí nó tairbhí na bPleananna Straitéiseacha CBT ar chostas réasúnta nó nár baineadh agus déanfaidh siad measúnú ar shimpliú i gcás na dtairbhithe agus i gcás an riaracháin araon, agus béim ar leith á leagan ar chostais riaracháin agus ar úsáid uirlisí digiteacha agus satailítí.
Airteagal 2
Meastóireachtaí ar Phleananna Straitéiseacha CBT le linn na tréimhse cur chun feidhme
Déanfaidh na Ballstáit na meastóireachtaí ar a bPleananna Straitéiseacha CBT le linn na tréimhse cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 140(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 mar seo a leanas:
|
(a) |
Pleanálfaidh na Ballstáit na meastóireachtaí ar na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2021/2115 a dtugtar aghaidh orthu ina bPleananna Straitéiseacha CBT, i gcomhréir le loighic idirghabhála an Phlean Straitéisigh CBT, de réir an chuspóra nó trí mheastóireachtaí cuimsitheacha ina gcumhdaítear roinnt cuspóirí, nó tabharfaidh siad bonn cirt leis an bhfáth nach ndearnadh meastóireacht ar chuspóir sonrach le linn na tréimhse cur chun feidhme; |
|
(b) |
Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar a bPleananna Straitéiseacha CBT agus úsáid á baint acu as na critéir mheastóireachta ábhartha agus déanfaidh siad measúnú ar thionchair a bPleananna Straitéiseacha CBT agus raon feidhme, cineál agus glacadh idirghabhálacha an Phlean Straitéisigh CBT á gcur san áireamh; |
|
(c) |
i gcás inarb ábhartha, cuirfidh na Ballstáit raon feidhme críochach na n-idirghabhálacha san áireamh, go háirithe i gcás na n-idirghabhálacha sin nach gcuirtear chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta, ach ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal áitiúil; |
|
(d) |
i gcás inarb ábhartha, ar bhonn riachtanais mheastóireachta na mBallstát agus loighic idirghabhála an Phlean Straitéisigh CBT agus a chur chun feidhme á gcur san áireamh, déanfaidh na Ballstáit measúnú freisin ar idirghabhálacha sonracha nó ar ábhair a bhaineann leis na Pleananna Straitéiseacha CBT, amhail an ailtireacht chomhshaoil agus aeráide dá dtagraítear in Airteagal 109(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2115, breisluach LEADER mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (15), den Rialachán sin, líonraí CBT dá dtagraítear in Airteagal 126 den Rialachán sin nó an Córas um Eolas agus Nuálaíocht Talmhaíochta (AKIS) a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (9), den Rialachán sin; |
|
(e) |
Déanfaidh na Ballstáit meastóireachtaí in am ionas go mbeidh siad in ann tréimhse an Phlean Straitéisigh CBT ina dhiaidh sin a ullmhú. I gcás inarb ábhartha, úsáidfidh na Ballstáit sonraí na clárthréimhse roimhe sin freisin. |
Airteagal 3
Meastóireachtaí ex post ar phleananna straitéiseacha CBT
1. Sna meastóireachtaí ex post dá dtagraítear in Airteagal 140(6) de Rialachán (AE) 2021/2115, beidh measúnú cuimsitheach ar na Pleananna Straitéiseacha CBT agus ar a gcur chun feidhme.
2. Sna meastóireachtaí ex post beidh measúnú ar na Pleananna Straitéiseacha CBT agus a gcur chun feidhme ar bhonn gach ceann de na critéir mheastóireachta maidir le héifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach an Aontais chomh maith leis an tionchar dá dtagraítear in Airteagal 140(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 i ndáil le rannchuidiú an Phlean Straitéisigh CBT leis na cuspóirí ginearálta a bhaint amach, cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 5 den Rialachán sin, agus na cuspóirí sonracha sin a leagtar amach in Airteagal 6(1) agus (2) den Rialachán sin agus ar a dtugtar aghaidh sa Phlean Straitéiseach CBT.
3. Tar éis dóibh an mheastóireacht ex post a chríochnú, cuirfidh na Ballstáit torthaí na meastóireachta faoi bhráid an Choimisiúin.
Airteagal 4
Plean meastóireachta
1. Dréachtóidh na Ballstáit plean meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 140(4) de Rialachán (AE) 2021/2115 i gcomhréir le loighic idirghabhála an Phlean Straitéisigh CBT. Leis an bplean meastóireachta comhlíonfar na híoscheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
2. Sa phlean meastóireachta, sainaithneoidh na Ballstáit páirtithe leasmhara ábhartha a bheidh le cur san áireamh agus gníomhaíochtaí meastóireachta agus forbartha acmhainní á bpleanáil. I gcás inarb ábhartha, sainaithneoidh na Ballstáit páirtithe leasmhara seachas comhaltaí an choiste faireacháin.
Airteagal 5
Gníomhaíochtaí agus torthaí meastóireachta a thuairisciú
Roinnfidh na Ballstáit an fhaisnéis maidir le gníomhaíochtaí agus torthaí meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 124(3), pointe (d) agus Airteagal 124(4), pointe (c) de Rialachán (AE) 2021/2115 leis an gCoimisiún Eorpach tar éis don choiste faireacháin scrúdú a dhéanamh, lena n-áirítear toradh an scrúdaithe sin, tráth nach déanaí ná 2 mhí roimh an gcruinniú bliantúil athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 136 den Rialachán sin.
Airteagal 6
Measúnú ar rannchuidiú na bPleananna Straitéiseacha CBT
1. Beidh meastóireachtaí ar Phleananna Straitéiseacha CBT bunaithe ar na comhtháscairí ábhartha maidir le haschur, toradh, tionchar agus comhthéacs a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115. Déanfaidh na Ballstáit anailís ar éifeachtaí na bPleananna Straitéiseacha CBT ar chuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2) den Rialachán sin.
2. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as táscairí sonracha seachas iad siúd a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 ina gcuid meastóireachtaí nó féadfaidh siad úsáid a bhaint as aon fhaisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil ábhartha eile chun teacht ar chonclúidí ábhartha maidir le tionchar na bPleananna Straitéiseacha CBT.
3. I gcás ina sloinntear comhtháscairí toraidh i dtéarmaí sciar nó roinnt aonad ábhartha atá faoi réir idirghabhálacha áirithe, déanfaidh na Ballstáit meastachán ar thorthaí na bPleananna Straitéiseacha CBT agus éifeachtaí féideartha na n-idirghabhálacha sin á n-úsáid acu.
