5.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 229/10


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1457 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Meán Fómhair 2022

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2330 a mhéid a bhaineann le téarmaí an údaraithe maidir le crágach iarainn (II) de híodráit aimíonaigéad mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 13(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2330 ón gCoimisiún (2), údaraíodh úsáid crágaigh iarainn (II) de híodráit aimíonaigéad mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) tuairim a eisiúint maidir le cé acu a chomhlíonfadh nó nach gcomhlíonfadh an t-údarú maidir le crágach iarainn (II) de híodráit aimíonaigéad mar bhreiseán beathaithe fós na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, dá modhnófaí é mar a mhol an t-iarratasóir. Is éard atá sa mhodhnú sin leathnú na bhfoinsí próitéine le haghaidh na n-aimíonaigéad agus sonraíocht íosta a thabhairt isteach le haghaidh saoraimíonaigéid agus sonraíocht níos cruinne maidir leis an gcion iarainn. Bhí na sonraí tacaíochta ábhartha ag gabháil leis an iarraidh.

(4)

Chinn an tÚdarás ina thuairim uaidh an 29 Meán Fómhair 2021 (3) maidir leis na modhnuithe ar na téarmaí údaraithe a ndearnadh iarratas ina leith, nach modhnaíonn siad na conclúidí ar thángthas orthu sna measúnuithe roimhe seo maidir le sábháilteacht an bhreiseáin thuasluaite do na spriocspeicis, do thomhaltóirí, don chomhshaoil agus maidir le héifeachtúlacht an bhreiseáin beathaithe. Chinn an tÚdarás gur cheart a mheas gur greannaitheoir craicinn agus súl agus gur íogróir craicinn é an breiseán agus luaigh sé go bhféadfadh riosca a bheith ann i ngeall ar nochtadh trí ionanálú. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáideoirí an bhreiseáin. Ní mheasann an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar an mbreiseán beathaithe i mbeatha arna cur isteach ag an Saotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(5)

Leis an measúnú a rinneadh ar na modhnuithe beartaithe maidir leis an údarú, léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú, dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(6)

Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart comhdhéanamh an bhreiseáin a mhodhnú chun an léiriú gur ullmhóid atá sa bhreiseán a áireamh.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2330 a leasú dá réir.

(8)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2330, leasaítear an iontráil maidir le crágach iarainn (II) de híodráit aimíonaigéad i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2330 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2017 maidir le húdarú Carbónáit iarainn (II), Clóiríd iarainn (III) heicsihiodráite, Sulfáite iarainn (II) monaihiodráite, Sulfáit iarainn (II) heiptihiodráite, Fúmaráit iarainn (II), Crágach iarainn (II) de híodráit aimíonaigéad, Crágach iarainn (II) de hidrealasáití próitéine agus Crágach iarainn (II) de hiodráit ghlicín mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus de dheastrán iarainn mar bhreiseán beathaithe le haghaidh bainbh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1334/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 479/2006 (IO L 333, 15.12.2017, lch. 41).

(3)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(10):6894.


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Ainm shealbhóir an údaraithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh thréimhse an údaraithe

Cion dúile (Fe) i mg/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir na mbreiseán cothaitheach. Feidhmghrúpa: comhdhúile de riandúile

“3b106

-

Crágach iarainn (II) de híodráit aimíonaigéad

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ullmhóid coimpléasc aimíonaigéid iarainn (II) ina ndéantar an t-iarann agus na haimíonaigéid a dhíorthaítear ó phróitéin soighe a chrágadh trí naisc chomhfhiúsacha chomhordanáideacha, mar phúdar le cion íosta de 9 % iarainn.

Gach speiceas ainmhíoch

-

-

Ainmhithe de chineál caorach: 500 (iomlán (2))

Bó-ainmhithe agus éanlaith chlóis: 450 (iomlán (2))

Bainbh suas le seachtain amháin sula mbaintear de dhiúl iad: 250 mg/lá (iomlán (2))

Peataí: 600 (iomlán (2))

Speicis eile: 750 (iomlán (2))

1.

Déanfar an breiseán a ionchorprú sa bheatha i bhfoirm réamh-mheascáin.

2.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beathaithe nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as ionanálú, as teagmháil dheirmeach nó as teagmháil leis na súile. I gcás nach féidir na rioscaí a laghdú go leibhéal inghlactha leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, is le trealamh cosanta pearsanta, lena n-áirítear cosaint don análú, don chraiceann agus do na súile a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

4 Eanáir 2028

Tréithriú na substainte gníomhaí

Foirmle cheimiceach: Fe(x) 1–3·nH2O, x = ainian d’aimíonaigéad ar bith ó hidrealasáit phróitéin soighe.

Uasmhéid 10 % de mhóilíní ar mó iad ná 1500 Da.

