6.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 231/32 |
RIALACHÁN (AE) 2022/1466 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Meán Fómhair 2022
lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le substaintí blaistithe áirithe a bhaint de liosta an Aontais
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 2232/96 agus (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE (1), agus go háirithe Airteagal 11(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia (2), agus go háirithe Airteagal 7(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008, leagtar síos liosta Aontais de bhlastáin agus de bhunábhair a fhormheastar lena n-úsáid i mbianna agus ar bhianna agus coinníollacha a n-úsáide. |
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 872/2012 ón gCoimisiún (3), glacadh an liosta de shubstaintí blaistithe agus tugadh isteach é i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008. |
(3) |
Féadfar an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas a fháil ó Bhallstát nó ó pháirtí leasmhar. |
(4) |
Ar liosta an Aontais de bhlastáin agus de bhunábhair a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 tá, i measc nithe eile, roinnt substaintí blaistithe nach raibh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) in ann riosca le haghaidh shláinte an tomhaltóra a chur as an áireamh ina leith ar bhonn na sonraí a bhí ar fáil tráth a glacadh an liosta le Rialachán (AE) Uimh. 872/2012 agus mheas sé, dá bhrí sin, go raibh gá le sonraí breise chun a mheastóireacht a chríochnú. Cuireadh na substaintí sin ar liosta an Aontais de shubstaintí blaistithe ach ar choinníoll go gcuirfí isteach sonraí sábháilteachta lena dtabharfaí aghaidh ar na hábhair imní a chuir an tÚdarás in iúl sula ndeachaigh sprioc-amanna sonracha a bhunaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 in éag. Mar sin féin, maidir leis na hoibreoirí a bhí freagrach as na substaintí seo a leanas a chur ar an margadh, níor chuir siad isteach na sonraí riachtanacha agus tharraing siad siar a n-iarratais: 1-(4-Meatocsaifeinil)peint-1-éan-3-ón (FL Uimh. 07.030); Aicéatón fainililidéine (FL Uimh. 07.046); 1-(4-Meatocsaifeinil)-4-meitilpeint-1-éan-3-ón (FL Uimh. 07.049); 4-(2,3,6-Trímheitilfeinil)búit-3-éan-2-ón (FL Uimh. 07.206); 6-Meitil-3-heiptéan-2-ón (FL Uimh. 07.258); 5,6-Déhidrea-3,6-démheitil-beinseafúrán-2(4H)-ón (FL Uimh. 10.034); 5,6,7,7a-Teitrihidrea-3,6-démheitilbeinseafúrán-2(4H)-ón (FL Uimh. 10.036); 3,4-Démheitil-5-peintilídéin-fúrán-2(5H)-ón (FL Uimh. 10.042); 2,7-Démheitiolochta-5(tras),7-dé-éana-1,4-lachtón (FL Uimh. 10.043); Heics-2-éana-1,4-lachtón (FL Uimh. 10.046); Naoin-2-éana-1,4-lachtón (FL Uimh. 10.054); 2-Deicéan-1,4-lachtón (FL Uimh. 10.060); 5-Peintil-3H-fúrán-2-ón (FL Uimh. 10.170); 2-Fúróáit aillile (FL Uimh. 13.004); 3-(2-fúiril)aicriolaildéad (FL Uimh. 13.034); Fúrfúirilídéin-2-bútanal (FL Uimh. 13.043); 4-(2-Fúiril)búit-3-éan-2-ón (FL Uimh. 13.044); 3-(2-Fúiril)-2-meitiolpróip-2-éanal (FL Uimh. 13.046); 3-Aicéitil-2,5-démheitiolfúrán (FL Uimh. 13.066); 2-Búitiolfúrán (FL Uimh. 13.103), 3-(2-Fúiril)-2-meitiolpróip-2-éanal (FL Uimh. 13.137) agus 3-(5-Meitil-2-fúiril)próip-2-éanal (FL Uimh. 13.150). |
(5) |
Dá bhrí sin ba cheart na substaintí sin a bhaint de liosta an Aontais de shubstaintí blaistithe. |
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 a leasú dá réir. |
(7) |
Na bianna inar cuireadh aon cheann de na substaintí lena mbaineann agus a cuireadh ar an margadh san Aontas nó a seachadadh ó thríú tíortha agus a bhí faoi bhealach chuig an Aontas roimh theacht i bhfeidhm don Rialachán seo, ba cheart cead a thabhairt iad a mhargú san Aontas go dtí a ndáta íosmharthanachta nó a ndáta éagtha. Níor cheart feidhm a bheith ag an mbeart idirthréimhseach sin maidir le hullmhóidí inar cuireadh aon cheann de na substaintí lena mbaineann agus nach bhfuil sé beartaithe iad a thomhailt mar atá siad, toisc go mbíonn fios ag na monaróirí táirgí bia a bhaineann úsáid as na hullmhóidí sin faoina gcomhdhéanamh nuair a bhíonn siad á n-úsáid. |
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Bearta idirthréimhseacha
1. Maidir le bianna inar cuireadh aon cheann de na substaintí a liostaítear san iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus a cuireadh ar an margadh go dlíthiúil roimh theacht i bhfeidhm don Rialachán seo, féadfar iad a mhargú go fóill go dtí a ndáta íosmharthanachta nó a ndáta éagtha.