4. Agus measúnú á dhéanamh ar idirghabháil nach bhfuil nasctha le haon táscaire toraidh i gcomhréir lehAirteagal 111, an dara mír, de Rialachán (AE) 2021/2115, soláthróidh na Ballstáit measúnú fónta ar an idirghabháil sin ar bhonn na faisnéise is ábhartha faoi thorthaí na hidirghabhála agus a héifeachtaí maidir leis na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2) den Rialachán sin.
5. Bunóidh na Ballstáit a measúnú ar rannchuidiú na bPleananna Straitéiseacha CBT ar fhorbairt na dtáscairí tionchair a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115. Déanfaidh na Ballstáit cainníochtú ar rannchuidiú na bPleananna Straitéiseacha CBT leis na forbairtí sin le haghaidh na gcomhtháscairí tionchair a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo ar a laghad.
Airteagal 7
Sonraí agus tacaíocht theicniúil le haghaidh meastóireachtaí
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sonraí ar fáil do mheastóirí chun na hoibleagáidí faireacháin agus meastóireachta a bhaineann leo a chomhlíonadh.
2. Déanfaidh na Ballstáit na socruithe is gá le haonaid staidrimh náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, le haonaid réigiúnacha staidrimh, le lárionaid taighde, le gnóthais agus le soláthraithe sonraí chun a áirithiú go mbeidh sonraí ar fáil. Sna socruithe sin cuirfear san áireamh an raon feidhme críochach is ábhartha do na meastóireachtaí agus áireofar iontu úsáid staidrimh na sonraí ó chláir riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 143(3) de Rialachán (AE) 2021/2115.
3. Sainaithneoidh na Ballstáit na riachtanais maidir le tacaíocht a thabhairt do na páirtithe leasmhara agus do na riaracháin a bhfuil baint acu le cur chun feidhme na bPleananna Straitéiseacha CBT agus le meastóireacht orthu ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, lena n-áirítear na LAGanna dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus acmhainneacht éagsúil na n-institiúidí agus na bpáirtithe leasmhara ó thaobh faireacháin agus meastóireachta de á gcur san áireamh.
4. Ar bhonn na riachtanas a shainaithneofar, cuirfidh na Ballstáit gníomhaíochtaí tacaíochta ar bun, lena n-áirítear oiliúint, treoirlínte agus aon ghníomhaíocht ábhartha eile a fhorbróidh acmhainní, a bheidh le cur chun feidhme ag an líonra nó ag na líonraí náisiúnta CBT dá dtagraítear in Airteagal 126(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 nó i gcomhar leo.
5. Bunóidh an Coimisiún clár oibre bliantúil le húdaráis inniúla na mBallstát, meastóirí agus páirtithe leasmhara eile, ar bhonn a riachtanas tacaíochta, a bheidh le cur chun feidhme ag an líonra Eorpach CBT dá dtagraítear in Airteagal 126(2) de Rialachán (AE) 2021/2115 nó i gcomhar leis.
TEIDEAL II
SONRAÍ MAIDIR LE FAIREACHÁN AGUS MEASTÓIREACHT A DHÉANAMH AR PHLEANANNA STRAITÉISEACHA CBT
Airteagal 8
Raon feidhme na sonraí atá le tabhairt ag na Ballstáit
I gcomhréir le hAirteagail 9 go 18, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún an fhaisnéis seo a leanas, faisnéis is gá chun a chur ar a chumas faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar CBT:
|
(a) |
sonraí imdhealaithe faoi idirghabhálacha agus faoi thairbhithe; |
|
(b) |
cóimheas na bhféarthailte buana a bhunaítear gach bliain de bhun Airteagal 48(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón gCoimisiún (4); |
|
(c) |
sonraí faoi idirghabhálacha in earnálacha áirithe dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil III, de Rialachán (AE) 2021/2115; |
|
(d) |
sonraí faoi ghrúpaí oibríochtúla CEN, dá dtagraítear in Airteagal 127(3) de Rialachán (AE) 2021/2115; |
|
(e) |
sonraí faoi LAGanna agus a ngníomhaíochtaí le haghaidh LEADER mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (15) de Rialachán (AE) 2021/2115. |
Airteagal 9
Sonraí imdhealaithe faoi idirghabhálacha
1. Leis na sonraí imdhealaithe faoi idirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagal 8, pointe (a) den Rialachán seo, cumhdófar gach idirghabháil i bhfoirm íocaíochtaí díreacha dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil II, de Rialachán (AE) 2021/2115, lena n-áirítear an íocaíocht bharrshonrach do chadás dá dtagraítear sa Chaibidil sin, Roinn 3, Foroinn 2, agus gach idirghabháil le haghaidh forbairt tuaithe dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil IV, den Rialachán sin, cé is moite d’idirghabhálacha LEADER dá dtagraítear in Airteagal 8, pointe (e), den Rialachán seo.
2. Déanfaidh na Ballstáit na sonraí imdhealaithe dá dtagraítear i mír 1 in aghaidh na bliana airgeadais talmhaíochta a thuairisciú de réir méid aonaid, i gcás gach iarratas ar chabhair nó gach éileamh íocaíocht de chuid gach tairbhí. Déanfar na hidirbhearta go léir a dhéanfar le linn na bliana airgeadais talmhaíochta a achoimriú.
3. Leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hinneachar na sonraí imdhealaithe faoi idirghabhálacha in Iarscríbhinn IV, pointí 1, 2 agus 3.
Airteagal 10
Sonraí imdhealaithe faoi thairbhithe
1. Sna sonraí imdhealaithe faoi thairbhithe dá dtagraítear in Airteagal 8, pointe (a) den Rialachán seo, áireofar faisnéis faoi fheirmeoirí de réir bhrí Airteagal 3, pointe (1), de Rialachán (AE) 2021/2115 agus tairbhithe de réir bhrí Airteagal 3, pointe (13) den Rialachán sin a fhaigheann tacaíocht faoi idirghabhálacha a chumhdaítear leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe dá dtagraítear in Airteagal 65(1) de Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (an “córas comhtháite”).
2. Déanfaidh na Ballstáit na sonraí imdhealaithe faoi thairbhithe in aghaidh na bliana airgeadais talmhaíochta a thuairisciú.
3. Leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hinneachar na sonraí imdhealaithe faoi thairbhithe in Iarscríbhinn IV, pointe 4.
Airteagal 11
Cóimheas na bhféarthailte buana
Tabharfar fógra faoi chóimheas na bhféarthailte buana dá dtagraítear in Airteagal 8, pointe (b) den Rialachán seo ar an leibhéal a bhunóidh na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 48(2), an dara fomhír, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126.
Airteagal 12
Sonraí faoi idirghabhálacha in earnálacha áirithe
1. Sna sonraí faoi idirghabhálacha in earnálacha áirithe dá dtagraítear in Airteagal 8, pointe (c), den Rialachán seo, áireofar sonraí faoi idirghabhálacha sna hearnálacha a liostaítear in Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2021/2115.
2. In Iarscríbhinn V leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hinneachar na sonraí faoi idirghabhálacha sna hearnálacha sin.
Airteagal 13
Sonraí faoi ghrúpaí oibríochtúla CEN
1. Sna sonraí faoi ghrúpaí oibríochtúla CEN dá dtagraítear in Airteagal 8, pointe (d), den Rialachán seo, áireofar faisnéis faoi thograí grúpaí oibríochtúla CEN dá dtagraítear in Airteagal 127(3) de Rialachán (AE) 2021/2115.
2. In Iarscríbhinn VI leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hinneachar na sonraí faoi ghrúpaí oibríochtúla CEN.
Airteagal 14
Sonraí faoi LAGanna agus a ngníomhaíochtaí maidir le LEADER
1. Sna sonraí faoi LAGanna agus a ngníomhaíochtaí maidir le LEADER dá dtagraítear in Airteagal 8, pointe (e), den Rialachán seo, áireofar faisnéis faoi idirghabhálacha a chuirtear chun feidhme ar bhonn Airteagal 77(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2115.
2. In Iarscríbhinn VII leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hinneachar na sonraí faoi LAGanna agus a ngníomhaíochtaí maidir le LEADER.
Airteagal 15
Dáta agus minicíocht tarchuir sonraí
1. Ón mbliain tuairiscithe 2025 ar aghaidh, tuairisceoidh na Ballstáit na sonraí imdhealaithe faoi idirghabhálacha agus faoi thairbhithe dá dtagraítear in Airteagal 8, pointe (a), gach bliain faoin 30 Aibreán de bhliain N maidir le hidirghabhálacha a ndearnadh íocaíochtaí ina leith sa bhliain airgeadais talmhaíochta N-1.
In 2024, féadfaidh na Ballstáit na sonraí imdhealaithe maidir le hidirghabhálacha a thuairisciú faoin 30 Samhain 2024 maidir le hidirghabhálacha a íocfar sa bhliain airgeadais talmhaíochta 2023. Mura dtuairisceoidh na Ballstáit na sonraí imdhealaithe faoi idirghabhálacha in 2024, tuairisceoidh siad iad in 2025 i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, tuairisceofar na sonraí faoi thairbhithe a bhaineann leis an limistéar a dhearbhófar agus leis an talamh atá i ndálaí maithe talmhaíochta agus comhshaoil, i mbliain N, i ndáil le hidirghabhálacha ar éilíodh íocaíochtaí ina leith i mbliain féilire N-2.
2. Tuairisceoidh na Ballstáit cóimheas na bhféarthailte buana dá dtagraítear in Airteagal 8, pointe (b), ar bhonn bliantúil faoin 15 Márta de bhliain N i ndáil leis an limistéar a dhearbhófar i mbliain féilire N-1. Is é 2024 an chéad bhliain a thuairisceofar.
3. Tuairisceoidh na Ballstáit na sonraí faoi idirghabhálacha in earnálacha áirithe dá dtagraítear in Airteagal 8, pointe (c), ar bhonn bliantúil faoi na dátaí seo a leanas:
|
(a) |
15 Meitheamh i mbliain N maidir le sonraí bhliain féilire N-1 dá dtagraítear i bpointí 1, 2(a) agus (c), agus i bpointí 3 go 7 d’Iarscríbhinn V; |
|
(b) |
31 Eanáir i mbliain N maidir le sonraí bhliain féilire N dá dtagraítear i bpointe 2(b) d’Iarscríbhinn V; |
|
(c) |
15 Meitheamh i mbliain N maidir le sonraí bhliain airgeadais N-1 dá dtagraítear i bpointí 8 go 10 d’Iarscríbhinn V; |
2023 i gcás na sonraí dá dtagraítear i bpointí 1 agus 2(b) d’Iarscríbhinn V, 2024 i gcás na sonraí dá dtagraítear i bpointí 2(a) agus (c), agus 3 go 7 den Iarscríbhinn sin agus 2025 i gcás na sonraí dá dtagraítear i bpointí 8 go 10 den Iarscríbhinn sin a bheidh sa chéad bhliain tuairiscithe.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír agus ar an dara fomhír den mhír seo, i gcás earnáil na beachaireachta, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
|
(a) |
tuairisceoidh na Ballstáit na sonraí dá dtagraítear i bpointí 5 agus 6 d’Iarscríbhinn V gach 2 bhliain; |
|
(b) |
cumhdóidh na sonraí dá dtagraítear i bpointe 5 d’Iarscríbhinn V an bhliain féilire roimh an mbliain tuairiscithe; |
|
(c) |
cumhdóidh na sonraí dá dtagraítear i bpointe 6 d’Iarscríbhinn V an 2 bhliain féilire roimh an mbliain tuairiscithe; |
|
(d) |
is í 2023 an chéad bhliain tuairiscithe i gcás na sonraí dá dtagraítear i bpointí 4, 5 agus 6 d’Iarscríbhinn V agus is í an bhliain 2024 i gcás pointe 9 den Iarscríbhinn sin. In 2023, féadfar na sonraí dá dtagraítear i bpointí 5 agus 6 d’Iarscríbhinn V a thuairisciú faoin 15 Meán Fómhair. |
4. Tuairisceoidh na Ballstáit sonraí maidir le grúpaí oibríochtúla CEN dá dtagraítear in Airteagal 8, pointe (d), a luaithe a fhormheasfar an tionscadal grúpa oibríochtúil, ó 2023 ar aghaidh.