Modhanna anailíse  (1)

Maidir le cion iomlán an aimíonaigéid atá sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú:

crómatagrafaíocht malartaithe ian cúpláilte le díorthúchán iarcholúin agus brath optúil (IEC-VIS/FLD)

Maidir le cion iomlán an saoraimíonaigéid atá sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú:

crómatagrafaíocht malartaithe ian cúpláilte le díorthúchán iarcholúin agus brath optúil (IEC-VIS/FLD),

Maidir le cion iomlán an iarainn atá sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú:

speictriméadracht astaíochta adamhaí le plasma cúpláilte go hionduchtach, ICP-AES (EN 15510 nó EN 15621) nó

speictriméadracht ionsú adamhaigh, AAS (ISO 6869)

Maidir le cion iomlán an iarainn atá sna réamh-mheascáin a chainníochtú:

speictriméadracht astaíochta adamhaí le plasma cúpláilte go hionduchtach, ICP-AES (EN 15510 nó EN 15621) nó

speictriméadracht ionsú adamhaigh, AAS (ISO 6869) nó

speictriméadracht astaíochta adamhaí le plasma cúpláilte go hionduchtach, ICP-MS (EN 17053)

Maidir le cion iomlán an iarainn in ábhair bheatha agus i mbeatha chumaisc a chainníochtú:

speictriméadracht astaíochta adamhaí le plasma cúpláilte go hionduchtach, ICP-AES (EN 15510 nó EN 15621) nó

speictriméadracht ionsú adamhaigh, AAS (Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún, (Iarscríbhinn IV-C) nó ISO 6869) nó

speictriméadracht astaíochta adamhaí le plasma cúpláilte go hionduchtach, ICP-MS (EN 17053)

3b106i

-

Crágach iarainn (II) de híodráit aimíonaigéad

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ullmhóid coimpléasc aimíonaigéid iarainn (II) ina ndéantar an t-iarann agus na haimíonaigéid a chrágadh trí naisc chomhfhiúsacha chomhordanáideacha, mar phúdar le cion iarainn 9-10 % agus cion íosta saoraimíonaigéad 18 %.

Gach speiceas ainmhíoch

-

-

Ainmhithe de chineál caorach: 500 (iomlán (2))

Bó-ainmhithe agus éanlaith chlóis: 450 (iomlán (2))

Bainbh suas le seachtain amháin sula mbaintear de dhiúl iad: 250 (iomlán (2))

Peataí: 600 (iomlán (2))

Speicis eile: 750 (iomlán (2))

1.

Déanfar an breiseán a ionchorprú sa bheatha i bhfoirm réamh-mheascáin.

2.

Maidir le húsáideoirí na mbreiseán agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beathaithe nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as ionanálú, as teagmháil dheirmeach nó as teagmháil leis na súile, go háirithe i ngeall ar chion na miotal trom. I gcás nach féidir na rioscaí a laghdú go leibhéal inghlactha leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, is le trealamh cosanta pearsanta, lena n-áirítear cosaint don análú, don chraiceann agus do na súile a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

3.

I gcás breiseán a tháirgtear ó hidrealú ar phróitéin ainmhíoch, sonrófar an tionscnamh ainmhíoch (speicis éanúla) ar lipéad an bhreiseáin agus na réamh-mheascán.

4 Eanáir 2028”

Tréithriú na substainte gníomhaí

Foirmle cheimiceach: Fe(x)1-3•nH2O, nuair is ionann x agus aimíonaigéad ar bith ó fhoinsí próitéine hidrealaithe ó chleití nó ó phlandaí;

Uasmhéid 10 % de mhóilíní ar mó iad ná 1500 Da.

Modhanna anailíse  (1)

Maidir le cion iomlán an saoraimíonaigéid atá sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú:

crómatagrafaíocht malartaithe ian le díorthúchán iarcholúin agus brath optúil (IEC-VIS/FLD), Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún (Iarscríbhinn III, F) agus EN ISO 17180

Maidir le cion iomlán an iarainn atá sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú:

speictriméadracht astaíochta adamhaí le plasma cúpláilte go hionduchtach, ICP-AES (EN 15510 nó EN 15621) nó

speictriméadracht ionsú adamhaigh, AAS (ISO 6869)

Maidir le cion iomlán an iarainn sna réamh-mheascáin a chainníochtú:

speictriméadracht astaíochta adamhaí le plasma cúpláilte go hionduchtach, ICP-AES (EN 15510 nó EN 15621) nó

speictriméadracht ionsú adamhaigh, AAS (ISO 6869) nó

speictriméadracht astaíochta adamhaí le plasma cúpláilte go hionduchtach, ICP-MS (EN 17053)

Maidir le cion iomlán an iarainn in ábhair bheatha agus i mbeatha chumaisc a chainníochtú:

speictriméadracht astaíochta adamhaí le plasma cúpláilte go hionduchtach, ICP-AES (EN 15510 nó EN 15621) nó

speictriméadracht ionsú adamhaigh, AAS (Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún, (Iarscríbhinn IV-C) nó ISO 6869) nó

speictriméadracht astaíochta adamhaí le plasma cúpláilte go hionduchtach, ICP-MS (EN 17053)


(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports

(2)  Ní chuirfear méid an támhiarainn san áireamh chun cion iarainn iomlán na beatha a ríomh (iarann/kg d’ábhar beatha iomlán).