2. Maidir le bianna a allmhairítear isteach san Aontas agus inar cuireadh aon cheann de na substaintí blaistithe a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, féadfar iad a mhargú go dtí a ndáta íosmharthanachta nó a ndáta éagtha, más féidir leis an allmhaireoir a léiriú gur seachadadh iad ón tríú tír lena mbaineann agus go raibh siad faoi bhealach chuig an Aontas roimh theacht i bhfeidhm don Rialachán seo.
3. Na bearta idirthréimhseacha dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2, ní bheidh feidhm acu maidir le hullmhóidí nach bhfuil sé beartaithe iad a thomhailt mar atá siad, agus inar cuireadh aon cheann de na substaintí blaistithe a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
4. Chun críocha an Rialacháin seo, is éard is ciall le hullmhóidí meascáin ina bhfuil blastán amháin nó níos mó ná sin lenar féidir comhábhair eile bia a mheascadh amhail breiseáin bia, einsímí nó iompróirí chun a stóráil, díol, caighdeánú, caolú nó tuaslagadh a éascú.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 354, 31.12.2008, lch. 34.
(2) IO L 354, 31.12.2008, lch. 1.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 872/2012 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2012 lena nglactar an liosta de shubstaintí blaistithe dá bhforáiltear le Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena dtugtar isteach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle é agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1565/2000 ón gCoimisiún agus Cinneadh 1999/217/CE ón gCoimisiún (IO L 267, 2.10.2012, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
I gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008, scriostar na hiontrálacha seo a leanas:
“07.030 |
1-(4-Meatocsaifeinil)peint-1-éan-3-ón |
104-27-8 |
826 |
164 |
|
|
2 |
EFSA |
07.046 |
Aicéatón fainililidéine |
1080-12-2 |
732 |
691 |
|
|
2 |
EFSA |
07.049 |
1-(4-Meatocsaifeinil)-4-meitilpeint-1-éan-3-ón |
103-13-9 |
829 |
719 |
|
|
2 |
EFSA |
07.206 |
4-(2,3,6-Trímheitilfeinil)búit-3-éan-2-ón |
56681-06-2 |
|
|
|
|
2 |
EFSA |
07.258 |
6-Meitil-3-heiptéan-2-ón |
2009-74-7 |
|
|
|
|
1 |
EFSA |
10.034 |
5,6-Déhidrea-3,6-démheitil-beinseafúrán-2(4H)-ón |
80417-97-6 |
1163 |
|
|
|
2 |
EFSA |
10.036 |
5,6,7,7a-Teitrihidrea-3,6-démheitilbeinseafúrán-2(4H)-ón |
13341-72-5 |
1162 |
|
|
|
2 |
EFSA |
10.042 |
3,4-Démheitil-5-peintilídéin-fúrán-2(5H)-ón |
774-64-1 |
|
11873 |
Ar a laghad 93 %; comhchuid thánaisteach 1-2 % aigéad 3,4-démheitil 5-céatabútánóch gáma-lachtón |
|
2 |
EFSA |
10.043 |
2,7-Démheitiolochta-5(tras),7-dé-éana-1,4-lachtón |
78548-56-8 |
|
|
|
|
2 |
EFSA |
10.046 |
Heics-2-éana-1,4-lachtón |
2407-43-4 |
|
|
|
|
2 |
EFSA |
10.054 |
Naoin-2-éana-1,4-lachtón |
21963-26-8 |
|
|
|
|
2 |
EFSA |
10.060 |
2-Deicéan-1,4-lachtón |
2518-53-8 |
|
|
|
|
2 |
EFSA |
10.170 |
5-Peintil-3H-fúrán-2-ón |
51352-68-2 |
1989 |
|
Meascán d’isiméirí 3H- agus 5H- (2:1) |
|
2 |
EFSA |
13.004 |
2-Fúróáit aillile |
4208-49-5 |
21 |
360 |
|
|
2 |
EFSA |
13.034 |
3-(2-fúiril)aicriolaildéad |
623-30-3 |
1497 |
|
|
|
1 |
EFSA |
13.043 |
fúrfúirilídéin-2-bútanal |
770-27-4 |
1501 |
11885 |
|
|
1 |
EFSA |
13.044 |
4-(2-Fúiril)búit-3-éan-2-ón |
623-15-4 |
1511 |
11838 |
|
|
1 |
EFSA |
13.046 |
3-(2-Fúiril)-2-meitiolpróip-2-éanal |
874-66-8 |
1498 |
11878 |
|
|
1 |
EFSA |
13.066 |
3-Aicéitil-2,5-démheitiolfúrán |
10599-70-9 |
1506 |
10921 |
|
|
4 |
EFSA |
13.103 |
2-Búitiolfúrán |
4466-24-4 |
1490 |
10927 |
|
|
3 |
EFSA |
13.137 |
3-(2-Fúiril)-2-feiniolpróip-2-éanal |
65545-81-5 |
1502 |
11928 |
|
|
1 |
EFSA |
13.150 |
3-(5-Meitil-2-fúiril)próip-2-éanal |
5555-90-8 |
1499 |
|
|
|
1 |
EFSA” |