5. Tuairisceoidh na Ballstáit sonraí maidir le LAGanna agus a ngníomhaíochtaí maidir le LEADER dá dtagraítear in Airteagal 8, pointe (e), mar seo a leanas:
|
(a) |
faoin 30 Aibreán 2026 i ndáil le hoibríochtaí a íocadh sna blianta airgeadais ó 2023 go 2025, go carnach; agus |
|
(b) |
faoin 30 Aibreán 2030 i ndáil le hoibríochtaí a íocadh sa blianta airgeadais ó 2023 go 2029, go carnach; |
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, tuairisceofar sonraí a bhaineann le hathróga LAG a leagtar amach in Iarscríbhinn VII, pointe 1, faoin 30 Aibreán de bhliain N i gcás na LAGanna a roghnaíodh faoin 31 Nollaig de bhliain N-1.
Airteagal 16
Sonraí a aistriú
1. Aistreofar na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (d) agus (e) d’Airteagal 8 chuig an gCoimisiún trí bhíthin an chórais leictreonaigh chun faisnéis a mhalartú ar bhealach slán ar a dtugtar “SFC2021”, a leagtar amach freagrachtaí an Choimisiúin agus na mBallstát ina leith in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2289 ón gCoimisiún (6).
Aistreofar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 8, pointe (c) chuig an gCoimisiún trí bhíthin an chórais atá bunaithe ar an teicneolaíocht faisnéise arna chur ar fáil ag an gCoimisiún de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 ón gCoimisiún (7).
2. I gcás sonraí imdhealaithe maidir le hidirghabhálacha agus le tairbhithe atá le cur in iúl de bhun Airteagal 8, pointe (a), den Rialachán seo, is í an ghníomhaireacht íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2021/2116 nó, i gcás inar mó ná gníomhaireacht íocaíochta amháin atá creidiúnaithe i mBallstát, is é an comhlacht comhordaithe dá dtagraítear in Airteagal 10 den Rialachán sin, a aistreoidh na sonraí chuig an gCoimisiún.
3. Maidir leis an gcóimheas le féarthailte buana, is í an ghníomhaireacht íocaíochta nó an comhlacht comhordaithe a aistreoidh na sonraí atá le cur in iúl de bhun Airteagal 8, pointe (b).
4. I gcás sonraí faoi idirghabhálacha in earnálacha áirithe atá le cur in iúl de bhun Airteagal 8, pointe (c), sonraí faoi ghrúpaí oibríochtúla CEN atá le cur in iúl de bhun Airteagal 8, pointe (d), agus sonraí faoi LAGanna agus a ngníomhaíochtaí maidir le LEADER atá le cur in iúl de bhun Airteagal 8, pointe (e), féadfaidh na Ballstáit nó aon eintiteas nó eintitis a údaróidh na Ballstáit na sonraí a aistriú.
Airteagal 17
Sonraí arna gcomhlánú go cuí
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na sonraí maidir le faireachán agus meastóireacht dá dtagraítear in Airteagal 8 iomlán agus féin-chomhsheasmhach, agus go ndéanfar a bhfuil iontu a thaifeadadh agus a chur i láthair i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinní IV go VII. Chuige sin, déanfaidh na Ballstáit seiceálacha ar ríomhaire.
Airteagal 18
Seiceálacha sonraí agus sonraí a cheartú
1. Beidh na Ballstáit freagrach as ceartú a dhéanamh ar earráidí cléireachais nó ar earráidí follasacha nó ar earráidí ar de chineál eagarthóireachta amháin iad dá dtagraítear in Airteagal 8.
2. I gcás ina dtíolacfar sonraí earráideacha nó i gcás ina dtarlaíonn fadhb le haistriú na sonraí, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas láithreach agus ceartóidh siad na sonraí.
3. Gan dochar do na seiceálacha a dhéanfaidh na Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún seiceálacha a dhéanamh d’fhonn a fhíorú ar sholáthair na Ballstáit sonraí atá comhlánaithe go cuí agus atá féin-chomhsheasmhach. I gcás sonraí earráideacha a chur isteach, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar na Ballstáit na sonraí a thabharfar a cheartú.
Airteagal 19
Úsáid sonraí
Ní sceithfidh ná ní úsáidfidh an Coimisiún na sonraí pearsanta a gheofar de bhun an Rialacháin seo chun críocha eile seachas chun a fhreagrachtaí a chomhlíonadh i gcomhthéacs an chreata feidhmíochta de bhun Theideal VII, Caibidil I, de Rialachán (AE) 2021/2115, agus seachas chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar CBT de bhun Airteagal 143 de Rialachán (AE) 2021/2115.
TEIDEAL III
FORÁLACHA DEIRIDH
Airteagal 20
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 435, 6.12.2021, lch. 1.
(2) Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2290 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha maidir leis na modhanna chun na comhtháscairí aschuir agus toraidh a ríomh a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 (IO L 458, 22.12.2021, lch. 486).
(3) Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais bhreise maidir le cineálacha áirithe idirghabhála arna sonrú ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT le haghaidh na tréimhse 2023 go 2027 faoin Rialachán sin mar aon le rialacha maidir leis an gcóimheas i dtaca le caighdeán 1 maidir leis an dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil (DRTC) (IO L 20, 31.1.2022, lch. 52).
(5) Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2289 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur i láthair ábhar na bPleananna Straitéiseacha CBT agus maidir leis an gcóras leictreonach um malartú slán faisnéise (IO L 458, 22.12.2021, lch. 463).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1307/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fógraí a thabhairt don Choimisiún faoi fhaisnéis agus doiciméid agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear roinnt Rialachán ón gCoimisiún (IO L 171, 4.7.2017, lch. 113).
IARSCRÍBHINN I
NA PRÍOMHEILIMINTÍ MEASTÓIREACHTA AGUS NA TOSCA MOLTA RATHA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1(2)
|
Cuspóir |
Príomhghnéithe le measúnú a dhéanamh orthu |
Tosca molta ratha |
|
Tacaíocht a thabhairt d’ioncam feirme inmharthana agus d’athléimneacht earnáil na talmhaíochta ar fud an Aontais chun feabhas an tslándáil fhadtéarmach bia agus an éagsúlacht talmhaíochta a fheabhsú, chomh maith le hinbhuanaitheacht eacnamaíoch na táirgeachta talmhaíochta san Aontas a áirithiú |
Ioncam feirme inmharthana Ciallaíonn ioncam feirme inmharthana ioncam atá ní hamháin cobhsaí ach a dháilteear go cothrom freisin. |
Tá leibhéal ioncaim talmhaíochta i bhfeirmeacha a fhaigheann tacaíocht ag dul i méid nó tá sé cobhsaí ar a laghad agus tá difríochtaí idir feirmeacha agus le hearnálacha eacnamaíocha eile ag laghdú, agus treochtaí ginearálta an gheilleagair á gcur san áireamh. |
|
Athléimneacht Le hathléimneacht, cuimsítear tacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí a bhfuil rioscaí féideartha agus teorainneacha sonracha ag bagairt orthu, rioscaí lena bhféadfaí iallach a chur orthu deireadh a chur le gníomhaíocht talmhaíochta. |
Dáiltear tacaíocht ioncaim ar na feirmeoirí is mó atá i ngátar. |
|
|
Díriú níos fearr ar an margadh agus cur le hiomaíochas feirmeacha, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, lena n-áirítear béim níos mó ar an taighde, ar an teicneolaíocht agus ar an aistriú digiteach |
Díriú níos fearr ar an margadh Ar bhonn chomhardú na trádála agraibhia (allmhairiú-onnmhairiú). |
Tá méadú ag teacht ar an trádáil agraibhia. |
|
Iomaíochas feirme Ar bhonn an chaipitil, an tsaothair agus na táirgiúlachta talún a méadaíodh tríd an nuálaíocht. |
Tá an táirgiúlacht ar fheirmeacha a fhaigheann tacaíocht ag dul i méid. |
|
|
Feabhas a chur ar áit an fheirmeora sa slabhra luacha |
Seasamh an fheirmeora sa slabhra bia Feirmeoirí a lánpháirtiú sa slabhra bia agus iad a bheith rannpháirteach i scéimeanna cáilíochta agus i dtáirgeadh orgánach chun breisluach a mhéadú. |
Tá sciar na scéimeanna cáilíochta agus an táirgthe orgánaigh den táirgeadh margaithe ag dul i méid. Tá sciar na n-eagraíochtaí tairgeoirí agus na gcineálacha eile eagraíochtaí feirmeoirí a fhaigheann tacaíocht den táirgeadh margaithe ag dul i méid. Tá oll-bhreisluach na bhfeirmeoirí atá in eagraíochtaí táirgeoirí agus sna cineálacha eile eagraíochtaí feirmeoirí nó atá rannpháirteach i scéimeanna cáilíochta agus i dtáirgeadh orgánach ag dul méid. |
|
Rannchuidiú le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, lena n-áirítear trí astaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú agus ceapadh carbóin a fheabhsú, chomh maith le fuinneamh inbhuanaithe a chur chun cinn |
Maolú ar an athrú aeráide Ar bhonn astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) agus ceapadh carbóin. |
Tá astaíochtaí GCT sa talmhaíocht ag dul i laghad. Tá ceapadh carbóin orgánaigh na hithreach ag dul i méid nó tá sé á choinneáil ag an leibhéal céanna. Tá cumas táirgthe fuinnimh inathnuaite ag dul i méid. |
|
Oiriúnú don athrú aeráide Ar bhonn athléimneacht na talmhaíochta i leith an athraithe aeráide. |
Tá athléimneacht na talmhaíochta i leith an athraithe aeráide ag dul i méid. |
|
|
An fhorbairt inbhuanaithe agus bainistiú éifeachtúil ar acmhainní nádúrtha, idir an t-uisce, an ithir agus an t-aer a chothú, lena n-áirítear tríd an spleáchas ar cheimiceáin a laghdú |
Acmhainní nádúrtha a bhainistiú go héifeachtúil Ar bhonn cháilíocht agus ar chainníocht na n-acmhainní nádúrtha a chaomhnú nó a fheabhsú trí thruailleáin agus saothrú a laghdú. |
Tá astaíochtaí amóinia sa talmhaíocht, sceitheadh cothaitheach agus creimeadh ithreach ag dul i laghad. Tá cothromaíocht cothaitheach ar thalamh talmhaíochta ag dul i bhfeabhas, rud lena laghdófar caillteanais cothaitheach. Tá an brú ar thaiscumair uisce nádúrtha ag dul i laghad. Tá úsáid lotnaidicídí ceimiceacha agus an baol a bhaineann leo agus úsáid lotnaidicídí níos guaisí ag dul i laghad. |
|
Rannchuidiú le cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh agus a aisiompú, seirbhísí éiceachórais a fheabhsú agus gnáthóga agus tírdhreacha a chaomhnú |
Cailliúint na bithéagsúlachta a aisiompú Ar bhonn bhithéagsúlacht agus ghnáthóga i dtalamh talmhaíochta nó i limistéir eile a bhfuil tionchar ag cleachtais talmhaíochta nó foraoiseachta orthu. |
Tá bithéagsúlacht a bhaineann le talamh talmhaíochta ag dul i bhfeabhas nó tá stop á chur le cailliúint bithéagsúlachta ar a laghad. Tá bithéagsúlacht i limistéir Natura 2000 a bhfuil tionchar ag an talmhaíocht nó an fhoraoiseacht orthu ag dul i bhfeabhas nó tá stop á chur le cailliúint bithéagsúlachta ar a laghad. Tá an agrai-bhithéagsúlacht ag dul i méid. |
|
Seirbhísí éiceachórais Ar bhonn gnéithe tírdhreacha a chuireann le seirbhísí éiceachórais trí speicis ábhartha a óstáil (e.g. trí phailniú, trí shrianadh lotnaidí), trí phróisis bhithfhisiciúla (e.g. trí chreimeadh a rialú, cáilíocht an uisce a chothabháil), nó trí luachanna cultúrtha (e.g. luach aeistéitiúil). |
Tá treochtaí pailneoirí ag dul i bhfeabhas, nó tá siad cobhsaí ar a laghad. Tá an limistéar atá clúdaithe le gnéithe tírdhreacha i dtalamh talmhaíochta ag dul i méid nó tá sé á choinneáil ag an leibhéal céanna. |
|
|
Feirmeoirí óga agus feirmeoirí nua eile a mhealladh agus tacú leo agus forbairt gnó inbhuanaithe a éascú i gceantair thuaithe |
Feirmeoirí a athnuachan Bunaithe ar thacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí óga agus d’fheirmeoirí nua atá ag bunú agus don leanúnachas. |
Tá líon na bhfeirmeoirí óga agus nua ag dul i méid. |
|
Forbairt gnó Ar bhonn tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí nuathionscanta tuaithe agus d’éagsúlú feirme. |
Tá líon na ngnólachtaí tuaithe ag dul i méid. |
|
|
An fhostaíocht, fás, comhionannas inscne, lena n-áirítear rannpháirtíocht na mban san fheirmeoireacht, cuimsiú sóisialta, agus an fhorbairt áitiúil a chur chun cinn i gceantair thuaithe, lena n-áirítear bithgheilleagar ciorclach san fhoraoiseacht inbhuanaithe |
Geilleagar inbhuanaithe tuaithe Ar bhonn an fháis eacnamaíoch agus fostaíocht a chur chun cinn. |
Tá geilleagar na gceantar tuaithe ag fás nó tá sé cobhsaí ar a laghad agus tá an bhearna idir limistéir uirbeacha agus thuaithe ag dul i laghad. Tá an ráta fostaíochta i gceantair thuaithe ag dul i bhfeabhas. Tá gnó a bhaineann leis an mbithgheilleagar ag dul i méid. Tá an fhoraoiseacht inbhuanaithe ag dul i méid. |
|
Forbairt áitiúil Seirbhísí áitiúla agus bonneagar a thabhairt. |
Tá seirbhísí agus bonneagair áitiúla ag dul i bhfeabhas. |
|
|
Comhionannas inscne agus cuimsiú sóisialta Rannpháirtíocht na mban san fheirmeoireacht agus sa gheilleagar, cothromas ioncaim agus laghdú na bochtaineachta a chur chun cinn. |
Tá fostaíocht agus rannpháirtíocht na mban san fheirmeoireacht ag dul i bhfeabhas. Tá tacaíocht an Phlean Straitéisigh CBT á dáileadh ar bhealach níos cothroime. Tá bochtaineacht na tuaithe ag dul i laghad. |
|
|
Feabhas a chur ar fhreagairt earnáil talmhaíochta an Aontais do riachtanais bia agus sláinte na sochaí, lena n-áirítear bia cothaitheach, sábháilte ar ardchaighdeán a tháirgtear ar bhealach inbhuanaithe, an cur amú bia a laghdú, chomh maith le feabhas a chur ar leas ainmhithe agus an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac |
Cáilíocht agus sábháilteacht bia Ar bhonn scéimeanna cáilíochta a chothú, leas ainmhithe a chur chun cinn agus frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac. |
Tá luach an táirgthe mhargaithe faoi scéimeanna cáilíochta ag dul i méid. Tá leas ainmhithe ag dul i bhfeabhas agus tá an úsáid a bhaintear as ábhair fhrithmhiocróbacha ag dul i laghad. |
|
An earnáil a nuachóiriú trí eolas, nuálaíocht agus digitiú a chothú agus a chomhroinnt in earnáil na talmhaíochta agus i gceantair thuaithe, agus tríd an nglacadh atá leo ag feirmeoirí a spreagadh, trí rochtain níos fearr ar thaighde, nuálaíocht, malartú eolais agus oiliúint |
An Córas um Eolas agus Nuálaíocht Talmhaíochta (AKIS) agus an straitéis dhigiteach Bunaithe ar an tacaíocht a thugtar do ghníomhaíochtaí straitéiseacha AKIS, do na hidirghabhálacha a bhaineann le AKIS, agus don straitéis dhigiteach agus a dtionchar ar ghlacadh atá leis an nuálaíocht ag feirmeoirí. |
Tá líon na bhfeirmeoirí a ghlacann páirt i gcláir oiliúna agus/nó a bhaineann úsáid as comhairle feirme ag dul i méid. Déanann feirmeoirí athrú ar a gcleachtais feirmeoireachta tar éis dóibh páirt a ghlacadh i gcláir oiliúna agus/nó leas a bhaint as comhairle feirme. Tríd an bPlean Straitéiseach CBT, tugtar tacaíocht do líon níos mó feirmeoirí i dtaca le teicneolaíocht na feirmeoireachta digití. Tá caiteachas an Phlean Straitéisigh CBT lena dtacaítear le cruthú nuálaíochta agus comhroinnt eolais ag dul i méid. |
IARSCRÍBHINN II
CEANGLAIS ÍOSTA MAIDIR LE STRUCHTÚR AGUS LE hINNEACHAR AN PHLEAN MEASTÓIREACHTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4(1)
1. Cuspóirí agus riachtanais
Ráiteas ar chuspóirí an phlean meastóireachta agus riachtanais ghaolmhara na meastóireachta, arb é is aidhm dóibh a áirithiú go ndéanfar gníomhaíochtaí meastóireachta atá leordhóthanach agus iomchuí, go háirithe chun faisnéis a thabhairt atá riachtanach le haghaidh stiúradh an chláir, chun eolas a dhéanamh don chéad chlárthréimhse bheartais eile, agus chun a áirithiú go mbeidh na sonraí is gá do mheastóireacht an Phlean Straitéisigh CBT ar fáil.
2. Rialachas agus comhordú
Tuairisc ghearr ar na socruithe faireacháin agus meastóireachta maidir leis an bPlean Straitéiseach CBT, ina dtugtar le fios na príomhchomhlachtaí lena mbaineann agus na freagrachtaí atá orthu.
3. Mapáil na bpáirtithe leasmhara
Tuairisc ghairid ar na páirtithe leasmhara ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus ar na riachtanais atá acu maidir le gníomhaíochtaí meastóireachta agus, i gcás inarb ábhartha, fothú acmhainní.
4. Amlíne
Pleanáil tháscach na meastóireachtaí agus na staidéar tacaíochta meastóireachta a bheidh le déanamh le linn an timthrialla clársceidealaithe, chomh maith leis an réasúnaíocht le haghaidh na roghanna a rinneadh, lena n-áirítear:
|
(a) |
meastóireachtaí chun measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú na bPleananna Straitéiseacha CBT le cuspóirí CBT, ar meastóireachtaí iad atá le déanamh agus an Plean Straitéiseach CBT á chur chun feidhme; |
|
(b) |
i gcás inarb ábhartha, na meastóireachtaí chun measúnú a dhéanamh ar thopaicí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (e); |
|
(c) |
tacú le staidéir agus le taighde agus gníomhaíochtaí anailíseacha eile le haghaidh meastóireachtaí. |
5. Sonraí agus faisnéis
Tuairisc ghairid ar na socruithe dá dtagraítear in Airteagal 7(2) lena áirithiú go mbeidh sonraí ar fáil chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh, lena n-áirítear sainaithint na bpríomhfhoinsí sonraí a úsáidfear, na socruithe institiúideacha le haghaidh soláthar sonraí agus socruithe um rialú cáilíochta sonraí. Ba cheart a áireamh sa roinn seo freisin bearnaí sonraí a shainaithint chomh maith leis na gníomhaíochtaí chun dul i ngleic leo, lena n-áirítear córais sonraí a bheith oibríochtúil in am.
6. Cumarsáid agus obair leantach
Tuairisc ar an gcaoi a ndéanfar torthaí na meastóireachta a scaipeadh ar spriocfhaighteoirí, lena n-áirítear tuairisc ar na sásraí a bunaíodh chun obair leantach a dhéanamh ar thorthaí na meastóireachta agus chun leas a bhaint astu.
7. Acmhainní, tacaíocht theicniúil agus forbairt acmhainní
Tuairisc ar na hacmhainní is gá agus atá tuartha chun an plean meastóireachta a chur chun feidhme, lena n-áirítear acmhainneacht riaracháin, sonraí, acmhainní airgeadais agus riachtanais TF a thabhairt le fios.
Tuairisc ar chur chun feidhme thacaíocht an chláir dá dtagraítear in Airteagal 7(3) agus (4), lena n-áirítear tacaíocht theicniúil agus gníomhaíochtaí fothaithe acmhainní a dhéantar chun a áirithiú gur féidir an plean meastóireachta a chur chun feidhme ina iomláine agus tacaíocht phleanáilte a thabhairt do LAGanna chun na Straitéisí Forbartha Áitiúla a mheas.
IARSCRÍBHINN III
TÁSCAIRÍ TIONCHAIR DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 6(5)
|
Cód táscaire (1) |
Ainm an táscaire |
|
I.2 |
Éagothromaíochtaí ioncaim a laghdú: An t-athrú ar an ioncam talmhaíochta i gcomparáid leis an ngeilleagar trí chéile |
|
I.3 |
Éagsúlachtaí in ioncam feirme a laghdú: An t-athrú ar an ioncam talmhaíochta |
|
I.4 |
Tacaíocht d’ioncam feirme inmharthana: An t-athrú ar leibhéal an ioncaim talmhaíochta de réir an chineáil feirmeoireachta (i gcomparáid leis an meán sa talmhaíocht) |
|
I.5 |
Cur leis an gcothromaíocht chríochach: An t-athrú ar an ioncam talmhaíochta i limistéir ina bhfuil srianta nádúrtha (i gcomparáid leis an meán) |
|
I.10 |
Cuidiú le maolú an athraithe aeráide: Astaíochtaí gás ceaptha teasa ón talmhaíocht |
|
I.12 |
Cur leis an bhfuinneamh inbhuanaithe sa talmhaíocht: Táirgeadh fuinnimh in-athnuaite ón talmhaíocht agus ón bhforaoiseacht |
|
I.14 |
Cáilíocht an aeir a fheabhsú: Astaíochtaí amóinia a thagann as an talmhaíocht |
|
I.15 |
Cáilíocht an uisce a fheabhsú: An chothromaíocht chomhlán cothaitheach ar thalamh talmhaíochta |
|
I.26 |
CBT níos cothroime: Tacaíocht CBT a dháileadh |
(1) Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115.
IARSCRÍBHINN IV
RIALACHA MAIDIR LE SONRAÍ IMDHEALAITHE I nDÁIL LE hIDIRGHABHÁLACHA AGUS LE TAIRBHITHE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 9(3) AGUS AIRTEAGAL 10(3)
Sonraí imdhealaithe faoi idirghabhálacha a thuairisciú
|
1. |
Nuair atá Ballstáit ag tuairisciú sonraí chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar idirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagal 8, pointe (a), den Rialachán seo, urramóidh siad na modhanna ríofa le haghaidh táscairí aschuir agus toraidh a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2290 agus leis an méid seo a leanas:
|
|
2. |
Tabharfaidh na Ballstáit an liosta seo a leanas d’athróga faireacháin, liosta de réir na hidirghabhála i gcás gach tairbhí, i gcomhréir le dearadh sonrach na n-idirghabhálacha agus a loighic idirghabhála:
|
|
3. |
Tabharfaidh na Ballstáit rannchuidiú na luachanna aschuir le huimhreoir na dtáscairí toraidh ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115, agus na hathróga toraidh seo a leanas á n-úsáid:
|
Sonraí maidir le tairbhithe a thuairisciú
|
4. |
Tabharfaidh na Ballstáit na hathróga faireacháin seo a leanas, i gcomhréir le dearadh sonrach na n-idirghabhálacha agus a loighic idirghabhála:
|
(1) Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1).
(2) Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).
IARSCRÍBHINN V
RIALACHA MAIDIR LE SONRAÍ FAOI IDIRGHABHÁLACHA IN EARNÁLACHA ÁIRITHE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 12(2)
Faisnéis riaracháin agus faisnéis de réir earnála
Maidir le hidirghabhálacha in earnálacha áirithe dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil III de Rialachán (AE) 2021/2115, tuairisceoidh na Ballstáit faisnéis riaracháin agus faisnéis de réir earnála trí bhíthin na bhfoirmeacha seo a leanas:
|
1. |
Foirm A.1. Baineann an fhoirm sin le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí, le hearnáil na beachaireachta, le hearnáil an fhíona, le hearnáil na leannlusanna, le hearnáil na hola olóige agus na n-ológ boird, agus leis na hearnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointí (a) go (f) de Rialachán (AE) 2021/2115 faoi seach, earnálacha a dtuairisceoidh na Ballstáit ina leith go bliantúil na tagairtí (hipearnaisc) don reachtaíocht náisiúnta a ghlac na Ballstáit sa bhliain féilire roimhe sin chun idirghabhálacha earnála a chur chun feidhme; |
|
2. |
Foirm A.2. Baineann an fhoirm seo le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí, earnáil na leannlusanna, earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird agus in earnálacha eile. Tuairisceoidh na Ballstáit an fhaisnéis mhargaidh seo a leanas go bliantúil:
Tuairisceofar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) (c) don bhliain féilire roimhe sin. Tuairisceofar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) don bhliain féilire reatha; |
|
3. |
Foirm A.3. Baineann an fhoirm seo le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí, earnáil a dtuairisceoidh na Ballstáit faisnéis mhargaidh ina leith maidir le cúnamh airgeadais náisiúnta do POnna le haghaidh na bliana féilire roimhe sin, mar seo a leanas:
|
|
4. |
Foirm A.4. Baineann an fhoirm seo leis an bhfaisnéis a thuairisceoidh na Ballstáit go bliantúil in earnáil na beachaireachta: ríomhfar líon iomlán na gcoirceog beach atá réidh le geimhriú i gcríoch na mBallstát idir an 1 Meán Fómhair agus an 31 Nollaig i gcomhréir le modh iontaofa bunaithe a leagtar síos sna Pleananna Straitéiseacha CBT; |
|
5. |
Foirm A.5. Baineann an fhoirm seo le faisnéis mhargaidh eile a tuairisceoidh na Ballstáit gach 2 bhliain in earnáil na beachaireachta, lena gcumhdófar an bhliain féilire roimh an bhfógra ina leith:
|
|
6. |
Foirm A.6. Baineann an fhoirm seo le faisnéis mhargaidh eile a tuairisceoidh na Ballstáit gach 2 bhliain in earnáil na beachaireachta, le haghaidh an 2 bhliain féilire roimh an bhfógra ina leith:
|
|
7. |
Foirm A.7. Baineann an fhoirm seo leis na hearnálacha eile, earnálacha a dtuairisceoidh na Ballstáit an fhaisnéis mhargaidh seo a leanas ina leith gach bliain le haghaidh na bliana féilire roimhe sin:
|
Faisnéis a bhaineann le caiteachas
Maidir le hidirghabhálacha in earnálacha áirithe dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil III, de Rialachán (AE) 2021/2115, tuairisceoidh na Ballstáit faisnéis a bhaineann le caiteachas trí bhíthin na bhfoirmeacha seo a leanas:
|
8. |
Foirm B.1. Baineann an fhoirm sin le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí, le hearnáil na leannlusanna, le hearnáil na hola olóige agus na n-ológ boird, agus leis na hearnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointí (a), agus (d) go (f) de Rialachán (AE) 2021/2115, earnálacha a dtuairisceoidh na Ballstáit ina leith go bliantúil an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis an mbliain airgeadais talmhaíochta roimhe sin agus í miondealaithe de réir earnála:
|
|
9. |
Foirm B.2. Baineann an fhoirm seo le hearnáil na beachaireachta a dtuairisceoidh na Ballstáit ina leith go bliantúil an caiteachas poiblí iomlán a tabhaíodh (in euro nó san airgeadra náisiúnta) le linn na bliana airgeadais talmhaíochta, arna mhiondealú de réir idirghabhála; |
|
10. |
Foirm B.3. Baineann an fhoirm seo le hearnáil an fhíona, a dtuairisceoidh na Ballstáit ina leith go bliantúil an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis an mbliain airgeadais talmhaíochta roimhe sin:
|
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).
IARSCRÍBHINN VI
RIALACHA MAIDIR LE SONRAÍ I nDÁIL LEIS AN gCOMHPHÁIRTÍOCHT EORPACH NUÁLAÍOCHTA UM THÁIRGIÚLACHT AGUS INBHUAINE TALMHAÍOCHTA (CEN) DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 13(2)
Sonraí éigeantacha
|
1. |
Tuairisceoidh na Ballstáit na sonraí éigeantacha seo a leanas maidir le grúpaí oibríochtúla CEN:
|
Sonraí molta
|
2. |
Moltar go láidir do na Ballstáit na sonraí molta seo a leanas maidir le grúpaí oibríochtúla CEN a thuairisciú:
|
Sonraí roghnacha
|
3. |
Féadfaidh na Ballstáit na sonraí roghnacha seo a leanas maidir le grúpaí oibríochtúla CEN a thuairisciú:
|
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).
(2) Teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal “A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system” [Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol].
(3) Teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal “Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol”.
(4) Teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Iúil 2021 dar teideal “New EU Forest Strategy for 2030” [Straitéis Foraoise an Aontais Eorpaigh go dtí 2030].
(5) Teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021 dar teideal “Sustainable Carbon Cycles” [Timthriallta Inbhuanaithe Carbóin].
IARSCRÍBHINN VII
RIALACHA MAIDIR LE SONRAÍ FAOI LAG AGUS A nGNÍOMHAÍOCHTAÍ MAIDIR LE LEADER DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 14(2)
Sonraí a bhaineann le Grúpaí Comhairleacha Baile
|
1. |
Tuairisceoidh na Ballstáit faoin 30 Aibreán den bhliain N na hathróga a leagtar amach i bpointí (a) go (g), de réir an LAG, do na LAGanna a roghnófar faoin 31 Nollaig de bhliain N-1. Baineann na sonraí le staid na LAGanna tráth an roghnúcháin agus ní thuairiscítear iad ach aon uair amháin.
|
Sonraí a bhaineann le gníomhaíochtaí an LAG
|
2. |
Tuairisceoidh na Ballstáit de réir an LAG liosta na n-athróg maidir le gníomhaíochtaí LAG a leagtar amach i bpointí (a) go (d), in 2026 agus 2030, de réir na chéad íocaíochta le hoibríocht ar leith. Baineann an tuarascáil i mbliain N le gach oibríocht a íocadh go dtí an 15 Deireadh Fómhair N-1. Baineann na hathróga sin le líon na n-oibríochtaí a chuirtear chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 34(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/1060.
|
Sonraí a bhaineann le maoiniú an LAG
|
3. |
Tuairisceoidh na Ballstáit na hathróga a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) maidir le maoiniú LAG in 2026 agus 2030. Baineann an tuarascáil i mbliain N le gach oibríocht a íocadh go dtí an 15 Deireadh Fómhair N-1.
|
Rannchuidiú le táscairí toraidh
|
4. |
Tuairisceoidh na Ballstáit in 2026 agus 2030 faisnéis ón LAG maidir le rannchuidiú LDS le gach táscaire toraidh ábhartha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 arna roghnú ina bPlean Straitéiseach CBT tar éis LDS a roghnú. Baineann an tuarascáil i mbliain N le gach oibríocht a íocadh go dtí an 15 Deireadh Fómhair bhliain N-1. |